[An Bhratach Náisiúnta]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: Is é an Trídhathach an bhratach a úsáideann idir phobal agus stát na hÉireann, ar muir agus ar tír araon.

An Bunreacht

Seo é téacs Airteagal 7 de Bhunreacht na hÉireann:

An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.
Trí stríoc chothroma atá sa bhratach agus tá a leithead dhá uair níos faide ná a hairde. Bratach phobail, bratach stáit agus bratach loingis (idir loingeas sibhialtach agus loingeas míleata) is ea í.

Is féidir cur síos ar an nósmhaireacht oifigiúil a bhaineann le húsáid na brataí náisiúnta a fháil ó Roinn an Taoisigh ag an suíomh seo (cáipéis PDF atá ann agus teastóidh Acrobat Reader uait chun é a léamh).

Siombalachas na brataí

Seasann an stríoc uaine do na Gaeil (féach an Bhratach Uaine), an stríoc fhlannbhuí do na Nua-Ghaill (dream a thacaigh le Uilliam Óráisteach i rith Chogadh an Dá Rí, 1689-91) agus an stríoc bhán don dóchas go mbeadh síocháin idir an dá dhream.

Stair na brataí

Nocht Thomas Francis Meagher, duine de cheannairí na gluaiseachta Éire Óg, an bhratach go poiblí don chéad uair ag cruinniú a tionóladh i gcathair Phort Láirge ar an 7 Márta 1848. Seo mar a labhair sé an mhí dar gcionn agus é ag cur na brataí i láthair an tslua ag cruinniú poiblí i mBaile Átha Cliath:

The white in the centre signifies a lasting truce between the 'Orange' and the 'Green', and I trust that beneath its folds the hands of the Irish Protestant and the Irish Catholic may be clasped in generous and heroic brotherhood.
Is í an Bhratach Uaine a bhí in úsáid ag lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill ag an am, ach ba phoblachtaigh iad na hÉireannaigh Óga agus theastaigh suaitheantas ar leith uathu a chuirfeadh a gcuid poblachtachais in iúl go soiléir: is ar bhratach phoblachtach na Fraince a bunaíodh dearadh na brataí nua.

[Bratach Éire Óg]
[Cliceáil ar an mbratach chun í a mhéadú.]

Ar chlé: Bratach Éire Óg, 1848.

Ba bheag nár ligeadh bratach na nÉireannach Óg (bratach ar a raibh an stríoc oráiste ar thaobh an chrainn) i ndearmad nuair a theip ar éirí amach na bliana 1848, ach bhain Óglaigh na hÉireann úsáid aisti arís in éirí amach 1916 - agus na dathanna leagtha amach acu san ord a bhfuilimid cleachtach leis an uair seo.

Ar dheis: 'Breith Phoblacht na hÉireann' - mionsonra ó phóstaer Poblachtach a foilsíodh go gairid tar éis éirí amach na Cásca.

[Breith na Poblachta, 1916]

Cé gur úsáid na hÓglaigh an Trídhathach agus an Bhratach Uaine taobh le taobh i rith an éirí amach, samhlaíodh an dá bhratach le lucht tacaíochta Shinn Féin agus an Pháirtí Pharlaimintigh faoi seach sa tréimhse chorraithe tar éis 1916. Chinntigh bua céadach na bPoblachtach in olltoghchán na bliana 1918 gurb é an Trídhathach seachas an Bhratach Uaine a roghnófaí mar bhratach náisiúnta an stáit nua neamhspleáigh ar ball.

[Ard-Oifig an Phoist, BÁC]

[Ard-Oifig an Phoist, BÁC]

Ar chlé agus ar dheis: An Trídhathach ar foluain os cionn Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, mar ar ardaíodh é, Luan Cásca 1916.