An t-Eolaí Uimhir 14 ISSN 0791-6663 GEIMHREADH 1994 ===================================================================== Bhí lámh ag Seosamh O Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo. Paybo a rinne na léaráidí. ===================================================================== Córas réaltachta fíorúla le forbairt chun micreamháinliacht a mhúineadh Nuair a dhéantar micreamháinliacht nó máinliacht pholl eocrach mar a dtugtar uirthi go hiondúil, feictear an obair le mioncheamara agus ní hionann mothú na hoibre agus mothú na gnáthmháinliachta ar chor ar bith. Ní féidir cleachtadh ar an obair nua ach le linn fíorobráide. Anois tá ospidéal i Manchuin Shasana chun córas réaltachta fíorúla a fhorbairt chun suíomh tríthoiseach obráide a chruthú i cibearspás, lámhainn a dhearadh chun gluaisne na láimhe a bhrath agus chun mothú na hoibre a chur i dteagmháil leis an lámh agus chun gur féidir mar sin mothú iomlán aischothaithe na hobráide a bheith ar fáil arís agus arís eile ag foghlaimeoirí. [New Electronics on Campus, Samhradh 1994] réaltacht fhíorúil virtual reality micreamháinliacht microsurgery máinliacht pholl eocrach keyhole surgery obráid operation cibearspás cyberspace, virtual reality space aischothú feedback ===================================================================== Muna n-oireann an bhróg ... De bhrí nach n-oireann a mbróga i gceart d'á lán daoine, meastar go dtarlaíonn easláinte coise do 80% de na daoine a chaitheann bróga. Míchumaí do na cnámha sna cosa is mó a tharlaíonn de réir a chéile, den chuid is mó de bhrí nach gcoinníonn na bróga áirsí na gcos suas i gceart. Tá dul chun cinn á dhéanamh i ndearadh bróg ó thaobh coinneáil suas na gcos le cúig bhliain déag nó mar sin ach níl deireadh leis an scéal fós. Is féidir turgnamh beag a dhéanamh chun an fhadhb a léiriú. Agus do chos go héadrom ar phíosa páipéir, tarraing imlíne mórthimpeall uirthi le peann luaidhe daite. Ansin seas suas agus le do mheáchan ar an gcos, tarraing imlíne nua le dath eile. Is mó ar fad an dara imlíne seo de bharr easpa tacaíochta don chos. Ní éiríonn leis na bróga siúil is fearr dá bhfuil ar fáil an fadú seo a sheachaint. Ní dhéanann boinn bhoga istigh mórán chun an fadú a sheachaint ach an oiread, bíodh is nach gceadaíonn siad spuaiceanna. Ach tá boinn instigh nua molta a oireann don chos gan fhadú, nach níchumann faoi ualach, atá righin agus nach gceadaíonn ach ar éigin 50% den fhadú a d'fhéadfadh tarlú. Tá ábhair nua á thástáil anois a laghdóidh an fadú faoi 98%. Má úsáidfí na boinn istigh seo go forleathan, beidh cosa níos sláintiúla faoi dheireadh ag daoine sa todhchaí. [Telegraph, 13 Lúnasa 1994] míchuma deformation áirse arch imlíne outline bonn istigh insole spuaic blister righin stiff ===================================================================== Nádúr neamhréasúnach brionglóidí Nuair a thagann codladh ar duine is minic a líonann a inchinn le meascáin mearaí agus le seachráin ina bhfuil radharcanna aisteacha tíre, ina gclaochlaítear daoine agus rudaí an t-am ar fad ach ina bhfuil ciall de shaghas áiféiseach éigin. Bíonn brionglóidí aige. De réir a chéile tá leideanna á fhionnadh ag taighdeoirí ar na himeachtaí aisteach seo agus ar a gceangail leis na hathruithe físeolaíocha a tharlaíonn don inchinn le linn codlata, le codladh gan bhrionglóid, le neamhchodladh, le haislingeacht agus le gníomhartha éagsúla cruthaitheacha. Nuair a bhíonn an duine ina dhúiseacht faigheann an inchinn an-chuid ionchur tríd na céadfaí agus feidhmíonn na milliúin chill chun na sonraí sin a phróiseáil agus íomhá na timpeallachta a chruthú agus a athchruthú an t-am ar fad. Ach nuair a bhíonn an duine ina chodladh agus ag déanamh brionglóide, bíonn an t- ionchur ón timpeallacht laghdaithe go mór agus bíonn na cealla go léir ag feidhmiú an t-am ar fad ach ar sonraí a ghintear taobh istigh den inchinn. Mar shampla ní athraíonn an leictreinceifealagram den chuid is mó ó dhúiseacht go chodladh Gluaiseann na súile go tapa, go dtugtar REM air, le linn bhrionglóide agus gluaiseann an ceann féin nuair a thagann brionglóid chun deiridh agus a thosaíonn an duine ag dúiseacht. Tagann an-chuid bhíoga ó stoc na hinchinne agus báitear an inchinn le ceimiceáin ar leith arís ó stoc na hinchinne, le linn bhrionglóide. Ach ní fios fós cad a spreagann an iompraíocht seo. Tá obair mhór le déanamh fós ar na fadhbanna seo ach meastar go léireoidh an taighde seo tuilleadh eolais ní hamháin ar nádúr casta brionglóidí ach ar nádúr an chomhfheasa féin. [New York Times, 12 Iúil 1994] meascán mearaí hallucination seachrán delusion leictreinceifealagram electroencephalogram (EEG) stoc na hinchinne brainstem ===================================================================== Eitleán grian-fhuinnmhithe a eitleoid ar feadh seachtainí Tá eitleán nua uathoibríoch a bheidh fuinnmhithe le solas na gréine agus gan duine ar bith ar bord le tástáil go luath i gCalifornia. Is í an chuid is mó de ná sciathán ollmhór amháin atá 30 méadar ar leithead. Ach feistithe ar dhromchla uachtair an sciatháin tá 200 chill ghréine a ghinfidh suas go dtí 8 kW cumhachta leictrí ó sholas na gréine. Tiomáinfidh an chumhacht seo ocht mótar liáin de ló agus d'oíche nuair a bheidh an t- eitleán ag eitilt ag airde suas go dtí 25 ciliméadar, timpeall trí oireadh níos airde ná Sliabh Everest. 200 cileagram maise atá san eitleán nua seo agus is féidir leis ualach de 30 cileagram a iompar. Is é atá i gceist ná ionstraimí éagsúla a insealbhú san eitleán seo agus cuid de na tomhais ar aeráidí, ar na haigéin agus ar an domhan i gcoitinne a dhéanann saitilítí costasacha an lá atá inniu ann, a dhéanamh leis. [Sunday Times, 14 Lúnasa 1994] uathoibríoch automatic cill ghréine solar cell mótar liáin propeller motor ===================================================================== Camáin thibhreacha le húsáid amach anseo ? Tá sé cruthaithe ag innealtóir san Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts i mBoston gur féidir luas luasctha slacáin chluiche choirr a mhéadú faoi suas go dtí 5% ach dromchla an tslacáin a chlúdach le tibhrí beaga éadoimhne. Nuair a ghluaiseann a leithéid de bharra tríd an aer cuireann frithchuimilt agus an t-athrú brú idir aghaidh agus cúl i gcoinne na gluaisne mar a bheadh cúltarraingt iontu. Is measa an t-athrú brú ná an fhrithchuimilt sa chúltarraingt seo agus fuarthas amach i bhfad ó shin i gcás liathróidí gailf go laghdaíonn dromchla tibhreach iarmhairt an athrú bhrú seo. Is ar an smaoineamh seo a bunaíodh an moladh chun slacáin chluiche choirr a fheabhsú. An bhfuil seans ann go ndéanfadh a leithéid feabhas ar chamáin freisin ? [Scientific American, Iúil 1994] tibhreach dimpled slacán bat cluiche corr baseball frithchuimilt friction cúltarraingt drag ===================================================================== An confadh, forleathan i Mheiriceá, á chloí san Eoraip Plá seanda is ea an confadh ach níl sé leath chomh marfach do dhaoine anois agus a bhíodh anallód, de bharr dul chun cinn i gcursaí leighis. Mar sin féin faigheann 33 míle duine bás ón ghalar, den chuid is mó san Afraic agus san Ais. Tá an confadh ann fós i measc ainmhithe allta ar mhór-roinn na hEorpa agus ar mhór-roinn Mheiriceá agus mar sin tá an bhagairt mharfach ann do dhaoine fós sna tíortha sin. Thar trí bhliain nó mar sin tá ag éirí le scéim chun an confadh i measc madaí rua, príomhiompróir an ghalair san Eoraip, a chloí. Is é atá á dhéanamh ná vacsaín nua ar a dtugtar VRG agus í measctha le baoite cuí i gcomhair madaí rua, á dáileadh le héileacaptair agus eitleáin ar na foraoisí sa bhFrainc, sa Bheilg agus i dtíortha eile. Nuair a itheann na madaí rua an baoite imdhíontar iad i gcoinne an chonfaidh. Is vacsaín a rinneadh trí innealtóireacht mhóilíneach an vaicsín nua VRG agus is í an chéad cheann den déanamh sin a ligeadh amach sa chomhshaol. Bíodh is gur éifeachtach í tá an- chuid daoine i Meiriceá a chuireann ina coinne ar eagla go mbeadh taobhiarmhairtí gan choinne léi. Mar sin is beag dul chun cinn atá déanta i Meiriceá chun an príomhiompróir confaidh ansin, an racún, a imdhíonadh ina choinne. B'fhéidir go luífidh na húdaráis isteach ar an obair seo ann nuair a léireofar torthaí fónta na hoibre san Eoraip. [New York Times, 5 Iúil 1994] confadh rabies vacsaín vaccine imdhíonadh immunization innealtóireacht mhóilíneach molecular engineering taobhiarmhairt side effect ===================================================================== Cad is fiú an DNA breise ? Is eol gurb é an DNA an macramóilín i núicléas na cille a choinníonn na géinte a fheidhmíonn mar ghormchló don duine iomlán. Ach de réir dealraimh níl ach ar éigin 5% den DNA daonna a chódaíonn mar ghéinte do phróitéin fheidhmeacha sa chorp. Mar sin tá 2.85 billiún bunphéire sa DNA daonna atá mar líonach, sa bhreis ar an méid is gá. Ach an DNA breise é seo ? De réir taighde nua tá seiceamh na mbunphéirí seo gan athrú thar na mílte agus na milliúin bliain, díreach cosúil le fíorghéinte. Daingníonn siad agus cuireann siad le neart na ngéinte atá i ngar dóibh. Uaireanta bíonn siad mar thaiscumar chun athruithe ar leith a cheadú, athruithe eile a sheachaint agus mar sin chun éabhlóid a threorú. Mar sin meastar gur gá seiceamh iomlán na mbunphéirí sa DNA daonna a dhéanamh amach i dTionscadal an Ghéanóim agus ní amháin na 100000 fíorghéin. Meastar go gcuirfidh eolas ar an DNA breise go mór le tuiscint ar éabhlóid an duine agus ar na galair ghéiniteacha. [New York Times, 28 Bealtaine 1994] macramóilín macromolecule gormchló blueprint géin gene bunphéire base pair seiceamh sequence taiscumar reservoir éabhlóid evolution Tionscadal an Ghéanóim Genome Project ===================================================================== Cén fáth an lorg ar léasar gorm ? Tá lorg géar ar siúl ag taighdeoirí i gcomhlachtaí móra sa tSeapáin agus i Meiriceá ar léasar a ghineann solas glas/vialait chun dioscaí ríomhaire (CD) ar a bhfuil na sonraí go dlúth a léamh. Meastar gur féidir le solas glas/vialait poill atá leath chomh fada trasna i gcomparáid leis na poill is féidir leis an ngnáthsholas dearg a léamh. D'fhéadfaí na sonraí a dhlúthú faoin a cheathair i gcás an tsolais ghlais/vialait mar. D'fhéadfaí cúpla uair de fhíschomharthaí daite, nó scannán iomlán, a chur ar ghnáthdhiosca ríomhaire mar sin, rud a bheadh inmhargaithe agus tarraingteach d'a lán tomhaltóirí. Mar sin tá na comhlachtaí ar a ndíchil léas solais ghlais a tháirgeadh le léasair leathsheoltóra - leathsheoltóirí nua á dhéanamh a tháirgfeadh an solas cuí nó ábhair nua á dhéanamh a ghlacfadh solas dearg isteach agus a tháirgfeadh armónach den solas sin sa raon glas/vialait den speictream amach. Bíodh is go bhfuiltear in ann a leithéid a dhéanamh sa saotharlann ní mheastar go mbeidh sé ar an mhargadh go ceann cúpla bliain. Idir an dá linn caithfidh tú cur suas le do théipthaifeadóir físe. [Scientific American, Iúil 1994] léasar laser físchomhartha daite colour video signal leathsheoltóir semiconductor armónach harmonic téipthaifeadóir físe video tape recorder ===================================================================== Galair laethúla ? Tá tuiscint na mbitheolaithe ar rithimí laethúla an duine á mhéadú an t-am ar fad agus b'fhéidir nach aon ionadh go bhfuil gné leith laethúil ag baint le an-chuid ghalar daonna freisin. Is é an galar is measa ón taobh seo ná an plúchadh a bhuaileann timpeall 5% de dhaoine. Tarlaíonn na taomanna plúchta is measa idir a dó agus a sé a chlog ar maidin. Ba chóir mar sin na córacha leighis a dhearadh agus an tuiscint seo curtha san áireamh agus iad a thabhairt don othar de réir amchláir chuí. Tá dhá shaghas airtrítis ann, airtríteas réamatóideach a bhuaileann na haltanna, a bhíonn go holc ar maidin agus a éiríonn níos fearr i rith an lae, agus airtríteas neamhréamatóideach cosúil le oistéairtríteas a théann in olcas in aghaidh an lae agus a mhaolaítear le hoíche chodlata. Déantar iarracht i gcónaí anois na drugaí leighis a thabhairt don othar ag na hamanna is fearr i rith an lae. Le déanaí táthar tar éis a léiriú go bhfuil gné laethúil ag baint le galair chroí freisin agus taomanna croí i bhfad níos minice ag tarlú idir ceithre agus sé uair tar éis don duine éirí ar maidin. Meastar freisin go mbaineann rithimí laethúla le tosú agus fás ailsí fiú. Tugann na tuiscintí nua seo léargais nua ar na galair, ar fheidhmiú an choirp dhaonna féin agus ar dhearadh agus dháileadh na gcóracha leighis chun a lán galar a láimhseáil agus a chloí. [The Sciences, Iúil/Lúnasa 1994] galar laethúil circadian disease rithim rhythm plúchadh asthma taom attack cóir leighis treatment airtríteas réamatóideach rheumatoid arthritis oistéairtríteas osteoarthritis ===================================================================== An cóiméad a d'fhan le Iúpatar Taistealaíonn gach cóiméad i bhfithis éilipteach thart ar an ngrian, leis an ngrian i bhfócas amháin na héilipse, agus ag brath ar mhéid na fithise, tógann sé timpeall céad bliain chun timthriall iomlán a chur de. Mar shampla, i gcás cóiméad Halley, tagann sé i ngaireacht dúinn chun go bhfuil sé infheicthe gach 76 bliain ar ionann é sin agus a thréimhse. Ach tháinig cóiméad Shoemaker-Levy 9 i lár mí Iúil na bliana seo agus d'imigh go mór ón ngnáthiompar. Is amhlaidh a tharla an cóiméad seo ró-ghar don phláinéad Iúpatar ionas gur aomadh isteach ar Iúpatar é go huile is go hiomlán ag imtharraingt láidir an phláinéid sin. Is é Iúpatar an pláinéad is mó i gcóras na gréine, le trastomhas 12 oiread trastomhas an domhain agus le níos mó maise ná na pláinéid eile go léir le chéile. D'imbhuail an cóiméad an pláinéad sin ina 21 píosa agus steall siad atmaisféar daite Iúpatair. Bhí sársheans ag réalteolaithe torthaí na n-imbhuailte a iniúchadh, agus fiú má tharla siad ar a taobh thall den phláinéad uainn, tuilleadh eolais a fháil ar chomhdhéanamh an atmaisféir naimhdigh chéanna. D'éirigh le spásteileascóp leasaithe Hubble íomhánna iontacha de na hionaid imbhuailte ar dhromchla Iúpatair a fháil agus a chraoladh ar ais ar domhan. B'é seo an chéad uair a bhfachthas a leithéid de dhíothú cóiméid agus ar shlí ní mór na téacsleabhair a athscríobh dá dheasca. [New York Times, 26 Iúil 1994] cóiméad comet fithis orbit éilips ellipse pláinéad planet imtharraingt gravitation córas na gréine solar system steall splashed díothú destruction ===================================================================== Teoiric an anoird le húsáid i mbainisitiú tráchta ar mhótarbhealaí Is aisteach conas a tharlaíonn snaidhmeanna malla mar a bheadh coirí guairneáin sa trácht ar mhótarbhealaí agus ar conas a réitíonn na snaidhmeanna seo tar éis achar ama agus a ghluaiseann an trácht ar aghaidh arís. Cuireann a leithéid de shnaidhm stop iomlán leis an sreabh tráchta chomh fada agus atá sí ann. Tá dearthóirí, tógálaithe agus bainisteoirí mótarbhealaí - agus tiománaithe - cráite leis an bhfeiniméan seo, a d'fhéadfadh rud chomh beag le luasmhoilliú tiománaí amháin chun breathnú ar thíramharc nó ar éan é a chur sa tsiúl, le seasca bliain. Anois tá na heolaithe ag cur teoiric nua an anoird, teoiric na dtonnta agus teoiric dhinimiciúil an leachta le céile chun iompar aisteach seo an tráchta a scrúdú agus a thuiscint agus b'fhéidir a sheachaint amach anseo. Nuair a tharlaíonn eachtra beag de shaghas leoraí amháin ag scoitheadh leoraí eile, cuireann sé sin suaitheadh sa trácht cosúil le bíogthonn sa sreabh tráchta agus más tróm an trácht, d'fhéadfadh snaidhm a tharlú. Cinnte tagann iompar na dtiománaithe agus a n-amanna freagartha san áireamh freisin. Tá dóchas ag comhlachtaí sa Bhreatain arbh mhaith leo mótarbhealaí a bhainistiú, go dtabhairfidh an t-ionsaí nua seo ar sheanfhaidhb leideanna ar conas na mótarbhealaí a leasú agus mótarbhealaí nua a dhearadh chun an trácht a chur ar aghaidh níos scioptha agus níos sábháilte ná mar a tharlaíonn i láthair na huaire. [Sunday Times, 7 Lúnasa 1994] anord chaos mótarbhealach motorway snaidhm knot coire guairneáin whirlpool scoitheadh overtaking suaitheadh disturbance am freagartha reaction time ===================================================================== Smionagar saitilítí ar cur saitilítí i bpriacal I láthair na huaire tá timpeall 7,000 réad inbhraite i bhfithisí sa spás timpeall an domhain. Saitilítí teileachumarsáide, aimsire agus míleata cuid bheag díobh ach is saitilítí caite agus smionagar saitilítí an chuid is mó díobh. Tríocha bliain ó shin ní raibh ach 200 réad inbhraite mar sin. Meastar go bhfuil na billiúin de réada beaga dobhraite thuas i bhfithisí os ár gcionn. Nuair a imbhuaileann ceann acu seo le ceann eile faoi ardluas pléascann siad agus cruthaítear tuilleadh réada sna fithisí sin. Mhillfeadh a leithéid d'imbhualadh saitilít nó spásárthach fíorchostasach. Ar an mbealach seo chruthófar níos mó réada imbhuailte, rud a dhéanfadh tuilleadh dochair níos déanaí agus in imoibriú slabhrúil, a sheachnódh úsáid saitilítí uair éigin amach anseo. De bhrí go bhfuil an toirt ina bhfuil na réada seo ag taisteal chomh ollmhór sin, meastar nach minic a tharlaíonn a leithéid d'imbhualadh. Ach de réir mar a théann líon na saitilítí i méid téann an dóchúlacht go dtarlóidh imbhuailtí i méid freisin. Measann saineolaithe go bhfuil tiúchan na saitilítí atá anois ann gar don leibhéal a chuirfeadh an milleadh slabhrúil ar siúl agus gur cheart iarracht a dhéanamh an spásbhruscar a ghlanadh suas agus gach iarracht a dhéanamh gan cr leis an méid bruscair atá ann. [New York Times, 17 Bealtaine 1994] saitilít satellite fithis orbit imoibriú slabhrúil chain reaction ===================================================================== Miocróib á fhionnachtain go flúirseach go domhain faoi dhromchla an domhain Le blianta anuas tá an t-uisce dubh te a thagann aníos as oscailtí ar ghrinneal na farraige - go mór mór i lár an aigéin Atlantaigh agus i lár an aigéin Chiúin - a scrúdú ag eolaithe. Ba é ceann de na breathnuithe is iontaí dá bhfacadar ná go raibh miocróib go flúirseach sa sceithuisce seo. Roimhe sin níor cheapadh gurbh fhéidir le haon mhiocrób maireachtaint in áit chomh te agus gan ocsaigin. Ach is féidir leis na horgánaigh seo maireachtaint ar imoibrithe ceimiceacha, déanann siad siúicrí agus carbaihiodráití eile as uisce agus déocsaíd charbóin agus ligeann amach meatáin agus suilfíd hidrigine. Is trí phróiseas comhiompair a dhéantar na srutha den uisce te seo. Ritheann uisce na farraige isteach sna carraigeacha agus sna scoilteanna sna carraigeacha, ag tuaslagadh mianraí an t-am ar fad, téitear an t-uisce go dtí 400øC ag an magma agus sceitheann sé suas trí oscailtí ina sreabh ollmhór ansin. Os rud é go bhfuil na miocróib san uisce sceite is cinnte go bhfuil siad sna carraigeacha freisin. Meastar anois go bhfuil bithsféar nua thíos ansin, bithsféar nach raibh fiú aon choinne leis go dtí cúpla bliain ó shin, agus bithsféar níos mó ná an bithsféar ina mhairimíd ar dhromchla an domhain. Tá an smaoineamh á fhorbairt le blianta anuas freisin gur mór an dóchúlacht gurbh iad na miocróib seo an chéad bheatha ar domhan, mar gurbh fhéidir leo maireachtaint nuair nach raibh aon ocsaigin ar ár bpláinéad. [New York Times, 28 Nollaig 1993] miocrób microbe comhiompar convection tuaslagadh dissolving mianra mineral bithsféar biosphere dóchúlacht probability =====================================================================