![[Meirge an Uachtaráin]](iomha/ie-pres.gif)
[Cliceáil ar an meirge chun í a mhéadú.]
|
Ar chlé: Meirge an Uachtaráin ón 24 Bealtaine 1945 i leith.
|
Is ionann meirge an uachtaráin agus armas na hÉireann i bhfoirm eirre,
.i. cláirseach órga ar chúlra gorm. Tá an t-armas seo in
úsáid ó aimsir Annraí VIII sa 16ú céad.
Cláirseach atá ar caomhnú i gColáiste na Tríonóide
- 'cláirseach Bhriain Bhóramha' mar a thugtar uirthi go minic - a
roghnaíodh mar shiombail an stáit nuair a bunaíodh Saorstát
Éireann, cé nár cláraíodh é go hoifigiúil
mar armas an stáit go dtí an 9 Samhain 1945.
Ó chlé go deas: armas na hÉireann; cláirseach Bhriain
Bhóramha; agus an sciath a bhíodh crochta os cionn chathaoir an chathaoirligh i
bparlaimint na hÉireann anuas go dtí Acht na hAontachta.