DRÉACHT 29 Aibreán 1993 An t-Eolaí Uimhir 8 ISSN 0791-6663 SAMHRADH 1993 '==================================================================== Baol ón radón radaighníomhach Cois Fharraige Tá sé cruthaithe ag an Institiúid Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch go bhfuil dáileoga radaíochta atá níos mó ná an leibhéal caighdeánach glactha á fháil i 30% de na tithe Cois Fharraige i nGaillimh, de bharr an gháis radóin a bheith ag púscadh aníos ón screamh ansin. In 11% de na tithe bhí an radaighníomhaíocht níos mó ná cúig oiread an leibhéil ghlactha náisiúnta. Meastar go bhfaigheann suas le 4% de thithe uile na tíre fordháileog ar an ábhar céanna. Mhol an Institiúid do Bhardas na Gaillimhe réamhchúraimí a ghlacadh chun nochtadh daoine a laghdú i gcás tithe nua agus coinníolacha cuí a chur sna fodhlithe pleanála as seo amach. Éinne ar mhaith léi nó leis stádas radóin a t(h)í féin a thomhas, tá an tseirbhís seo le fáil ar 15 ón Institiúid agus tá bileog mhínithe ar fáil freisin ach scríobh don Institiúid. [Irish Times, 10 Bealtaine 1993] dáileog dose screamh crust nochtadh exposure '-------------------------------------------------------------------- Gigeamóilíní plánacha Pléann polaiméir-cheimiceoirí le macramóilíní líneacha fíorfhada déanta go minic as bunmhóilín a fheidhmíonn mar bhloc tógála don mhacramóilín. Nuair a bhíonn toirt de na macramóilíní seo i gceist, bíonn siad fite fuaite lena chéile, chun toirt righin sholadach a sholáthar. Is eol do chách cé chomh húsáideach agus cé chomh huilíoch agus atá na plaistigh i saol an lae inniu - iad go léir bunaithe ar mhacramóilíní éagsúla. Le déanaí fionnadh cruth agus déanamh nua de mhacramóilíní ina bhfuil na bunmhóilíní slatacha leagtha amach taobh le taobh ionas go ndéanann siad macramóilín déthoiseach leatháin de thiús tairiseach. I ndáiríre tá na macramóilíní seo an oiread sin níos mó ná gnáthmhacramóilíní go dtugtar gigeamóilíní orthu. Is cinnte freisin go bhfuil struchtúir cósúil leis na gigeamóilíní iondúil go leor sa nádúr, mar shampla is polaiméir dhéthoiseacha iad cillscannáin bhitheolaíocha. Meastar go saothrófar feidhmeanna amach anseo do na polaiméir nua seo, cosúil le cillscannáin chun drugaí a sheachadadh don bhfíochán cuí agus chun dromchlaí a chosaint ó cheimiceáin ar leith agus eile. Réimse nua ceimice polaiméirí atá á thuar. [Scientific American, Aibreán 1993] macramóilín macromolecule polaiméar déthoiseach two dimensional polymer '-------------------------------------------------------------------- Cailleann frithbheathaigh a gcumas de réir a chéile - cén fáth ? Tá níos mó ná leathchéad bliain ann ó d'fhionn Alexander Fleming peinicillin. Ag an am sin mhill an frithbheathach seo an-chuid bhaictéar go fíor-éifeachtach. Measadh ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin go raibh cógas lán-éifeachtach ag an gcine daonna chun na galair go léir a tharlaíonn de bharr baictéar a chloí. Ach ní mar a shíltear a bítear. Is amhlaidh a chúlthroid na baictéir ar shlí a thuigtear anois a bheith bunaithe ar chineálacha baictéar a bhí frithbheartach i gcoinne na peinicilline, ionas gur tháinig na cineálacha sin chun treise díreach nuair a milleadh na cineálacha eile. Deirtear gur roghnaíodh na cineálacha frithbheartacha ar an mbealach seo. Faoi seo tá suas le 50% de na baictéir a chuireann tús le galruithe i gconair an mhúin lán-fhrithbheartach i gcoinne pheinicilline. Meastar go bhfuil na cineálacha baictéar nua seo chomh flúirseach anois de bhrí go n-úsáidtear frithbheathaigh chomh forleathan agus chomh minic sin. Fiú bíonn fuíoll de na frithbheathaigh a úsáidtear i mbeithígh i láthair fós sa bhfeoil a itheann an duine. Le déanaí táthar tar éis a mholadh go bhfuil bealach eile ann ina dtreisítear an roghnú céanna seo. Tháinig micribitheolaithe i Meiriceá ar fhianaise go gcuireann mearcair a láisteann amach as malgam fiaclach leis an bpróiseas seo. De réir dealraimh tá na géinte ar chrómasóim na mbaictéar a fheidhmíonn i gcoinne an mhearcair, an-ghar do na géinte a fheidhmíonn i gcoinne fhrithbheathach. Mar sin nuair a roghnaítear cineálacha baictéar atá frithbheartach i gcoinne mhearcair, is ionann seo beagnach agus roghnú cineálacha baictéar atá frithbheartach i gcoinne frithbheathach. Níl an smaoineamh seo cruthaithe go hiomlán fós, ach má chruthófar, beidh gá le athbhreathnú ar mhalgam mar dheisiú fiaclach, bíodh is go bhfuil sé in úsáid anois leis na céadta bliain. [International Herald Tribune, 29 Aibreán 1993] frithbheathach antibiotic baictéar bacterium mearcair mercury láisteann leaches malgam amalgam géin gene crómasóm chromosome cineálacha baictéar strains of bacteria '-------------------------------------------------------------------- Aermhálaí, córas nua sábháilteachta i ngluaisteáin De réir a chéile tá aermhálaí á n-insealbhú i gcuid mhaith gluaisteán nua, i lár an roth tiomána nó sa phainéal tosaigh os comhair an phaisinéara. Nuair a tharlaíonn imbhualadh ag luas os cionn timpell 15 míle san uair, braitheann trasduchtóir sa phainéal an luasmhoilliú agus taobh istigh de 30 milleasoicind nó mar sin, spreagann comhartha leictreonach ón trasduchtóir caidéal ar leith chun na málaí a líonadh le haer nó le nítrigin. Feidhmíonn na haermhálaí séite mar adhartáin chosanta idir an tiománaí agus an paisinéar sna suíocháin thosaigh ar thaobh amháin agus an roth, an painéal agus an gaothscáth os a gcomhair amach. Ní mór crios sábhála trí-phointe, is é sin crios a théann trasna an choim agus thar an ghualainn, a úsáid in éineacht leis an aermhála chun an chosaint is fearr a fháil. Ansin díreach tar éis a líonta agus tar éis an imbhuailte, ligtear don aer éalú agus titeann na málaí as an tslí chun gur féidir leis an tiománaí agus an paisinéir éalú as an ngluaisteán. Taispeánadh i Meiriceá gur fíoréifeachtach na haermhálaí chun gortaithe agus báis a laghdú in imbhuailte bóthair. Mar shampla, measann na húdaráis ansin go sábháilfear 2400 beatha agus 29000 drochghortú ag aermhálaí i Meiriceá idir 1990 agus 1995. aermhála air bag trasduchtóir transducer, sensor imbhualadh crash '-------------------------------------------------------------------- Spéis i gcoigilt fhuinnimh ag dul i méid Is luachmhar áisiúil é leictreachas mar achmhainn chumhachta. De bhrí go ngintear mór-chuid an leictreachais thrádálaigh trí bhun-bhreoslaí a dhó - próiseas ina gcailltear suas go dtí 70% den bhun-fhuinneamh sa bhreosla, tá sé tábhachtach an leictreachas a úsáid ar bhealaí chomh h- éifeachtach agus is féidir a aimsiú. Sa Bhreatain meastar go n-úsáidtear timpeall 65% den leictreachas a ghintear chun mótair éagsúla a fhuinnmhiú. Ní mór go mbeadh ceatadán den mhéid céanna i gceist in Éirinn. Cosnaíonn an méid sin leictreachais sa Bhreatain suas le 3 bhilliún. Dá mb'fhéidir oiread agus 1% de sin a shábháil, dob éachtach é sin. Ach meastar gurbh fhéidir 10% a shábháil ach seifteanna simplí go leor a ghlacadh. Mar shampla go minic bíonn mótar ró-chumhachtach don ngnó atá idir lámha, agus é ag feidhmiú ag timpeall 70% dá ghrádú le héifeacht íseal. B'fhearr go mór mótar níos oiriúnaí a úsáid agus é a fheidhmiú níos gaire dá ghrádú. In an-chuid cásanna ba cheart stad uathoibríoch a chur le réchasadh mótar agus tá córais leictreonacha ann lenar stad bog gan mórán frithchuimilte agus teasa a chur i bhfeidhm. Tá ciorcaid leictreonacha le fáil freisin chun sruth bíogtha a sholáthar do mhótar chun é a thiomáint ag an luas is fearr, pé lód a éilítear ón mótar sin. Is féidir airgead a sparáil agus luach an mhótair nua nó an trealaimh iomláin nua a fháil ar ais taobh istigh de cúpla bliain. Ag cuimhneamh go maireann gnáthmhótar ar feadh timpeall cúig bhliain déag, is furasta a thuiscint cé chomh coigilteach agus is féidir mótair a bheith i láthair na huaire. [IEE Review, Márta 1993] éifeacht efficiency fuinneamh energy breosla fuel grádú rating uathoibríoch automatic frithchuimilt friction '-------------------------------------------------------------------- An t-ózón in atmaisféar na leathchruinne thuaidh ag laghdú an tam ar fad De réir na dtomhas de chuid an Riaracháin Náisiúnta um Aerloingseoireacht agus Spás (NASA) sna Stáit Aontaithe chomh déanach le Márta na bliana seo, tá an tiúchan ózóin go hard san atmaisféar os ár gcionn sa leathchruinne thuaidh timpeall 12% níos lú ná mar ba ghnách. Mar thoradh air seo tá níos mó radaíochta ultraivialaite baolaí ón ngrian ag sroichint dromchla an domhain ná mar a bhíodh. Chun an priacal ailse chraicinn seo a sheachaint ní mór do dhaoine iad féin a chosaint níos mó ná riamh ar an radaíocht ghréine. Tá seans go bhfuil páirteagail a ascuireadh ag an mbolcán Mount Pinatubo sna hOileáin Fhilipíneacha ag cur leis an laghdú seo san ózón. Ach is é an chúis is mó atá leis ná truailliú an atmaisféir ag clórafluaireacarbóin - na hábhair chuisnithe i gcuisneoirí agus ábhair a úsáidtear i ndéanamh cúr polaisteiréine. Is léir gur gá deireadh níos luaithe ná mar atá á phleanáil, a chur le táirgeadh agus le sceitheadh na n-ábhar seo san atmaisféar. Idir an dá linn bá chóir do dhaoine, agus go mór mór do dhaoine geala, bheith cúramach a gcuid chraicinn a chosaint le hataí gréine, le T-léinte agus le hungadh scagtha. [Science, 23 Aibreán 1993] ailse chraicinn skin cancer cuisneoir refrigerator '-------------------------------------------------------------------- Liathróid 'bucky' - ábhar nua don nua-aois Ainm a thugtar ar altrap cobhsaí nua-aimsithe carbóin ina bhfuil 60 adamh carbóin, is ea liathróid 'bucky'. Is é atá i gceist in altraip éagsúla ná móilíní de dhúil ina bhfuil líonta éagsúla bunadamh. Mar shampla is altraip iad gnáthocsaigin ina bhfuil dhá adamh, agus ózón ina bhfuil trí adamh ocsaigine. Is i struchtúr atá gar do bheith ina dhromchla sféire, díreach cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, a bhíonn na hadaimh carbóin leagtha amach sa liathróid bucky, ceann amháin ag gach cúinne. Is é an saghas céanna struchtúir a bhíonn i gcraiceann liathróid sacair. Is é seo an triú altrap de charbón atá ar eolas agus arbh iad na cinn eile ná diamant agus graifít. Tugtar fullerene nó C60 freisin ar liathróid 'bucky' a bhfuil a bhfeidhmeanna á shaothrú anois. Ceaptar go mbeidh an t- ábhar áisiúil mar bhealadh agus mar chlúdach fíorchruaidh i gcomhair dromchlaí. liathróidí bucky buckyballs altrap allotrope '-------------------------------------------------------------------- Barrachóid - an geal agus an dubh Modh is ea an barrachód chun táirgí i siopaí a lipéadú ionas gur féidir a n-ainmhneacha agus a bpraghasanna a léamh go huathoibríoch ag an gcuntar amach. Patrún de línte agus barraí comhthreomhara a bhíonn ann, agus sainíonn líon na línte, a dtiúis agus tiúis na spásanna eatarthu an t-eolas atá sa chód. Bíonn dhá líne thanaí ag dhá thaobh an phatrúin chun na taoibh a chur in iúl agus bíonn péire eile mar sin i lár baill, ag déanamh idirdhealú idir ainm an táirge agus a phraghas. Léitear an patrún le scanóir ag an gcuntar amach. Is amhlaidh a scanann léas tanaí léasarsholais trasna an phatrúin agus glacann cill fhótaileictreach an solas a fhrithchaitear ón bpatrún le linn an scanaidh. Bíonn an comhartha a ghlactar cosúil le cód Morse agus déanann ríomhaire an patrún a aithint go han-tapa. Leis an eolas seo suimíonn an ríomhaire ainm agus praghas an táirge le bille an chustaiméara, dealaíonn an táirge ó fhardal an tsiopa agus má tá an fardal sin ag dul i léig, tugann rabhadh don bhainisteoir gur gá a thuilleadh de a sholáthar do na seilfeanna. Anois tuartuar go bhfuil cluiche nua ríomhaire chugainn, darb ainm an trodaí barrachóid - agus tuartar go mbeidh an cluiche corraitheach fiú. Léifidh an trealamh barrachóid ó tháirgí ón ollmhargadh agus bronnfaidh barrachóid ar leith pointí breise sa chluiche. Tá imní ar daoine go gcuirfidh an gléas seo brú ar chlanna táirgí nach bhfuil gá acu leo a cheannach agus go gcuirfidh sé freisin leis an líon páistí tá andúileach sna cluichí ríomhaire. Ní fheadar an bagrach an cluiche ríomhaire seo nó an rud leanbaí gan dochar é ? [Sunday Times, 25 Aibreán 1993] barrachód bar code uathoibríoch automatic tiús thickness cill fhótaileictreach photoelectric cell fardal inventory aindúileach addicted '-------------------------------------------------------------------- Boladh a thomhas ? Tá srón leictreonach á shaothrú ag Muintir Bass, na grúdairi / i Shasana, chun dea-bholadh a dtáirge a thástáil ag gach céim le linn a dhéantúis. Níl dabht ach gur tábhachtach an boladh i gcás an leanna. Ach má éiríonn leis an iarracht níl teorainn leis na feidhmeanna a d'fhéadfaí a bhaint as a leithéid d'uirlis i ndéantúis bhia, chumhrán, earraí don teaghlach agus a lán lán eile. Is deacair an rud boladh a thomhas toisc feiniméan casta an boladh. Níl sé chomh fada ó shin a cruthaíodh gur trí mhóilíní le cruthanna ar leith a luí isteach i loig de chruthanna ar leith sa seicin mhúcasach bholtanach sa tsrón, mar eocair i nglas, a dhéantar boladh ar leith a bhrath. Tá láithreacha agus loig éagsúla ansin chun móilíní éagsúla agus bolaithe éagsúla a bhrath. Sa tsrón nó trasduchtóir de chuid Mhuintir Bass, tá dhá cheann déag de mhion-trasduchtóirí, gach ceann acu ina shlisne fíor-thanaí d'ábhar polaiméireach. Nuair a imoibríonn móilíní áirithe bolaidh leis na trasduchtóirí seo, athraítear friotaíocht a n-ábhar agus tar éis próiseas grádaithe, is féidir le ríomhaire an patrún athraithe sin a léamh mar bholadh áirithe. [Sunday Times, 25 Aibreán 1993] boladh smell cumhrán perfume seicin mhúchasach mucous membrane trasduchtóir transducer '-------------------------------------------------------------------- Aosú an chine dhaonna Tá idir 3% agus 8% de phobal na hÉireann os cionn 65 bliain d'aois anois ach meastar go méadóidh an céatadán sin go dtí timpeall 13% taobh istigh de thríocha bliain. Céad bliain ó shin ní raibh ach 1% den phobal os cionn 65. Is claochlú sa daonghrafaíocht é seo atá ag tarlú ar fud an domhain, de réir mar a théann feabhsuithe i bhfeidhm ar chúrsaí cothaithe agus leighis. Ach níl sé cinnte go bhfuil an sochaí go hiomlán ullamh don athrú seo. Tá ceisteanna á cur mar gheall ar phinsin, ar áiseanna i gcomhair na sean agus ar ghiollaíocht a dhéanamh ar shean-othair le máchailí agus le haicídí meathlacha, san aois seo chugainn. Ní dhéanfar freastal orthu gan an infheistíocht agus na háiseanna chuige a mhéadú faoin a dó ar a laghad, le linn na glúine seo. [Scientific American, Aibreán 1993] daonghrafaíocht demography '-------------------------------------------------------------------- Denis Burkitt (1911 - 1993) Fuair an dochtúir cáiliúil Éireannach seo bás ar an 23ú Márta. Fear as Inis Ceithleann ab ea é a bhí freagrach as dhá fhorbairt fhíorthábhachtacha sa leigheas. Idir 1947 agus 1964 bhí sé ina mháinlia in Uganda agus rinne staidéar ar ailse áirithe a dtugtar limfeóma Burkitt anois uirthi, agus a mháchailigh agus a mharaigh an-chuid pháistí sna tíortha Afraiceacha meánchiorclacha. Trí dháileadh na haicíde a scrúdú agus le huirlisí seanchaite thaispeáin sé gurb é víreas ar leith, an víreas Epstein-Barr, a ba chúis leis an limfeóma seo. Uaidh sin thaispeáin sé conas limfeóma Burkitt a leigheas tríd an víreas sin a chloí. B'ollmhór an dul chun cinn é seo sa choimhlint i gcoinne na hailse. I lár na seascaidí thosaigh sé ar thaighde a dhéanamh ar an gceangal idir aicídí agus cothú. Sa bhliain 1971 chruthaigh sé go raibh dlúthcheangal idir easpa gairbhsí snáithíní sa chothú agus ailse na bputóg. On toradh bunúsach seo agus ó phléideáil sholabhartha, sheasmhach Burkitt ar a son, tháinig réabhlóid i gcúrsaí cothaithe ar fud an domhain agus tharla feabhas as cuimse in ár dtuiscint ar cad is cothú folláin, sláintiúil ann. Is iomaí onóir a tugadh dó thar ceann a chuid oibre, agus b'fhíormhaith an airí air iad go léir. [Tráthscéal Éireann, 16 Aibreán 1993] máinlia surgeon ailse cancer limfeóma lymphoma víreas virus cothú diet snáithíneach fibrous '-------------------------------------------------------------------- Teileafóin cheallacha - buntáiste áisiúil ach cúis leictreafóibe eile ? Is coitianta iad teileafóin cheallacha anois agus táthar ann a mheasann go gcuirfidh na gléis seo na gnáth-theileafóin amach taobh istigh de ghlúin. Feidhmíonn na teileafóin cheallacha trí chóras raidió. Tá aeróg mhór fosaithe in áit éigin agus feidhmíonn sí mar tharchuradóir agus mar ghlacadóir do réimse teoranta tíre nó cathrach mór-thimpeall uirthi. Is é an réimse seo an chill bhunúsach sa chóras. Minicíochtaí idir 840 MHz agus 880 MHz nó tonnfhaid mhicreathonnacha fhada idir 36 cm agus 34 cm a úsáidtear sna córais seo. Arís feidhmíonn an gléas féin mar ghlacadóir agus mar tharchuradóir. Iompraíonn an tonn iompartha an guthchomhartha i bhfoirm mhodhnaithe. Bíonn an teileafón cheallach infheidhmithe aon áit taobh istigh den chill agus bíonn socruithe nua le déanamh ag an tomhaltóir nuair a ghluaiseann sí/sé amach as an gcill agus isteach i gcill eile. Le blianta anuas taá córais cheallacha theileafóin a fheidhmíonn ar eitleáin agus saitilítí á úsáid mar aeróga lárnacha i gcómhair réimsí leathana den domhan. Is léir gur fíoráisiúil na teileafóin iniompartha seo don lucht gnó idirnáisiúnta. Ach tá daoine ann, agus eolaithe áirithe ina measc, i Meiriceá atá imníoch faoi na gléis seo de bhrí go dtarchuireann siad tonnta sách-dhiana leictreamaighnéadacha isteach san inchinn. Is é an donas nach eol cad iad na himoibrithe go léir is féidir a bheith ann idir na tonnta agus fíocháin shoghonta na hinchinne. Is eol go ndéanann tonnta an-dhiana micreathonnacha dochar d'fhíocháin an choirp ach meastar nach bhfuil an déine a bhfaightear gar don tarchuradóir láimhe ionchurtha ar aon chuma leis an ndéine a dhéanfadh dochar. Ní sháraíonn an déine seo na caighdeáin atá leagtha síos ag na rialtais ná ag na heagrais idirnáisiúnta. Ach de bhrí go bhfuil an fheidhm nua seo ag éirí chomh forleathan sin i measc an phobail, tá an taighde ar fhadhb an imoibrithe idir na tonnta leictreamaighnéadacha seo agus fíocháin an choirp á mhéadú, ar eagla na heagla. [New York Times, 2 Feabhra 1993] teileafón ceallach cellular telephone aeróg aerial tarchuradóir transmitter glacadóir receiver modhnú modulation déine intensity caighdeán standard '-------------------------------------------------------------------- Réiteach faoi dheireadh ar an bpuchán ae ? Is paraisít a dhéanann an t-uafás damáiste do bheithígh agus do chaora an puchán ae, fasciola hepatica. Meastar go gcailleann feirmeoirí na tíre seo suas le 20 milliún in aghaidh na bliana de thoradh imeachtaí na paraisíte seo. Is féidir leis an bpuchán ae caora a mharú agus fiú muna mharaíonn sé an t-ainmhí, cuireann sé isteach air sa chaoi go mbíonn drochshláinte agus olann de chaighdeán íseal aige. Cailleann beithígh meáchan, déantar damáiste don ae agus laghdaíonn a dtorthúlacht de bharr gníomhaíochtaí an phucháin. Islítear táirgeadh an bhainne agus caighdeán na feola chomh maith. Mar atá ar eolas ag daltaí bitheolaíochta na hArdTeiste, tá saolré an-chasta ag an bpuchán ae. Is ainmhí déghnéasach é agus táirgeann sé na mílte uibheacha i nducht domlais an óstaigh (ducht a iompraíonn domlas ón ae go dtí an stéig). Scaoiltear na h-uibheacha amach le fuílleach an óstaigh agus tagann larbhaí astu. Tollann na larbhaí sin cois bhog seilide uisce (limnaea truncatula), an dara óstach, agus méadaíonn siad a n-uimhreacha istigh ansin. Scaoiltear na larbhaí as an seilide agus tálann siad craiceann láidir timpeall orthu féin - cist a tugtar ar an struchtúr seo agus is féidir leis maireachtáil ar feach tréimhse fada ama. Itheann na caoraigh agus na beithígh féar ar a mbíonn cisteanna agus déanann na cisteanna a mbealach ón stéig bheag chuig an ae agus ó sin go dtí ducht an domlais. Déantar iarracht an dochar a dhéanann an puchán ae a laghdú trí ghnéithe áirithe dá shaolré a smachtadh - déantar draenáil ar thailte ina mhaireann an seilide uisce agus tugtar drugaí éagsúla do na beithígh agus do na caoraigh. Ach níl na modhanna seo an- éifeachtach. Tá eolaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Atha Cliath i mbun taighde chun vaicsín a ullmhú. Tháinig siad ar an mbealach a chuireann an puchán ae in aghaidh imdhíonacht an óstaigh - tá einsím ar an bpuchán a bhriseann síos na próitéiní atá in antashubstaintí an óstaigh. Séard atá i gceist ag na h- eolaithe a dhéanamh ná vaicsín a bheadh bunaithe ar na h-einsímí seo a ullmhú. Nuair a thabharfar an vaicsín do na beithígh agus na caoraigh, déanfaidh a gcoirp antashubstaintí in aghaidh einsím an phucháin. [Technology Ireland, 10 Márta 1993] puchán ae liver fluke paraisít parascite saolré life-cycle ducht an domlais bile duct óstach host stéig intestine cist cyst imdhíonacht immunity antashubstaint antibody '-------------------------------------------------------------------- Giosta chun truailliú nimhneach uisce a aimsiú Orgánach beo an-shimplí agus an-ársa is ea an giosta. Fungas is ea é atá in úsáid le cianta i ndéanamh beorach agus mar laibhín i mbruith aráin. Ach táthar tar éis a fháil amach go ndéanann aon ábhar truaillithe uisce a chuireann isteach ar shláinte daoine, dochar don ghiosta freisin. Chomh maith leis sin ionsúnn cealla giostacha sláintiúla atá tuaslagtha in uisce, aon solas ultraivialait a shoilsítear tríd an uisce, agus ní ionsúnn cealla giostacha a bhfuil dochar déanta dóibh an solas seo in aon chor. Mar sin tá gléasanna á ndéanamh ina bhfuil oiread giosta sáinnithe i soitheach ar féidir leis an uisce atá le tástáil rith tríd, agus a bhfuil léas solais ultraivialait dírithe trasna air. Braitear an déine a thagann trasna. Nuair atá an t-uisce slán, ní bhraitear aon solas agus de réir mar a théann an déine bhraite i méid is amhlaidh atá an truailliú docharach san uisce ag dul i méid freisin. Faoi láthair déantar na bric i sruthán an uisce a chomhaireamh chun sláintiúlacht an uisce a thaispeáint. Ach meastar go bhfuil an giosta chomh h-íogair don truailliú san uisce agus atá na bric agus beidh na hionstruimí nua seo níos áisiúla agus níos tapúla ná comhaireamh na mbreac. [Sunday Times, 11 Aibreán 1993] giosta yeast breac trout '-------------------------------------------------------------------- Scrúdú íochtar na farraige - níos fearr agus níos doimhne ná riamh roimhe seo Le feabhsuithe i léasair, i lampaí agus i róbait, tá an-dul ar aghaidh á dhéanamh le blianta anuas i scrúdú grinneall na farraige agus na n-aigéan. Is naimhdeach an timpeallacht í grinneall na farraige don duine, í chomh dubh le pic agus faoi bhrú fíor-ard. Meastar go bhfuil suas le 97% d'íochtar na n- aigéan doshroichte don ghnáth-thumadóireacht ar na cúiseanna seo. Tá róbait threisithe fhomhuirí á úsáid ar teaghrán ó long ar an ndromchla agus is féidir iad a stiúradh ón long. Ar bord an róbait tá físcheamairí agus léasair. Is féidir an léas tanaí solais ón léasar a dhíriú mar is mian agus treánn an solas monachrómatach seo an fíor-dhorchadas i bhfad níos fearr ná aon ghnáth-sholas. Táthar tar éis pictiúir den Titanic a ghlacadh timpeall trí chiliméadar síos agus tá an-chuid longbhristeacha agus eitleánbhristeacha cáiliúla á scrúdú ar fud an domhain. Tá a leithéid de róbait fhomhuirí ar díol ag cúpla comhlacht i Meiriceá - ar leathmhilliún dollar. Is cumasach an teicneolaíocht seo do staraithe agus do sheandálaithe, ach ar an drochuair is mór an chabhair í freisin do chreachadóirí ciste. [New York Times, 2 Feabhra 1993] tumadóireacht diving léasar laser físceamara video camera solas monachrómatach monochromatic light ciste treasure Tomás Mac Síomóin????, Pádraig de Bhaldraithe, Seosamh O Murchú, Matt Hussey.