| ||||||||||
Bratach na gCeithre Cúigí
Is bratach í seo ina léirítear armais na gcúigí sna ceathrúna. Ós rud é gur bratach neamhoifigiúil atá i gceist, ní hionann i gcónaí an t-ord ina léirítear na cúigí. Cé go bhfuil armais na gcúigí go léir in úsáid ón 17ú céad i leith, níor tugadh aitheantas oifigiúil dóibh go dtí deireadh an 19ú céad. Cúige Chonnacht
Ní fios go cinnte cad is ciall leis an dá eilimint a léirítear ar armas agus ar bhratach Chonnacht, ach is cosúil gur tógadh an lámh agus an claidheamh ó armas mhuintir Chonchúir, ar ríthe an chúige iad roimh theacht na Normannach, agus gur tógadh an t-iolar dubh ó armas na mBrúnach, ceann de 'threibheanna' chathair na Gaillimhe. Más amhlaidh atá, siombail d'aontas na nGael is na Sean-Ghall sa 17ú céad a bheadh sa bhratach. Cúige Laighean
Is ionann bratach Chúige Laighean agus an Bhratach Uaine, ach téann armas an chúige ar a bhfuil an bhratach bunaithe siar go dtí an 17hú haois déag ar a laghad. Cúige Mumhan
Trí choróin órga ar chúlra gorm a bhí mar armas na hÉireann sular roghnaíodh an chláirseach mar armas nua sa 16ú céad. Ní fios go cinnte cad dó a sheasann na corónacha ar bhratach na Mumhan ach tá seans go dtagraíonn siad do na trí thiarnas ba thabháchtaí sa chúige sna meán-aoiseanna - .i. tiarnais na mBrianach (Tuadhmhumhain), na mBuitléarach (Urmhumhain) agus na nGearaltach (Deasmhumhain). Cúige Uladh
Nascann bratach Chúige Uladh suaitheantas Niallaigh Thír Eoghain (an lámh dhearg) le suaitheantas na mBúrcach (crois dhearg ar chúlra órga), teaghlach a raibh iarlacht Uladh ina seilbh acu anuas go dtí an bhliain 1333 nuair a d'éag an t-iarla deireannach de na Búrcaigh. |