Seo An t-Eolaí díbh. Tá Matt Hussey díreach taréis an diosc a thabhairt dom agus tá suil agam go mbeidh sibh ag baint taithneamh as an léathoireacht! Seán SMacSuibhne@DIT.ie '-------------------------------------------------------------- An t-Eolaí Uimhir 7 ISSN 0791-6663 EARRACH 1993 Seosamh O Murchú, Matt Hussey, Proinsias Piogóid, Mícheál O Donnchadha, Nollaig O Donnabháin '-------------------------------------------------------------- Ceo leictreonach Tugann na hinnealtóirí leictreonacha ceo leictreonach ar an iliomad thonn leictreamaighnéadach atá ag forleathadh tríd an aer mar chuid de theileachumarsáid na haoise seo. Cuireann an-chuid trealamh - ríomhairí, scipéid chláraithe, teileafóin shoiompartha, ionstruimí leictreonacha de gach sort - leis na tonnta d'aon ghnó nó trí thaisme. Cuireann an truailliú nua comhshaoil seo isteach ar fheidhmiú éifeachtach an-chuid de na trealaimh chéanna agus uaireanta cuireann sé isteach go tubaisteach ar líonraí ríomhairí agus ar córais theileachumarsáide. Mar sin ní mór na trealaimh seo a chosaint ar an gceo leictreonach seo agus déantar é seo le cás Faraday. Laghdaíonn an cás Faraday méid na hastaíochta leictreamaighnéadaí ón ngléas féin don cheo ar dtús agus laghdaíonn sé an méid cur isteach leictreonach a fhulaingíonn siad ón gceo. Is é atá sa chás Faraday ná bosca seoltach talmhaithe mór-thimpeall ar an ionstruim. Dhéanfadh bosca miotail an fheidhm seo go foirfe. Ach le déanaí táthar ag forbairt péinteanna miotalacha ar féidir iad a leathadh ar an taobh amuigh nó ar an taobh istigh de fhalla plaisteach ionstruime. Tá an tuiscint ag teacht chun tosaigh freisin gur chóir an chosaint seo a insealbhú i ngach ionstruim ó ala a deartha. Ní mór go mbeidh an dá réiteach seo de chosaint leictreamaighnéadach á chur i bhfeidhm i bhfad níos forleithne amach anseo. [New Electronics on Campus, Earrach 1993] scipéad cláraithe cash register cás Faraday Faraday cage '-------------------------------------------------------------- Grianghrafadóireacht don aois seo romhainn Is mór an tionchar a bheidh ag ríomhairí ar ghrianghrafadóireacht amach anseo. Chuige seo is mór na hathruithe de bharr téip-cheamaraí leictreonacha so-iompartha atá in úsáid ag daoine sa bhaile agus ag na grianghrafadóirí gairmiúla féin i mbun a gcuid oibre. Ach anois, leis na feabhsuithe atá tagtha ar ríomhairí pearsanta, tá réabhlóid nua eile á thuar maidir le ghrianghrafadóireacht dhigiteach. Tá córais ar fáil anois chun íomhá dhaite a ionchur sa ríomhaire agus an iliomad fheidhm agus phróiseas a chur i gcrich ar an íomhá sin trí bhíthin na mbogearraí atá ar fáil freisin anois. Is amhlaidh a thiontaítear gach fo-chuid den phictiúir (pixel) ina uimhir dhigiteach, agus an uimhir sin agus a hionad nó a sheoladh sa phictiúir a choimeád sa chuimhne. Ina dhiaidh sin is féidir pictiúir a athcheapadh, pictiúir éagsúla a chumascadh (mar shampla duine a shuíomh in aon chúlra is mian), sean-phictiúir a cheartú agus a fheabhsú, na dathanna a athrú agus a lán eile, gan ach cnaipí a bhualadh nó ar a mhéid bogearraí cuí a scríobh. Ní chuirfidh ach samhlaíocht an oibreora teorainn leis na féidearthachtaí. Is féidir torthaí na bpróiseas seo a thaispeáint ar mhonatóir daite agus tá printéirí daite le fáil freisin chun na pictiúr-thorthaí a sholáthar ar pháipéar. Níl ceann scríbe na n-athruithe seo soiléir ar chor ar bith fós ach is cinnte nach mbeidh grianghrafadóireacht mar a bhí sí go dtí seo, riamh arís. [The Impact of Electronics on Photography, Epsom, Eanáir 1993] grianghrafadóireacht photography bogearra software féidearthacht possibility '-------------------------------------------------------------- Fáinní crann - an sean agus an nua Tugtar crann-chróineolaíocht ar an tslí ina ndéantar dátú ó na fáinní bliantúla crainn agus ar an eolaíocht a bhaineann leis seo. D'fhorbair an réalteolaí A. E. Douglas an teoiric seo sa bhliain 1904 nuair a bhí sé ag déanamh staidéir ar iarmhairtí baill ghréine ar an aeráid agus fuair sé amach gur féidir léirscáileanna aeráide a tharraingt, chomh maith le dátú seandálaíoch a dhéanamh ó chomhaireamh agus tomhas na bhfáinní crainn. Fásann fáinne amháin gach bliain ach braitheann leithead gach fháinne ar an oiread fhearthainne a thit agus ar an oiread griansholais a bhí le fáil ag an áit sin an bhliain sin. Thar na blianta ó shin i leith tá an eolaíocht seo imithe i ndoimhneacht agus méadaithe as cuimse ina scóip. Faoi seo tá stórais thagartha adhmaid ársa bailithe le céile in an-chuid tíortha (tá a leithéid de stóras in ollscoil na Ríona i mBéal Feiste), tá trasghearrthaí de chrainn Sequoia atá 4000 bliain d'aois agus adhmad ó chrainn phéinne cón-ribí atá 5000 bliain d'aois sna stórais, tá mionghnéithe micreascópacha na bhfáinní iniúchadh agus a lán eile. Anois ní amháin gur córas dátaithe i gcomhair shean-adhmaid an eolaíocht seo ach is luachmhar an léargas is féidir a fháil uaithi ar conas atá an aeráid agus an aimsir ag athrú thar am. Mar shampla is mór an chabhair an eolaíocht seo chun téamh an domhain a thuiscint agus óna fianaise fhadtéarmach siúd níl sé cinnte go bhfuil méadú i meánteocht an domhain fós. Tagann staidéar na bhfáinní crann i gcabhair ar na pleanálaithe a bhíonn ag plé le hachmhainn uisce freisin, de bhrí gur féidir an eolaíocht seo a rá an claonadh gearrthéarmach nó fadthéarmach triomach nó a mhalairt atá in áit ar bith ar domhan. deindreachroineolaíocht dendrochronology triomach drought '-------------------------------------------------------------- Bhí ainmhithe ann fadó fadó .... On srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch tá na geolaithe tar éis aois iomlán an domhain, 4.6 míle milliún bliain, a roinnt ina cheithre ré, mar seo a leanas: an ré réamh-chaimbreanach a lean go dtí 570 milliún bliain ó shin; an ré phailéasóch a bhí ann idir 570 milliún agus 230 milliún bliain ó shin; an ré mhéiseasóch, idir 230 milliún agus 65 milliún bliain ó shin; an ré chéineasóch ata ann ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aon- cheallach den chuid is mó, sa ré réamh-chaimbreanach. Sa ré phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha agus éisc ag teacht chun cinn. Ré an ndionasár a bhí sa ré mhéiseasóch agus bhí na péisteanna i réim ar fud an domhain ansin. Idir 140 milliún agus 65 milliún bliain ó shin fuair na dionasáir uile bás. Le teacht na ré céineasóiche tháinig na mamaigh i réim ar an domhan. Ainmhithe a bhfuil ar eolas againn mar gheall orthu faighte ó chnámharlaigh, chnámha agus iontaisí amháin, is ea na dionasáir. Rangaítear na dionosáir mar phéisteanna, is é sin le rá gur ainmhithe fuarfhuilteacha ab ea iad, ach meastar go raibh cuid acu teofholach. Ba iad na dionosáir na príomainmhithe ar domhan lena linn. Ach díothaíodh iad chomh maith le timpeall 70% de na neacha a bhí beo ar domhan, timpeall 65 milliún bliain ó shin. Tá teoiricí éagsúla ann i measc eolaithe chun míniú ar an ndíobhadh seo. Is féidir go bhfuair siad bás ón ngorta de bharr dhaonra iomarchaigh, nó de bharr bhorrthaí de radaíocht mharfach chosmach, nó de bharr bholcán óllmhóra a chaith an oiread smúite agus deannaigh san atmaisféar gur dhorchaíodh an spéir agus gur tharla geimhreadh leanúnach. Tá teoiric nua á phlé ón bhliain 1980 anonn, gur tharla an díothú tubaisteach seo de bharr imbhualadh de chóiméad nó de dhreigít leis an domhan. Táthar tar éis i bhfad níos mó den dúil iridiam a fháil i gciseal de bhrat an domhain atá d'aois 65 milliún bliain, ná mar atá i ngnáthbhrat an domhain agus ceaptar gur tháinig sé ó rud éigin eachtardhomhanda. Tá comharthaí aimsithe sa Mhuir Chairb gur imbhuail astaróideach de deich chiliméadar trasna, taobh le Cúba agus Haití an fad sin ó shin agus gur chuir an t-imbhualadh sin tús le geimhreadh leanúnach imbhuailte. Bhí díothú eile níos measa fós ann ag deireadh na ré méiseasóiche timpeall 230 milliún bliain ó shin agus meastar gur díothaíodh oiread agus 96% de na neacha beo, plandaí an ainmhithe, ar domhan ag an am. Táthar le déanaí tar éis torthaí na ngeolaithe ar na sraitheanna geolaíocha sa tSibéir a fhoilsiú. Tá foirmiú geolaíoch sa tSibéir ar a dtugtar na Steipeanna Sibéireacha atá timpeall 1400 ciliméadar trasna agus táthar tar éis a chinnedh gur thosaigh fás an fhoirmithe sin ag deireadh na ré méiseasóiche. Mar sin is é is dóchúla a bhí mar chúis leis an ndíothú sin ná brúchtaí bolcán a bhí chomh ollmhór sin líon siad an t-atmaisféar le púdar, rud a fhuaraigh an domhan, a chuir bun le báisteach aigéideach agus a d'athraigh airde na bhfarraigí ar feadh na mblianta. [New York Times, 15 Nollaig 1992] réamh-chaimbreanach pre-cambrian pailéasóch paleozoic meiseasóch mesozoic céineasóch cenozoic '-------------------------------------------------------------- Forsheoltacht, cúpla chéim ar aghaidh, céim go leith ar chúl Iompraíocht neamhghnách ina gcailleann ábhar ar leith aon fhriotaíocht ar bith do sheoladh srutha leictrigh is ea forsheoltacht. De réir dlí Ohm ansin nuair a ritheann sruth trí ábhar forsheoltach níl aon voltas trasna agus ní chruthaítear aon teas ón bhfuinneamh leictreach a iompraítear tríd. Mar sin is lán éifeachtach an seoladh srutha leictrigh tríd a leithéid d'ábhar. Dá mb'fhéidir sreanga forsheoltacha a úsáid i gciorcaid agus i mogalraí leictreacha ba mhór an choigilt fuinnimh. Faoi seo tá forsheoltacht timpeall ochtó bliain d'aois. Ach ar mhí-ádh an tsaoil, mar a fuair an fisiceoir Ollannach Onnes an feiniméan amach sa bhliain 1911, ba ghá an miotal mearcair a fhuarú go dtí 4.2 K (nó - 268.8dC) - próiseas atá fíor-chostasach agus fíor-mhí-éifeachtach - chun é a dhéanamh forsheoltach. Ba deas an smaoineamh an fhorsheoltacht ach ba bheag an leas trádálach a baineadh aisti, de bharr an chostais iomarcaigh chuici. Ba mhór an tuar dóchais mar sin an fhionnachtain sa bhliain 1986 de cheireamaigh a léirigh forsheoltacht timpeall 120 K - na forsheoltóirí ard-theochta mar a tugadh orthu. Bhí na hábhair seo saor go leor le déanamh agus ní bheadh sé ró-chostasach a leithéid de theocht a sholáthar. Ach arís tharla an chéim go leith ar chúl mar fuarthas amach gur chaill na hábhair seo a bhforsheoltacht nuair a cuireadh i réimse maighnéadach iad. Is é an donas go mbeadh mór-chuid feidhmeanna ábhair mar seo i mótar agus eile, bainteach le réimsí maighnéadacha. Mar sin tá na taighdeoirí ag iarraidh an chéad cúpla chéim chun tosaigh eile a aimsiú. [Scientific American, Feabhra 1993] forsheoltacht superconduction friotaíocht resistance ceirimic ceramic réimse maighnéadach magnetic field '-------------------------------------------------------------- Hormón a bhainfidh tuirse aerturais díot Más taistealaí idirnáisiúnta thú tá a fhios agat gur furasta d'uaireadóir a chur leis an am ach nach bhfuil sé chomh éasca ar aon chuma an clog bitheolaíoch agus rithimí laethúla ite, codalta agus eile an choirp a chur ar ais ina riochtaí cearta tar éis taistil. Anois meastar gur féidir an t-athchóiriú seo a dhéanamh i bhfad níos éasca le cúnamh piolla ina bhfuil dáileog bheag éigin den hormón meileatóinin. Táirgtear an hormón seo san fhaireog bheag i lár na hinchinne ar a dtugtar an pineálach agus is amhlaidh a spreagann an dorchadas a tháirgeadh agus a choisceann solas é. Níorbh eol le fada cén fheidhm atá ag an hormón seo sa chorp daonna. Ach le tamall anuas tá a fheidhmeanna á shoiléiriú ag bitheolaithe in Oregon i Meiriceá. Is san inchinn atá na cealla a stiúrann clog bitheolaíoch an choirp agus is trí chomharthaí a ghlacann na cealla seo ón reitine a stiúrtar de ghnáth é. Ach is é a fuarthas amach le déanaí ná go stiúrann an meileatóinin ón bpineálach a bhfeidhmiú siúd freisin. Is féidir breis mheileatóinin a úsáid chun iarmhairt dhíreach an tsolais ón reitine a shárú nó a mhoilliú. Meastar gur iontach an cúnamh a bheidh sna piollaí nua seo do thaistealaithe atá cráite ag tuirse aerturais ach ní hamháin dóibh siúd. Meastar freisin gur mór an faoiseamh a bheidh le fáil ag na daill, ag daoine neamhchodlatacha agus ag daoine ciaptha ag lagar spride geimhridh. [New York Times, 3 Mí na Samhna 1992] hormón hormone clog bitheolaíoch biological clock rithimí laethúla circadian rhythms meileatóinin melatonin pineálach pineal gland reitine retina tuirse aerturais jet lag lagar spride geimhridh winter depression '-------------------------------------------------------------- Baol na mbolcán Mar ceann de na tubaistí nádúrtha is milltí ar domhan, is fada na heolaithe ag iarraidh bolcánacht a thuiscint agus brúchtaí bolcán a réamhinsint. B'fhéidir gur mar chomharbaí ar na draoithe nó mar chomhghuaillithe leo a fheidhmíonn na heolaithe san obair seo. Is amhlaidh a bhíonn siad ag tástáil na ngás a thagann amach as béal bolcáin shuanaigh féachaint an dtarlaíonn athruithe sainiúla ina gcomhdhéanamh siúd le linn na tréimhse réamhbhrúchta. Tomhaistear an luasghéarú de bharr domhantarraingthe go mion mórthimpeall an bhéil freisin ar an mbun go n-athródh an luasghéarú seo dá mbeadh magma ag gluaiseacht faoin bholcán roimh a bhrúchtadh. Déantar creathanna talún i ngar don bholcán a bhraith freisin. Tá an dóchas ag na heolaithe go léireoidh na tomhais seo réamhchomharthaí den bhrúchtadh amach anseo nuair a thuigfí na comharthaí i gceart. Ach idir an dá linn is féidir an eolaíocht seo a bheith marfach. Ar an 16ú Eanáir na bliana seo bhí mórsheisear eolaithe i mbun a gcuid oibre ar bhéal an bholcáin shuanaigh Galeras sa Cholóim - le linn turais phraiticiúil i gcómhdháil mhór bholcáneolaíochta sa tír sin - nuair a bhrúcht an bolcán gan choinne. Níor tháinig ach duine amháin díobh slán. Tá bóthar fada fós le taisteal de réir dealraimh, go dtí go mbeidh ar chumas na n-eolaithe na brúchtaí uafásacha seo a réamhinsint. [New York Times, 9 Feabhra 1993] bolcán suanach dormant volcano béal bolcáin crater of volcano creathanna talún earthquakes '-------------------------------------------------------------- Micreascóip optúla nua Le beagnach leathchéad bliain tá na gnáthmhicreascóip optúla, déanta as lionsaí agus scátháin agus bunaithe ar solas, ar chúl ó thaobh géire de, i gcomparáid le micreascóip X- ghathacha agus micreascóip éagsúla scannaidh. Mar shampla léirítear réada chomh beag le hadaimh scoite le micreascóp tollánaithe scannta. Ach i gcás na micreascóp seo, is é an donas go mhilltear an sampla a scrúdaítear leo i gcónaí, rud nach bhfuil inghlactha maidir le hábhair bhitheolaíocha. Dá bhrí sin tá an-chuid taighde ar siúl le blianta anuas ar mhodhanna nua chun micreascóip optúla a fhorbairt. Sna micrescóip nua seo soilsítear léas fócasaithe léasarsholais tríd an sampla agus ansin braitear an solas a théann tríd an sampla le barr snáithín optúil fhíorchaoil. Is amhlaidh a scanntar an snáithín seo go fiar thar dromchla an tsampla chun íomhá iomlán a chruthú. Ar an mbealach seo seachnaítear deachrachtaí de bharr dhíraonta, rud a chuireann teorainn de .5 de thonnfhad an tsolais ar mhéid an réada arbh fhéidir a leiriú, agus táthar tar éis réada níos lú ná .02 den tonnfhad a íomháú leis na micreascóip ghar-réimse nua seo. [New York Times, 23 Feabhra 1993] géire resolution micreascóp tollánaithe scannta scanning tunnelling microscope léasarsholas laser light snáithín optúil optical fibre díraonadh diffraction íomháú imaging micreascóp gar-réimse near field microscope '-------------------------------------------------------------- I líon an damháin alla De réir dealraimh beidh an damhán alla ina chompánach dílis do shaighdiúirí amach anseo. Ar aon chuma ní féidir le hArm na Stáit Aontaithe dóthain de na laochra beaga seo a liostáil. Táthar tar éis a thabhairt faoi deara go bhfuil téada damháin alla níos láidre ná an Kevlar a h-úsáideann sid mar bhunábhar i ndéanamh éadaí piléardhíonach faoi láthair. Is féidir Kevlar a fhadú suas le 4% gan briseadh, ach tá ar cumas téada damháin alla a fhadú faoi 15% sula bhristear iad. Ionsúnn na téada seo i bhfad níos mó fuinnimh chinéitigh - fuinneamh ó philéar mar shampla. Sa ghnáthlíon damháin alla fadaíonn na téada nuair a bheirtear ar chreach. Athphreabann siad go mall ansin ionas nach dteilgtear an créatúr amach arís. Bheadh an cumas seo an-úsáideach in éadaí piléardhíonacha. Tá eolaithe ag déanamh taighde ar damhán alla ar leith ó Phanama a dtugtar Fíodóir na Cruinne Orga nó Nephila Clavipes air. Déanann an ghné seo an-chuid téada agus is téada láidre iad. Táirgeann an damhán alla seo suas le .32 km nó suas le 5 g téide in aghaidh an lae. Bíodh is gur ollmhór an táirgeadh seo níorbh leor é, fiú dá mbeadh na mílte damhán alla á chrú, chun dóthain éadaí a dhéanamh. Ach is é atá ar intinn ag na heolaithe déanamh ceimiceach na téide a shoiléiriú agus téada sintéiseacha a mhonarú amach anseo. Ansin beidh éadaí piléardhíonacha le fáil a bheidh níos fearr ná mar is féidir a sholáthar anois, agus beidh paraisiúit agus criosanna sábhála níos fearr le fáil freisin. damhán alla spider piléardhíonach bullet-proof líon web crios shábhála safety belt '-------------------------------------------------------------- Foltach is fearr Is í an chosaint is fearr atá ag prátai ná a gcuid gruaige, dar le taighdeoirí ag an International Potato Institute i Lima an Pheiriú. Táthar ag tástáil prátaí foltacha de shaghas nua a chosnaíonn iad féin ó leamhain, ón gciaróg Cholorado agus ón chuileog ghlas. Ag barr gach ribe gruaige ar duileoga na bprátaí tá mála beag (sac) atá líonta le gliú a ghreamaíonn feithid ar bith a luíonn ansin ar an nduileog. In ollscoil Cornell i Nua Eabhrac táthar ag cros-phórú na bprátaí foltacha seo le saghasanna torthúla tráchtála. Tástáiltear na cros-chineáil san Aise, san Aifric agus sa Mheán Oirthear. Má éiríonn leis an scéim seo b'fhéidir go mbeidh deireadh go deo leis an haicídí millteacha a dhéanann an oiread sin díobhála do phrátaí faoi láthair. foltach hairy cros-phórú cross-fertilizing '-------------------------------------------------------------- Teilifís na Graonlainne Den chead uair riamh beidh lucht féachana teilifís na Graonlainne in ann breathnú ar nuacht an domhain fé mar a tharlaíonn sí. Go dtí tús mí na Smhna seo chaite ní raibh le fáil acu ach craolacha a bhíodh amanna, mí as dáta. Tá an chuid is mó den tír chomh fada thuaidh nach féidir leo cláracha nuachta agus cúrsaí reatha ó shaitilítí os cionn crios na cruinne, a ghlacadh go soiléir ar chor ar bith. Ní raibh aon dul as acu go dtí seo ach na cláracha seo a fháil ar fhístéipeanna ó na gníomhaireachtaí idirnáisiúnta nuachta. B'éigin dóibh na téipeanna seo a iompar i héileacaptair nó le carranna sleamhain fiú, go dtí tarchuradóirí áitiúla sa bhaile sa Ghraonlainn. Nuair a bhíodh an aimsir go done (agus gan amhras bíonn geimhreadh fada fíochmhar acu sa tír sin) thogtaí mí iomlán chun an deireadh scríbe a bhaint amach. Tá deireadh na ré sin tagtha anois áfach de bharr chomhoibrithe atá ar siúl idir ionad teilifíse i gCópanhágan na Danmhaiarge agus Teilifís na Graonlainne. Glacann na Danmhargaigh na gnáthchraolacha nuachta i bhfoirm comhartha analógaigh agus astraíonn siad go comhartha digiteach é. Seoltar an cód seo i nga caol díreach go dtí an tsaitilít is faide ó thuaidh os cionn an Aigéin Atlantaigh, óna dtarchuirtear an comhartha arís i léas an-leathan a shroicheann an Ghraonlainn agus na Réigiúin Artacha. Cé go bhfuil an comhartha seo fós an-lag, de bhrí go bhfuil sé códaithe go digiteach, táthar in ann í a dhíchódú agus pictiúir dheasa shoiléire a fháil uaidh. Mar seo tá seal na huscaithe tagtha chun deiridh, ó thaobh na hoibre seo ar aon nós. saitilít satellite tarchuradóir transmitter comhartha analógach analogue signal comhartha digiteach digital signal '-------------------------------------------------------------- Breosla as easair cearc Tá cuibhreannas de Bhanc MitsubishíBanc na hAlban/Banc na hEilbhéise tar éis 22 milliún a sholáthar do chomhlcht príomháideach "Fibropower" chun an chéad stáisiún ginte leictreachais ar domhan a urrú ina mbeidh easair éanlaithe chlóis mar bhreosla. As an mhilliún go leith tona easrach a chruthaítear sa Bhreatain gach bliain, baileoidh an stáisiún ginte seo 9% de sin i limistéar thart ar an stáisiún féin agus chomh fada i gcéin le 80 km. Tá aschur de 12.5 MW le fáil ón stáisiún seo. Tógadh an stáisiún in Eye i Suffolk, ceantar curadóireachta agus talmhaíochta. Is é an chéad tionscnamh mór a cláraíodh faoin reacht a chuireann dualtas ar thíortha teorainn a chur leis na méid truaillithe atmaisféaraigh a scaoiltear. Tá dhá bhuntáiste timpeallachta i gceist. Tá i bhfad níos lú gáis nimhnigh ná mar a bheadh ó ghnáthbhreosla iontaise - ola nó gual - á sholáthar ag an stáisiún seo. Modh éifeachtach atá ann chun aoileach bréan na n-éanlaithe chlóis a bhogadh agus a dhó ag 850dC, teocht ag a scriostar gach ábhar orgánach mar aon leis an mboladh gránna. Bailítear an luaith ón bhfoirnéis agus ón simléar agus díoltar é mar leasú tacair atá saibhir i bhfosfáit agus atá saor ó nítrigin. Deintear an t-easair a thaisceadh i scioból breosla, ag brú beagán faoi bhrú an aeir, chun na gáis bhréana a cheansú, roimh é a chaitheamh sa bhfoirnéis. Dóitear 130000 tona easrach in aghaidh na bliana agus i gcomparáid leis an 60000 tona guail a ba ghá chun an chumhacht chéanna leictreacht a ghiniúint, tá laghdú de 66% sa mhéid CO2, SO2 agus ocsaídí nítrigin. Tá sé beartaithe an dara stáisiún den tsaghas céanna a thógáil roimh deireadh na bliana seo i gceantar Humberside Shasana. An fiú a leithéid d'fhiontar a fhiosrú in Éirinn ? [IEE Review, 21 Eanáir 1993] easair litter éanlaithe chlóis poultry comhaontas consortium urrú finance breosla fuel tionscnamh project iontaise fossil aoileach manure leasú tacair artificial fertiliser '-------------------------------------------------------------- Scéim an ghéineoim Seo scéim chomhoibritheach i measc a lán bitheolaithe i Meiriceá agus i dtíortha eile agus faoi cheannas James Watson, na géinte go léir ar gach crómasóm daonna a mhapáil, is é sin an cód iomlán den chéad míle ghéin a threoraíonn an neach daonna a scaoileadh. Tá na géinte seo suite go randamach feadh timpeall cúpla mhéadar de na móilíní déhéilicse DNA atá lúbtha arís agus arís eile ar a chéile i gcrómasóim gach cille, ach amháin na cealla dearga fola, sa chorp daonna. Is é atá i gceist ná gach géin díobh seo a aimsiú, a seoladh ar na crómasóim a fháil amach agus a chomhdhéanamh bithcheimiceach, na péirí núicléitídí agus a n- ord sa ghéin, a dhéanamh amach. Tá suas le trí bhilliún péirí núicléitídí i gceist ina iomláine. Tar éis timpeall trí bhliain de thaighde ar scéim an ghéineoim tá timpeall 4% de na géinte aimsithe agus mapáilte agus meastar go leanfaidh an scéim seo ar feadh cúig bhliain déag. scéim an ghéineoim genome project géin gene crómasóm chromosome móilín déhéilicse double helical molecule cill cell núicléitíd nucleotide '-------------------------------------------------------------- Nuacht ar leabhar Fisic Shinsearach, Ceisteanna agus Freagraí, le Dr. Matt Hussey (An Gúm). Seo an buille scoir ar an leabhar fisice cúig aonad FISIC SHINSEARACH, le haghaidh na hArdteistiméireachta atá foilsithe ag an Gúm. Bunleabhar Gaeilge atá anseo. Is éard atá sa leabhar seo ná na ceisteanna go léir a bhí ar pháipéir na hArdteistiméireachta idir gnáthleibhéal agus ardleibhéal o 1986 go dtí 1992, maille le dréachtaí de fhreagraí na gceisteanna sin.