An t-Eolaí Uimhir 8 ISSN 0791-6663 FÓMHAR 1993 ----------------------------------------------------------------------- Glór na ndíneasár ? Níl aon taifead ar fhuaimeanna na ndíneasár, ní nach ionadh, ach tá fuaimeolaí Seapánach tar éis meastachán a dhéanamh ar na fuaimeanna seo óna staidéar ar mhéid agus cruth na gcuas i gcinn iontaisithe díneasár. Níorbh mhór dó meastachán a dhéanamh ar na téada gutha agus ar dháileadh an fhíocháin bhoig sna cuasa céanna roimh na fuaimeanna a chumadh i gceart. Nuair a rinne sé an beart céanna i gcás an-chuid ainmhithe coitianta, d'éirigh leis fuaimeanna a bhí an-chosúil le fíorfhuaimeanna na n-ainmhithe sin a chumadh. Is cuma cad é tuairim Steven Spielberg, mar atá léirithe sa scannán Jurassic Park, ní búir fhíochmhar a bhí ag tyrannosaurus rex ach fuaim níos cosúla le geonaíl an bhoilg tar éis bia mífholláin a ithe ! [New Scientist, 11 Meán Fómhair 1993] taifead recording díneasár dinosaur fuaimeolaí acoustician iontaisi the fossilized téada gutha vocal chords búir roar geonaíl rumble ----------------------------------------------------------------------- Bróga reatha nua na seacht léig Tá bróga reatha nua á tháirgeadh ag eolaithe Meiriceánacha lenar féidir, deirtear, curiarracht ama don mhíle a laghdú faoi shé soicind nó mar sin. Feidhmíonn mórchuid na mbróg reatha atá in úsáid i láthair na huaire mar adhartáin, rud a shúnn fuinneamh ó na cosa. Ach i gcás na n-ainmhithe is lúfaire agus i gcás an duine a ritheann níos tapúla ar thalamh bhog agus é cosnocht ná mar a dhéanfadh agus é ag caitheamh gnáthbhróg reatha, is mór an chabhair na seireacha sna cosa a stóráileann fuinneamh nuair a leagann an reathaí a chos ar an talamh agus a thugann ar ais an fuinneamh céanna chun an reathaí a bhrú ar aghaidh gach coiscéim. Sa bhróg nua seo tá tiús éigin d'ábhar lingeánach ag tús agus ag deireadh an bhoinn, agus feidhmíonn na codanna seo díreach mar a dhéanann na seireacha. Baineadh triall as lingeáin chruach chun an fheidhm seo a dhéanamh ach bhí sé seo ró-throm. Faoi dheireadh is ábhair éadroma chumaisc bunaithe ar shnáithíní carbóin atá á chur iontu anois. Amach anseo tá sé i gceist go mbeadh na bróga nua seo comhoiriúnaithe do mheáchan an reathaí chun an bunta /iste a fheabhsú - ach beidh siad níos costasaí faoin a trí na gnáthbhróga reatha. Ní fheadar an bróga den saghas seo a bhíonn á gcaitheamh ag na banreathaithe Síneacha ! [Sunday Times, 5 Meán Fómhair 1993] adhartán cushion bonn sole seir Achilles tendon fuinneamh energy snáithíní carbóin carbon fibres ----------------------------------------------------------------------- Éagothroime agus laghdú i staidéar na n-eolaíochtaí in Éirinn Is iad seo a leanas na ceatadáin a rinne na scrúduithe Ard Teiste sna príomh-eolaíochtaí i 1984/85 agus 1990/91. Blianta Fisic Ceimic Bitheolaíocht 1984/85 Buachaillí 33.8 26.5 36.5 Cailíní 8.7 15.8 64.6 1990/91 Buachaillí 30.7 17.6 33.6 Cailíní 10.0 12.3 59.5 Tá éagothroimí an-shuntasacha ann idir bhuachaillí agus chailíní i ngach ábhar agus tá na catadáin go léir ag laghdú ach amháin i gcás na gcailíní sa bhfisic. Is léir go bhfuil an- dhúshlán agus an-dhualgas ar lucht eolaíochta - múinteoirí, lucht an tríú leibhéil, tionsclóirí, Roinn Oideachais - chun feabhas a chur ar an bpictiúir seo. Cad a cheapann tú a ba chóir a dhéanamh ? Scríobh chugainn agus beidh éarlais leabhar le bronnadh ar na moltaí is fearr. [Physics World, Lughnasa 1993] ----------------------------------------------------------------------- An fiú cannaí alúmanaim a athchúrsáil ? Dá ndéanfaí gach canna alúmanaim i gcomhair líomanáide agus a gaolta, i Meiriceá, a athchúrsáil, meastar go sábháilfí an oiread leictreachais agus a fhuinnmhíonn cathair Nua Eabhrac lena deich mhilliún duinne. Nach mheasfá gurbh fhiú é sin a dhéanamh? ----------------------------------------------------------------------- Comhiompar i screamh an domhain Glacann na geolaithe le tríocha bliain nó mar sin go bhfuil dromchla an domhain roinnte ina phlátaí dochta réasúnta tanaí den screamh sheactrach. Gluaiseann na plátaí teicteonacha seo go fíormhall thar an chiseal faoina bhun, ar a dtugtar an brat, agus ní bhogann iad níos mó ná ceintiméadar sa bhliain. Ag áiteanna tá na plátaí ag druidim amach óna chéile agus clais domhain á chruthú ina ndiaidh. Ag áiteanna eile tá siad ag brú i gcoinne a chéile. Nuair a ghluaiseann siad go cliathánach thar a chéile tarlaíonn creathanna talún. Nuair a fhosheolann pláta amháin faoi bhun pláta eile tarlaíonn creathanna talún agus bolcáin freisin. Is mar thoradh ar an bhfosheoladh seo a cruthaíodh na sléibhte Hiomáilia. Tá an tuiscint ann le fada freisin go bhfuil sruthanna comhiompair ar siúl an t-am ar fad taobh istigh i gcroíleacán leachtach te an domhain. Le déanaí áfach tá na geolaithe tar éis a chruthú níos soiléire ná go dtí seo gur chuid de shruth mall comhiompair atá ann freisin nuair a fhosheolann pláta amháin faoi bhun pláta eile, go domhain isteach i screamh an domhain. Is é an léargas nua go mbrúchann an t-ábhar sloghta seo mar laibhe as bolcáin, b'fhéidir 60 milliún bliain níos déanaí. Is amhlaidh a rinne na geolaithe an tiúchan ocsaigine i gcarraigeacha agus i ngloiní i laibhe cuid mhaith bholcán a thástáil agus fuair leibhéil nárbh fhéidir a mhíniú ach trí ghlacadh leis go raibh an t-ábhar céanna ar dhromchla an domhain nó ar ghrinneal na farraige uair amháin chun an ocsaigin a thógáil isteach ann. Mar sin de réir dealraimh, tá screamh an domhain á athchúrsáil go mall mall an t-am ar fad. [Nature, Meitheamh 1993] pláta teicteonach tectonic plate croíleacán core screamh crust athchúrsáil re-cycle ----------------------------------------------------------------------- Comhlacht nua-aoiseach i gCorcaigh Is iad na baill is tábhtachtaí i scairdinneall eitleáin ná na lanna nó na heití den tuirbín. Bíonn na lanna seo feistithe go gathach ar rotha agus chun an t-eitleán a thiomáint ar aghaidh déanann na gáis dhóite iad a bhrú chun na rotha a rothlú ag ard- luas chun an t-eitleán a bhrú ar aghaidh. Ní mór do gach ceann de na lanna a bheith den toise ceart, den chruth ceart agus le gach uillinn i geart - ag gach teocht suas go dtí teocht dhóite bhreosla an innill agus faoin ollbhrú a fheidhmíonn na gáis orthu. Ní mór ábhair nua-aoiseacha a úsáid i gcomhair na lann seo agus próisis nua-aoiseacha chun na lanna a dhéanamh. Mar sin féin, de bhrí go mbíonn na coinníolacha feidhmithe chomh naimhdeach agus chomh deacair, scoilteann nó díchumann na lanna nó éiríonn a ndromchlaí garbh ionas go dteipeann siad de réir a chéile. Ní mór iad a scrúdú go rialta agus a athnuachan go minic. Is mór mar sin, gnó soláthar na baill athnuachainte seo. Tá comhlacht i gCorcaigh, SIFCO Turbine Components Ltd., a dheisíonn na baill seo d'aerlínte ar fud an domhain. Sa phróiseas deisithe tá céimeanna an-chasta. Ní mór ar dtús an ball lochtach a ghlanadh chun ocsaídí a bhaint ón dromchla. Ansin ní mór aon scoilteanna a líonadh le taos de phúdar chomhiotail nua. Ina dhiaidh sin ní mór an ball a phróiseáil ag ard-teocht chun an comhiotal cuí deisithe a shintéarú agus a ghreamú le bun-chomhiotal an bhaill. Is é an próiseas atá i gceist i sintéarú ná na gráinní den phúdar deisithe a théamh a dhóthain agus a bhrú le chéile a dhóthain chun go dtáthaíonn siad le chéile chun deisiú soladach a dhéanamh. Is gá nach mbeadh an téamh seo mór go leor chun bun- chomhiotal an bhaill a leá. Ina dhiaidh sin coimeádtar ag teocht níos lú é chun an deisiú a dheanamh aonchineálach, chun gur féidir an ball a dheisiú arís más gá. Faoi dheireadh déantar an ball a mheaisíniú agus a dhromchla a snasú agus a chlúdach le hocsaíd chosanta alúmanaim. Ábhair agus próisis spásaoiseacha atá i gceist an t-am ar fad. Tá deis ann, measann an comhlacht SIFCO, an gnó seo a leathnú de bhrí go bhfuil aertaisteal ag leathnú agus mar sin go mbeidh gá le níos mó córas seirbhísithe eitleán amach anseo. [The Engineers' Journal, Meitheamh 1993] lann blade scairdinneall jet engine taos paste coimhiotal alloy sintéarús inter greamú adhere táthú weld leá melt aonchineálach homogeneous meaisíniú machine snasú polish ----------------------------------------------------------------------- Na Peirséid, scata réalta reatha Lughnasa Má bhíonn an spéir gan scamall agus gan solas na gealaí bíonn taispeántas iontach de réalta reatha le feiscint oícheanta i lár mí Lughnasa gach bliain. Na Peirséid a dtugtar ar an taispeántas seo de bhrí go mbíonn siad le feiscint sa spéir sa treo céanna agus atá an réaltra Perseus. Ach níl aon bhaint acu le Perseus. Is é atá i réalta reatha ná dreige, de mhéid gráinne ghainimh, atá á ndó go hiomlán 100 ciliméadar suas san atmaisféar. Tugtar dreigeoideach ar aon chorpán beag, go minic iarmhar de chóiméad, atá ag taisteal trí spás. I gcás na bPeirséad is deannach agus gráinní in eireaball an chóiméid Swift-Tuttle atá i gceist. Nuair a thagann dreigeoideach beag isteach in atmaisféar an domhain téitear é trí fhrithchuimilt leis an aer agus trí imbhualadh leis na móilíní aeir, go dtí go lonraíonn sé agus tugtar dreige air ansin. Bíonn a leithéid faoi mhireacht de deich suas go dtí seachtó ciliméadar san soicind agus ní haon ionadh go dtéitear é san aer. Díothaítear an dreige go hiomlán roimh shroichint na talún dó. Tarlaíonn ceathanna de caoga nó níos mó réalta reatha in aghaidh na huaire nuair a théann an domhan trí eireaball deannachúil de chóiméad. Fiú muna bhfuil ceathanna i gceist bíonn timpeall a cúig réalta reatha le feiceáil gach uair aon oíche ar bith. De bhrí go raibh an cóiméad Swift-Tuttle ag a fhad is giorra don domhan an bhliain seo chaite bhíothas ag súil le han-thaispeántas ó na Peirséid i mbliana ar an tuiscint go mbeadh an deannach - agus na dreigeoidigh - an-tiubh san eireaball chomh gar do cheann an chóiméid. Ach ba chúis dhíomá don lucht réaltóireachta nach raibh an taispeántas i mbliana thar moladh beirte - bhí an spéir ró-scamallach. [Irish Times, 11 Lughnasa 1993] réalta reatha shooting star dreige meteor dreigeoideach meteoroid cóiméad comet frithchuimilt friction ----------------------------------------------------------------------- Tintreach In aimsir thirim, tagann scamaill le bheith luchtaithe le lucht leictreach, trí farasbarr leictreon a fháil ón aer ag bun te an scamaill nó trí leictreoin a chailleadh don aer ag barr fuar an scamaill, agus iad ag taisteal tríd an aer. De bharr an aistriú luchta seo, tagann na scamaill le bheith ag ardvoltas suas go dtí 108 V, idir codanna na scamall agus ag na scamaill i leith na talún. Má tharlaíon grádán mór go leor voltais idir bun agus barr scamaill nó idir scamall agus talamh, ianaíonn sé an t- aer, rud a dhéanann ina sheoltóir leictreon é, agus díluchtaítear an scamall de phreab. San ianú aeir seo téitear móilíní an aeir an oiread sin go mbíonn siad gealbhruthach agus go n-astaíonn siad solas infheicthe, feadh chonair na leictreon. Splanc thintrí is ea an chonair sholais seo. Tarlaíonn níos mó splancanna inmheánacha taobh istigh de na scamaill ná mar a tharlaíonn leis an talamh, sé oiread níos mó ag an meánchiorcal agus ag laghdú de réir a chéile leis an domhanleithead. Go dtí le déanaí ba é an tuiscint a baineadh as an bhfeiniméan seo ná go raibh an farasbarr leictreon is mó gar don isiteirm ag 0oC sna scamaill agus go raibh airde na hiosaiteirme seo níos mó ag an meánchiorcal ná ó thuaidh nó ó theas uaidh sin. Mar sin tharlódh níos mó splancanna leis an talamh ag domhanleithid arda. Le déanaí tá taighde nua déanta ar thintreach ag baint feidhme as breathnú ar na scamaill le saitilítí agus le radar agus tá feabhsú á dhéanamh ar ár dtuiscint ar an bhfeiniméan. Is amhlaidh a laghdaíonn tiús na scamall ag dul ón mheánchiorcal i dtreonna na mol. De réir mar a mhéadaíonn tiús an scamaill, síneann sé níos faide os cionn na hairde ag a bhfuil an isiteirm ag 0oC agus is féidir níos mó scaradh luchta a bheith taobh istigh den scamall. Ansin bíonn sé níos dóchúla go dtarlóidh splanc inmheánach sa scamall ná splanc idir scamall agus talamh. Mar sin is tábhtachtaí airde an scamaill os cionn na hisiteirme ag 0oC ná airde an hiosaiteirme seo os cionn na talún chun a chinneadh go dtarlóidh níos mó splancanna inmheánacha ná splancanna leis an talamh gar don mheánchiorcal. [Physics World, Iúil, 1993] tintreach lightning ianú ionize splanc spark meánchiorcal equator domhanleithead latitude mol pole iosaiteirm isotherm ----------------------------------------------------------------------- Damba mór na Síne Moladh é den chead uair sa bhliain 1919 ach faoi dheireadh táthar tar éis tosú i mbliana ar an damba is mó ar domhan a thógáil ar an abhainn Iaing-tsí ag áit darb ainm Na Trí Scornach i lár na Síne. Déanfar loch timpeall cúig chéad chiliméadar ar fhad agus asáiteofar 1.2 milliún duine san scéim. Tá an obair go léir le bheith críochnaithe roimh 2010. Soláthróidh an scéim níos mó ná ocht n-oiread na cumhachta leictrí a sholáthraíonn córas iomlán Bhord Soláthair an Leictreachais seo againne. Beidh sé trí oiread níos mó ná damba iomráiteach Grand Coulee sna Stáit Aontaithe. Maireann beagnach 8% de dhaonra an domhain i ngleann an Iaing-tsí agus chomh maith le soláthar leictreachais tá sé i gceist go gcabhróidh an damba ollmhór na tuilte millteanacha a tharlaíonn go tréimhsiúil sa ghleann céanna a chosc nó a choimeád faoi smacht. Ach tá an-chuid ceisteanna comhshaoil ag baint leis an scéim seo maille le h-úafás asáitiú an oiread sin daoine. Clúdóidh sé cuid de na Trí Scórnach atá fíor-álainn agus ina ndlúthchuid d'fhinscéalta na Síne le trí mhíle bliain. Chomh maith leis sin iompraíonn an Iaing-trí os cionn 500 milliún tona de dhríodar gach bliain. Mar sin tá seans maith ann go líonfar an loch ar thaobh uachtarach an damba go tapa le glár ionas nach mbeidh sé inseolta agus nach mbeidh an oiread céanna cumhachta hidrileictrí le fáil uaidh thar na blianta. Ach tá an scéim ag dul ar aghaidh faoi seo agus an tuiscint oifigiúil ann gur tábhtachtaí na buntáistí ná na mí-bhuntáistí. [New York Times, 22 Meitheamh 1993] damb adam Trí Scórnach Three Gorges dríodar sediment glár silt ----------------------------------------------------------------------- An bhfuil deisiú do ribechealla sa chochla i ndán dúinn ? Má nochtar an chluas do leibhéal an-ard fuaimchumhachta (> 90 dB) ar feadh i bhfad, déantar dochar don éisteacht de réir a chéile. Airíonn an chluas fuaim ar dtús trí an fhuaimthonn a dhul isteach tríd an duillín agus tríd an gcanáil éisteachta chun go mbuaileann sí tiompán na cluaise a chritear i bpas le brú na fuaime. Ansin sa chluas láir tá trí chnámhóg ceangailte le chéile a thiománann scannán beag ar a dtugtar an fhuinneog ubhchruthach sa chochla. Tá an cochla nó na chluas inmheánach lán de leacht agus brat de ribechealla feadh a fhaid. Nuair a ghluaiseann an fhuinneog ubhchruthach, tarchuirtear tonnta sa leacht a spreagann néarchinn na ribecheall atá ceangailte den inchinn tríd an néaróg aireachtála. Is amhlaidh a dhéanann dáileoga iomarcacha d'fhuaimchumhacht dochar do néarchinn na ribecheall agus chuige seo tuigeadh gur dochar buan é seo. Le fada tá áiseanna éisteachta á úsáid chun an fhuaim a aimpliú do dhaoine leis an dochar seo, ach tá ceist ann an ndéanann na háiseanna seo an dochar níos measa fós. Le blianta beaga anuas tá na máinlianna ag insealbhú cochla-nóduithe a úsáideann comharthaí cuí leictreonacha chun an néaróg aireachtála féin a spreagadh i ndaoine le ribechealla millte. Ach anois mar thoradh ar taighde atá ar siúl sa Bhreatain, sa Bheilg agus i Meiriceá, tá seans maith ann gur féidir na ribechealla millte a chabhrú chun athfháis le córacha ar leith leighis. D'éirigh leis na taighdeoirí a leithéid a chur chun cinn i muca agus i bhfrancaigh agus tá an-mhuinín acu go n- éireoidh leo an rud céanna a dhéanamh i ndaoine go luath amach anseo. [Scientific American, Iúil 1993] ribechill hair cell cochla cochlea leibhéal fuaimchumhachta sound power level (SPL) duillín pinna tiompán na cluaise eardrum ceapchnámh hammer inneoin anvil stioróipín stirrup áis éisteachta hearing aid cochla-nódúcochl ear transplant ----------------------------------------------------------------------- Mammach mór nua fionnta i bhforaoisí Vítneam Tá bitheolaithe tar éis teacht ar chineál lán-nua mhamaigh a fhéachann cosúil ina chruth le bó, ina chraiceann le capall, ina adharca le antalóp agus ina aclaíocht le gabhar, sna sléibhte idir Vítneam agus Laos. Ní fhaca siad an t-ainmhí fós bíodh is go bhfuil eolas daingean air i measc na bhfeirmeoirí áitiúla. Ach tá siad tar éis fiche blaosc, trí sheithe agus aon shampla ceallach déag (le DNA) a thástáil. Sa bhliain 1937 fionnadh cineál nua de bhó fhiáin i gCalifornia. Cinnte fionnadh an picire i bParaguay i 1975 ach bhí eolas air an mhuch fiáin seo roimhe sin ó chnámha caomhnaithe. Mar sin is í seo an chead fionnachtain den saghas seo le caoga bliain, rud a chuireann gliondar ar na bitheolaithe a phléann le mammaigh - chomh mór sin gur bhaist siad "pseudoryx nghetinhensis" ar an gcréatur nua. [New York Times, 8 Meitheamh 1993] blaosc skull seithe hide picire peccary ----------------------------------------------------------------------- Teoirim dheireanach Fhermat, cruthaithe faoi dheireadh Matamaiticeoir cáiliúil Francach ab ea Pierre de Fermat a fuair bas sa bhliain 1665. Timpeall na bliana 1637 scríobh sé ar imeall leabhair go raibh sé tar éis a chruthú narbh fhéidir aon slánuimhir n níos mó ná 2 a aimsiú a chomhlíonfadh an chothromóid xn + yn = zn, sa chás gur slánuimhreacha iad x, y agus z. Nuair atá n = 2 is ionann an chothromóid seo agus teoirim Phiotágaráis. Ní raibh spás ag Fermat chun an cruthú a bhreacadh síos agus le beagnach trí chéad go leith bliain tá matamaiticeoirí ar fud an domhain ag iarraidh an cruthú a fháil amach. Fadhb gan réiteach a bhí sa triall seo is cuma pé mhéid matamaiticeoirí a chuir isteach air. Thar na blianta ceart go leor tástáladh an teoirim le ríomhairí le luachanna an-arda de n ach níorbh cruthú críochnaithe na tástálacha sin. Mar sin is amhlaidh a tháinigh teoirim dheireanach Fhermat le bheith ina sprioch idéalach ach dhoshroichte sa mhatamaitic. Ba mar sin an scéal go dtí 23 Meitheamh na bliana seo, nuair a léirigh matamaiticeoir Sasanach darb ainm Andrew Wiles cruthú a shásaigh na matamaiticeoirí. Ba é an smaoineamh ginearálta taobh thiar dá réiteach ná cuar éilipteach, cruth atá cosúil le dromchla taoschnó, a chomhcheangal le cothromóid Fermat. Ansin dá mbeadh réiteach ar an gcothromóid seo agus mar sin teoirim Fhermat a bheith bréagnaithe, bheadh an cuar sin an-aisteach. Thaispeáin Wiles nárbh fhéidir an cuar sin a bheith ann ar chor ar bith agus mar sin gur fíor teoirim dheireanach Fhermat. Beidh an cruthú á fhoillsiú sna foilseacháin mhatamaitice amach anseo. [Irish Times, 25 Meitheamh 1993] slánuimhir whole number ----------------------------------------------------------------------- Taighde ar bheatha agus bhás i Maigh Nuad Tá géinte tábhachtacha aimsithe i gcealla daonna ag taighdeoirí sa Roinn Bhitheolaíochta i Maigh Nuad, nach raibh ar eolas roimhe. Tá na taighdeoirí seo ag déanamh staidéir ar thimthriall beatha na gceall sa chorp agus tháinig siad ar ghéin fhéinídithe a rialaíonn bás na cille agus ar ghéin shamárach a chuireann cosc a bheag nó a mhór le feidhmiú na géine féinídithe. Tá mar a bheadh amchlár leagtha amach do gach cill ag géineoim na cille. Ag an am cóir agus nuair a bhíonn na coinníolacha i gceart, tagann an ghéin fhéinídithe i gcumhacht agus ídíonn an chill. Ach faoi choinníolacha áirithe stopann an ghéin shamárach an gnáthphróiseas féinídithe. Meastar mar shampla, go gcuireann an ghéin shamárach le forbairt ailsí áirithe trí ligean do chealla a ba chóir dóibh bás a fháil, maireachtáil. Más féidir leis na heolaithe cur isteach ar fheidhmiú ceachtar den dá ghéin seo, chun iad a ghríosú nó a mhoilliú, bheadh seans córacha leighis a sholáthar d'anchuid aicídí, ailsí agus AIDS (Siondróm Easpa Imdhíonachta Faighte) ina measc. [Irish Times, 13 Iúil, 1993] géin fhéinídithe suicide gene géin shamárach Samaritan gene amchlár timetable ailse cancer ----------------------------------------------------------------------- Deireadh le @*#@#*#@* ar na cúirteanna leadóige ? Beidh deireadh le conspóid le linn cluichí leadóige idirnáisiúnta go háirithe, má éiríonn le comhlacht beag ón Astráil córas nua rian-lorgtha liathróide a tháirgeadh. Is féidir luas na liathróide a bheith chomh hard le 200 ciliméadar san uair de bharr buille raicéide agus ní bheadh an liathróid sin i dtadhall le dromchla na cúirte thar 5 mhilleasoicind. Níl an tsúil dhaonna in ann eachtraí a idirdhealú más giorra ná 15 - 20 milleasoicind an tréimhse eatarthu. Nuair a bhuaileann an liathróid an talamh faoi ardluas tagann míchumadh uirthi agus sciorrann sí roimh aisléim di - agus an eachtra go léir tarlaithe taobh istigh de 5 mhilleasoicind. Cén ionadh go n-easaontaíonn an t-imreoir agus an moltóir chomh minic sin ! Tá ceithre phríomh-chuid sa chóras nua Astráileach, mar a leanas: 1.Liathróid ar leith ina bhfuil oiread áirithe blúiríní iarainn measctha sa rubar, rud a thugann tréscaoilteacht mhaighnéadach di gan cur isteach ar na tréithe imeartha; 2.Córas braite sreanga leictreacha leagtha faoi thalamh faoi bhun na línte teorann sa chúirt, lenar féidir réimse maighnéadach a chruthú agus a scrúdú; 3.Trealamh leictreonach a ghrinndearcann na sreanga teorann 25 mhilliún uair gach soicind agus a aimsíonn cá agus cén fad a chuireann an liathróid maighnéadach isteach ar réimse na sreang; 4.Ríomhaire láimhe don mholtóir a rialaíonn an córas leictreonach agus a thiománann fuaimnitheoir chun rabhadh a thabhairt má tá an liathróid imithe thar teorainn. Cosnaíonn an córas seo timpeall 50,000. Ach mar sin féin tá na h-údaráis leadóige i Meiriceá i mbun a insealbhaithe ina bpríomhláthair i Flushing Meadows gar do Nua Eabhrach agus measann siad go n-aisíocfar a chostas taobh istigh de dhá bhliain. De réir dealraimh measann siad go mbeidh níos mó daoine ag freastal ar na hilchomórtais nuair a laghdófar ar an aighneas idir imreoirí agus moltóirí. Ní fheadar ! [Irish Times, 12 Aibreán 1993] rian-lorgtha tracking míchumadh distortion sciorr skid tréscaoilteacht permeability réimse maighnéadach magnetic field grinndearc scrutinize fuaimitheoir bleeper ----------------------------------------------------------------------- Gigeamóilíní plánacha Pléann polaiméir-cheimiceoirí le macramóilíní líneacha fíorfhada déanta go minic as bunmhóilín beag a fheidhmíonn mar bhloc tógála don mhacramóilín. Nuair a bhíonn toirt de na macramóilíní seo i gceist, bíonn siad fite fuaite lena chéile, chun toirt righin sholadach a sholáthar. Is eol do chách cé chomh húsáideach agus cé chomh huilíoch agus atá na plaistigh i saol an lae inniu - iad go léir bunaithe ar mhacramóilíní éagsúla. Le déanaí fionnadh cruth agus déanamh nua de mhacramóilíní ina bhfuil na bunmhóilíní slatacha leagtha amach taobh le taobh ionas go ndéanann siad macramóilín déthoiseach leatháin de thiús tairiseach. I ndáiríre tá na macramóilíní seo an oiread sin níos mó ná gnáthmhacramóilíní go dtugtar gigeamóilíní orthu. Is cinnte freisin go bhfuil struchtúir cósúil leis na gigeamóilíní iondúil go leor sa nádúr, mar shampla na polaiméir dhéthoiseacha i gcillscannáin bhitheolaíocha. Meastar go saothrófar feidhmeanna amach anseo do na polaiméir nua seo, cosúil le cillscannáin chun drugaí a sheachadadh don bhfíochán cuí agus chun dromchlaí a chosaint ó cheimiceáin ar leith agus eile. Réimse nua ceimice polaiméirí atá á thuar. [Scientific American, Aibreán 1993] macramóilín macromolecule polaiméar déthoiseach two dimensional polymer ----------------------------------------------------------------------- Bhí lámh ag Proinsias Piogóid, Seosamh Murchú agus Matt Hussey san eagrán seo.