[Bratach Chinn na Seirbhíse Cabhlaigh]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

[An Bhratach Uaine]

Thuas: Bratach chinn na Seirbhíse Cabhlaigh (ar chlé) agus an bhratach uaine ar foluain (ar dheis).

Stair na brataí

Ba í seo bratach neamhoifigiúil na Éireann ó 1798 anuas go dtí tús an 20ú céad. Cláirseach órga ar chúlra gorm (féach Meirge an Uachtaráin) a bhí ar armas na hÉireann ón 16ú céad i leith, ach d'athraigh na hÉireannaigh Aontaithe dath an chúlra ó ghorm go huaine - dath a bhí ina shiombail réabhlóideach ag deireadh an 18ú céad. Ba mhinic a baineadh úsáid as duilliúr, as craobhacha agus as crainn mar shiombailí poblachtacha ag an am:

What have you got in your hand?
A green bough.
Where did it first grow?
In America.
Where did it bud?
In France.
Where are you going to plant it?
In the crown of Great Britain.

[Bratach na nÉireannach Aontaithe]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

[Múrmhaisiú i mBÁC]

Thuas: Bratach den saghas a úsáideadh i 1798 (ar chlé) agus múrmhaisiú cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath (ar dheis).

Úsáideadh an Bhratach Uaine go forleathan in éirí amach na bliana 1798 - agus mana na nÉireannach Aontaithe, 'Éire go brách', breactha faoi bhun na cláirsí go minic. Seo mar a scríobh Mícheál Óg Ó Longáin, file agus Éireannach Aontaithe, sa bhliain chéanna:

Go bhfeiceam Éire saor gan daoirse
Is an bhratainn uaine in uachtar scaoilte,
Gach tíoránach claoincheardach coimhtheach
In ainm an diabhail is gan Dia dá gcoimhdeacht.

Ar dheis: Tá an Bhratach Uaine agus bratach sna Stát Aontaithe le feiceáil i líníocht d'aonach Dhomhnach Broc a rinneadh sa bhliain 1830.

[Aonach Dhomhnach Broc, 1830]

Ba ghearr gur ghlac an choitiantacht leis an mBratach Uaine mar bhratach náisiúnta na hÉireann. Is í a d'úsáid lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill, na Fíníní (don chuid is mó), agus iad siúd a raibh Home Rule uathu ó aimsir Pharnell anuas go dtí longbhriseadh an Pháirtí Pharlaimintigh sa bhliain 1918. Ceann de na rudaí a d'iompaigh intinn an phobail i gcoinne na brataí sa deireadh ná an úsáid a bhain arm na Breataine aisti le haghaidh earcaíochta i rith an Chéad Chogadh Domhanda.

Ar dheis: Mionsonra ó phóstaer earcaíochta de chuid arm na Breataine.

[Póstaer earcaíochta, 1914-8]

An Bhratach Uaine inniu

[An Rotunda i mBÁC]

Ar chlé: An Bhratach Uaine os cionn an Rotunda i mBaile Átha Cliath; ar foluain taobh léi tá an bhratach náisiúnta agus bratach an Aontais Eorpaigh.

Thíos: Bratach chinn na Seirbhíse Cabhlaigh.

[Long de chuid an Chabhlaigh]

[Mionsonra méadaithe ón bpictiúr ar chlé]

Tá an bhratach stairiúil fós in úsáid ag an bpobal mar shiombail náisiúnta.

Thairis sin, is í an Bhratach Uaine a úsáideann an tSeirbhís Chabhlaigh mar bhratach chinn. Sna pictiúirí in íochtar thuas feictear í crochta ar cheann de longa an Chabhlaigh.