An t-Eolaí Uimhir 11 ISSN 0791-6663 EARRACH 1994 DRÉACHT 10 Feabhra 1994 =================================================================== Bhí lámh ag Séamas Ware, Nollaig O Donnabháin, Conchúr O Brádaigh, Conchúr O Ceallacháin, Seosamh O Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo. Paybo a rinne na léaráidí. =================================================================== Duais Bhord na Gaeilge i gComórtas na nEolaithe Oga Bhuaidh Nicole Nic Chárthaigh ó Choláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair i gCorcaigh, idir duais Bhord na Geailge agus duais Chumann na nInnealtóirí i gComórtas na nEolaithe Oga i mbliana as tionscadal inar dhein sí na scéithgháis ó inneall pheitril a athchúrsáil chun iad a dhó níos iomláine ná mar is gnáth agus mar sin inneal glas a dhéanamh as an mbuninneall. Dá mb'fhéidir a leithéid a chur i gcrích go forleathan ar fud an domhain ba mhór an feabhas a chuirfeadh sé ar an aer agus ar an timpeallacht i gcoitinne. scéithghás exhaust gas Bás William Hayes, bunaitheoir géineolaíocht na mbaictéar In Eanáir na bliana seo fuair William Hayes bás. Saolaíodh i mBaile Atha Cliath é sa bhliain 1913 agus oileadh é san eolaíocht agus sa leigheas i gColáiste na Tríonóide. Bhí gníomhréim fhada chuimsitheach aige a chaith sé san India, in Éirinn, sa Bhreatain agus san Astráil. Sna luathchaogaidí, bhí sé freagrach as fionnachtain ghéineolaíocht na mbaictéar. Is timpeall an ama chéanna a bhí Watson agus Crick ag léiriú struchtúr déhéilisce an DNA den chéad uair. Bhí baint ag William Hayes i rith a shaoil ina dhiaidh sin, le cur chun cinn na géineolaíochta. D'fhoilsigh sé leabhar cáiliúil ar ábhar a thaighde sa bhliain 1964, "The Genetics of Bacteria and Their Viruses", leabhar a lean mar lámhleabhar do mhic léinn thar na blianta. Leag sé bunchlocha tábhachtacha na bitheolaíochta móilíní agus, cinnte, na hinnealtóireachta géinití agus ba eolaí tábhachtach é i stair an chéid seo. [Irish Times, 8 Feabhra 1994] géineolaíocht genetics baictéar bacterium gníomhréim career struchtúr déhéilicse double helical structure Earraí fite san innealtóireacht shibhialta ? Ní mheasfá go mbainfí úsáid as earraí fite in olloibreacha innealtóireachta sibhialta, seachas in éadaí na n-innealtóirí féin. Ach is ag leathnú atá an úsáid seo chun scaradh a dhéanamh san ithir, chun scagadh agus draenáil a sholáthar agus fiú chun an ithir a neartú. Cinnte is ábhair fite as polaiméir shaorga atá i gceist anseo, polai-eistir, polaprópailéin agus polai- eitiléin den chuid is mó. Seasann na hábhair seo an fuacht agus an fliuchras agus ní chailleann siad a neart faoi na cúinsí sin. Usáidtear brait de na hearraí fite seo go coitianta in Éirinn i ndéanamh bóthair, chun na sraitheanna den bhóthar a scaradh ón ngnáthithir ar na taobhanna, chun na sraitheanna éagsúla san déanamh céanna a choimeád scartha óna chéile agus chun éascaíocht a dhéanamh don dreanáil is gá. Is mar an gcéanna i leagan bunsraitheanna foirgneamh agus droichead, agus meastar go gcuirfidh na hábhair nua thógála seo go mór le ré na n- olloibreacha seo. [The Engineer's Journal, Mí na Samhna 1993] earra fite textile ithir soil polaiméar saorga artificial polymer polai-eistear polyester polaprópailéin polypropylene polai-eitiléin polyethylene Los Angeles - creathanna talún anois is arís ach toitcheo beagnach an t-am ar fad Tá a fhios againn go léir cé chomh bagartha agus atá Los Angeles le creathanna talún - agus an Ceann Mór fós le teacht. Ach le caoga bliain nó mar sin meastar go bhfuil an t-aer ann níos measa níos minicí ná an t-aer in áit ar bith eile i Meiriceá. Go mór mór ar laethanta te grianmhara bíonn an chathair agus an ceantar máguaird imchlúdaithe le toitcheo liath- donn a ghreannaíonn súile, a chuireann isteach go tubaisteach ar daoine le galair na scamhóg agus a dhéanann dochar de réir a chéile do scamhóga na n-óg agus na sean. Istigh sa toitcheo bíonn méid ar leith ózóin, mionpháirteagail éagsúla, aonocsaíd charbóin agus dé-ocsaíd nítrigine, agus is bagrach gach ceann acu siúd do shláinte an duine nuair a ionanálaítear iad isteach sna scamhóga. Tá tréaniarracht á dhéanamh ag na húdaráis le daichead bliain chun an toitcheo a thomhas, a thuiscint agus a laghdú. Tá caighdeáin dhochta leagtha síos chun tionscail a rialú agus chun astaíochtaí sceite gluaisteán a laghdú as cuimse. Ach mhéadaigh an daonra agus an trácht ar na bóithre faoi thrí thar an tréimhse sin. Agus ní féidir le Los Angeles éalú as a shuíomh tíreolaíoch i ngleann i measc sléibhte arda San Gabriel, San Bernardino agus Santa Ana ar imeall an aigéin. Dé bharr an tsuímh seo is minic a tharlaíonn inbhéartú san atmaisféar ina sáinníonn ciseal aeir theo aer níos fuaire gar don talamh ar feadh laethanta. Ansin ní féidir leis na hábhair thruaillithe scaipeadh as an ngleann agus is amhlaidh a thiubhaítear iad in aer na cathrach. Mar sin féin tá éirithe le hádaráis na cathrach laghdaithe a chur i gcrích thar fiche bliain ar an-chuid de na hábhair thruaillithe an-chuid den am i rith na bliana - ach tá éacht oibre le déanamh fós acu. [Scientific American, Deireadh Fómhair 1993] toitcheo smog greannaigh irritate scamhóg lung aonocsaíd charbóin carbon monoxide dé-ocsaíd nítrigine nitrogen dioxide astaíocht sceite exhaust emission inbhéartú inversion ábhar truaillithe pollutants Cá seasann Éire i léig na teileafón ? Tá 29.3 líne theileafóin in Éirinn le haghaidh gach 100 duine. Tá an méid seo níos lú na gach ball eile den Aontas Eorpach agus níos lú ná tíortha forbartha eile an domhain. Mar shampla ar barr na léige tá an tSualainn le 68.8 don 100 agus sna Stáit Aontaithe tá 51.6 agus sa Bhreatain 44.6. Díreach faoi bhun na hÉireann tá an Bhulgáir le 24.6 agus ansin an Laitvia le 24.1. Tá 10.0 ag an Rúis agus ag bun na léige tá an India le 0.6. [Electronics & Communication Engineering Journal, Deireadh Fómhair 1993] Abhair chumaisc fhorbartha, cad is teorainn leo ? Fiche nó tríocha bliain ó shin, ní raibh mórán measa ag an bpobal ar ábhair phlaisteacha. Ní raibh siad láidir, den chuid is mó, agus táirítí iad tar achar beag ama. Ach le cúig bhliain déag anuas tá athraithe ó bhonn ar éifeacht agus ar oiriúnacht na n-ábhar seo i gcomhair an-chuid fheidhmeanna coitianta agus deacra. Is é atá tar éis tarlú ná go bhfuil modhanna forbartha chun airíonna éagsúla na n-ábhar seo a fheabhsú trí ábhair eile a mheascadh leis an mbunábhar plaisteach. Go minic is chun ábhar cumaisc láidir a chruthú a dhéantar an meascadh agus is iad gloine nó carbón nó polaiméar saorga ar a dtugtar Kevlar na hábhair threisiúcháin is coitianta a úsáidtear. Tá na hábhair seo le fáil anois i bhfoirm snáithíní, cordaí trilseáin agus uigí. Tá gloine níos daoire ná carbón agus carbón níos daoire ná Kevlar, ach laghdaíonn a n-éifeachtaí treisiúcháin ó Kevlar trí charbón go dtí gloine. Tugtar an mhaitrís ar an mbunábhar plaisteach ina lonnaítear an t-ábhar treisiúcháin, rud is gá a dhéanamh nuair is leachtach an mhaitrís. Nuair a calctar an mhaitrís ansin bíonn airíonna an ábhar chumaisc éagsúil amach is amach ó airíonna an bhunábhair mhaitríse. Is féidir an t-ábhar treisiúchán a threoshuíomh ionas go neartaíonn sé an t-ábhar cumaisc níos mó i dtreo amháin ná i dtreo eile, más gá é sin. Is féidir méid an ábhar threisiúcháin nó faid na snáithíní a roghnú ionas go rialaítear airíonna áirithe, an neart teanntachta nó an neart fiartha nó an dlús mar shamplaí. Más casta cruth an struchtúir atá le déanamh as an ábhar cumaisc, is féidir luachanna éagsúla den airí chéanna a thabhairt don ábhar in ionaid ar leith san struchtúr, chun é a bheith oiriúnach do na riachtanais ag gach ionad den struchtúr, tríd an ábhar treisiúcháin a leagan amach go cuí ag gach páirt den srtuchtúr le linn a dhéanta. Tá Ionad Taighde um Abhair Chumaisc i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh a dhearann ábhair chumaisc agus struchtúir as na hábhair seo do chomhlachtaí ar fud an domhain - agus ní amháin as mhaitrísí plaisteacha ach as mhaitrísí miotalacha agus as mhaitrísí ceirmeacha chomh maith. [Léacht do An Roth, Deireadh Fomhair 1993] ábhar cumaisc composite material airí property snáithín fibre corda trilseáin braided cord uige fabric maitrís matrix neart teanntachta tensile strength neart fiartha shear strength dlús density maitrís cheirmeach ceramic matrix Ae saorga le bheith ar fáil in 1994 ? Is iomaí orgán den chorp daonna atá tar éis bheith sintéisithe ag na heolaithe thar an leathchéad bliain seo caite - an oiread sin agus gur féidir na trealaimh shaorga a úsáid in ionad na n-orgán nádúrtha ar bhonn sealadach ar a laghad. Ach leis na forbairtí uile sin níor éirigh leo feidhmeanna an ae a mhacasamhlú go dtí seo. Is fíorchasta iad feidhmeanna an ae, ó thaobh na ceimice de agus ó thaobh na bitheolaíochta de. Luíonn an t-orgán mór seo i gcuas an bhoilg faoi bhun na scairte agus bíonn sé i mbhun na ndualgais mheitibileachta seo a leanas an t-am ar fad: díthocsú na fola, stóráil siúicrí agus vitimíní, rialú cuid de na hormóin sa chorp agus déanamh einsímí. Ní mór cealla heipiteacha a úsáid chun na feidhmeanna seo a chur i gcrích agus is é an dul chun cinn atá déanta le déanaí ná gur féidir dóthain de na cealla seo, cealla heipiteacha mucaí nó beathuithe de chealla heipiteacha daonna, a choimeád beo agus feidhmeach taobh amuigh den chorp. Le déanaí fós táthar ag fáil amach conas na cealla seo a choimeád feistithe ar dhromchlaí ar féidir fuil an othair a shreabhadh tharstu chun go bhfeidhmeodh na cealla ar an bhfuil seo. Faoi seo tá dearthaí éagsúla d'aenna saorga á thástáil ar ainmhithe agus meastar go mbeidh siad á thástáil ar othair dhaonna a bhfuil a n-aenna féin ag teip le linn na bliana seo. [Scientific American, Nollaig 1993] ae saorga artificial liver meitibileacht metabolism díthocsú detoxification cill heipiteach hepatic (liver) cell beathú culture Taispeáin speictream infheicthe dod' chairde. Faigh báisín uisce agus scáthán lá grianmhar éigin. Cuir an báisín uisce ar bhord in áit taobh istigh den fhuinneog ar a bhfuil solas na gréine ag titim. Ansin cuir an scáthán faoin uisce ar thaobh an bháisín thall ón bhfuinneog. Bog uillinn an scátháin go dtí go mbeidh an speictream á thaispeáint ar an bhfalla. Léamh agus foghluim scálaí pianó - go héasca Ceann de na deacrachtaí i bhfoghluim an phianó is ea cuimhneamh ar na heochracha agus ar na scálaí agus na cordaí a bhaineann leo. Chomh maith leis sin tá an-chuid cumadóirí ceoil ann a d'fhoghluimigh ceol de réir na cluaise agus nach féidir leo ceol a léamh ná a gcuid cheoil féin a scríobh síos i gcliathnodaireacht. Anois tá gléas ar an mhargadh ar a dtugtar Mechanical Musicalc, a dearadh agus a déantar i nGaillimh, len ar féidir na fadhbanna seo a réiteach go simplí tapa. Is é atá sa ghléas seo ná bunphláta dronuilleógach agus fíoraí inghluaiste a shleamhnaíonn feadh fad an bhunphláta, cosúil le rialóir sleamhnáin. Scríofa ar an mbunphláta tá nótaí an phianó i gcliathnodaireacht, chomh maith le hainmneacha na nótaí agus líníocht de mhéarchlár an phianó. Tá fuinneoga sa bhfíoraí atá suite ionas go léiríonn siad ag ionad ar bith feadh an bhunphláta, eochair amháin, na nótaí a bhaineann leis an eochair sin agus na gléasanna comhfhreagracha ar an mhéarchlár. Nuair a ghluaistear an fíoraí léirítear na sonraí comhfhreagracha a bhaineann le heochair eile. Amach anseo beidh gléasanna den tsort céanna le fáil i gcomhair uirlisí eile ceoil - an fhliúit, an phíb, an cairdín, an consairtín, an-orgán béil agus eile - agus beidh siad ar fáil i bhfoirm leictreonach i gcruth áiritheora. [Sunday Times, 25 Iúil 1993] eochair clef scála scale corda chord cliathnodaireacht staff notation bunphláta base plate fíoraí template rialóir sleamhnáin slide rule áiritheoir calculator Seilidí agus péisteanna Déanann seilidí na milliúin punt damáiste gach bliain do ghlasraí agus do bharraí i ngáirdíní agus ar fheirmeacha. Go dtí seo is é an gnáthmhodh chun seilidí a mhilleadh ná piollairí seilide a scaipeadh ar an talamh mar a mbíonn siad. Ach bíonn na piollairí seo nimhneach do chréatúir eile agus fiú do pheataí baile. Tá taighdeoirí i Shasana tar éis réiteach nua glas a fháil d'fhadhb na seilidí - péist mhicreascópach. Seadán a mhaireann ar dhrom an tseilide is ea an phéist chruinn seo agus maireann sí ar baictéir a insteallann sí i gcorp an tseilide. Geibheann an seilide sin bás taobh istigh de deich lá. Soláthrófar na péisteanna seo i gcré agus níl le déanamh ach an chré seo a mheascadh le huisce agus an meascán a scaipeadh ar gháirdín nó ar pháirc. [Sunday Times, 25 Iúil 1993] seilide slug péist worm piollaire pellet seadán parasite baictéar bacterium Feidhmiú na hinchinne á iniúchadh le scanóirí nua, gan an craiceann a threá Is iontach an gléas an scanóir atá bunaithe ar athshondas maighnéadach núicléach chun íomhánna trasghearrthacha den chorp a sholáthar. Go bunúsach is amhlaidh a léiríonn an scanóir seo tiúchan na núicléas hidrigine (prótón) ag gach cuid den trasghearradh. De bhrí go n-athraíonn an tiúchan seo ó struchtúr agus ó fhíochán amháin go dtí struchtúr agus fíochán eile, léiríonn an íomhá leagan amach na bhfíochán sa trasghearradh. Is géar mion an íomhá a bhfaightear ón ngléas seo agus í fíoráisiúil i gcomhair diagnóise. Ach is an-chostasach an gléas, ar a laghad milliún punt don ghléas. Le déanaí táthar tar éis feabhsuithe a dhéanamh sa ghléas íomháithe seo ionas gur féidir athruithe áitiúla i bhfíochán de bharr a mheitibileachta nó a fheidhmithe a aithint sna híomhánna. Is féidir a aithint in íomhá den inchinn, mar shampla, na réimsí atá gníomhach ag am ar bith. Le tamall anuas is féidir fiú dul chun cinn stróic a iniúchadh, de bhrí go n-athraíon na cealla i réimse den inchinn le linn stróic, laghdaítear an tiúchan ocsaigine, atann na cealla le huisce agus cruthaítear ábhair nimhneacha roimh bhás na gceall. Tá taighdeoirí i Meiriceá freisin ag scrúdú na n-íomhánna chun a fháil amach na réimsí a bhíonn gníomhach nuair a bhíonn smaoineamh nó fiú focal ar aigne an duine. Tá seans go ndéanfaí amach anseo mapáil nua den inchinn chun na réimsí a bhaineann le hábhair agus le smaointe a aimsiú agus a léiriú. Is cumasach an t-íomháú nua seo chun feidhmithe uile na hinchinne a scrúdú agus a thástáil agus b'fhéidir a leigheas. [New York Times, 1 Meitheamh 1993] scanóir scanner athshondas maighnéach núicléach nuclear magnetic resonance inchinn brain stróc stroke Laghdú ar obráidí fréamhchanálacha á thuar Más rud é gur fhulaing tú an obráid chun fréamhchanáil a bhaint amach as fiachail díot, cuirfidh tú fáilte roimh an nuacht ó chomhlacht darb ainm Creative BioMolecules i Meiriceá. I bhfréamhchanáil shláintiúil, atá i gceartlár fiachaile agus fréamhacha na fiachaile, tá soláthar fola agus néaróga fíor- íogaire. Tugtar bia na fiachaile ar na struchtúir bhoga taobh istigh den bhfréamhchanáil. Mór-thimpeall na fréamhchanála sa bhfiachail tá ciseal cruaidh dhéidín agus taobh amuigh de sin tá an ciseal seachtrach chruain, atá níos cruaidhe fós ná an déidín. Nuair a lobhann an cruan de bharr ionsaí aigéid a chruthaíonn baictéir den chuid is mó ó siúcra, is gearr go lobhann an déidín freisin agus ionsaíonn an t-aigéad na néaróga sa bhia, rud is eol do chách mar thinneas fiachaile. Muna bhfuil an dochar don déidín iomarchach is féidir leis an bhfiachlóir an cruan millte a bhaint amach agus líonadh malgaim a insealbhú sa bhfiachail. Má tá bia na fiachaile millte agus easpa ghalraithe ró-mhór tar éis a fhás ag bun fréamh na fiachaile, níl aon leigheas ach an fhiachail a tharraingt amach. Ach muna bhfuil a leithéid de ghalrú ró-olc, is féidir leis an bhfiachlóir an bia sa fhréamhchanáil a dhruileáil amach, an fhréamhchanáil a líonadh le gumma peirc agus an poll os a cionn a líonadh le plaisteach agus os a chionn sin le malgam. Sin an obráid agus doicheal roimpi a fhulaingíonn na céadta míle duine sa tír seo gach bliain. Anois tá próitéin dhaonna déanta le bealaí nua bith- theicneolaíochta ag Creative Bio-Molecules ar a dtugtar OP-1, atá in ann an déidín a spreagadh chun athfhás go suntasach. In ionad na hobráide déistiní thuas, tá sé i gceist acu meascán de chollaigin - próitéin atá mar bhunábhar dhéidín agus chnáimhe - agus de OP-1 a chur os cionn an bhia nochtaithe agus clúdach de phlaisteach agus de mhalgam a chur air sin. Má éiríonn leis an smaoineamh seo beidh na milliúin ar fud an domhain ríméadach as. Faoi seo tá na milliúin dollar á infheistiú sa chomhlacht, rud a chuireann ríméad ar na daoine sa chomhlacht. [Scientific American, Mí na Samhna 1993] fréamhchanáil root canal néaróg nerve bia pulp déidín dentine cruan enamel easpa abscess galraigh infect gumma peirc gutta percha collaigin collagen Leictreonaic ard-chumhachta Le tríocha bliain nó mar sin tá gléasanna leathsheoltacha in úsáid chun sreabhadh luchta leictrigh, i.e. sruth leictreach, a stiúradh. I réimsí leathana na leictreonaice, i ríomhairí, i dteilifíseáin, i dtaifeadáin agus eile, is sruthanna beaga de mhicrea-aimpéir nó de mhillea-aimpéir agus leibhéil chumhachta sna vataí agus níos lú, a bhíonn á rialú chun gnónna ar leith a chur i gcrích. Gléasanna fíor-bheaga leathsheoltacha, dé-óidí, trasraitheoirí agus ciorcaid iomlánaithe, a úsáidtear chun an stiúradh seo a dhéanamh. Thar na blianta ba chúis bhróid do na hinnealtóirí leictreonacha agus ba chomhartha forbartha acu é go raibh méid na ngléasanna seo á ndéanamh níos micreascópaí an t-am ar fad. Ach le blianta anuas tá forbairt thábhachtach á dhéanamh sa treo eile ar na gléasanna seo. Tá na comhlachtaí soláthar an leictreachais mar shampla ag saothrú gléasanna leathsheoltacha ar a dtugtar tireastair nó coigeartóirí sileacain rialaithe chun sruthanna móra leictreacha a lascadh ann nó as. Déantar an fheidhm seo i líonra náisiúnta leictreach nuair a bhaintear stáisiún ginte amach as fheidhm, nuair a chuirtear stáisiún ar siúl nó nuair a theipeann aon chuid den líonra. Go dtí seo baineann na comhlachtaí seo úsáid as gnáthlascanna meicniúla, ach iad a bheith óllmhór. Nuair a dhéanann na lascanna seo tadhall chun sruth a lascann ann agus nuair a bhriseann siad an tadhall chun an sruth a lascadh as, tarlaíonn splancanna a ídíonn fuinneamh agus a dhéanann dochar de réir a chéile do na lascanna. Is éifeachtaí ar fad tireastar chun an fheidhm chéanna a dhéanamh, rud a chiallaíonn nach n-ídítear mórán fuinnimh le linn an lasctha sa tireastar. Tá tireastair ar fáil anois ar féidir sruth de na céadta aimpéar a lascadh go héifeachtach agus cumhacht níos mó ná céad cileavata a rialú leo. Tá sé d'aidhm ag comhlachtaí soláthair i Meiriceá tireastair a insealbhú i gceann bliana nó mar sin chun dhá chéad meigeavata a rialú. Má leanann an fhorbairt seo, meastar go mbeidh sé indéanta níos mó cumhachta a tharchur thar na líonraí atá ann faoi láthair. Is mór ar fad an caomhnú fuinnimh agus airgid a bheidh ann dá bharr sin. [Scientific American, Mí na Samhna 1993] gléas leathsheoltach semiconductor device trasraitheoir transistor tireastar tyristor coigeartóir sileacain rialaithe silicon controlled rectifier Athchúrsáil nua - buidéil phlaisteacha chuig geansaithe Tá próiseas nua curtha i gcrích chun na buidéil phlaisteacha i gcomhair líomanáide a ghearradh ina mionphíosaí, ceimiceáin a oibriú orthu siúd agus snáithíní polai-eistir a tháirgeadh uathu. Déantar na snáithíní seo a shníomh agus a chniotáil. Fiche buidéal a thógtar chun geansaí iomlán a tháirgeadh. Déantar ar a laghad milliún tona de na buidéil seo a dhumpáil in Éirinn gach bliain. Chomh maith le laghdú ar dumpáil meastar go gcaomhnóidh an próiseas nua athchúrsála seo an-chuid bhreosla-ola freisin. Geansaithe boga, eadroma a bhfaightear ón bpróiseas seo ach is iontach te iad agus fíoroiriúnach don duine a chaitheann a c(h)uid ama amuigh faoin aer. Meastar go mbeidh na praghasanna timpeall 10% níos mó ná praghasanna gnáth-gheansaithe, ach dar leis na déantóirí, ní chuirfidh sé sin isteach an iomarca ar na tomhaltóirí san saol glas seo. [Sunday Times, 24 Deireadh Fómhair 1993] athchúrsáil re-cycling snáithíní polai-eistir polyester fibres tomhaltóir consumer Ramhar, an ea ? Ramhar ? Cé atá ramhar ? Níor mhaith le duine ar bith go gcuirfí raimhre ina leith. Ach go dtí le déanaí ní raibh aon sainmhíniú cruinn eolaíoch ar an téarma sin "ramhar". Ba deacair dá réir d'aon bhalcaire breá beathaithe a shéanadh gu ramhar a abhí sé. Ní mar sin atá anois; tá deireadh leis an éiginnteacht, mar go bhfuil caighdeán na raimhre leagtha síos go hoifigiúil ag an lucht leighis i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is féidir duit féin a chinntiú anois gaoi dheireadh gur/nach duine ramhar tú. Mar seo a dhéanfaidh tú an cinneadh. Tomhas do mheáchan féin (i gcileagraim); ansin tomhas do airde féin (i méadair) agus cearnaigh é. Roinn an chéad fhigiúr ar an bhfigiúr cearnaithe, agus is ionann an freagra agus coimhéifeacht maise do choirp. Anois, má tá an freagra níos mó ná 30, is duine ramhar tú. Más lú é ná 30, ní duine ramhar tú, agus bíodh an diabhal ag an té a déarfadh a mhalairt. Cuirtear raimhre i leith 10% den phobal fásta sna Stáit Aontaithe, agus is cosúil gur céatadán den saghas céanna a bheadh i gceist ar an taobh seo den Aigéan Atlantach. Níl tuiscint iomlán fós ar an ngaol (más ann dó) atá idir raimhre agus easláinte choirp, ach ní annamh a fheictear galair chroí, mar shampla, ar dhaoine ramhra. Is dá bharr sin a mholtar don té atá ramhar é féin a thanú. Is é an modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile. Faoi láthair táthar ag lorg drugaí a laghdódh ar inchaiteacht bhia, ach bíonn míbhuntáistí ag baint le cuid acu. Seans gurbh fhearr do dhuine cloí leis an sean-leigheas tíre ar raimhre, is é sin Feamainn Bhoilgíneach a bhailiú, a ghlanadh agus a thriomú, agus "tae feamainne" a dhéanamh ansin le uisce beirithe. Tá an nós sin imithe i léig in Éirinn, ach bíonn sé á chleachtadh fós ag daoine críonna i dtíortha an Oirthir. Nuacht ar leabhar Matamaitic Fheidhmeach, Cúrsa na hArdteistiméireachta, le Dr. Matt Hussey (An Gúm). Seo téacsleabhar nua as Gaeilge atá dírithe ar chúrsa na hardteistiméieachta sa Mhatamaitic Fheidhmeach agus atá foilsithe ag an Gúm. Bunleabhar Gaeilge atá ann