DRÉACHT 26 Mí Márta 1996 An t-Eolaí Uimhir 19 ISSN 0791-6663 EARRACH 1996 Cá seasaimid i Sochaí an Eolais ? Le deich mbliain anuas táimid go léir gafa a bheag nó a mhór le sochaí an eolais. Cuimsíonn an téarma seo ríomhairí pearsanta, iad siúd le háiseanna ilmheánacha ina measc, líonraí ríomhairí ar nós an IDIRLÍOM, teileafóin siúil, físchluichí, cártaí intleachta, curghlacadóirí facs, dlúthdhioscaí-ROM agus eile. “Ollbhealach eolais” a thugtar i Meiriceá tugtar ar an réimse leathan ábhar agus feistí seo. “Sochaí an eolais” an téarma atá roghnaithechuige san Aontas Eorpach, téarma a fhéachann le feidhmeanna agus torthaí sóisialta na bhfeistí sin a chur in iúl. Tá gach tír ar domhan, na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, an tAontas Eorpach agus eile ag ullmhú don saol nua. Mar seo a leanas a chuirtear síos air i dTuarascáil iomráiteach Bangemann san Aontas Eorpaigh, “Tá réabhlóid nua tionsclaíochta á chruthú ag an eolas agus an teicneolaíocht chumarsáide ar fud an domhain, réabhlóid atá cheana féin chomh suntasach agus fadtéarmach le haon réabhlóid roimhe seo.” Torthaí bunúsacha a thabharfaidh an réabhlóid seo taobh istigh de ghlún amháin a rachaidh i bhfeidhm ar chúrsaí tionsclaíochta, gnó, oideachais, spoirt agus siamsaíochta. Is beag gné den saol nach mbainfidh sí leis. [I & T Magazine, Deireadh Fómhair 1995] idirlíon internet sochaí an eolais information society áis ilmheánach multimedia facility líonra network dlúthdhiosca compact disc ollbhealach eolais information superhighway cárta intleachta intelligent card ================================================================ Iascaireacht le saitilítí Tá grúpa saitilítí Meiriceánacha, a dtugtar VAVSTAR orthu, ag timpeallú an domhain agus ar féidir ionad loinge ar an bhfarraige a dhéanamh amach go cruinn leo. Is féidir le saitilítí eile teocht na farraige a thomhas, rud a d’fhéadfadh scoileanna éisc a aimsiú. Má tá glacadóir cuí ar an long, is amhlaidh a dhéanann sé fad na loinge óna thrí nó a cheathair de na saitilítí NAVSTAR a thomhas. Uaidh sin, ach ionad na saitilítí a bheith ar eolas, is féidir domhanleithead agus domhanfhad an ghlacadóra a áireamh. D’fhéadfadh glacadóir ar long, na sonraí ó na saitilítí cuí a phróiseáil chun scoileanna éisc a aimsiú. Dá mbeadh long ag iascach go mídhleathach i réimse iascaireachta de chuid thíre eile, bheadh an t-eolas sin ag longa cosanta iascaireachta. Laghdódh an córas seo an t-aighneas a bhíonn idir tíortha éagsúla ar an ábhar seo. Chomh maith leis sin agus gabháil éisc ar bord aige, d’fhéadfadh captaen loinge feidhm as bhaint as an gcóras chun an calafort ina bhfuil na praghasanna éisc is fearr a roghnú. [Sunday Times, 24 Nollaig 1995] glacadóir receiver domhanleithead latitude domhanfhad longitude ================================================================ Ola gan teorainn ? Fíorthábhtach atá ola mar fhoinse fuinnimh ar fud an domhain sa céad seo. Ach cad a tharlóidh san am atá romhainn nuair a bheidh an ola go léir ídithe ? Tá teorainn leis na stoic ola atá ann agus glactar leis nach féidir tobar ola a athlíonadh nuair a bhíonn an ola go léir bainte as. Ní féidir na stoic a mhéadú ach trí olacheantair nua a aimsiú trí shirtheoireacht. Is eol dúinn go n-athlíontar toibreacha áirithe ó am go chéile agus go dtí seo, mheastaí gur de bharr toibreacha eile anaithnide a bheith sa chomharsanacht a tharla a leithéid. Ach tá míniú eile ar an bhfeiniméan á mholadh le déanaí. De réir taighde atá á dhéanamh ar olacheantar amháin i Murascaill Mheicsiceo, tá an dealramh ar an scéal go bhfuil ola athlíonta ag teacht ó shraitheanna níos domhaine suas trí éisc sna carraigeacha. Tá na toibreacha intaosctha idir 1.5 agus 3 chiliméadar faoi bhun ghrinneall na farraige ach tá fianaise ann a léiríonn go bhfaightear iontu ola a tháinig níos mó ná 10 gciliméadar aníos. Meastar fiú go mbrúchtann an ola aníos ina caise trí éisc sna carraigeacha. Más fíor é seo, is mó na stoic sna toibreacha ina dtarlaíonn sé. Mar sin féin, luath nó mall, beidh deireadh leis an ola amach anseo. [New York Times, 26 Meán Fómhair 1995] foinse fhuinnimh energy source stoc ola oil reserve sirtheoireacht prospecting sraith layer éasc fault ================================================================ Duais Nobel sa Cheimic 1995 Ghnóthaigh triúr ceimiceoirí an Duais Nobel sa Cheimic don bhliain 1995 as obair thaighde a rinneadar ag tús na seachtóidí. Is ón nGearmáin duine acu, Paul Crutzen, agus léirigh sé i 1970 go gcuirfeadh ocsaídí nítrigine, aonocsaíd nítrigine (NO) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), le hídiú an ózóin. Ní hamháin sin ach chruthaigh sé go bhfeidhmeoidís mar chatalaígh agus nach n-ídeofaí iad féin sna himoibrithe docharacha in aon chor. D’fhéadfadh oiread beag de na hocsaídí nítrigine dochar as cuimse a dhéanamh mar sin. Is as Meiriceá an bheirt eile, Mario Molina agus Sherwood Rowland. Chruthaigh siad siúd sa bhliain 1974, go n-imoibreodh solas ultravialait san atmaisféar le clórafluaracharbóin chun adaimh chlóirín a tháirgeadh. Is iad na clórafluaracharbóin na gáis a d’úsáidtí go forleathan mar ábhar cuisnithe i gcuisneoirí, in aerasóil agus i ndéanamh cúrphlaisteach. Feidhmíonn na hadaimh chlóirín sa tslí chéanna leis na hocsaídí nítrigine chun an ciseal ózóin a mhilleadh. [Physics World, Samhain 1995] aonocsaíd nítrigine nitrogen monoxide catalaíoch catalyst solas ultraivialait ultraviolet light clórafluaracharbón chlorofluorocarbon cúrphlaisteach foam plastic ================================================================ Sileacan fós chun tosaigh Is ar shliseanna agus ar mhicreashliseanna den ábhar leathsheoltach, sileacan, atá mórchuid na leictreonaice le tríocha bliain anuas bunaithe - trasraitheoirí, dé-óidí, ciorcaid iomlánaithe, cuimhní ríomhairí agus a lan eile. Sa tréimhse ghairid sin sáraíodh fadhbanna millteanacha monaraithe chun an dul chun cinn sa leictreonaic a bhaint amach. I rith an ama sin, méadaíodh faoi 108 - céad milliún - an líon na dtrasraitheoirí is féidir a phacáil ar mhicreashlis amháin sileacain. Táthar ag iarraidh bunábhair eile a shaothrú an t-am ar fad, arsanaíd ghailliam ina measc, ach ó thaobh costais, leithne a fheidhmeanna agus éascaíocht a mhonaraithe, tá sileacan i bhfad chun tosaigh fós ar aon bhunábhar leictreonaice eile. Measann na saineolaithe go bhfanfaidh an sileacan chun tosaigh agus go bhforbrófar an leictreonaic ar an ráta céanna, a bheag nó a mhór, ar a laghad go dtí an bhliain 2010. [Physics World, Samhain 1995] micreashlisne microchip trasraitheoir transistor dé-óid diode ciorcad iomlánaithe integrated circuit monarú manufacture arsanaíd ghailliam gallium arsenide ================================================================ Breith réalta nua á bhreithniú Timpeall 800 solas-bhliain amach uainn tá réalta nua á chruthú i réaltra an Iolair. De réir dealraimh thosaigh an próiseas i scamall gáis ar thit na cáithníní isteach ar a chéile de dheasca imtharraingthe ann. Ar an mbealach seo cruthaíodh prótairéalta fhíordhlúth agus néal nó diosca móthimpeall uirthi. Faoi seo níl an prótairéalta ach leath chomh mór leis an ngrian. Tá cáithníní gáis agus deannaigh ag titim isteach inti an t-am ar fad ach tá scairdeanna tanaí den ábhar céanna á n-astú ó na phoil chomh maith. Is é seo atá ag tarlú i láthair na huaire. Faoi dheireadh meastar go gcruthófar pláinéid as an néal atá fágtha mórthimpeall na réalta nua, cosúil leis an ngrianchóras féin. [New York Times, 10 Deireadh Fómhair 1995] imtharraingt gravitation prótairéalta protostar néal nebula scaird jet pol pole ================================================================ Foclóir Réalteolaíochta (Dictionary of Astronomy) An sainfhoclóir téarmaíochta is déanaí ón nGúm. 105 leathanach ann Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge. Is í na réalteolaíocht an réimse is sine ar fad i measc na n-eolaíochtaí agus gheofar téarmaí ársa dúchasacha mar “Buile an Bhodaigh” le hais téarmaí nuachumtha mar “pirihéiliméadar” san fhoclóir ríshuimiúil seo. ================================================================ Scannán nua grianghrafadóireachta Tá an scannán grianghrafadóireachta 35mm ann le seachtó bliain anois agus úsáidtear dhá bhilliún rolla de gach bliain. Ach bíonn fadhbanna lódála, fadhbanna a bhaineann le insealbhú an scannáin sa cheamara, i gcás 100 milliún díobh siúd, is é sin i gcás 5% den iomlán, agus cuirtear 2.5% ó mhaith ar fad gach bliain. Anois tá cúig cinn de na príomhchomhlachtaí grianghrafadóireachta, Kodak, Fuji, Minolta, Canon agus Nikon, chun scannán nua, a dtugtar córas forbartha grianghrafadóireachta air, a chur ar an margadh. Táthar ag súil go seachnóidh an scannán seo na fadhbanna lódála. Beidh stiall mhaighnéadach ar imeall an scannáin. Beidh treoirchód ar an stiall seo chun gur féidir leis an gceamara an scannán a lódáil go huathoibríoch. Ach déanfaidh an ceamara agus an grianghrafadóir féin sonraí maidir leis an soilsiú agus leis na codanna roghnaithe de na pictiúir agus eile a thaifeadadh ar an stiall freisin. Leis an eolas seo beifear in ann an scannán a réaladh agus a phriontáil i gceart an t-am ar fad. An comhartha é an fhorbairt seo nach bhfuil ré na grianghrafadóireachta traidisiúnta buailte linn fós ? [Sunday Times, 29 Deireadh Fómhair 1995] scannán grianghrafadóireachta photographic film córas forbartha grianghrafadóireachta advanced photo system (APS) stiall mhaighnéadach magnetic strip treoirchód instruction code uathoibríoch automatic réaladh developing ================================================================ Forbairt na hinchinne sa leanbh Is fíorbheag é ár dtuiscint ar an inchinn agus ar conas a fhoghlaimíonn sí ábhair chomh casta le loighic agus moráltacht agus tochta. Is eol dúinn áfach, go mbíonn an inchinn á cumadh agus á heagrú fós tar éis breithe. Bíonn i bhfad níos lú sionapsaí - na ceangail idir cealla néarógacha - ag leanbh an-óg ná mar a bhíonn ag duine fásta. Ag aois a dó bíonn an oiread céanna sionapsaí ag leanbh agus a bhíonn ag an duine fásta. Idir a ceathair agus a deich bíonn farasbarr díobh ag an ógánach thar an duine fásta agus faoi sé bliana déag a 16 bíonn líon an duine fhásta ag an duine óg. Cén bhaint a bhíonn ag géinte agus cleachtaí leis an bhforbairt seo ? Cad iad na cleachtaí inmholta d’fhonn an inchinn a fhorbairt oiread agus is féidir ? Is iomaí ceist is féidir a chur faoin ábhar seo. Ó thaobh físeolaíochta de tá an-chuid thaighde á dhíriú i láthair na huaire ar choirtéis an éadain san inchinn. Bíonn an choirtéis seo an-ghníomhach ina meitibileacht idir aois sé mhí agus dhá bhliain - agus arís le linn caithreachais - rud a d’fhéadfadh a bheith bainteach le forbairt mhothúchánach nó chognaíoch. Aisteach go leor bíonn an maothán clé gníomhach nuair a mhothaíonn an duine óg sin sonas nó áthas nó spéis, ach is é a maothán deas a bhíonn sa áireamh nuair a bhíonn mothú diúltach aici/aige. Meastar uaidh sin go dtéann cleachtaí áirithe ag céimeanna forbartha faoi leith I bhfeidhm ar na ciorcaid agus na ceangail mhothúchánacha sa choirtéis sin. Ach tá obair le déanamh chun na forbairtí agus na torthaí seo a léiriú. [New York Times, 29 Lúnasa 1995] inchinn brain loighic logic moráltacht morality sionapsa synapse géin gene cleachtadh experience coirtéis an éadain frontal cortex meitibileacht metabolism caithreachas puberty cognaíoch cognitive mothú feeling ================================================================ Dearadh drugaí le Sár-ríomhaire Feidhmíonn einsímí éagsúla ar fud na colainne d’fhonn imoibrithe ar leith taobh istigh de na cealla a rialú agus d’fhonn na fíocháin a chur sa siúl mar is cuí. Is ceimiceán de chruth ar leith agus de chomhdhéanamh ar leith gach einsím agus éiríonn léi a gnó a dhéanamh ar bhealach cosúil le heochair ina glas féin. Mar shampla is é gnó na heinsíme ar a dtugtar fosfaraláis núicléisíde púirín dramhaíl na meitibileachta taobh istigh de na T-chealla a ghlanadh amach. Tá tábhacht ag baint leis na T- chealla sa chóras imdhíonachta. Meastar gur de bharr na cealla seo a bheith ró-ghníomhach a tharlaíonn galair athlastacha mar airtríteas réamatóidach. Dá bhféadfaí ar bhealach éigin, cosc a chur ar ionad nasctha na heinsíme seo, a glas a chlúdach mar a déarfá, laghdófaí a bheag nó a mhór ar éifeacht na T-cheall, agus bheadh leigheas ar an ngalar. Mar sin tá na ceimiceoirí agus na bitheolaithe ag iarraidh ceimiceáin den mhéid agus den chruth cuí a dhearadh chun an glas a oiriúnú ag na hionaid nasctha. Tá na ríomhairí is mó agus is cumasaí, na sár-ríomhairí, á n-úsáid sa dearadh ríomhchuidithe seo agus íomhánna tríthoiseacha de na ceimiceáin shamhlaithe á dtáirgeadh chun a n-oiriúnacht d’ionaid éagsúla a thástáil. Tá dóchas ag na taighdeoirí go n-aimseófar córacha leighis d’an-chuid ghalar ar an mbealach seo uair éigin amach anseo. [New York Times, 7 Samhain 1995] sár-ríomhaire supercomputer einsím enzyme fosfaraláis núicléisíde púirín purine nucleoside phosphorylase córas imdhíonachta immune system galar athlastach inflammatory disease airtríteas réamatóideach rheumatoid artritis ionad nasctha binding site dearach ríomhchuidithe computer-aided design (CAD) cóir leighis medical treatment ================================================================ An Vól, daortha ag a rian féin Tá sé cruthaithe ag taighdeoirí san Fhionnlann go mbaineann an pocaire gaoithe leas as a chumas cune solas ultraivialait a bhrath chun an vól, an chreach is coitianta aige, a aimsiú. Creimire beag cosúil leis an leimín is ea an vól agus comharthaíonn sé a fhearann féin le rianta dá chuid fuail agus caca. Rinne na taighdeoirí na pocairí gaoithe a fhaire sa tsaotharlann agus le linn taighde allamuigh agus fuair siad amach gur tharraing rianta na vól a n-aird. Ar an mbealach seo is féidir a rá go rianaíonn an vól a bhás féin. Mar gheall air sin díothaítear mórchuid vól ar bhonn leanúnach agus bíonn ar na pocairí gaoithe an chreach a leanúint ó áit go háit. [National Geographic, Feabhra 1996] vól vole pocaire gaoithe kestrel creach prey creimire rodent taighde allmuigh field research ================================================================ Taiscumair faoi thalamh - saor ó thruailliú Tá córais áirithe screamhuisce faoi thalamh saor ó thruailliú agus dá réir sin ba cheart iad a chaomhnú le haghaidh am an ghátair, dar leis an Ollamh Emanuel Mazor, eolaí comhshaoil ó Iosrael. Rinne sé staidéar ar leith ar thrí chóras screamhuisce faoi thalamh - ar an Imchuach Mór Airtéiseach san Astráil, ar chráitéar Ramon agus ar mhion-uiscígh ghaineamhlach Negev in Iosrael féin. Léirigh sé go bhfuil uisce sáinnithe laistigh de struchtúir shéalaithe charraige sna háiteanna seo ar feadh na milliún bliain b’fhéidir. Bréagnaíonn an t-eolas seo an tuairim atá ann le fada gur córais sreafa atá sna huiscí faoi thalamh agus go ndéantar iad a athnuachan go leanúnach. I gcás imchuacha turnaimh agus scoiltghleannta sáinnítear an t-uisce faoi dhríodar a bhíonn á charnadh. De réir a chéile cruthaítear taiscumair charraige a bhíonn séalaithe go hiodrálach agus ina mbíonn an fíoruisce neamhthruaillithe. Fanfaidh an t-uisce sna taiscumair sa riocht sin go ceann I bhfad fiú dá mbuailfeadh tubaiste comhshaoil an domhan. Dá réir sin, dar le Mazor, ba cheart iad a chaomhnú go dtí go mbeidh géarghá leo - le linn gorta nó dá dtitfeadh olltimpiste núicléach amach. [Waterworld, Feabhra 1996] screamhuisce groundwater imchuach airtéiseach artesian basin mion-uiscíoch mini-aquifer córas sreafa through-flow system imchuach turnaimh subsidence basin ================================================================ Sábháil na Stampaí agus Sábháil an Dúlra Tá Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann, I gcomhair le Coillte, ag reáchtáil comórtais le haghaidh scoileanna as seo go dtí 6 Bealtaine. Iarrtar ar ranganna scoile stampaí poist úsáidte a bhailiú. Buafaidh an rang a bhaileoidh anmeáchan is mó stampaí cuairt faoi leith ar an scoil ón bhfear teilifíse mór le rá, Don Conroy, mar aon le duaischnuasach dar luach £150 de leabhair agus d’fhístéipeanna. Bronnfar cúig dhuais aitheantais de leabhair agus d’fhístéipeanna leis. Tá foirmeacha iontrála le fáil ó Comórtas Bailithe Stampaí, Comhairle Chaomhnaithe Phortaigh na hÉireann, 119 Sráid Capel, Baile Átha Cliath 1. Tá paca acmhainne faoi na portaigh le fáil saor in aisce ag múintóirí a ghlacann páirt sa chomórtas. Bhí lámh ag Seosamh Ó Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo. Paybo a rinne na léaráidí. Ríomhphost: MHUSSEY@DIT.IE