An t-Eolaí MEÁN FOMHAIR 1991 Eagrán 2 ====================================================================== Bí lámh ag Breandán Ó hAnnaidh, Proinsias Piogóid, Pádraic de Bhaldraithe, Concubhar Ó Ceallacháin, Paul McNulty, Des Hickey, Matt Hussey agus Seosamh Ó Murchú, i gcur le chéile an eagráin seo. ====================================================================== Teocht níos lú ná riamh roimhe seo aimsithe Tá eolaithe in Ollscoil Cholorado i Meiriceá tar éis gléas a dhéanamh inar féidir teocht de .000001 K a chruthú. Tá an teocht seo níos gaire don dearbhnialas teochta ná mar a d'éirigh le héinne eile riamh roimhe. .8 K an churiarracht a bhí ann go dtí seo. Agus mar bharr ar an scéal, níl i gceist ach gaireas simplí saor. Sainnítear oiread beag adamh caesiam (timpeall céad milliún díobh) i mbuidéal folúsaithe. Mar sin bíonn gluaisne randamach fúthu i gcomhréir leis an dearbhtheocht, iad ag imbhualadh i gcoinne an bhfallaí agus i gcoinne a chéile, díreach cosúil le gnáthghás. Ansin loinnítear an gás seo le leasacha solais infridheirg ó sé léasar, atá treosuite mórthimpeall an bhuidéal gháis. Má tá tonnfhad an tsolais tiúnta i gceart, nuair a imbhuaileann fótón solais díreach i gcoinne adaimh atá ag gluaiseacht i dtreo an fhótóin, moillítear an t-adamh. Ar an mbealach seo, de réir a chéile, moillítear na hadaimh go léir, go dtí mbíonn siad mar a bheadh úlla beaga suite i mbabhla, gan moiminteam, gan fuinneamh, gan teocht. Táthar anois ag súil le h-anchuid turgnamh a dhéanamh chun teoiricí bunúsacha damhna a thástáil, chun tréithe ábhar éagsúla ag teocht chomh h-íseal a scrúdú agus b'fhéidir chun ábhair nua le tréithe nach raibh riamh coinne leo riamh roimhe a chruthú. Agus ní chosnóidh an gaireas an saol. [New York Times, 28 Bealtaine 1991] dearbhnialas absolute zero ====================================================================== "Junk Food", an ndéanann sé dochar nó maitheas duit ? à chlár a sholáthraigh Paul McNulty, tá fuinneamh i ngach aon saghas bia seachas deochanna aiste bia. Tá fuinneamh timpeall 2100 calraí in aghaidh an lae ag teastáil ó dhaltaí scoile de 9 - 11 bliain d'aois. Tá idir 100 agus 280 calraí le fáil ó na bianna sa chlár, ach amháin ón deoch aiste bia ina bhfuil ar éigin calra amháin. Is maith na bianna seo ó thaobh fhuinnimh de ach bíonn dochar ag baint leis an méid siúcra atá iontu. Caithfidh gasúir cúram faoi leith a dhéanamh dá gcuid fiacla má itheann siad an iomarca siúcra, bíodh an siúcra ceilte nó glan. Bia Fuinneamh Siúcra Salann (Calraí) (%) (%) Roinn 1 Wholenut Cadbury (50 g) 280 48 38 Kit Kat (50 g) 250 51 26 Barra Mars (62 g) 270 69 17 Cnónna Talún KP (25 g) 150 19 50 Roinn 2 King crisp (27 g) 150 50 40 Pop corn (30 g) 140 59 22 Roinn 3 Lucozade (300 g) 220 19 - Polo mint (27 g) 100 97 - Diet Coke (330 g) 1 - - I measc na mbianna sa chlár, is é an bia i roinn 1 an bia is fearr, de bhrí go bhfuil próitéiní, mianraí (cailciam, mar shampla) agus vitimíní ann chomh maith leis an bhfuinneamh. Tá na substaintí seo fíor-thábhachtach do dhaoine óga atá ag fás. Mar sin tá an bia i roinn 3 go dona mar nach bhfuil ann (de ghnáth) ach siúcra. Tá an bia i roinn 2 níos fearr mar tá oiread éigin próitéiní, mianraí agus vitimíní ann bíodh is nach bhfuil na próitéiní chomh maith leis an bpróitéin san mbia i roinn 2. Ba chóir go mbeadh béile iomlán ag gasúir, cosúil leis an mbéile sa bhosca thíos, trí huair sa ló. ________________________________________________ | An Lón is fearr ar scoil | | | | Ceapaire: arán donn, cáis/feoil/ubh, glasraí | | Deoch: bainnéYop, sú oráiste | | Torthaí: úll/oráiste | |________________________________________________| Má bhíonn, ní miste "treat" beag, as roinn 1 mar fheabhas, a bheith acu ó am go chéile. ====================================================================== An fheithid is ársa aimsithe in Éirinn Is in Öirinn a nochtadh le déanaí an iontaise den fheithid is ársa fós riamh ar domhan, í 322 milliún bliain d'aois agus gan de fhad inti ach ar éigin 2 cm. Go dtí seo ní raibh ach dhá sciathán ar an bhfeithid ab ársa ach tá dá phéire sciathán ar an gceann nua-aimsithe. Tá dóchas ag na palae-onteolaithe go gcuirfidh an fhionnachtain seo len ár dtuiscint ar an aistriú idir an dá shaghas feithide, agus go n-aimseófar a thuilleadh samplaí san áit chéanna in Öirinn. [Le Figaro, 23 Bealtaine 1991] feithid insect ====================================================================== Cad atá ag tarlú don chiseal ózóin ? Tá seacht mbliain anois ann ó tugadh faoi deara den chéad uair ag eolaithe go raibh "poll" sa chiseal ózóin os cionn an Antartaigh thart ar an mol theas. B'ábhar iontais agus imní an sonrú seo i measc na n-eolaithe ach ní raibh fios ann ag an am an tarlú tréimhseach nó sealadach nó teorannaithe, nó a mhalairt a bhí i gceist. Ní raibh ach tuairimí ann ar cén fáth a thitfeadh a leithéid amach. Leanadh leis na turgnaimh na blianta ina dhiaidh sin agus leathadh iad ar fud an domhain le chois an Antartaigh. De réir a chéile fuarthas amach go raibh an poll seo beagán tréimhseach, é níos measa san earrach, ach gur lean sé i rith na bliana. Fuarthas amach freisin nach raibh sé teorannaithe don Antartach ar aon chuma ach go raibh sé a bheag nó a mhór os ár gcionn go léir. Mar shampla sa taobh seo den domhan tháinig laghdú de timpeall 8% san oiread ózóin os ár gcionn ó 1979 go dtí 1990. Meastar gur féidir go méadófaí an laghdú go dtí 15% faoi 2000. Is íseatóp ar leith ocsaigin é ózón. Is gás é agus aon bhlúire de a tharlaíonn san atmaisféar, is é a nádúr tiubhiú sa chuid ard sin den atmaisféar ar a dtugtar an luathstratasféar, idir 15 agus 30 kg os cionn na talún. Sa chomhthéacs seo is é a chiallaíonn "poll" sa chiseal ózóin ná laghdú sa tiúchan ózóin sa chiseal leathan sin den atmaisféar. Imríonn an ciseal ózóin seo tairbhe ar an ngrianradaíocht a thagann chugainn. Is amhlaidh atá raon leathan tonnfhad nó dathanna, ón infridhearg dofheicthe trasna an raoin infheicthe go dtí an ultraivialait dofheicthe, sa radaíocht a fhágann dromchla te na gréine. Ach ionsúnn an t-ózón an-chuid den radaíocht ultraivialait, go mór mhór na tonnfhaid ghearra ar a dtugtar ultraivialait-B. Má tharlaíonn an laghdú de 15% san ózón os ár gcionn faoi 2000, meastar go ligfí 30% níos mó den radaíocht seo isteach, ná mar a bí i 1979. Tá sé ar eolas le fada gur docharach é ultraivialait-B don duine, d'ainmhithe agus do phlandaí. Cuireann dáileog iomarcach de don chraiceann tús le hailsí craicinn de shaghas meilineóma mharfaigh. Tarlaíonn catarachtanna sna súile de bharr an iomarca den radaíocht chéanna a dhul isteach iontu. Ar an ábhar sin is sciath chosanta bhunésach é an ciseal ózóin don bheatha ar domhan. Má tá an sciath sin á lagú is tuar uafáis é sin don chine daonna. Is é sin an chúis don imní atá ag leathadh i measc eolaithe agus i measc an phobail i gcoitinne, mar gheall ar an bpoll nó an laghdú sa chiseal ózóin. De réir an ama freisin tá sé ag éirí soiléir cén fáth go bhfuil an laghdú seo ag tarlú. Is é atá ciontach san drochobair seo níos mó ná aon rud eile go bhfios dúinn, ná ceimiceáin thruaillithe san atmaisféar ar a dtugtar clorafluaracarbóin (CFC). Is stuif mar seo é an sreabhán cuisnithe i gcuisneoirí, agus an leacht in anchuid cannaí spréite. ésáidtear na ceimiceáin chéanna i ndéanamh chúr polaisteiréine. Ar aon chuma nuair a scéitear san atmaisféar é, saortar clóirín amach as thuas i bhfuacht an stratasféir. Imoibríonn an clóirín leis an ózón, á athrú agus á bhaint amach as an gciseal cosanta frith-ultravialait. Tá sé práinneach mar sin go stopfaí ar fad agus láithreach, aon scéitheadh de CFC san atmaisféar. Tá rialtais an domhain ag druidim sa treo seo ach go mall. [Irish Times, 6 Lúnasa 1991] ciseal ózóin ozone layer íseatóp isotope infridhearg infrared ultraivialait ultraviolet ailse cancer meilineóma melanoma ionsú absorb sreabhán cuisnithe refrigeration fluid cúr polaisteiréine polystyrene foam ====================================================================== Pláinéad aimsithe taobh amuigh de chóras na gréine Den chéad uair riamh ceapann réalteolaithe de chuid Jodrell Bank Shasana, go bhfuil siad tar éis pláinéad a aimsiú le déanaí atá i bhfithis mórthimpeall ar réalta 30000 solas-bhliain uainn gar do lár ár réaltra féin. Is bíogréalta an réalta lárnach a astaíonn bíog radaíochta trí uair sa tsoicind. Ach nuair a thomhais na heolaithe tréimhse na mbíoganna seo go beacht thar na míosa, fuaireadar amach nár fhan sé tairiseach ach gur athraigh sé timpeall 16 ms i dtrí mhí. Uaidh sin dhíorthaigh siad gur gá go bhfuil compánach pláinéid ag an réalta. Creideann siad nach féidir go mbeadh aon rud beo, d'ár saghas ar aon chuma, ar an bpláinéad sin de bharr na dianradaíochta ón mbíogréalta. Ach tá sé níos cinnte ná riamh gur féidir go bhfuil córas pláinéadach ag baint le chuid mhaith de na milliúin réalta i mBealach na Bó Finne. Is fearr an chosúlacht mar sin go mbeadh pláinéad de shaghas an domhain áit éigin amuigh ansin le beatha ann. Mar sin ní hé "an bhfuil éinne amuigh ansin ?" ach "cá bhfuil sibh amuigh ansin ?" [Irish Times, 25 Iúil 1991] pláinéad planet fithis orbit bíogréalta pulsar réalta star Chernobyl arís San astitim a tharla in Éirinn de bharr na tubaiste núicléiche i Chernobyl, bhí íseatóip radaighníomhacha éagsúla. Ina measc bhí caesiam-137 ag a bhfuil leathré de 30 bliain. Ionsúitear an dúil seo isteach sa bhféar ón ithir agus cruinníonn sí faoi dheireadh i mbainne na bó. Bhí leibhéal radaighníomhaíochta suas go dtí 340 Bequerel de réir an líotair i mbainne sa tír seo ag an am agus laghdaidh an leibhéal go tapa ina dhiaidh sin. Bhí na leibhéil arda sin níos lú ná an leibhéal tairseachúil de 370 Bequerel sa líotar atá leagtha amach ag an gComhphobal Eorpach chun teorainneacha a chur ar úsáid bhainne. I dtaighde a foilsíodh le déanaí ag an mBord um Fhuinneamh Núicléach, fuarthas go raibh tromlach na radaighníomhaíochta sa bhainne bearrtha agus gur lú an tiúchan radaighníomhaíochta sa tsaill nó i dtáirgí na saille, im nó uachtar. Ba mhó an tiúchan i gcáiseanna agus ba mhó faoin a deich an tiúchan a fuarthas i bpúdar bainne bhearrtha. [Tráthscéal Éireann, 4 Aibreán 1991] leathré half-life astitim fallout leibhéal tairseachúil threshold levels radaighníomhaíocht radioactivity bainne bearrtha skim milk ====================================================================== Coincréit nua-aoiseach chugainn ? Tá eolas ag cách ar choincréit agus ar a hoiriúnacht, ar a neart i gcomhbhrú, ar a brisce i dteannas agus ar a piochánacht d'uisce. Cinneann na hairíonna seo conas is féidir an t-ábhar uilíoch seo a úsáid agus ar conas a loiceann sé faoi dheireadh i struchtúir. Is iomaí iarracht a deineadh chun na hairíonna a fheabhsú, trí ábhair chomhlántacha a mheascadh leis an mbunábhar agus tríd an choincréit stalctha a threisiú le cruach. Tá comhábhar nua polaiméarach amháin áfach, alcól polaiviníle, atá á thástáil i Meiriceá, a líonann na piocháin i mionstruchtúr na coincréite agus a dhéanann i bhfad níos buaine agus níos frithsheasmhaí i gcoinne uisce agus seaca í. Méadaíonn an t-ábhar breise seo neart na coincréite isteach is amach faoin a deich, de réir na n-eolaithe. Tá coincréit níos solúbtha agus níos fearr i dteannas á fhorbairt trí shnáithíní gloine, nó cruach nó plaistigh a mheascadh leis an gcoincréit agus a shnadhmadh ina mionstruchtúr. Más fíor na forbairtí seo agus más fadtéarmach na feabhsuithe sna hairíonna bunúsacha, ní hamháin go mbeidh coincréit i bhfad níos fearr agus níos saoire do na gnáthfheidhmeanna coincréite, ach beidh an iliomad feidhmeanna nua san innealtóireacht agus fiú sa bhaile nár smaoiníodh orthu riamh roime seo i leith choincréite. Leanfaidh coincréit, ach í feabhsaithe as cuimse, mar bhunábhar fhostruchtúr an chead céad ar fhiche díreach mar a bhí sa bhficiú céad. [New York Times, 25 Meitheamh 1991] ====================================================================== Cad mar gheall ar radón i dtithe na hÉireann ? bhar radaighníomhach is ea radón agus tá leathré ghairid (beagnach 4 lá) aige. Astaíonn sé alfa-pháirteagail agus den chuid is mó is furasta cosaint ar na páirteagail seo de bhrí nach bhfuil siad ró-threáiteach. Ach is gás é radón agus má tá sé saor san aer is féidir é a ionanálú isteach sna scámhóga, áit a thagann na halfa-pháirteagail an-ghar d'fhíocháin shoghortaithe. Ní flúirseach an gás seo. Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil idirleathann sé go mall amach ó charraigeacha i bhfoscreamh na talún agus tagann sé isteach i dtithe tríd an mbunshraith. Muna maith an t-aerú sa teach fanann an radón ann agus fiú tiubhaíonn sé ann. Meastar gur féidir go mbeadh na mílte cásanna d'ailse curtha ar bun ag an radón teaghlaigh seo i Meiriceá, sa Bhreatain agus sa tír seo freisin, in aghaidh na bliana. treáiteach penetrating fíochán soghortaithe vulnerable tissue ====================================================================== Teilifís le clárú ardghéire Sa ghnáthghléas teilifíse péinteáltar an íomhá i 625 línte cothrománacha comhthreomhara agus athdhéantar an phéinteáil seo le minicíocht de 25 Hz. Cinneann an oiread línte seo an íogaireacht nó taifeach spásúil is féidir a fháil san íomhá theilifíse. Tá an-iarracht ar siúl ar fud an domhain ar phictiúir níos íogaire a sholáthar ar an teilifís agus íomhánna ardghéire a thugtar ar aidhm na hoibre seo. Suas go dtí 1056 línte atá i gceist anseo. Tá coimheas féachana na híomhá le hathrú freisin go dtí cruth 16:9 ar an scannán ach é fós freagrach do ghnáthghléas an lae inniu. San Eoraip tá pleananna ann córas mar seo a bheith tarchurtha agus ar fáil ar bhonn trachtála faoi 1995. Ach tá deacrachtaí móra os comhair na hoibre seo. Ar an gcéad dul síos bheadh raon i bhfad níos mó minicíochtaí nó raonleithead i bhfad níos mó, sa chomhartha videó i dteilifís ardghéire. Ní mór do gach chiorcad sa chóras an comhartha seo a láimhseáil i gceart. Lena chois sin tá an-aighneas ann ar na caighdeáin idirnáisiúnta chun go mbeadh na híomhánna láninmhalartaithe ar fud an domhain. [Electronic World News, 10 Nollaig 1990] ====================================================================== An rás chun comhleá a smachtú Is é atá i gceist i gcomhleá ná imoibriú idir dúile fíorbheagam de shaghas deoitéiriam agus tritiam (atá araon ina n- iseatóip de hidrigin) chun dúil nua, héiliam sa chás seo, a chruthú. Bíonn an-chuid fuinnimh mar fhotháirge ar an imoibriú seo. I dtíortha ar fud an domhain táthar ag iarraidh an t- imoibriú seo a chur ar siúil ar bhonn leanúnach stiúrtha chun an fuinneamh a fháil uaidh agus cumhacht leictreach a ghiniúint uaidh sin. Ach ní théann an t-imoibriú ar aghaidh an oiread agus is fiú trácht air ach nuair atá teocht fhíor-ard agus brú fíor- ard i bhfeidhm. Níl sé éasca ná saor na coinníollacha seo a chomhlíonadh. Tá dhá phríomh-mhodh á fhorbairt agus á thástáil sna scéimeanna comhleáite. Sa scéim iar-Eorpach atá lonnaithe i gCulham i Shasana, an Comhthóras Eorpach mar a tugtar air, táthar ag iarraidh na himoibreáin a sháinniú agus a théamh a dhóthain i réimse maighnéadach i bhfoirm tórais nó thaoschnó. Is é an tuar nach mbeidh fuinneamh le fáil ón ollthurgnamh seo roimh deireadh an chéid seo. I Meiriceá agus sa tSeapáin is é atá á iarraidh acu ná léasacha fíor-dhiana léasarsholais a dhíriú ar mhéid sáinnithe de na himoibreáin. D'ionsúfaí an-chuid d'fhuinneamh an tsolais sna himoibreáin, rud a inphléascfadh na himoibreáin ar a chéile a dhóthain chun an t-imoibriú a chur ar aghaidh. De réir dealraimh tá an-dul chun cinn á dhéanamh ar na léasair chumhachtacha is gá chun na hoibre seo a dhéanamh. Agus táthar ag tuar gur féidir go mbeadh fuinneamh inúsáidte le fáil ón gcóras seo níos luaithe ná ón tóras eile. [Physics World, Lúnasa 1991] ====================================================================== Nuacht ar leabhar Fisic Shinsearach 3 - Leictreachas le Dr. Matt Hussey (An Gúm). Seo an tríú chuid den leabhar fisice le haghaidh na hArdteistiméireachta atá á fhoilsiú ina chúig aonad. Bunleabhar Gaeilge atá anseo. Ar na hábhair a chlúdaítear san aonad seo, tá leictreastataic, sruth díreach leictreach, fuinneamh agus cumhacht leictreach, airíonna ceimiceacha an leictreachais, maighnéadas, leictreamaighnéadas, ionduchtú leictreamaighnéadach agus sruth ailtéarnach leictreach. Tá leagan amach an leabhair seo ar aon dul leis an dá aonad roimhe , Meicnic agus Tonnghluaisne Mheicniúil, agus Teas, le neart samplaí, turgnamh agus léaráidí dhá dhath scaipthe tríd an téacs soiléir inléite. Beidh an ceathruú haonad den leabhar, Solas, ar fáil go luath amach anseo. ====================================================================== Lampaí nua gluaisteán chugainn ? Gealbhruthaíl is bun le astaíocht sholais sa ghnáthlampa leictreach: seoltar sruth leictreach trí shreang, éiríonn an t- sreang te dá barr, agus má tá an t-sreang te go leor - abair thar 800oC - astaítear solas sofheicthe chomh maith le méid mór solais infridheirg. De réir mar a ardaíonn teocht na sreinge is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón sreang te (dlí Stefan), agus aistríonn buaic an speictrim chuig tonnfhad níos giorra (dlí Wien) agus athraíonn dath an tsolais ó dhearg go buí. Chun lampa gealbhruthach éifeachtach a dhéanamh, bá bhreá dá mbeimid in ann a theocht a ardú chuig 6000oC, teocht dhromchla na gréine, sa dóigh is go mbeadh buaic speictream an lampa i lár an réimse sofheicthe, díreach mar atá buaic speictream na gréine. Ach fiú le tungstan, an miotal is airde leáphointe, is deacair dul mórán thar 3000oC, mar galaíonn an tungstan ón sreang, rud a lagaíonn í. Chomh maith leis sin tuirlingíonn an ghal ar an ngloine, rud a dhorchaíonn é. De bharr na teochta ísle seo, 3000oC, astaítear cuid mhór solais infridheirg ó lampa gealbhruthalach ar bith dá bhfuil ann agus ní astaítear mar sholas sofheicthe ach b'fhéidir 5% den fhuinneamh leictreach. Is ar éigin a astaítear solas ultraivialait ar chor ar bith ó lampa tungstain. Ach tá lampaí ann nach bhfuil bunaithe ar ghealbhruthaíl, ach ar sheoladh leictreachais trí ghás: sa chás sin, in áit speictream leanúnach a astú, astaíonn an lampa speictream líne (neamhleanúnach), speictream a shocraítear don chuid is mó ag struchtúr adamhach an gháis féin seachas ag an teocht. Mar sin, is féidir le lampa den tsórt seo méid áirithe solais ultraivialait a astú, ag brath ar an ghás a úsáidtear ann. De réir tuairisce i "New Scientist" tá tástáil a dhéanamh sa tSualann ar lampaí gluaisteáin a astaíonn cuid mhaith solais ultraivialait, rud a bheadh de ghnáth ina mhí-bhuntaiste, mar ní fheictear an solas ultraivialait. Ach ins na tástálacha seo baintear úsáid as an solas ultraivialait chun sruthshoilseacht a spreagadh i bpéint speisialta ar chomharthaí bóithre agus ar éadaigh choisithe. Braitheann an sruthshoilseacht ar cheimicí atá in ann an chumhacht a fhaigheann siad ó sholas ultraivialait a athastú mar sholas sofheicthe: díreach mar a oibríonn púdair níocháin "níos gile na geal", a astaíonn an méid suntasach ultraivialait i solas an lae chuig solas sofheicthe. Níl sé i gceist na lampaí a úsáid ach amháin i rith droch-aimsire: ceaptar go bhfuil a dhóthain solais ultraivialait uathu chun deileáil le ceo, báisteach agus sneachta. [New Scientist, 19 Eanáir 1991] ====================================================================== Géinte na hAilse Tá tugtha faoi deara ag na taighdeoirí a bhíonn ag plé le ceimiteiripe ailse go dtarlaíonn dul chun cinn suntasach go tréimhsiúil. Le roinnt bliana anuas, is ar dhrugaí ciotatocsacha a bhí lucht leighis ag brath, leis na cealla ailse a mharú. Ach tá treo na taighde dírithe anois ar staidéar na n-oncaigéinte, i.e. géinte na hailse, agus ar a dtorthaí próitéine siúd. Séard atá á lorg anois ná ceimiceáin a bheadh gníomhach ina n-aghaidh siúd. Is léir áfach, ó stair an cheimiteiripe gur ghnáth bearna ama 10 - 15 bliain ón am a bhfaightear léargas nua go dtí go mbíonn toradh na hoibre sin le feiceáil ar chúram na n-othar. Mar sin is iad na grugaí ciotatocsacha a bheidh in úsáid go ceann tamaill fós. (Concubhar Ó Ceallacháin) géin, gene ailse, cancer oncaigéin, oncogene, cancer gene ceimiteiripe, chemotherapy ciotatocsach, cytotoxic ====================================================================== Modh ginte nua solais - solas ionduchtúcháin Tá gnáthsolas gealbhruthach leictreach againn le céad bliain agus solas díluchtucháin idir-leictreodach trí ghás againn le leath-chéad bliain. Le déanaí áfach, tá eolaithe de chuid Philips in Eindhoven na hOllainne tar éis modh nua dinte solais trí ionduchtú a aimsiú. De réir dealraimh beidh lampaí den tsaghas réabhlóideach seo ar an mhargadh sa Eoraip faoi Fhómhar na bliana seo. Is iad na buntáistí a bhaineann leis na lampaí nua seo, i gcomparáid leis na gnáthlampaí, ná (a) go mbeidh saol an-fhada de 60000 uair acu, timpeall sé oiread saol na ngnáthlampaí, (b) go mbeid siad níos éifeachtaí, ag soláthar níos mó solais de réir an fhuinnimh ionchuir leictrigh, agus (c) nach mbeidh iontu aon chomhábhar so-bhriste, ach amháin an clúdach gloine. Beidh siad oiriúnach go háirithe i gcomhair áiteanna do-shroichte. Sa bholgán nua tá gal mhearcair faoi ísealbhrú agus ionduchtaítear sruth ard-mhinicíochta sa ghal seo le corna ionduchtúcháin atá suite taobh istigh den chlúdach gloine. Spreagann an sruth seo leictreoin sna móilíní mearcair, á n-ardú chuig fithiseáin níos fuinniúla amach óna núicléis. Nuair a fhilleann na leictreoin ar a bhfithiseáin féin beagán níos déanaí, astaítear solas ultraivialait uathu. Imbhuaileann an radaíocht seo an fosfar fluaraiseach a chlúdaíonn taobh istigh na gloinne, spreagann sé na leictreoin sa fosfar agus beagán níos déanaí astaíonn siad siúd solas infheicthe. [Iris Institúid na n-Innealtóirí Soilsiúcháin, Londain, Iml. 56, Uimh. 2, 1991] ionduchtú, induction gealbhruthach, incandescent leictreoid, electrode éifeachtach, efficiency comhábhar, component corna ionduchtúcháin, induction coil fithiseán, orbital fluaraiseach, fluorescent ====================================================================== Tóir ar feithicídí nádurtha, glasa Tá cineálacha éagsúla feithidicídí orgánacha ann - cuid acu atá an-nimhneach agus an-bhuan sa timpeallacht. Sa lá atá inniu ann, tá brú mór á chur ag an ngluaiseacht glas, substaintí nádurtha a úsáid seachas na cinn sintéiseacha. ís iomaí substaint a bhaintear as plandaí atá úsáideach don duine. Orthu siúd tá pireatram a bhaintear as gcriosantamam agus a úsáidtear mar feithicíd sa talmhaíocht. Ag comhdháil idirnáisiúnta i mBaile µtha Cliath le gairid, rinne eolaí Ioruach cur síos ar thrialacha atá á ndéanamh anois le pireatram chun míol bradáin a mharú i bhfeilmeacha éisc. Tá trialacha á ndéanamh freisin gairleog a chur le bia bhradáin chun an míol a chur faoi smacht. Padraic de Bhaldraithe feithidicíd, insecticide sintéiseach, synthetic pireatram, pyrethrum míol bradáin, salmon louse gairleog, garlic ====================================================================== Comórtas i gcomhair daltaí scoile Ficheall focal Seol do réiteach chugainn, cuirfear na réitigh chearta i mála agus beidh éarlais leabhar de luach œ10 ar an gcead ceann a tharraingeófar as an mála. Trasna 1. An-chuid chiorcad leictreacha, ceangailte le chéile. 4. Caidéalaíonn sé an fhuil. 6. Cuireann laofacht i ndé-óid an cosc seo le sruth trithi. 7. µbhar inite. 8. Bogearra ríomhaire. 9. Rud a dhéanann gunna. 11. µbhar nach leacht ná solad é. 14. Gan úsáid na súl. 16. Focal eile ar "béal". 17. Duaiseanna cáiliúla san eolaíocht. 18. Falla a choimeádann uisce taobh thiar de. 19. Éadaí a chaitear sa saotharlann. 22. Imoibriú idir ocsaigin agus bia sa chorp. Anuas 1. Mír bheag den adamh. 2. Orgán sa chorp a iompraíonn comharthaí leictreacha. 3. An t-orgán is mó sa chorp. 4. Cuairteoir a thagann go rialta ón spás, ach go mbíonn blianta idir chuairteanna. 5. Taos leighis. 6. Inbhear cois fharraige. 10. Gléas ginte fuaime poiblí. 12. Gearrtar adhmad agus ábhair eile leis seo. 13. Siombail cheimiceach ar antamóin. 15. Milleadh ag an aimsir. 16. Taobh amháin. 18. Uirlis rothlaithe cheardlainne. 20. Bia soladach díorthaithe ó bhainne. 21. Borradh de bharr ghortaithe. ====================================================================== An bhfuil aon smaointe agat ar conas an céad eagrán eile a fheabhsú ? Seol chugainn iad agus beidh duais don mholadh is fearr.