DRÉACHT 5 Aibreán 1994 An t-Eolaí Uimhir 12 ISSN 0791-6663 SAMHRADH 1994 ===================================================================== Bhí lámh ag Seosamh O Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo. Paybo a rinne na léaráidí. ===================================================================== Stóráil dramhaíle radaighníomhaí - cinneadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá Tá cinneadh deimhnitheach déanta ag Rialtas na Stát Aontaithe láithreán fuílligh a thochailt sa bhfásach i Nua Mheicsiceó chun dramhaíl radaighníomhach, ó thógáil bhuamaí agus ó stáisiúin núicléacha leictreachais, a dhumpáil ann. Tochlófar na tolláin timpeall míle go leith méadar faoin talamh i sraitheanna salainn agus tá sé i gceist trí chéad míle baraille lán den ábhar marfach a chur iontu. Tá leathréanna de na mílte bliain ag cuid de na hábhair mharfacha agus leanfaidh siad marfach thar na céadta míle bliain. Más inchreidthe é tá Rialtas Mheiriceá tar éis éileamh ar na dearthóirí agus lucht pleanála go gcinnteodh siad go bhfanfadh an láithreán iomlán agus séalaithe ar a laghad ar feadh deich míle bliain. Nuair a bheidh na tolláin seo lán i gceann daichead bliain nó mar sin séalófar iad agus na sloic. Ach conas daoine a choimeád amach uatha as sin amach ? Cén saghas fógra d'fhanfadh áititheach agus bagrach go leor ar feadh deich míle bliain ? Tá moltaí éagsúla don ghnó seo á mheas ag painéal saineolaithe de chuid Roinn Fhuinnimh den Rialtas thall, ina measc, oiread spící basailt fiche cúig méadar ar airde suite go randamach, achar ollmhór coincréite dubhaithe a théadh as cuimse faoin ngrian fhíochmhar, olloibreacha créafóige i bhfoirm fhiarlán. Ní mór go mairfeadh na oibreacha fógraithe seo níos faide ná aon rud a thóg an cine daonna riamh agus dhá oiread níos faide ná Nua Ghráinseach na Mí. Cosúil leis an scéal céanna i leith Sellafield Shasana, is dáiríre an scéal seo agus ar an drochuair, ní finscéalaíocht eolaíochta é. [Guardian, 31 Márta 1994] dramhaíl radaighníomhach = waste láithreán fuílligh = dump leathré = life sloc = shaft fiarlán = zigzag finscéalaíocht eolaíochta science fiction ---------------------------------------------------------------------- Ord agus anord i gcúir Ní gá bheith i do fhisiceoir chun spéis phoiblí a bheith agat i gcúir agus gan amhras más spéis duit cúir go poiblí ní leor sin chun fisiceoir a thabhairt ort féin. Mar sin féin tá saothar taighde ar chúir á dhéanamh le blianta ag ollamh le fisic i gColáiste na Tríonóide, Denis Weaire, agus le déanaí tá fógraithe aige agus ag a chomhgleacaithe go raibh struchtúr amháin na mbolgán i gcúr aimsithe acu a bhí níos dlúithe ná aon struchtúr molta go dtí seo. Samhlaigh cúr mar chnuasach bolgán, de thoisí éagsúla, agus iad dlúite le chéile ionas go bhfuil cruth sféarúil na mbolgán athchumtha a bheag nó a mhór. Ag brath ar éagsúlacht na dtoisí agus ar an oiread leachta atá gafa sa struchtúr athraíonn oiread athchumtha na mbolgán agus an oiread oird nó anoird sa struchtúr. Gan amhras tagann dromchla teannas, an cóimheas gás/leacht agus modhanna pacála i gceist chun struchtúr ar leith a chinneadh. Nuair a phacáiltear réada leaisteacha le chéile gabhann siad bunstruchtúr nó aonadchill teitrihéadrónach agus de réir na teoirice ní féidir ach 24 saghas struchtúir mar seo a bheith ann, struchtúir theitrihéadrónacha dhlúth-phacáilte. Is struchtúr ar leith de na bunsaghasanna seo, uimhir A15 mar a tugtar air, atá aimsithe ag cúróirí Choláiste na Tríonóide agus a léiríonn dromchla níos lú de réir na toirte céanna ná na struchtúir a moladh roimhe seo. Is é an t-anord i struchtúr an chúir ná go mbíonn réimsí ann, cosúil le struchtúr gráinneach na miotal, le bunstruchtúir éagsúla i ngach réimse. [Physics World, Feabhra 1994] cúr = foam athchumadh = distortion dromchla teannas = tension aonadchill = cell teitrihéadrón = tetrahedron struchtúr gráinneach = structure ---------------------------------------------------------------------- Deireadh le grianghraif mar fhianaise sa chúirt ? Le fada is áisiúil grianghraif, d'ionad coire mar shampla, chun cur le fianaise i gcásanna dlí. Níorbh áibhéil a rá gurbh lárnach a leithéid in an-chuid ciontuithe thar na blianta. Ach le forbairtí in íomháú ríomhaire, tá an baol ann nach leanfaidh an scéal amhlaidh. De bhrí gur féidir pictiúr a chumadh, a athrú agus a athchumadh chomh héasca sin le ríomhairí an lae inniu, is féidir caimiléireacht a dhéanamh ar phictiúr agus mar sin ní féidir bheith lánmhuiníneach as pictiúr ar bith. Is lú ar fad an seans amach anseo go ndéanfaidh feiceáil fírinne. Nó an lú ? [Scientific American, Feabhra 1993] grianghraf = photograph fianaise = evidence íomháú ríomhaire = imaging caimiléireacht = cheating ---------------------------------------------------------------------- Forsheoltacht ard-theochta ar an margadh Níl ach ocht mbliain ann ó fionnadh forsheoltacht in ábhair ar leith ag teochtaí chomh hard le - 140xC. Ach de bhrí gurbh ceirmicí na hábhair a bhí i gceist, iad deacair a mhúnlú agus an- bhriosc, bhí an tuairim ann go dtógfadh sé achar fada ama go dtí go mbeadh gléasanna le fáil ar bhonn trádálach a bhainfeadh feidhm astu. Ach i mbliana tá sreang ina bhfuil snáithíní d'ábhar forsheoltach leabaithe i mhaitrís airgid, curtha ar an mhargadh ag comhlacht Meiriceánach. Is féidir leis an tsreang nua seo 15 oiread níos mó srutha a iompar ná mar is féidir le gnáthshreang den mhéid céanna. Meastar gurbh fhéidir trasfhoirmeoir mór a d'fhéadfadh míle meigeavata a láimhseáil a dhéanamh as an tsreang seo a chosnódh 7.2 milliún, a mheáódh 110 tona agus a d'ídeodh 6 chileavata. Cuir na figiúirí sin i gcomparáid le gnáththrasfhoirmeoir den ghrádú céanna, 11.2 milliún costais, 600 tona meáchain agus 1600 cileavata ídithe. Níl aon chomórtas ann. Níl mórán gléasanna déanta as an tsreang seo fós, mótar beag agus dineamó beag déanta ag Arm Mheiriceá. Ach bí cinnte de go bhfuil a leithéid chugainn. Is ar an nglún atá ag teacht in inmhe anois a thitfidh an dualgas an fhionnachtain seo a shaothrú amach anseo. [Sunday Times, 3 Aibreán 1994] forsheoltacht = superconduction ceirmic = ceramic briosc = brittle snáithín = thread maitrís = matrix trasfhoirmeoir = transformer ---------------------------------------------------------------------- An bhfuil leighis comhlántacha ag éirí inghlactha ? Tá comhlacht árachais nó dhó sa Bhreatain sásta anois a gcliaint a íoc as cóireáil le leigheas comhlántach - snáthaidpholladh agus eile - ach an cliant a bheith seolta chuig cleachtóir aitheanta ag gnáthdhochtúir. Níl tuiscint mhaith fós ar conas a fheidhmíonn na modhanna cóireála comhlántaí, ach tá an t-éileamh orthu ag fás agus de réir cosúlachta téann an-chuid de na tomhaltóirí abhaile sásta. Ní mór go mbeidh siad níos sásta fós má íocann a gcomhlachtaí árachais as. [Sunday Times, 3 Aibreán 1994] leigheas comhlántach = medicine snáthaidpholladh = acupuncture ---------------------------------------------------------------------- Freagairt ar phaidir nó eascaine an ghalfimreora Más gnáthimreoir gailf thú nó muna bhfuil spéis dá laghad agat i ngalf tuigfidh tú gur ábhar eascaine é nuair a chailltear an liathróid sa gharbh. Anois don imreoir a bhfuil gach rud aige ach amháin scil, tá aimsitheoir liathróide le fáil ar chostas os cionn 100. Is é atá ann ná liathróid le micreatharchuradóir tonnta raidió inti agus gléas lámhiompartha glactha. Nuair a chailltear an liathróid lasctar an glacadóir ann agus de réir mar a thagann an t-imreoir níos gaire don liathróid téann déine na fuaime ón nglacadóir i méid. Más caillteoir liathróidí gailf thú, agus cailltear luach cúig mhilliún déag punt díobh sa Bhreatain gach bliain, tá seans go spárálfá airgead leis an ngléas riachtanach nua seo. [Sunday Times, 20 Márta 1994] aimsitheoir = locator micreatharchuradóir = microtransmitter glacadóir = receiver ---------------------------------------------------------------------- Géarchéim sa bhfisic, 1994, 1904 ? Measann cuid de na saineolaithe go bhfuil gábh bunúsach i bhfisic na bpáirteagal ann i láthair na huaire. Tá coibhlint idir thorthaí teoiric ghinearálta na gaolmhaireachta agus torthaí na teoirice candamaí chun a bhfuil ar eolas faoi na páirteagail fhonúicléacha san adamh a chuimsiú agus a mhíniú. Níl teacht ar na turgnaimh chun an t-easaontas seo a réiteach agus meastar nach mbeidh go ceann fiche bliain. Ach sa bhliain 1904 tharla géarchéim bhunúsach sa bhfisic freisin nuair a chuir fionnachtana de shaghas X-ghathanna, leoctreon, prótón, radaíochtaí ó adaimh, fadhbanna i bhforleathadh solais agus eile, ceisteanna dofhreagartha ar an bhfisic chlasaiceach de chuid Newton. Tionóladh cruinniú de phríomhfhisiceoirí na haoise sin i St. Louis Mhissouri sa bhliain sin agus níorbh dóchasach iad as todhchaí na fisice. Ach ansin taobh istigh de leathbhliain tháinig Einstein chun tosaigh le teoiric speisialta na gaolmhaireachta a réitigh na deacrachtaí maidir le forleathadh an tsolais agus go luath ina dhiaidh sin forbraíodh an teoiric chandamach a d'oscail an oiread sin de réimsí nua fisice agus teicneolaíochta. B'fhéidir go bhfuil na saineolaithe atá doirbh, ródhoirbh. [Scientific American, Feabhra 1994] teoiric na gaolmhaireachta = relativity teoiric chandamach = theory forleathadh solais = light ---------------------------------------------------------------------- An bhfuil réiteach páirteach ar ghéarchéim na fisice aimsithe ? Le blianta fada anuas tá na fisiceoirí ar fud an domhain ag iarraidh an píosa deireanach de thomhas míreanna mearaí an núicléis a aimsiú. Is é seo an bárrchuairc a réamhinsíodh de réir theoiric na Samhla Caighdeánaí den núicléas ach a d'fhan go ceannláidir do-aimsithe go dtí gur aimsíodh í le déanaí ag fisiceoirí Fermilab in Illinois Mheiriceá. Is é seo an bloc tógála fo-núicléach deireanach den 12 a chreidtear a bheith ann. De réir na teoirice seo tá 6 chuairc, suas agus síos, briocht agus aduain, barr agus bun, agus 6 cheann de pháirteagal i bhfad níos éadroime ar a dtugtar leipteoin. Tagann na bloic thógála seo in úsáid i ndéanamh prótón agus neodrón ionas go meastar go bhfuil dhá chuairc suas agus cuairc síos amháin i bprótón agus dhá chuairc síos agus cuairc suas amháin i neodrón. Is le himbhuailteoirí cumhachtacha, ina ndéantar mar shampla sruth prótón a imbhualadh go fíorfhuinniúil le sruth frithphrótón ag teacht ar mhalairt threo, a rinne Fermilab na turgnaimh a chreideann siad a d'aimsigh agus a chruthaigh an chuairc dheireanach seo. Tugann an toradh seo faoiseamh do na fisiceoirí seo de bhrí go raibh iomláine na samhla caighdeánaí á ceistiú, is cuma cé chomh maith agus a bhí an teoiric sin chun an-chuid sonruithe eile a chuimsiú agus a oiriúniú le chéile, de bharr nár cruthaíodh an bharrchuairc a bheith ann i ndáiríre. B'fhéidir gur tuar dóchais é seo don bhfisic agus tuar soirbhíochais dá hábharthacht amach anseo, má bhí ceist ann faoi sin. [Irish Times, 27 Aibreán 1994] samhail chaighdeánach = model barrchuairc = quark briocht = charm aduain = strange imbhuailteoir = collider ---------------------------------------------------------------------- Cóireáil nua ar leóicéime Is ailse na gcealla bána fola í leoicéime. Táirgtear cealla bána den chuid is mó i smior na gcnámh agus nuair a bhuaileann leoicéime an duine, téann an táirgeadh seo as smacht agus bíonn na cealla a dhéantar lochtach agus neamhfhónta. Is féidir an aicíd seo a chóireáil go héifeachtach go minic le drugaí, modh coireála ar a dtugtar ceimiteiripe. Maraíonn na drugaí seo na bunchealla ailseacha. Ach uaireanta cuireann an drugaí cumasacha seo isteach go millteach ar na putóga agus na scámhóga. Modh coireála eile atá coitianta agus éifeachtach go leor is ea athphlandáil smior cnámh. Ach sa chás seo ní mór deontóir comhoiriúnach a aimsiú agus obráidí casta a dhéanamh ar dheontóir agus ar other chun an t-athphlandáil a chur i gcrích. Ach anois táthar á thuar go mbeidh coireáil ar a dtugtar Athphlandáil GasChealla níos éasca ná athphlandáil smior cnámh agus lán chomh héifeachtach léi. Níl i gceist ach instealladh hormón ar leith, rud a spreagann scaoileadh na gcealla bána as an smior isteach in imshruthú na fola. Ansin is féidir an fhuil a tharraingt as an gcorp, a choireáil taobh amuigh den chorp agus an fhuil leasaithe a chur ar ais sa chorp. Ní bheadh ach dóchúlacht an-bheag go dtarlódh fothorthaí millteacha d'aon chuid eile den chorp. Tá taighde fós le déanamh ar an mhodh coireála seo ach beidh sé ar fáil amach anseo in Ospidéal San Shéamais i mBaile Atha Cliath. [Irish Times, 21 Márta 1994] leoicéime = leukaemia smior = marrow obráid = operation gaschill = cell Athphlandáil GasChealla Stem Cell Transplant imshruthú = circulation dóchúlacht = probability fothoradh = effect ---------------------------------------------------------------------- Teoirim dheireanach Fermat, bealach le taisteal fós Fógraíomar in uimhir 9 go raibh an teoirim cháiliúil dheireanach de chuid Fermat cruthaithe faoi dheireadh, de réir dealraimh, ag matamataiceoir darb ainmh Andrew Wiles. Ach fan nóiméad. Nuair a chuir sé a "chruthú" i bhfoirm scríofa faoi bhráid na léirmheastóirí aimsíodh botún nó dhó. Faoi seo tá sé ag iarraidh na botúin a cur i gceart ach b'fhéidir go leanfaidh an teoirim seo chun glúine eile matamataiceoirí a chrá amach anseo. [Scientific American, Márta 1994] ---------------------------------------------------------------------- Luch ríomhaire trí-thoiseach Feidhmíonn an gnáthluch ríomhaire ar bhonn dé-thoiseach trí rothlú liathróide ar dhromchla plánach na deisce. On rothlú seo is féidir comhordanáidí pointe tadhaill na liathróide leis an ndeasc, an x-chomhordanáid agus an y-chomhordanáid, a thomhas. Baineann an ríomhaire úsáid as na comhordanáidí seo chun marcóir de shaghas rinn saighde a ghluaiseacht chuig comhordanáidí coibhéiseacha ar léiriú an ríomhaire. Is cuid lárnach luch mar seo sna córais cairdiúla is nua-aoisí i ríomhairí pearsanta an lae inniu. Ach anois tá nochtaithe ag comhlacht as Shráid an Mhuilinn i gContae Chorcaigh darb ainmh Alps Electric, luch réabhlóideach nua a fheidhmíonn ar bhonn trí-thoiseach. Nochtadh an luch seo ag Ollaonach na Ríomhairí i Hanover na Gearmáine i mí Márta na bliana seo agus tarraingíodh an-iúl air. Ní le liathróidí a fheidhmíonn an luch nua seo ach le léas gathach ultrafuaime a tharchuirtear ón luch féin agus trí ghlacadóir neamhspleách a suitear ar an ndeasc i leathaobh. Déanann an ríomhaire na trí chomordanáid a ríomh go leanúnach agus is féidir leis an ríomhaire feidhmeanna nua, nach raibh aon choinne leo leis an mbunluch, a bhaint as an triú comhordanáid. Is féidir, mar shamplaí, an dath a athrú ag pointe ar leith ar an léiriú nó roghchláir neadaithe éagsúla a roghnú, de réir luach na comhordanáide seo. Níl ach tosaithe fós ar na feidhmeanna nua a shamhlú. Ach meastar go mbeidh an-éileamh ar an táirge seo i gcórais dheartha agus i gcórais réaltacha fíorúla amach anseo. [Sunday Times, 20 Márta 1994] trí-thoiseach = 3-D comhordanáid = co-ordinate córas cairdiúil = system léas gathach = beam córas deartha = system réaltacht fhíorúil = reality ---------------------------------------------------------------------- Croíthe ón nGraonlainn chun ceisteanna lárnacha a réiteach ? Bíonn plé go rialta ar an mbaol ann go bhfuil an domhan á théamh - bhfuel ní raibh sa tír seo le ráithe déanta na fírinne - de bharr an iarmhairt cheaptha teasa agus ar thruailliú an aeir a d'fheadfadh a bheith ag cur leis an iarmhairt seo. Agus creid nó ná chreid é, tá meánteocht an domhain ag meadú de réir a chéile le leathchéad bliain nó níos mó. Ach an gnáthathrú é seo ar bhonn fadtéarmach an domhain agus a chasfaidh cúinne am éigin amach anseo nó an leanfaidh sé chun go mbeidh reimsí leathana an domhain do-áitrithe agus go ndéanfaí léirscrios ar an gcine daonna ? Ní fios go beacht cad é gnáthréimse teochta an domhain ná conas a athraíonn an teocht thar na céadta agus na mílte bliain. Ach anois tá croíthe oighir druileálta as an oighearchaidhp i nGraonlainn agus tá na ceimiceoirí agus na fisiceoirí ag scrúdú an oighir é na réanna go léir thar ceathrú mhilliúin bliain. De réir na dtorthaí uathu, bhí an teocht suas agus síos, go minic ag malartú réasunta tapa, thar an tréimhse ama sin. Níorbh fhéidir a dhíorthú ó na croíthe oighir cén chúis nó cúiseanna a spreag aon mhalartú teochta. Mar sin ní cobhsaí ná tairiseach teocht ná aeráid an domhain agus is féidir go bhfuil an t-athrú atá ar siúl i rith an chéid seo cosúil le hathruithe a tharla go minic roimhe seo ar domhan. [Scientific American, Nollaig 1993] croí = core iarmhairt cheaptha teasa greenhouse effect oighearchaidhp = cap cobhsaí = stable taisiseach = constant aeráid = climate ---------------------------------------------------------------------- Ar céad bliain, an bhfuil leigheas air ? Tá an gluaisteán rud beag níos mó ná céad bliain d'aois i mbliana agus thar an chéad sin tá sé ciontach as bás seacht milliún déag duine agus as trí chéad milliún duine a bheith gortaithe go dona nó martraithe go buan ar fud an domhain. Faoi seo faigheann leathmhilliún duine bás agus gortaítear cúig mhilliún déag i dtimpistí gluaisteán in aghaidh na bliana. Ar i ndáiríre. Meastar gur dearmaid nó factóirí eile daonna i dtiomáint ghluaisteán nó i ndearadh bóthar nó in iompar eile ar na bóithre, is bun le 90% de na timpistí seo. Ní bhíonn easpa éigin meicniúil nó eile san bhfeithicil ciontach ach in 8% de na timpistí. An féidir aon leigheas a dhéanamh ar an scéal tubaisteach seo nó an gcaithfimid cur suas leis mar chostas iníoctha dosheachanta ar dhul chun cinn an chine dhaonna. An féidir dul chun cinn a thabhairt d'aon rud a bhfuil an oiread tragóide ag baint leis ? Measann John Gilmore ón gColáiste Réigiúnda i nDún Dealgan gurbh féidir an t-ár seo a laghdú as cuimse ach dul i muinín chórais rialaithe iompair an oiread agus is féidir. Is é atá i gceist aige ná ollchórais iompair mar thraenacha, eitleáin agus bháid atá ar a laghad deich n-oiread níos sábháilte de réir an daonra, ná gluaisteáin aonair. Dá bhforbrófaí córais mar sin ar bhonn fabhrach, bheadh an cine daonna níos fearr as ó thaobh na sábháilteachta de. Ach ní beag an dúshlán polaitiúil a leithéid de pholasaí a chur i bhfeidhm. [Engineers' Journal, Márta 1994] martraithe = disabled easpa = defect ---------------------------------------------------------------------- Loingeán liamháin chun ailse a chóireáil ? Tá fianaise ann go dtéann othair atá buailte le hailse na cíche, an phróstataigh agus na hinchinne, i bhfeabhas tar éis cóir leighis bunaithe ar loingeán liamháin a fháil. De réir dealraimh cuireann an t-ábhar seo bac le fás feadáin fhola rud a chuireann bac de réir a chéile le fás na sceachaille. Fionnadh an iompraíocht seo i gCúba agus tá an Riarachán Cónascach Drugaí sna Stáit Aontaithe díreach i mbun triallacha chun a éifeacht a mheas. Bhí an t-ábhar céanna á dhíol mar bhia sláinte le blianta agus is é seo an chéad uair a chuireadh triall ar ábhar atá ar ghnáthdhíol i siopaí bia sláinte, mar dhruga cóir leighis. Léiríonn sé conas is féidir go dtiocfadh córacha fónta leighis as leigheas tíre nó as fhoinse nach mbeadh coinne leis agus mar sin an géarghá atá ann bithéagsúlacht a chothú ar fud an domhain. [Sunday Times, 20 Márta 1994] loingeán = cartilage liamhán = shark ailse na cíche = cancer próstatach = prostate cóir leighis = treatment feadán fola = vessel bia sláinte = food sceachaill = tumour bithéagsúlacht = bio-diversity ---------------------------------------------------------------------- Brúchneácha - crá na n-othar fadtéarmacha Tarlaíonn brúchneá don chraiceann agus don bhogfhíochán faoin gcraiceann de bharr brú idir chuid stairriceach an chreatlaigh agus dromchla seachtrach a leanann ar feadh i bhfad. Tagann scríobadh an chraicinn isteach san áireamh freisin. Bíonn cnámha na corróige agus na sáile go minic ciontach as brúchneácha. Sa Bhreatain tarlaíonn a leithéid do 4% de na hothair a ghlactar isteach in ospidéil ach is measa iad i gcás seandaoine agus i gcás na n-othar ortaipéideacha, a bhfaigheann 10% díobh an plá seo. Le fírinne is eipidéim í a ghearrann na hospidéil ar na hothair. Cosnaíonn sé na céadta milliún punt chun brúchneácha a chóireáil in aghaidh na bliana, gan an crá breise do na hothair a bhfuil deacrachtaí eile acu, a chur san áireamh. Ach ní iontach rathúil na modhanna - suas le 130 dromchla éagsúla - a úsáidtear chun brúchneácha a láimhseáil agus a leigheas. Sna cásanna is measa baintear feidhm as tochtanna leachtaithe, ina séidtear aer trí mhicreasféir ghloine atá istigh sa tocht agus a chuireann ag cuilitheáil an dromchla faoin othar. Meastar go scaipeann sé seo an brú ar an gcraiceann agus go maolaíonn sé sin an baol. Le deanaí tugadh tuairisc ar an laghdú brú a chúisíonn na tochtanna seo i gcomparáid le gnáth-thochtanna agus den chuid is mó níorbh mhór é. Chomh maith leis sin léiríodh an chonclúid bhunúsach nách eol cén laghdú brú a bheadh suntasach. Tá a lán saothair le déanamh fós agus a lán fulaingthe breise le gearradh fós ar ainniseoirí othar, sar a mbeidh réiteach na faidhbe seo ar fáil. [Physics World, Nollaig 1993] brúchneá = sore cnámh na corróige = bone sáil = heel tocht = mattress micreasféir ghloine = microspheres cuilitheáil = rippling ---------------------------------------------------------------------- Nuacht ar leabhar Matamaitic Fheidhmeach, Cúrsa na hArdteistiméireachta, le Dr. Matt Hussey (An Gúm), 1994. Seo téacsleabhar nua as Gaeilge atá dírithe ar chúrsa na hardteistiméieachta sa Mhatamaitic Fheidhmeach agus atá foilsithe ag an Gúm. Bunleabhar Gaeilge atá ann "Más duine thú ar mhaith leat dúcheisteanna agus tomhais agus fadhbanna ilchineálacha a mheas agus a réiteach, nó má dhíchóimeálann tú gléasanna chun a meicníochtaí a thuiscint, is duitse an t-ábhar agus an leabhar seo."