An t-Eolaí SAMHRADH 1992 Eagrán 5 ISSN 0791-6663 ==================================================================== Bhí lámh ag Séamus Ware, Proinsias Piogóid, Conchúr O Ceallacháin, Breandán O hAnnaidh, Mícheál O Donnchadha, Matt Hussey agus Seosamh O Murchú +++ i gcur le chéile an eagráin seo. ==================================================================== An teicneolaíocht nua teleachumarsáide Le blianta beaga anuas, tá malartáin dhigiteacha theileafóin á insealbhú in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ag Telecom Éireann, agus cuirtear seirbhísí breise ar fáil do chustaiméirí dá bharr. Ach is fairsinge agus is casta go mór cúrsai teleachumarsáide na linne seo ná seirbhísí gutha amháin (mar a mbíonn ar gnáth-theileafón). Is riachtanas anois é do chomhluchtaí cumarsáid ilghnéitheach (sonraí, téacs, fís agus guth) a bheith ar fáil idir a mbrainsí féin agus le comhluchtaí eile. Bíonn na seirbhísí céanna de dhíth ó dhaoine a bhíonn ag obair sa bhaile. Forbairt thábhachtach a chuireann seirbhísí den chineál seo ar fáil ar aon chóras amháin is ea Líonra Digiteach do Sheirbhísí Comhtháite (Integrated Services Digital Network, ISDN). Ní gá ach cónasc amháin idir áras na rannpháirte agus an malartán chun na seirbhísí teileafón, teiléacs, seoladh sonraí, fís agus mórán eile seirbhísí foirlíonacha a chur i gcrích. Tá tacaíocht á thabhairt ag an gComhphobal Eorpach don fhorbairt ISDN trí chomhoibriú idir na riaracháin teleachumarsáide i ngach tír. Mar thosach, cuirfear líonra ar bun i gcomhair na bpríomh- theilisheirbhísí ar mhinicíocht lasctha de 64 kghiotán s-1. Fadhb atá le sárú ar bhonn idirnáisiúnta is ea an córas comharthaíochta idir na malartáin a chaighdeánú. Faoi láthair tá córais dhifriúla i gcuid de na tíortha móra. Tá Telecom Éireann ag baint trialach as córas ISDN le thart ar trí bhliain anuas. [Léacht "An Roth" le Dominic Gildea, Telecom Éireann] tarchur sonraí data transmission minicíocht lasctha switching rate córas comharthaíochta signalling system ==================================================================== Feithiclí leictreacha agus rialacha frith-thruaillithe California don bhliain 2003. De réir rialacha comhshaoil nua-eisithe i California, caithfidh ar a laghad deich faoin gcéad d'fheithiclí nua faoin mbliain 2003 a bheith saor ó gháis sceite. Cuireann an toirmeasc seo brú ar dhéantóirí gluaisteán feithiclí leictreacha a tháirgeadh. Ach níl an fheithicil leictreach saor go hiomlán ó gháis sceite, mar gineann an gnáthbhataire gal le linn dó a bheith á fheidhmiú. Beidh gá mar sin, le cineálacha nua bataire. Ní oirfidh cealla gréine mar fhoinse chumhachta d'fheithiclí tarrthála nó do ghluaisteáin theaghlaigh mar nach féidir leo dóthain cumhachta a sholáthar gan achar ró-mhór cealla a bheith i gceist ar dhromchla feithicle. Tá fuinneamh de mhéid 125 vata-uair nó 450 kJ riachtanach in aghaidh gach mhíle slí. I gcás bataire nua-aoisigh fiú tar éis na blianta taighde, tá droch-chóimheas idir cumhacht agus meáchan an bhataire. Mar shampla tá fuinneamh timpeall 126 kJ le fáil in aghaidh an chileagraim i ngnáthbhataire aigéad-luaidhe. Ach cuir sin i gcomparáid leis an 5600 kJ in aghaidh an chileagraim atá le fáil i bpeitril. Ní cheaptar go sáróidh an bataire is éifeachtaí dá bhfuil ann faoi láthair, an bataire suilfíd-shóidiam, ina bhfuil 560 kJ fuinnimh in aghaidh an chileagraim. Sa tochaí tá sé i gceist fuinneamh a chaomhnú i bhfeithiclí trí athghiniúint. Meastar go sabháilfí deich faoin gcéad den fhuinneamh i ngnáth-thuras dá n-úsáidfí an mótar mar ghineadóir le linn don fheithicil leictreach a bheith ag dul le fána. Tá súil le breis ardú éifeachta de bharr feabhsaithe sna giaranna. Deirtear gurb é an fheithicil chroschineálach, le hinneall dócháin inmheánaigh chun tiomána lasmuigh den chathair agus le hinneall leictreach san fheithicil chéanna chun tiomána istigh sa chathair, réiteach na faidhbe. Beidh rogha idir inneall peitril ardchumhachta chomh maith le hinneall leictreach íseal-chumhachta nó a mhalairt. Ach ní féidir rialacha nua California don bhliain 2003 a shásamh fiú amháin le feithicil lán-leictreach gan comhréiteach éigin ar deireadh. [IEE News, Márta 1992] gás sceite exhaust gas toirmeasc prohibition cóimheas ratio inneall dócháin inmheánaigh internal combustion engine aigéad-luaidhe lead acid suilfíd-shóidiam sodium sulphide (NaS) athghiniúint regeneration gineadóir generator éifeachtacht efficiency croschineálach hybrid comhréiteach compromise ==================================================================== Léirscáileanna le mioneolas ar gheolaíocht agus ar shirtheoireacht áitiúil Má tá scéim ar siúl agat inar gá nó inar mian leat mioneolas a fháil ar an acmhainn nádúrtha i do cheantar féin, d'fhéadfá sraith de léirscáileanna nua de chuid LaTene Maps, Baile an tSaoir, Baile Atha Cliath 18, a iniúchadh. Tá seans go gcuirfeadh léarscáil mar seo tús agus cabhair le scéim a bheadh iontach oiniúnach i gcomhair Comortas na nEolaithe Oga ! sirtheoireacht prospecting ==================================================================== Ríomhaireacht trí Ghaeilge Mar is eol d'éinne a phléann le ríomhairí is trí mheán an Bhéarla Mheireacánaigh a bhíonn na pacáistí go léir bogearraí. Ní gá cur suas a thuilleadh leis seo más ríomhaire Macintosh atá in úsáid agat, mar tá raon leathan pacáistí áisiúla - i gcomhair focal-phróiseála agus eile - aistrithe chuig Ghaeilge agus á ndíol ag comhlucht i mBéal Feirste. Téigh i dteaghmháil leo más spéis duit, Earra-Bog sa Ghaeilge, 13 Plás Naomh Séamas, Béal Feirste BT12 6EH. ==================================================================== Im géar, ailse agus pródrugaí Is gnách im a stóráil i gcuisneoir nó i reoiteoir, go háirithe ins an aimsir bhreá. Im nach stóráiltear i gceart, éiríonn sé géar agus bíonn boladh bréan air agus ní féidir é a ithe ansin. Bíonn fadhb na géire sin ag cur as go háirirthe do lucht an Chomhargaidh, agus "sliabh ime" acu le stóráil. Aigéid éagsúla agus go háirithe aigéad butaireach (smaoinigh ar an mBéarla ar im !) is cúis leis an mboladh bréan sin a thagann ar im géar. Ins an im úr bíonn an t-aigéad butaireach agus na haigéid eile nasctha go ceimiceach le gliocról, ach nuair a théann an t-im ó mhaith scaoiltear saor na haigéid agus is ansin a fhaightear an boladh brean. Tá faighte amach anois ag taighdeoirí ailse gur féidir d'aigéad butaireach dul i bhfeidhm ar chealla sceachaille i gcásanna áirithe. Nuair a tástáladh an t-aigéad sin in vitro (sé sin le rá, sa saotharlann, ach gan é a thástáil in ainmhithe beo) fuarthas amach gur chuir sé cosc le ghnáth-fhorbairt na gceall úd. Ní raibh sé éifeachtach in aghaidh ailse in ainmhithe beo áfach, toisc go raibh sé á athrú ró-thapa sa chorp agus á eisfhearadh. Mar sin, níorbh aon mhaith d'éinne dul ag ithe ime ghéir, ar mhaithe leis an tsláinte ! Tá brainse nua den eolaíocht á fhorbairt le blianta beaga anuas, ar a dtugtar farmaicinéitic. Séard a bhíonn i gceist ná staidéar ar an chaoi is fearr le druga leighis a iompar go dtí suíomh an ghalair sa cholainn (agus sa chill féin), ionas gur féidir uasfheidhm a bhaint as ansin. Tá staidéar farmaicinéiteach déanta anois ar aigéad butaireach, trí pródrugaí a dhéanamh. Ciallaíonn sin go nasctar an druga le ceimiceáin eile chun díorthaíocha den druga bunúsach a dhéanamh. Bíonn an pródruga nua níos cobhsaí ná an druga féin agus chomh maith leis sin bíonn tuaslagthacht níos fearr aige, ionas gur féidir dó fháil isteach sa chill sceachaille. Nuair a shroicheann sé láthair oiriúnach sa chill, scoiltear an pródruga agus saortar an t-aigéad butaireach arís sa chaoi gur féidir dó an galar a ionsaí. De réir thaighde a foilsíodh i mí Márta 1992, is féidir cur le saolré ainmhithe atá galraithe ag saghasanna éagsúla ailse, ach aigéad butaireach a thabhairt dóibh i bhfoirm phródruga. butaireach butyric gliocról glycerol ailse cancer sceachaill tumour farmaicinéitic pharmokinetics pródruga prodrug cobhsaí stable tuaslagthacht solubility ==================================================================== Cuireann radaíocht íseal tús le leoicéime - cruthú Tá an Bord Náisiúnta um Chosaint Rada-eolaíoch sa Bhreatain tar éis torthaí staidéir a rinneadh ar shláinte na n-oibrithe sa tionscal núicléach ar fud na Breataine ó 1976 i leith, a fhoilsiú le déanaí. Fuarthas comhghaol láidir idir líon na n-oibrithe a tholg leoicéime agus an dáileog radaíochta a ghlac siad thar na blianta ag obair. Bhí gaol freisin idir líon na n-ailsí i measc na n-oibrithe agus an ndáileoga radaíochta ach níorbh láidir an comhghaol sin. Is é seo an chéad uair a cruthaíodh comhghaol idir leoicéime agus radaighníomhaíocht de leibhéal íseal. Cabhraíonn na torthaí seo le iarrachtaí chun an priacal a bhaineann le nochtadh do radaíochtaí a chainníochtú agus a bheachtú. Tá sé i gceist an staidéar a leanúint agus torthaí níos cuimsithí a chur ar fáil taobh istaigh de chúpla bliain. [IEE Review, Feabhra 1992] leoicéime leukemia dáileog dose nochtadh exposure priacal risk ==================================================================== An tubaiste in Bhopal na hIndia I lár na hoíche ar 3ú Nollaig 1984, sceith níos mó ná tríocha tona den cheimiceán, meitilisicianáit, as monarcha Union Carbide ina ndeintí feithidicídí i lár chathair phlódaithe Bhopal na hIndia. I bhfoirm gháis a bhí an t-ábhar tocsaineach seo agus de réir dealramh d'imoibrigh sé go fíochmhar le haon fhliuchras ar na hainniseoirí a tháinig i dteagmháil leis ar shlí ar bith. Meastar go bhfuair níos mó ná 3500 duine bás de bharr na tubaiste seo. Ach le fada ina dhiaidh sin níor cheap na saineolaithe go mbeadh an iarmhairt ar fhuíoll an áir leath chomh huafásach agus a tharla i ndáiríre. Níor cheap siad gur féidir leis an meitilisicianáit treá go doimhin sna fíocháin gan imoibriú agus dochar a dhéanamh don dromchla amháin. Ach tá na daoine a tháinig beo as an tubaiste faoi léigear an t-am ar fad ag deich míle aicídí marfacha i ngach aon bhall dá gcoirp. Tar éis na blianta de thaighde táthar den tuairim gur féidir leis an tocsaín seo ceangal a dhéanamh le glútaitíón, ceimiceán a chosnaíonn na scamhóga agus fíocháin eile i gcoinne tocsaíní, ach a d'iompair an tocsaín seo go frithchosúil isteach go domhain sna fíocháin. Cabhraíonn an tsamhail seo le cur chun cinn na tocsaíneolaíochta ach ní sholathraíonn sé aon fhaoiseamh don deich nó fiche míle íobartach atá "beo" fós in Bhopal. [Scientific American, Márta 1992] glútaitíón glutathione meitilisicianáit methyl isocynate tocsaíneolaíocht toxicology ==================================================================== Loingseoireacht le saitilítí O thús ama bhain mairnéalaigh feidhm as na réaltaí chun loingseoireachta. Ach le blianta beaga anuas tá loingseoireacht nua-aoiseach leictreonach bunaithe ar na "réaltaí nua" - saitilítí teileachumarsáide - á fhorbairt, i gcóir taisteal ar muir agus ar tír agus fiú sa chathair agus sa bhaile beag. Faoi seo tá sraith de shaitilítí ar a dtugtar an Córas Suite Domhanda len ar féidir glacadóir cuí a shuíomh go beacht aon áit ar domhan, i rith an lae. Is amhlaidh a ríomhann an glacadóir a ionad féin ó na moillagaí ama idir bíoga raidió ag teacht ó shaitilítí éagsúla. De bhrí gur eol mireacht na raidió-thoinne agus ionad gach saitilíte, is féidir ionad an ghlacadóra a ríomh, agus más maith an glacadóir is féidir an ríomh a bheith ceart go dtí taobh istigh de mhilleaméadar. Déantar suirbhéireacht in anchuid áiteanna le córais mar seo agus táthar ag tuar go ndéanfar longa agus eitleáin a threorú leo go luath amach anseo. Tá seans go mbainfear feidhm astu chun cabhrú fiú le gluaisteáin agus busanna a thiomáint agus a threorú go huathoibríoch sna blianta atá romhainn. Cinnte táthar á thuar go mbeidh córas mar seo suite i ngach gluaisteán Seapánach ó 1993 amach. [IEE Review, Márta 1992] Córas Suite Domhanda, Global Positioning System suirbhéireacht surveying ==================================================================== Uabhar an eolaí nó cé chomh ceart agus a bhíonn na heolaithe ar ábhair taobh amuigh dá réimsí féin nó úps Bhí eolaí darb ainm Bischoff ann fadó, bhfuel céad go leith bliain ó shin, agus bhí a chlú in airde ar fúd na hEorpa i gcúrsaí anatamaíochta. Chaith sé na blianta ag tomhas maiseanna inchinní tar éis scrúduithe iarbháis. Faoi dheireadh fuair sé amach go raibh mais de 1.350 kg ar an mheán in inchinn fhir agus 1.250 kg ar an mheán in inchinn mhná. Cheap sé uaidh sin go raibh cruthú cruthanta aige go raibh na fir níos éirimiúla ná na mná. Níorbh leasc leis an cheacht agus an cruthú sin a chraobhscaoileadh. Tar éis bháis dó d'fhág sé a inchinn féin le huacht dá shaotharlann chun cur leis an gcnuasach inti. Ach tomhaiseadh mais na hintinne sin roimh í a stóráil agus fuarthas mais shuimiúil de 1.245 kg ! [Scientific American, Márta 1992] inchinn brain ==================================================================== Sean-luaidhe ar bith agat? Roinnt blianta roimh bhreith Chríost, chuaigh bád Rómhánach go tóin ar chósta thiar-dheas na Sairdíne, agus le 2,000 bliain i leith tá a lasta, 1,500 barraí luaidhe ar mhais de thuairim is 33 kg ag gach ceann acu, ina luí ag bun na farraige, faoi 30 méadar d'uisce. Déantús píopaí uisce, ancairí, fabhracha líonta, nó clampaí cloiche, srl., a bhí beartaithe don luaidhe seo, ach anois úsáidfear cuid mhaith di ag fisiceoirí ón Istituto Nazionale di Fisica Nucleare (INFN) i saotharlann fo-thalamh Gran Sasso. Saotharlann í seo ina ndéantar fiosrú, mar shampla, ar imoibriú neoidríonónna ón ghrian, ag a bhfuil rian an-lag go deo. Chun iad a aimsiú ní mór na haimsitheoirí a chosaint ar radaighníomhaíocht ó fhoinsí eile, go háirithe radaíocht chosmach ón spás, agus ar neodróin agus gáma-ghathanna ón timpeallacht. O tharla go bhfuil saotharlann Gran Sasso lonnaithe faoi 1,400 méadair carraige, is lú faoi 10-6 déine na radaíochta cosmaigh inti ná ar dromchla an Domhain. Níl flosc na neodrón laghdaithe chomh mór sin, mar ní ón radaíocht chosmach amháin a eascraíonn neodróin - tagann cuid acu amach ón charraig féin - ach toisc nach bhfuil carraigí Gran Sasso an-radaighníomhach, is lú faoi 10-3 déine na neodrón ná thuas ar an dromchla. Ach maidir leis na gáma-ghathanna a thagann as charraigeacha agus as ábhar tógála araon, is mar an gcéanna a ndéine siúd thíos agus thuas, agus níl aon dul as ach na haimsitheoirí a thimpeallú le cumhdach d'ábhar ag a bhfuil ard-uimhir adamhach agus radaighníomhaíocht íseal. Luaidhe a úsáidtear go coitianta chuige seo, ach níl luaidhe nua-dhéanta ró-oiriúnach, toisc í bheith truaillithe ag luaidhe-210, agus a "hiníonacha", biosmat-210 agus polóiniam-210. Cé go dtáirgítear luaidhe íseal-radaighníomhach do'n tionscal leictreonach, tá sí i bhfad ró-chostasach le húsáid sna mórchodanna a bheadh ag teastáil mar chumhdach, agus mar sin tá an-tóir ag fisiceoirí ar sean-luaidhe, sé sin, luaidhe i bhfad níos sine ná 22 bliain (leathshaol luaidhe-210). Ach ní gach lá a aimsítear a leithéid siúd. Ní amháin go bhfuil an luaidhe seo sean, ach níl sí truaillithe ag astitim ó buamaí núicléacha ná ó Tsernóbail. Ní haon iontas mar sin go bhfuil eolaithe INFN ag margáil leis na seandálaithe, ag malartú anailíse geoiceimice ar fhoinse na luaidhe d'fhonn cuid di a chur timpeall ar a gcuid aimsitheoir ! [CERN Courier, Meán Fómhair 1991] aimsitheoir detector cumhdach shielding fabhair sinker neodrón neutron neoidríonó neutrino astitim fallout rian trace, signature ==================================================================== Bruscar arís Le blianta san Olainn tá an rialtas buartha faoin mhéid bruscair atá á táirgeadh sa tír de bhrí nach bhfuil dóthain loisceoirí acu - agus ar aon chuma an-chuid daoine an-mhíshásta le loisceoirí - agus nach bhfuil dóthain talaimh acu chun an stuif a dhumpáil. I mbaile amháin darb ainm Hoofddorp tá na húdaráis ag mealladh na ndaoine chun a gcuid bruscair a laghdú diaidh ar ndiaidh. I 1700 tithe sa bhaile gheobhaidh na daoine aisíoch ón mbárdas muna gcuireann siad bruscar amach aon seachtain. Tá meá agus ríomhaire ar an loraí agus coimeádann an ríomhaire cuntas de tháirgeadh gach tí. Ní fheadar an éireódh lena leithéid de phlean sa tír seo. Bheadh gá le táillí áitiúla ar dtús chun gur féidir aisíoch a dhéanamh ! Agus b'fhéidir nach chun feabhais a rachadh na fobhóithre ar fúd na tíre - ó thaobh bruscair de ! ==================================================================== Réiteach an chrosfhocail ó eagrán 2. ==================================================================== Crosfhocal 2 Trasna 1. Ní éalaíonn solas as. 4. Saghas fuinnimh a ardaíonn teocht ábhair. 6. Mar a mbíonn ábhar tar éis a theocht a ardú. 8. Réimír eile ar aon chiall le "frith-". 9. Taistealaíonn fuaim agus solas mar seo. 11. Faighte amach den chéad uair. 12. Damhna. 15. Ualach. 16. Amach uaim. 17. Téamh miotail chun é a dhéanamh níos boige. 18. An t-alt. 21. Siombail cheimiceach ar stán. 22. An gás a chosnaíonn muid ó sholas ultraivialait. 23. Gnáthainmhí feirme. 24. An t-orgán ina gcruthaítear inslin sa chorp (7,5). Anuas 1. Ollthine. 2. Siombail chimiceach ar luaidhe. 3. Aonad coitianta ama. 4. An fórsa a fheidhmíonn feadh shreang. 5. Mar a thiteann salachar radaighníomhach ón spéir. 7. Píosa de chrómasóm le bunghiota eolais. 10. Neamhní. 13. Sraitheanna. 19. An méid is lú solais. 20. Mar a bhlaiseann siúcra. 24. An mhuir gar do Bhaile Atha Cliath. ==================================================================== Réalteolaíocht thrasnaíochta Beidh an-chomhoibriú ar fad ag teastáil idir innealtóirí agus eolaithe i 15 tíortha ar fud an domhain, i dtreo is go n- éireóidh le dhá scéim a chuirfidh le chéile den chéad uair, sonraí ó raidiótheileascóip ar an talamh agus amuigh i spás. Nuair a bheidh na scéimeanna críochnaithe, scéim amháin sa tSeapáin agus an ceann eile sa Rúis, beidh réalteolaithe in ann rudaí de shaghas réaltraí agus quásair a astaíonn tonnta raidió, i bhfad níos soiléire ná mar a raibh ar a gcumas riamh roimhe seo. Beidh an tsaitilít Radioastron á seoladh ag na Rúisigh i 1994 agus an bhliain dar gcionn beidh an réadlann VSOP á láinseáil ag na Seapánaigh. Raidiótheileascóp 10 méadar trasna a bheidh san dá shaitilít seo agus beidh siad nasctha trí theileachumarsáid le 30 teileascóp den saghas céanna ar fud an domhain. Ar an gcaoi seo beidh an dá scéim in ann úsáid a bhaint as sonraí a chéile agus as sonraí na dteileascóp ar an talamh. Trí bhithin na trasnaíochta beidh na teileascóip ghlactha seo, in ann feidhmiú mar a bheadh teileascóp ollmhór iontu, bíodh is go mbeidh siad fadscartha amach óna chéile. Is é sin nuair a mheascfar na comharthaí ó na saitilítí agus ó na teileascóip dhomhanda, gheófar cruinneas i bhfad níos géire ná mar is féidir le teileascóp amháin. Mar sin is féidir a rá go mbeidh na Rúisigh agus na Seapánaigh páirteach san triall is mó riamh sa trasnaméadaracht. [New Scientist, 1991] réaltra galaxy quásar quasar trasnaíocht interference réadlann observatory trasnaméadaracht interferometry comhartha signal ==================================================================== Réaltaí canablacha ? I measc na saghasanna éagsúla réalta, tá sean-chinn ann atá 15 míle milliún bliain d'aois, ach a fhéachann i bhfad níos gile ná mar ba chóir, ó thaobh gnáthéabhlóid réalta. Ba mhistéir na réaltaí seo agus tugadh an t-ainm "seachránaithe gorma" orthu mar gheall ar an ngile neamhghnáthach. Tá cuid de na seachránaithe gorma chom geal le réalta "óg" de mhíle mhilliún bliain ar éigin. Deineadh staidéar ar na réaltaí seo le déanaí leis an spásteileascóp nua Hubble de chuid na Spásghníomhaireachta Eorpaí, agus fuarthas amach gur réaltaí dénártha iad. Is é a cheaptar anois ná gur réalta é seachránaí gorm a d'imbhuail i gcoinne réalta eile, agus go bhfuil réalta díobh sa bharróg imtharraingteach seo ag sú damhna agus fuinnimh ón gceann eile, ionas gur níos teo agus níos gile é ná mar ba chóir dó bheith. Ar an gcaoi seo is réalta canablach an bunréalta agus réalta íobartach an ceann eile. De ghnáth bíonn níos mó de na réaltaí aisteacha seo gar do lár chrobhaing phlódaithe réaltaí, mar a mbeadh sé níos dóichí go n-imbhuailfeadh siad le réalta eile agus chomh maith leis sin á chruthú gur troime iad na gnáthrealtaí. [Nature, Iúil 1991] réalta dénártha binary star crobhaing cluster ==================================================================== Téamh an domhain Le blianta anuas táthar á thuar go bhfuil téamh suntasach i ndán don domhan amach anseo. De réir na tairngireachta seo ardófar meánteocht an domhain diaidh ar ndiaidh de bharr gás truaillithe áirithe san atmaisféar. Is amhlaidh a thagann mórchuid de theas an domhain chugainn ón ngrian agus sa ghnáth staid chobhsaí, aisradaítear an oiread céanna teasa amach san spás an t-am ar fad. Ach meastar go forleathan anois go bhfuil gáis ar leith a sceitheadh san atmaisféar, ag cur isteach ar an aisradú seo, á laghdú agus mar sin ag cur le caomhnú an teasa ar domhan. Tugtar iarmhairt an tí ghloine (?) ar an bhfeiniméan seo, de bhrí gur mar seo a fheidhmíonn na fallaí gloine i dteach gloine ??. Má ardaíonn meánteocht an domhain a dhóthain, bheadh an seans ann go leanfadh torthaí uafásacha éagsúla. Mar shampla d'athrófaí an aeráid agus an aimsir ar fud an domhain agus bheadh an baol ann go leáfaí na h-ollchaipíní oighir ag na moil theas agus thuaidh. Toradh níos baolaí fós a leanfadh ardú teochta is ea téamh agus forbairt theirmeach na bhfarraigí, rud a d'ardódh an fharraige agus a bhádh réimsí leathana ísle tíortha. Is iad na gáis is mó is ciontach sa phróiseas seo ná déocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nitrous agus na hábháir chuisnithe, na clórafluaireacharbóin. Is measa déoscaíd charbóin ná na gáis eile de bhrí go bhfuil sé chomh flúirseach, chomh uilíoch ar domhan. Táirgtear déocsaíd charbóin i gcónaí nuair a dhóitear breoslaí i dtinte, i gcoirí stáisiúin ghinte leictreachais, i ngluaisteáin. Tá na gáis eile i bhfad níos measa chun an teas a sháinniú ach tá siad i bhfad fad níos teirce san atmaisféar ná mar atá déocsaid charbóin. Lena chois sin tá socruithe idirnáisiúnta ann anois na clorafluaireacharbóin a dhíothú de réir a chéile de bharr a ndrochéifeacht siúd ar an gciseal ózóin thuas san atmaisféar a chosnaíonn sinn ó sholas ultraivialait na gréine. Ach an féidir an táirgeadh déoscaíd charbóin a laghdú ar fud an domhain, chun cosc a chur ar an téamh tubaisteach domhanda atá á thuar ? gás truaillithe pollutant gas iarmhairt an tí ghloine ?? greenhouse effect meatán methane clórafluaireacharbóin chlorofluorocarbons ==================================================================== Nuacht ar leabhar Fisic Shinsearach 5 - Leictreonaic agus Fisic Adamhach le Dr. Matt Hussey (An Gúm). Seo an cúigiú chuid den leabhar fisice le haghaidh na hArdteistiméireachta atá á fhoilsiú ina chúig aonad. Bunleabhar Gaeilge atá anseo. Ar na hábhair a chlúdaítear san aonad seo, tá leathsheoltóirí, an dhé-óid, an trasraitheoir comhchumarach, and trasraitheoir iarmhairte réimse, loighic leictreonach, an feadán gachatóideach, an luascóp gachatóideach, X-ghathanna an núicléas, radaighníomhaíocht, tomhas radaighníomhaíochta, scoilteadh núicléach agus comhleá núicléach. Tá leagan amach an leabhair seo ar aon dul leis an ceithre haonad roimhe , Meicnic agus Tonnghluaisne Mheicniúil, Teas, Leictreachas, agus Solas, le neart samplaí, turgnamh agus léaráidí dhá dhath scaipthe tríd an téacs soiléir inléite. Beidh aonad sa bhreis ar an sraith seo, Réitigh ar Cheisteanna Fisice na hArdteiste, ar fáil go luath amach anseo. Cartúin ??? An bhfuil aon smaointe agat ar conas an céad eagrán eile a fheabhsú ? Seol chugainn iad agus beidh duais don mholadh is fearr. ====================================================================