An t-Eolaí Uimhir 10 ISSN 0791-6663 GEIMHREADH 1993 =================================================================== ================================================================== Bhí lámh ag Proinsias Piogóid, Seosamh O Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo. =================================================================== ================================================================== Barrachóid chun aicídí i mbeithígh a throid San Ollainn tá sé dlite cluaisín le barrachód ar leith a ghreamú le cluas gach lao díreach tar éis a bheirthe agus an cluaisín agus an barrachód sin a fhágaint ar an mbeithíoch lena shaol. Is féidir an barrachód a léamh le huirlis iniompartha atá i bhfad níos lú ná an ionstruim léite san ollmhargadh. Tá sé i gceist ag na húdaráis san Ollainn eolas ar ionad gach ainmhí a choimeád i ríomhaire lárnach i rith saol an ainmhí. Ní mór don fheirmeoir uimhir, dáta beirthe agus ionad an ainmhí a tharchur go dtí an ríomhaire lena theileafón, aon uair a aistrítear é. Is féidir le hoifigigh ón Roinn Talmhaíochta aon bheithíoch a sheiceáil am ar bith ach amháin an barrachód a léamh. Má bhfaigheann beithíoch aicíd éigin, is féidir leis an ríomhaire a rá ar an bpointe, cá raibh an t-ainmhí i rith a shaoil agus cérbh iad na beithígh eile a bhí i dteagmháil leis. Meastar gur mór an chabhair an t-eolas beacht seo aicídí tógálacha a theorannú amac= h anseo. An gcabhródh a leithéid de sheift an eitinn bhuaibheach a chloí sa tír seo ? [Sunday Times, 5 Meán Fómhair 1993] barrachód bar code aicíd thógálach infectious disease eitinn bhuaibheach bovine tuberculosis Cillroinnt sa chorp, conas a cuirtear tús léi De réir a chéile tá na bealaí ina dtosaíonn na cealla sa chorp ar roinnt á shoiléiriú. Tá an roinnt féin agus na céimeanna a bhaineann léi seo ar eolas le blianta ach níorbh eol go dtí le déanaí cad a comharthaíonn do chill ar bith sa chorp gur chóir di roinnt. Meastar go gcabhróidh an tuiscint nua seo le tosú agus fás ailsí a mhíniú sna blianta atá romhainn. De réir dealraimh, agus i gcineálacha chomh héagsúil le giostaí, péisteanna, cuileanna agus daoine, tá páirt bhunúsach s= a phróiseas, ag próitéin ar a dtugtar an rasphróitéin, a chruthaíonn géin ar a dtugtar an rasghéin. Próiseas bicheimiceach easa atá ann ina bhfuil sraith d'imoibrithe móilíneacha a thosaíonn nuair a spreagann comhdhúil sa bhfuil próitéin ar dhromchla na cille agus a chríochnaíonn le roinnt na cille ina dhá chill nua. An rasphróiseas a tugtar ar an bpróiseas casta seo. Meastar go mbíonn máchail éigin sa rasghéin agus sa rasphróitéin mar bhun le trian de na hailsí uile agus le suas le 90% d'ailsí sa bhriseán agus sa drólann. Mar sin is oncaighéin an rasghéin. Is próiseas easa é de bhrí go bhfeidhmíonn sé mar a leanas: spreagann hormón fáis san bhfuil próitéin ghlacadóra ar an gcillscannán; ansin greamaíonn próitéin eile, an einsím SOS ó citeaplasma na cille, le ceann na próitéine glacadóra taobh istigh den chill; imoibríonn an einsím SOS leis an rasphróitéin a bhíonn lonnaithe ar thaobh istigh an chillscannáin; ansin ligeann an rasphróitéin móilín beag ar a dtugtar GDP, saor agus faigheann greim ar mhóilín eile ón cíteaplasma, an móilín GTP, atá i bhfad níos gníomhaí ná an GDP; imoibríonn an rasphróitéin ghníomhaithe le heinsím fhíor- ghníomhach, cinéáis; imoibríonn an chinéáis seo le cinéáis eile agus mar sin de go dt= í go bhfeidhmíonn cinéáis dheiridh ar an DNA sa núicléas chun a dhúbailt a thosú. Is saghas líne tarchurtha é an rasphróiseas easa seo a chuireann tús le chillroinnt. Meastar gur féidir le ceimiceáin nó le tosca fisiciúla eile cur isteach ar an bpróiseas ag nód ar bith den eas agus gurbh fhéidir córacha leighis don ailse a aimsiú ón tuiscint nua seo. [New York Times, 29 Meitheamh 1993] cillroinnt cell division cineál species giosta yeast cuil fly próiseas easa cascade process briseán pancreas drólann colon oncaighéin oncogene cinéáis kinase hormón fáis growth hormone einsím enzyme cillscannán cell membrane cíteaplasma cytoplasm Cad ba bhun leis na tuillte in Meiriceá le linn Samhradh 1993 ? Mar is eol do chách bhí tuillte tubaisteacha in abhantrach uachtarach na habhann Mississippi i lár Mheiriceá an Samhradh seo caite. Báisteach throm leanúnach thar na míosa ba phríomhchúis leis na tuillte seo gan aon amhras. Ach tá na saineolaithe ag athbhreithniú go práinneach ar a dtuiscint ar na cúiseanna fadtéarmacha eile. Go mór mhór tá siad ag cur sa mheá teip na múrtha cosanta a tógadh le céad bliain nó mar sin feadh na habhann. Tá sé de nós ag Meiriceánaigh cur fúthu cois abhann, le fírinne cois ghnáthchainéal na habhann. Ach tá tuilphlána ag baint le gach abhainn atá i bhfad níos leithne ná an gnáthchainéal. Feidhmíonn an tuilphlána seo mar thaiscumar sealadach don tuiluisce ionas nach n-éiríonn an abhainn ró-ard thíos an abhainn. Ach i Meiriceá mar shampla, tá suas le 54% de na tuilphlánaí draenálta agus aistrithe ina bhfeirmeacha. Mar chúiteamh air sin tá múrtha cosanta tógtha feadh na n-aibhneacha móra. Ach mar thoradh air seo nuair a tharlaíonn tuile, ritheann i bhfad níos mó uisce ná mar is féidir a láimhseáil sa ghnáthchainéal agus éiríonn sé an-ard ann. Mar sin is léir gur mór an dóchúlacht go dtarlóidh tuillte tubaisteacha sna haibhneacha seo anois is arís. Tá na hinnealtóirí ag athsmaoineamh ar a riarachán ar na haibhneacha agus ag teacht chun na tuisceana gur gá na tailte fliucha a chaomhnú i bhfad níos dúthrachtaí ná mar a tharla go dtí seo chun tubaistí cosúil lena tharla i mbliana a sheachaint amach anseo. [New York Times, 20 Iúil 1993] múr cosanta levee tuilphlána flood plane Cén fáth go bhfuil glasraí chomh maith duit ? Le blianta tá na bia-eolaithe ag cur béime ar cé chomh maith agus atá glasraí don duine. Is léir le fada gur lú go mór an oiread ailsí a bhfaigheann daoine a itheann a lán glasraí ná daoine a itheann a lán feola. Ceapadh gurbh iad na vitimíní agus na snáithíní sna glasraí, ba mó ba bhun leis an maitheas seo. Ach le déanaí tá na ceimiceoirí ag aimsiú an-chuid cheimiceán eile nach bhfuil, ceaptar, aon ról cothaithe acu ach a bhfuil cumas acu bac a chur le hailse ag céimeanna éagsúla dá fás. Fuarthas ceimiceán ar a dtugtar geinistéin i mún Seapánach a itheann a lán glasraí agus pónairí soighe agus cuireann geinistéin bac le fás fuileadán nua, céim shuntasach i bhfás ailse. I nglasraí tá a lán ceimiceán frithoscaídeacha a fheidhmíonn i gcoinne saorfhréamhaithe, cúis damáiste go minic don DNA i gcealla an choirp agus uaidh sin cúis ailse. Tá a lán einsímí i nglasraí freisin a fheidhmíonn chun cúiseann éagsúla ailse a chur ar neamhní sa chorp. Leanfar leis a taighde ar na glasraí go léir, gan dabht léireofar buntáistí eile agus leagfar níos mó béime amach anseo ar fheabhas na nglasraí do shláinte an pháiste agus an duine fhásta. [New York Times, 13 Aibreán 1993] snáithín fibre ailse cancer pónaire soighe soya bean fuileadán blood vessel frithoscaídeach anti-oxidant saorfhréamhaí free radical Polaiméar soilseach Ní fios cén teorainn a bheidh leis na hiontais a bhfaightear in ábhair phlaisteacha. O bhliain go bliain faightear poiliméir le hairíonna nua nach raibh coinne ar bith leo. Mar shampla d'fhionn taighdeoirí i gCambridge Shasana sa bhliain 1989 gur astaigh ciseal tanaí pholaifeiniléinviniléine (PVV) solas infheicthe bhí-ghlas nuair a cuireadh difríocht poitéinsil de cúpla volta trasna air. Leictreasoilseacht a thugtar ar an bhfeiniméan seo. Faoi seo táthar tar éis an bunábhar seo a mhionathrú ar bhealaí áirithe chun solas d'aon dath eile a tháirgeadh. Táthar ag smaoineamh gur féidir aon tsaghas léirithe nó íomhá leictreonaí a chruthú leis an ábhar nua seo ar chostas= i bhfad níos lú ná an gnáthléiriú gachatóideach nó ná an léir= iú leachtchriostalta. Agus is féidir an léiriú nua a dhéanamh deich uair níos gile ná léiriú an teilifíseáin. Níl le déanamh ach an polaiméar a leathadh ar dromchla cosúil le péint, roimh é a bhácáladh ag timpeall 200=F8C. Mar si= n is féidir é a chur ar aon dromchla cuartha, mar shampla. Ach tá saolré an ábhair seo le haimsiú fós agus conas a fheidhmíonn sé faoi choinníolacha naimhdeacha. B'fhéidir gur leis na hábhair shaora eadroma seo a dhéanfar na teilifíseáin iniompartha atá á thuar le blianta. [Scientific American, Bealtaine 1993] astaigh emit leictreasoilseacht electroluminescence léiriú display gachatóideach cathode ray saolré lifetime An gluaisteán alúmanain chugainn Léirigh Muintir Audi gluaisteán ina bhfuil gach cuid mhiotalach déanta as alúmanam i bhFómhar na bliana seo. Tá a mheáchan timpeall 35% níos lú ná an gnáthghluaisteán déanta de= n chuid is mó as cruach agus meastar go laghdófar an t-ídiú breosla faoi timpeall 25%. Is costasaí ar fad an bunsoláthar alúmanaim ná mar a bheadh cruach ach is féidir an t-alúmanam a athchúrsáil go héasca, rud a laghdaíonn a chostas sa bhfadtéarma. Ní hé seo an chéad iarracht chun gluaisteán éifeachtach alúmanaim a thógáil ach is é an chéad ceann atá á chur ar an mhargadh. [Sunday Times, 29 Lúnasa 1993] cruach steel breosla fuel athchúrsáil recycle Bearta nua chun an nádúr a chaomhnú in Éirinn Is uafásach an díothú plandaí, éanlaithe agus ainmhithe atá ar siúl ar fud an domhain, trí leathnú daoine agus trí úsáid cheimiceán agus teicnící nua-aoiseacha feirmeoireachta. Glactar go forleathan gur uafásach an chailliúint seo don chine daonna de bhrí gurbh iontach an fhoinse chógas leighis, bhianna agus cheimiceán áisiúla na beathaí fiáine sin. Mar sin táthar ag iarraidh bithéagsúlacht a chaomhnú ar fud an domhain agus is práinneach go ndéanfaí a leithéid in Éirinn an oiread agus is féidir. Is beag an t-achar d'Éirinn atá ina fhásach agus ina bhfuil éiceachórais nádúrtha. Níl ach cúig Pháirc Náisiúnta sa tír= - i gCill Airne, i nGleann Beithe (Glenveagh) i gContae Thír Chonaill, i gConamara, sa Bhoireann agus i sléibhte Chill Mhantáin - atá faoi chúram agus faoi chosaint Bhord na nOibreacha Poiblí. Tá beagnach gach ceantar fhásaigh eile san earnáil phríobháideach agus iad soghonta ag draenáil, ag foraoisiú nó dífhoraoisiú agus ag forbairtí eile. Chun ceantair mar sin a chosaint chomharthaigh an Foras Forbartha (nach maireann a thuilleadh) i 1981 suas le míle ceantar ar fud na tíre, agus suas le 7% den tír, mar Ionaid Inspéise Eolaíochta - coillte, locha, inbhir, carraig-chairn fharraige, dumhacha agus portaigh ina measc. Ach le himeacht aimsire, agus go mór mór nuair a moladh aerphort a thógáil ar Phortach Chloch na Rón gar don gCloichín i gConamara sa bhliain 1989, léiríodh nach raibh aon stádas ar leith dlíthiúl ag na hIonaid Inspéise Eolaíochta agus mar sin nárbh aon chosaint dóibh a bheith comharthaithe mar ASI. Mar fhreagra ar an drochchor seo tá Bord na nOibreacha Poiblí díreach chun na hIonaid Inspéise Eolaíochta a iniúchadh arís agus iad a chomharthú mar Ceantair Oidhreachta Nádúrtha, le stádas dlíthiúil. Tabharfar an scéala go soiléir do na húinéir= í agus beidh deontais ar fáil chun na ceantair seo a riaradh ar bhonn leochailleach glas. Tá seans go gcuirfidh na bearta seo le caomhnú na bithéagsúlachta in Éirinn ach braithfidh sé seo ar ce= / chomh tarraingteach agus a bheidh na deontais i gcomparáid le dálaí trádálacha. [Technology Ireland, Aibreán 1993] cógas leighis medicine bithéagsúlacht biodiversity fásach wilderness éiceachóras ecosystem Ionad Inspéise Eolaíochta Area of Scientific Interest carraig-charn farraige sea stack dumhach sand dune Ceantar Oidhreachta Nádúrtha National Heritage Area An nuacht is déanaí faoin chiseal ózóin Mar is eol do léitheoirí An t-Eolaí, tá an ciseal frithultraivialait ózón thuas san atmaisféar á laghdú le deich mbliain nó mar sin ag ionsaí ceimiceán ar leith truaillithe. Is iad na clórafluaireacharbóin (CFC) is measa i laghdú an ózóin.= Anois tá eolaithe i Meiriceá tar éis a fháil amach go bhfuil an méadú de na ceimiceáin seo san atmaisféar ag laghdú ionas go measann siad nach mbeidh siad ag méadú a thuilleadh faoi dheireadh an chéid. Measann siad freisin go mbeidh an ciseal ózóin in ann teach ar ais ina dhiaidh sin bíodh is go leanfaidh an teach ar ais ar feadh suas le céad bliain. Ní hionann seo agus sábháilt iomlán an chisil ózóin in aon chor ach ciallaíonn sé go bhfuil na bearta atá i réim ag rialtais agus tionscail ag dul i bhfeidhm ar an bhfadhb. Ciallaíonn sé freisin gur gá na bearta céanna a leanúint agus a leathnú chun an ciseal ózóin a thabhairt ar ais go críochnaithe. [Irish Times, 27 Lúnasa 1993] ciseal ózóin ozone layer ceimiceán chemical truailligh pollute Léamh agus foghluim scálaí pianó - go héasca Ceann de na deacrachtaí i bhfoghluim an phianó is ea cuimhneamh ar na heochracha agus ar na scálaí agus na cordaí a bhaineann leo. Chomh maith leis sin tá an-chuid cumadóirí ceoil ann a d'fhoghluimigh ceol de réir na cluaise agus nach féidir leo ceol a léamh ná a gcuid cheoil féin a scríobh síos i gcliathnodaireacht. Anois tá gléas ar an mhargadh ar a dtugtar Mechanical Musicalc, a dearadh agus a déantar i nGaillimh, len ar féidir na fadhbanna seo a réiteach go simplí tapa. Is é atá sa ghléas seo ná bunphláta dronuilleógach agus fíoraí inghluaiste = a shleamhnaíonn feadh fad an bhunphláta, cosúil le rialóir sleamhnáin. Scríofa ar an mbunphláta tá nótaí an phianó i gcliathnodaireacht, chomh maith le hainmneacha na nótaí agus líníocht de mhéarchlár an phianó. Tá fuinneoga sa bhfíoraí at= á suite ionas go léiríonn siad ag ionad ar bith feadh an bhunphláta, eochair amháin, na nótaí a bhaineann leis an eochair sin agus na gléasanna comhfhreagracha ar an mhéarchlár. Nuair a ghluaistear an fíoraí léirítear na sonraí comhfhreagracha a bhaineann le heochair eile. Amach anseo beidh gléasanna den tsort céanna le fáil i gcomhair uirlisí eile ceoil - an fhliúit, an phíb, an cairdín, an consairtín, an-orgán béil agus eile - agus beidh siad ar fáil i bhfoirm leictreonach i gcruth áiritheora. [Sunday Times, 25 Iúil 1993] eochair clef scála scale corda chord cliathnodaireacht staff notation bunphláta base plate fíoraí template rialóir sleamhnáin slide rule áiritheoir calculator Líonraí néarógacha Saghasanna nua cláracha ríomhaire is ea líonraí néarógacha. Tugtar an t-ainm seo orthu de bhrí go bhfuil sé de thréith sna cláracha seo foghluim óna tharlaíonn nuair a fheidhmíonn siad. Déanann an clár cinneadh ó am go chéile de réir táblaí léige = de dóchúlachtaí, atá scríofa sa chlár nó a ríomhtar ó bhunachar sonraí a sholáthraítear don chlár. Ach glacann clár mar seo sonraí isteach an t-am ar fad mar gheall ar thorthaí a fheidhmiúcháin féin agus ar an mbealach seo leathnaíonn a bhunachar sonraí i gcónaí. De réir mar a mhéadaíonn an bunachar sonraí athraíonn meastachán an ríomhaire ar an dóchúlacht go dtarlóidh rud amháin nó rud eile de bharr a fheidhmiúcháin. Uaidh sin athraíonn an clár é féin go huathoibríoch, rud éigin cosúil le modh oibre na hinchinne daonna. Is intleachtúla na cláracha ríomhaire seo ná cláracha den seandéanamh agus tá fás ar siúl faoi seo in úsáid na líonraí néarógacha ag gníomhairí taistil, ag bainc, ag cumainn thógála agus ag a lán eile. Níl dabht ag go leanfaidh an fás amach anseo. [Sunday Times, 20 Meitheamh 1993] líonra néarógach neural network dóchúlacht probability bunachar sonraí data base uathoibríoch automatic Géin-ghunna ? Is é atá i gceist in innealtóireacht ghéiniteach ná géin nó géinte orgánaigh a athrú nó géinte nua a insealbhú i núicléas= an orgánaigh chun tréithe nua a bhronnadh ar an orgánach sin. Tá teicnící éagsúla ann chun na feidhmeanna seo a chur i gcrích chu= n barraí a mhéadú agus a chosaint i gcoinne plánna agus aicídí, agus chun ainmhithe a fheabhsú freisin. Is casta na teicnící atá in úsáid agus ina bhformhór, baintear feidhm as víris chun na géinte nua a thabhairt isteach sna bunchealla. Ach anois tá géin-ghunna ann lena dteilgtear sféir mhicreascópacha óir atá clúdaithe le DNA - na piléir - isteach i gcealla an orgánaigh. Taobh istigh de núicléis na gceall, feidhmíonn an DNA nua seo chun na cealla a riaradh ar bhealach nua. I bprionsabal is féidir na piléir a dhíriú ar cealla ar leith agus mar sin tá súil in airde go mbeidh an gléas seo áisiúil chun aicídí géiniteacha a chóireáil. Meastar go mbeidh sé ar cumas dochtúirí othair dhaonna le haicídí cosúil l= e haicíd Parkinson, AIDS agus fiú ailse, a chóireáil leis an ngéin= - ghunna seo roimh deireadh an chéid seo. [Sunday Times, 20 Meitheamh 1993] innealtóireacht ghéiniteach genetic engineering géin gene ailse cancer Eabhar saorga á shaothrú i gcomhair gléasanna pianó Déantar gléasanna bána an phianó a chlúdach le snaschraiceann eabhair le fada an lá. Ach le blianta anuas, trí bhíthin na n-iarrachtaí atá á dhéanamh chun bac a chur ar dhíot= hú na n-eilifintí, tá soláthar an eabhair ag dul i laghad. I Meiriceá mar shampla tá sé mídhleathach an t-eabhar a allmhairiú ó 1989 anonn. Mar sin táthar ag iarraidh plaistigh a shaothrú chun an fheidhm seo a chomhlíonadh. Ach ní thaitíonn plaisteach mín le pianadóirí de bhrí go bhfuil sé ró-shleamhain agus go mothaíonn sé ró-fhionnuar. Tá na taighdeoirí tar éis gnéithe dromchla eabhair a iniúchadh féachaint an féidir na gnéithe céanna a mhonarú isteach in ábhair pholaiméaracha. Fuarthas dhá shaintréith i ndromchla an eabhair, mar atá, piocháin ina sraitheanna rialta isteach sa dromchla agus gairbhe le cnoic agus loig randamacha ar an dromchla. Meastar go gcuireann an gairbhe seo bac le sleamhnú na méire ar an eabhar agus go súnn na piocáin allas agus ola ón mhéar, rud a laghdaíon= n sleamhaine agus fionnuaire an dromchla. De bharr na dtorthaí seo, d'éirigh le hinnealtóirí in ollscoil Rensselaer i stát Nua Eabhrac, ábhar polaiméarach a dhéanamh, ar mheascán de pholai-éastar leachtach, de phúdar de thiotáiniam bán agus de phúdar de gliocól polai-eitiléine é.= Nuair a chruaíonn an meascán trí pholaiméarú an polai-éastar, maothaítear in uisce é, rud a níonn an gliocól polai-eitiléine chun siúil. Fágann an próiseas seo ábhar bán piochánach, cosúi= l le heabhar. Chun an dromchla a dhéanamh garbh go leor, déantar múnla de dhromchla eabhair agus poliméaraítear an meascán i dteagmháil leis an mhúnla seo. Tá pianadóirí clúiteacha de shaghas Mischa Dichter tar éis an t-eabhar saorga seo a thástáil agus níor mothaigh sé aon deifir idir an t-ábhar saorga agus an fíorábhar. Meastar mar sin ní hamháin go mbeidh na pianadóirí sásta amach anseo ach go gcuirfidh an t-ábhar nua seo bac beag le díothú na n-eilifintí chomh maith. [New York Times, 25 Bealtaine 1993] eabhar ivory gléas key snaschraiceann veneer díothú extermination piochán pore polai-éastar polyester gliocól polai-eitiléine polyethylene glycol múnla cast polaiméaraigh polymerize Seilidí agus péisteanna Déanann seilidí na milliúin punt damáiste gach bliain do ghlasraí agus do bharraí i ngáirdíní agus ar fheirmeacha. Go dti= / seo is é an gnáthmhodh chun seilidí a mhilleadh ná piollairí seilide a scaipeadh ar an talamh mar a mbíonn siad. Ach bíonn na piollairí seo nimhneach do chréatúir eile agus fiú do pheataí baile. Tá taighdeoirí i Shasana tar éis réiteach nua glas a fháil d'fhadhb na seilidí - péist mhicreascópach. Seadán a mhaireann ar dhrom an tseilide is ea an phéist chruinn seo agus maireann sí ar baictéir a insteallann sí i gcorp an tseilide. Geibheann an seilide sin bás taobh istigh de deich lá. Soláthrófar na péisteanna seo i gcré agus níl le déanamh ach an chré seo a mheascadh le huisce agus an meascán a scaipeadh ar gháirdín nó ar pháirc. [Sunday Times, 25 Iúil 1993] seilide slug péist worm piollaire pellet seadán parasite baictéar bacterium Feidhmiú na hinchinne á iniúchadh le scanóirí nua, gan threá tr= íd an chraiceann Is iontach an gléas an scanóir atá bunaithe ar athshondas maighnéadach núicléach chun íomhánna trasghearrthacha den chorp = a sholáthar. Go bunúsach is amhlaidh a léiríonn an scanóir seo tiúchan na núicléas hidrigine (prótón) ag gach cuid den trasghearradh. De bhrí go n-athraíonn an tiúchan seo ó struchtúr agus ó fhíochán amháin go dtí struchtúr agus fíochán eile, léiríonn an íomhá leagan amach na bhfíochán sa trasghearradh. I= s géar mion an íomhá a bhfaightear ón ngléas seo agus í fíoráis= iúil i gcomhair diagnóise. Ach is an-chostasach an gléas, ar a laghad milliún punt don ghléas. Le déanaí táthar tar éis feabhsuithe a dhéanamh sa ghléas íomháithe seo ionas gur féidir athruithe áitiúla i bhfíochán d= e bharr a mheiteabalachta nó a fheidhmithe a aithint sna híomhánna.= Is féidir a aithint in íomhá den inchinn, mar shampla, na réimsí atá gníomhach ag am ar bith. Le tamall anuas is féidir fiú dul chun cinn stróic a iniúchadh, de bhrí go n-athraíon na cealla i réimse den inchinn le linn stróic, laghdaítear an tiúchan ocsaigine, atann na cealla le huisce agus cruthaítear ábhair nimhneacha roimh bhás na gceall. Tá taighdeoirí i Meiriceá freisin ag scrúdú na n-íomhánna chun a fháil amach na réimsí a bhíonn gníomhach nuair a bhíonn smaoineamh nó fiú focal ar aigne an duine. Tá seans go ndéanfaí amach anseo mapáil nua den inchinn chun na réimsí a bhaineann le hábhair agus le smaointe a aimsiú agus a léiriú. Is cumasach an t-íomháú nua seo chun feidhmithe uile na hinchinne a scrúdú agus a thástáil agus b'fhéidir a leigheas. [New York Times, 1 Meitheamh 1993] scanóir scanner athshondas maighnéach núicléach nuclear magnetic resonance meiteabalacht metabolism inchinn brain stróc stroke Breathnadóir Mharsa i ngábh Lainseáladh an spásárthach ar a dtugtar Breathnadóir Mharsa i Meán Fomhair na bliana seo caite ag Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis (NASA) na Stát Aontaithe chun an pláinéad dearg a iniúchadh níos géire agus níos mine ná riamh roimhe seo. Na pictiúir is fearr atá ar fáil de Mhars, tógadh iad ag an dá spásárthach Viking a lainseáladh i 1976 agus 1977.= Thuirling na soithí seo ar Mhars ach cailleadh aon teagmháil leo go luath tar éis sin. Chosain an spásárthach nua seo beagnach billiún dollar agus tá gléasanna air chun atmaisféar Mharsa a thaifeach, chun domhantarraingt Mharsa a thomhas go mion, chun imlíne a dhromchla a aimsiú, chun grianghraif a ghlacadh den dromchla a bheidh chomh géar sin gurbh fhéidir rudaí 3 mhéadar trasna a fheiceáil orthu, agus chun na sonraí uile seo a chraobhscaoileadh ar ais ar domhan. Tá sé i gceist an dromchla a iniúchadh chun na spásárthaigh Viking a aimsiú arís, féachaint an féidir a gcailliúint siúd a mhíniú. Chomh maith leis sin tá súil in aird= e ionaid chuí thuirlingthe a aimsiú i gcomhair spásárthaigh le daoine ar bord, rud atá á chinneadh ag NASA do dheireadh an chéid seo nuair atá sé i gceist go seolfaidh siad taiscealaithe chuig Mhars. I Lúnasa na bliana seo bhí sé in am innill an spásárthaigh a fhuinnmhiú chun é a dhíriú ar chonair a thógfadh isteach é ar fhithis timpeall an phláinéid. Ach ar mhí-ádh an tsaoil, cailleadh teagmháil raidió leis agus níor ceartaíodh a chúrsa.= Leanfaidh an spásárthach thar Mhars agus caillfear go deo é. Mar sin, bhí cáinteoirí NASA faoi lánseol agus iad ag rá rudaí cosúil lena dúradar nuair a theip spásteileascóp Hubble i 1990. Chosain an t-árthach sin os cionn trí bhilliún dollar agus dúirt a gcáinteoirí ag an am sin gurbh saoire gnáth-theileascóp = a lonnú ar bharr carn céad ciliméadar ard de nótaí caoga dollar ! [USA Today, 24 Lughnasa 1993] Breathnadóir Mharsa Mars Observer gábh crisis spásárthach spacecraft domhantarraingt gravity taiscealaí explorer fithis orbit Nuacht ar leabhar Diolaim Luibheanna le Nicholas Williams