An tEolaí: Geimhreadh 1992 Seo cóip leictróineach den tEolaí a fuaireas ó Matt Hussey sa Roinn Fisic anseo i Sráid Caoimhín, chun go gcuirfinn suas ar GAELIC-L é. Seán Mac Suibhne SMacSuibhne@dit.ie nó SMacSuibhne%dit.ie@irlearn.ucd.ie ----------------------------------------------------------------------- DRÉACHT 31 Deireadh Fómhair 1992 An t-Eolaí ISSN 0791-6663 GEIMHREADH 1992/93 Seosamh O Murchú, Matt Hussey, Breandán O hAnnaidh, Nollaig O Donnabháin, Conchúr O Ceallacháin, Pádraig de Bhaldraithe Strainséirí ar an gcósta O am go chéile tagann ainmhithe agus plandaí strainséartha ar cuairt ar chósta na hÉireann Le blianta beaga anuas dhruid roinnt turtar i leith an chósta. Cineál amháin acu sin is ea an ceann ar a dtugtar an droim leathair. Is reiptíl mór é, suas le trí mhéadar ar fhad. Ta craiceann bog taobh amuigh dá bhlaosc, rud is cúis lena ainm. Níl mórán eolais faoi na turtair seo, ach amháin go mbeireann sian uibheacha ar chósta thuaidh Mheiriceá Theas agus go n- itheann siad smugairlí róin. Maireann an t-iasc truicir i bhfarraigí trópaiceacha nó i ngar dóibh de ghnáth, ach bhí roinnt acu ar fánaíocht ó thuaidh i mbliana ar chóstaí iarthar na hÉireann. Tá trí dhealg ar an chéad eite droma aige. Usáideann sé an chéad ceann mór chun é féin a fháisceadh i scailpeacha sna carraigeacha. Ní féidir leis an ceann mór a fhilleadh anuas gan an tríú ceann a isliú ar dtús - seo é an truicir. Is síol don snasta, cúpla orlach trasna, cruinn nó i gcruth an chroí, an pónaire farraige. Chuirfeadh sé síol an chnó capaill in gcuimhne duit. Tá cineálacha éagsúla ann agaus is síolta iad de chrainnte a fhásann i dtíortha an Mhuir Chairib, a iompraítear ó thuaidh ar shruthanna an aigéin go dtí cósta na hÉireann. droim leatahair leatherback turtle smugairle róin jellyfish iasc truicir trigger fish --oOo-- Leigheas nua ón sean-leigheas An bhfuil aon mhaith ins na sean-leigheasanna tíre ? Tá daoine ann i gcónaí a thugann creidiúint do na sean-leigheasanna nach bhfuil iontu i ndáiríre ach piseoga gan bhrí. Ach fós is féidir tairbhe a bhaint as leigheas tíre, má tá bunús ceart leis. Táthar tar éis athbhreithniú nua-aoiseach a dhéanamh ar roinnt de na sean-leigheasanna tíre, ach obair fhánach a bhíonn i gceist go minic, gan aon rian ceart air. Ní obair mhantach dá leithéid sin a bhíonn i gceist ag an Institiúid Náisiúnta Ailse sna Stáit Aontaithe, áfach. Leigheas ar ailse nó ar AIDS go háirithe a bhíonn á lorg ag lucht na hInstitiúide sin. Le déanaí tá taighde chúramach déanta acu ar phlandaí neamhchoitianta agus ar ábhaiar mhara a úsáidtear mar leigheas ar oileán Shamó, ó dheas san Aigéan Ciúin. Nuair a thug na Meiriceánaigh faoin obair, chuadar i gcomhairle ar dtús le fir leighis Shamó, a thaispeáin dóibh crann beag a d'fhás i bhforaoisí Shamó agus a raibh cáil mhór leighis air. Duillí an chrainn sin, ba mhaith iad chun pianta droma a leigheas, úsáidtí na fréamhacaha mar leigheas ar an bhuinneach agus úsáidtí an t-adhmad in aghaidh an fhiabhrais bhuí. Ba léir nárbh aon áibhéil a bhí i gceist, rud a chruthaigh na taighdeoirí le tástálacha eolaíocha. Ní amháin sin, ach d'éirigh leo comhdhúil cheimiceach a aonrú, a bhí éifeachtach go maith in aghaidh chealla daonna a bhí galraithe ag gníomhaí mór an ghalair AIDS, HIV-1. leigheas tíre folk cure buinneach diarrhoea fiabhras buí yellow fever --oOo-- Seilmide buacach ! Seilmidí atá chomh mór le dorn fir, tá siad ag déanamh buartha faoi láthair d'oifigigh i bhFlorida na Stát Aontaithe. Seilmidí de shaghas ar leith iad (in seilmide raspa banana) a smugláladh ón Nígéir isteach i bhFlorida chun go ndíolfaí ann iad i siopaí ainmhithe peata. Ach dá dtarlódh go n-éalódh siad nó go saorfaí iad, ba bhaolach go dtabharfadh siad go craosach faoi na barra feirme agus faoin dúlra. Tá faitíos ar na hoifigigh talmhaíochta go n-eireodh leo cur futhu i bhFlorida agus tá gach iarracht ar siúl anois leis na seilmidí a ghabháil. Sampla eile fós is ea é seo den chontúirt a bhíonn i gceist nuair a shaortar spéiceas ón iasacht i dtimpeallacht úr a oireann dó ! seilmide snail --oOo-- Mireacht loinge ?? Nuair a bhíonn tu amuigh i lár na farraige conas is féidir leat mireacht loinge a thomhas ? Bhí slí an-chliste ag mairnéalaigh fadó. Thógaidís giota adhmaidh agus ghreamaídís píosa luaidhe leis. Bhí rópa acu le cnota ar an rópa gach 47.5 troigh nó 14.5 méadar. Cheanglaídís an rópa leis an ngiota adhmaid agus ligidís dó titim isteach san uisce. D'fhanadh an giota adhmaid socair ar bharr an uisce agus ligtí don rópa sileadh amach léi i gcónaí. Tar éis 90 troigh a ligint amach castaí cloigín ghainimhe 28 soicind bun os cionn. Ansin le linn don ghaineamh a bheith ag titim, deintí na cnotaí a chomhaireamh de réir mar a ghabhadh siad trí lámha an mhairnéalaigh, agus b'shin mireacht an bháid i naisc. Is ionann mireacht de cnota agus timpeall 1.93 ciliméadar san uair. cnota knot cloigín ghainimhe hour glass --oOo-- Leá na n-oighearchaidhpeanna (melting of the ice caps) Os na pictiúir a bhfaightear ó shaitilítí tuigtear anois go bhfuil laghdú de 0.2% in achar an oighir ag an Mol Theas le fiche bliain anuas. Ní fios fós an de bharr mhéadú ar théamh an domhain de bharr athruithe san iarmhairt cheaptha teas nó ar chúiseanna eile an leá seo. Tá a fhios go dtarlaíonn a leithéid ag deireadh oighearaoise, ach tá seans gur rud randamach é freisin. Mar sin is mór an spéis sa bhfeiniméan leáite seo mar gur féidir gur tuar é go bhfuil athruithe aeráid i ndon dúinn. Tá 90 den oighear seo san Antartach agus tá mórchuid an fhuílligh ag an Mol Thuaidh. Sa tréimhse idiroighreach roimhe seo, 125 míle bliain ó shin, tharla an oiread sin leáite do na hoighearchaidhpeanna ag an Moil gur ardaíodh leibhéal na farraige faoi deich mhéadar. Má leanann an leá ata ar siúl anois meastar go n-ardóidh an meánleibhéal farraige faoi suas go dtí méadar sa chéad seo chugainn, rud a bheadh tubaisteach do chóstaí ísle ar fud an domhain. [Féach ailbéideacht, timthriallta oighir] --oOo-- Mount Pinatubo Bolcán sna hOileáin Fhilipíneacha is ea Mount Pinatubo, a bhrúcht go pléascach i mí Mheithimh 1991 agus theilg an tsliabh ceathanna carraigeacha, clocha, deannaigh, luaithrigh agus gás suas go dtí 25 ciliméadar in airde agus a mhill na bailte mór- thimpeall uirthi. Níos mó na bliain níos déanaí pléascann an tsliabh ar scála beag, níos mó ná 500 uair gach lá agus tá béal an bholcáin ag méadú an t-am ar fad. De réir dealraimh, leanfaidh an próiseas seo ar feadh trí nó ceithre bhliain eile ar a laghad. Mar sin tá brúchtadh leanúnach cothrom de phúdar tiubh ar siúl a chlúdaíonn an tír le ciseal deich mhéadar ar dhoimhne, suas go dtí deich gciliméadar amach. Nuair a thiteann fearthainn athraíonn an púdar ina láib ghreamaithe. Ní gnáthlaibhe atá ag rith amach as a bholcán seo ach stuif ar a dtugtar lahar nach bhfuil chomh leáite ná chomh te le laibhe ach a ritheann i bhfad níos tapúla ná laibhe. Tá an lahar seo tar éis gleannta agus fiú foithreacha aibhneacha céad méadar ara dhoimhne a líonadh ag tá na haibhneacha ag gearradh cúrsaí nua dóibh féin. De bhrí gur fhan an oiread sin den bhunbhrúchtadh thuas sa strataisféar, tá sé ag cur bac ar radaíocht na gréine agus ag déanamh dochar don chiseal ózóin. Meastar gur laghdaigh an bac seo meánteocht an domhain faoi leath de ghrád Celsius thar an bhliain ó bhrúcht Mount Pinatubo agus go mbeidh an oiread den deannach fós thuas sa strataisféar go mbeidh laghdú ann ar a laghad go dtí lár an bliana 1993. Ní bheidh a thionchar iomlán ar atmaisféar agus ar aeráid an domhain léirithe go dtí deireadh an chéid, de réir na geolaithe agus na meitéareolaithe. [USA TODAY, 20 Deireadh Fómhair 1992] --oOo-- Stéaróidigh (steroids) Raon leathan de chomhdhúile ceimiceacha a tharlaíonn go nádurtha i bplandaí agus in ainmhithe, agus a shintéisítear go saorga freisin. I measc na stéaróideach nádúrtha tá na gnéas- hormóin, na hormóin aidréineacortacacha, na stéaróil (colaistéaról agus a dhíorthaigh) agus na haigéidí domhlais (atá tábhachtach i ndíleá geire). Tá trí shaghas gnéas-hormón ann, iad go léir díorthaithe ó chólaistéaról, na handraiginí (gnéas-hormóin fhireanna, mar téististéarón, a tháltar sna huiríocha agus atá freagrach as fás agus coimeád na ngnéasorgán fireanna agus na ngnéastréithe fireanna), na héastraiginí (gnéas-hormóin bhaineanna a tháltar sna hubhagáin agus atá gníomhach i bhfás agus i gcoimeád na ngnéasorgán agus na ngnéastréithe baineanna) agus prógaistéarón (hormón a tháltar mar ullmhúchán i gcomhair toirchis agus chun toircheas a choimeád). Táltar na hormóin aidréineacortacacha i gcoirtéis (ciseal seachtrach) na faireoige aidréiní, a bhfuil ceann suite ag barr gach dhuáin. Tá na hormóin seo díorthaithe ó cholaistéaról freisin agus iad de dhá shaghas, na glúcacortacastéaróidigh (ina measc cortasón agus hidreacortasón, atá gníomhach i ndíleá na bpróitéiní, i gcruthú glúcóis, i bhfeidhmiú na gcarbaihiodráití sa chorp agus mar chóracha leighis i gcoinne airtrítis scoiltigh agus neamhord chraicinn) agus na mianracortacastéaróidigh (aldaistéarón agus a dhíorthaigh a stiúrann cothromaíochtaí an uisce agus an tsalainn sa chorp). Tá stéaróidigh shaorga ann a fheidhmíonn ar shlí cosúil le hormóin stéaróideacha. Ina measc seo tá gníomhaithe frithathlastacha (díorthaigh ó na glúcacortacastéaróidigh mar prednaisealón agus deisimeatasón a úsáidtear mar chóracha leighis i gcoinne airtrítis scoiltigh), na frithghiniúnaigh bhéil (éastraigin nó díorthaigh de phrógaistéarón, nó comhcheangal den dá rud) agus stéadóidigh anabolacha. Is é a chiallaíonn "stéaróideach anabolach" ná go gcuireann se le fás agus leathnú an orgáin ina mbíonn sé ag feidhmiú. Feidhmíonn téististéarón ar an mhodh seo agus freisin stéaróidigh éagsúla shaorga, nanaidreolón, stanaiseolól agus meiteandaineón ina measc. Usáidtear iad go dleathach mar chóracha leighis i gcásanna de thnáú an choirp, in oistéapóróis agus i gcásanna ar leith d'anaemacht. Ach úsáidtear iad go mídhleathach ag corp- thógálaithe agus ag lúthchleasaithe chun a matáin a mhéadú agus a neart a fheabhsú le linn traenála. Níl sé seo ceadaithe ag na húdaráis spóirt agus tá córais chasta thástála á úsáid chun rianta de na drugaí seo i láthair i mún an lúthchleasaí agus an caimiléir a fháil amach. Ar an drochuair tá gníomhaithe folaithe ar fáil, mar an druga próibeinicíd atá ann chun an gúta a chloí, a athraíonn an tslí ina n-eiscéidítear an stéaróidigh sa mhún. Bhéadh tástáil na fola i bhfad níos cinnte agus tá a leithéid á phleanáil ag na húdaráis faoi seo. Gan an camailéireacht a chur san áireamh, bíonn droch-fho-iarmhairtí ag baint le úsáid na stéaróideach anabolacha, ina measc, níos mó d'ionsaitheacht, gnéithe mínormálta de na baill ghiniúna, mná a dhéanamh níos firinne, agus baol níos mó d'aicídí croí agus ae. --oOo-- Réaltacht fhíorúil (virtual reality) Córais atá bunaithe ar ríomhairí ina gcruthaítear don oibreoir, samhlú trí-thoiseach de réaltacht éigin agus trí feidhm a bhaint as uirlisí a bhraitheann gluaisne súile, lámha agus corp an oibreora, inar féidir leis an oibreoir imoibriú leis an réaltacht fhíorúil sin. De réir mar a ghluaiseann súile an oibreora mar shampla, athraíonn an samhlú a fheiceann sé. Mar sin feiceann an t-oibreoir samhlú trí-thoiseach atá ag gluaiseacht an t-am ar fad, de réir mar a ghluaiseann sé féin a shúile nó a lámha. Tá sé i gceist córais mar seo a shaothrú agus a úsáid chun robat a threorú i bhfad amach uaidh, chun obair a dhéanamh in áit dhoshroichte nó bhaolach. Usáidfear iad freisin chun daoine a thraenáil chun obair chasta chostasach a dhéanamh, mar obráidí, tiomáint eitleáin, dearadh gluaisteán agus eile. --oOo-- Damhán alla agus a líon An bhfuil a fhios agat go n-itheann agus go n-athdhéanann an damhán alla a líon gach lá tais, díreach roimh briseadh an lae ? Athsúnn an líon uisce ón aer tais agus ceaptar gur chun uisce a fháil dó féin a itheann an damhán alla an líon. Le linn aimsire tirime ní bhíonn an fonn air an líon a ithe leath chomh minic. Níl fáil aige ar uisce ó aon fhoinse eile ach amháin ón gcreach a ghabhann sé sa líon, mar níl sé in ann an líon a fhágail de bhrí go mbíonn sé ar faire an t-am ar fad. Chomh maith leis an gcumas súite uisce tá de réir dealraimh, dhá shaghas síodatointe sa líon. Tá tointí láidre dolúbtha a fheidhmíonn mar chreatlach i struchtúr an lín. Freisin tá tointí insínte ar féidir iad a shíneadh ar a laghad faoin a ceathair agus a dhéanann an líon gafa ina ghreamaítear an chreach. Ach is móilíní tais-scópacha a chlúdaíonn na bun- shíodatointí a dhéanann an t-ionsú uisce, ní na síodathointí féin. [New Scientist, 27 Meitheamh 1992] damhán alla spider líon web tointe fibre tais-scópach hygroscopic --oOo-- Sean-luaidhe ar bith agat? Roinnt blianta roimh bhreith Chríost, chuaigh bád Rómhánach go tóin ar chósta thiar-dheas na Sairdíne, agus le 2,000 bliain i leith tá a lasta, 1,500 barraí luaidhe ar mhais de thuairim is 33 kg ag gach ceann acu, ina luí ag bun na farraige, faoi 30 méadar d'uisce. Déantús píopaí uisce, ancairí, fabhracha líonta, nó clampaí cloiche, srl., a bhí beartaithe don luaidhe seo, ach anois úsáidfear cuid mhaith di ag fisiceoirí ón Istituto Nazionale di Fisica Nucleare (INFN) i saotharlann fo-thalamh Gran Sasso. Saotharlann í seo ina ndéantar fiosrú, mar shampla, ar imoibriú neoidríonónna ón ghrian, ag a bhfuil rian an-lag go deo. Chun iad a aimsiú ní mór na haimsitheoirí a chosaint ar radaighníomhaíocht ó fhoinsí eile, go háirithe radaíocht chosmach ón spás, agus ar neodróin agus gáma-ghathanna ón timpeallacht. O tharla go bhfuil saotharlann Gran Sasso lonnaithe faoi 1,400 méadair carraige, is lú faoi 10-6 déine na radaíochta cosmaigh inti ná ar dromchla an Domhain. Níl flosc na neodrón laghdaithe chomh mór sin, mar ní ón radaíocht chosmach amháin a eascraíonn neodróin - tagann cuid acu amach ón charraig féin - ach toisc nach bhfuil carraigí Gran Sasso an-radaighníomhach, is lú faoi 10-3 déine na neodrón ná thuas ar an dromchla. Ach maidir leis na gáma-ghathanna a thagann as charraigeacha agus as ábhar tógála araon, is mar an gcéanna a ndéine siúd thíos agus thuas, agus níl aon dul as ach na haimsitheoirí a thimpeallú le cumhdach d'ábhar ag a bhfuil ard-uimhir adamhach agus radaighníomhaíocht íseal. Luaidhe a úsáidtear go coitianta chuige seo, ach níl luaidhe nua-dhéanta ró-oiriúnach, toisc í bheith truaillithe ag luaidhe-210, agus a "hiníonacha", biosmat-210 agus polóiniam-210. Cé go dtáirgítear luaidhe íseal-radaighníomhach do'n tionscal leictreonach, tá sí i bhfad ró-chostasach le húsáid sna mórchodanna a bheadh ag teastáil mar chumhdach, agus mar sin tá an-tóir ag fisiceoirí ar sean-luaidhe, sé sin, luaidhe i bhfad níos sine ná 22 bliain (leathshaol luaidhe-210). Ach ní gach lá a aimsítear a leithéid siúd. Ní amháin go bhfuil an luaidhe seo sean, ach níl sí truaillithe ag astitim ó buamaí núicléacha ná ó Tsernóbail. Ní haon iontas mar sin go bhfuil eolaithe INFN ag margáil leis na seandálaithe, ag malartú anailíse geoiceimice ar fhoinse na luaidhe d'fhonn cuid di a chur timpeall ar a gcuid aimsitheoir ! [CERN Courier, Meán Fómhair 1991] aimsitheoir detector cumhdach shielding fabhair sinker neodrón neutron neoidríonó neutrino astitim fallout rian trace, signature