An tEolaí NUACHTLITIR EOLAIOCHTA & TEICNEOLAIOCHTA BEALTAINE 1991 Eagrán 1 =================================================================== Fionnadh grianghrafadóireacht dhaite i mBaile Atha Cliath beagnach céad bliain ó shin. Tá taispeántas le bheith i bPobalscoil Lios na Coille i dTamhlacht, ó 7 go dtí 24 Bealtaine, ar obair cheannródaíochta John Joly (1857 - 1933) ar ghrianghrafadóireacht dhaite. Fear as Chontae Uíbh Fháilí ab ea Joly a chaith cuid mhaith dá shaol ar fhoireann Choláiste na Tríonóide, agus a thóg paitinn amach ar a phróiseas i 1894. Tá roinnt dá phictiúir dhaite, a tháinig chugainn slán trí chéad bliain d'ár stair, curtha in eagar don taispeántas ag Stephen Coonan as Institúid Theicneolaíochta Bhaile Atha Cliath. Léiríonn siad próiseas agus torthaí ceann de na heolaithe ba thábhachtaí agus b'ildánaí riamh de bhunadh na tíre seo. =================================================================== Chernobyl arís San astitim a tharla in Éirinn de bharr na tubaiste núicléiche i Chernobyl, bhí íseatóip radaighníomhacha éagsúla. Ina measc bhí caesiam-137 ag a bhfuil leathré de 30 bliain. Ionsúitear an dúil seo isteach sa bhféar ón ithir agus cruinníonn sí faoi dheireadh i mbainne na bó. Bhí leibhéal radaighníomhaíochta suas go dtí 340 Bequerel de réir an líotair i mbainne sa tír seo ag an am agus laghdaidh an leibhéal go tapa ina dhiaidh sin. Bhí na leibhéil arda sin níos lú ná an leibhéal tairseachúil de 370 Bequerel sa líotar atá leagtha amach ag an gComhphobal Eorpach chun teorainneacha a chur ar úsáid bhainne. I dtaighde a foilsíodh le déanaí ag an mBord um Fhuinneamh Núicléach, fuarthas go raibh tromlach na radaighníomhaíochta sa bhainne bearrtha agus gur lú an tiúchan radaighníomhaíochta sa tsaill nó i dtáirgí na saille, im nó uachtar. Ba mhó an tiúchan i gcáiseanna agus ba mhó faoin a deich an tiúchan a fuarthas i bpúdar bainne bhearrtha. [Tráthscéal Éireann, 4 Aibreán 1991] =================================================================== Leictreafóibe i Meiriceá Tá conspóid theasaí ar siúl i Meiriceá le blianta anuas, ar díol iontais é nár iomportáileadh isteach sa tír seo fós í, ar an mbaol ar féidir a bheith ann ó na réimsí leictreamaighnéadacha a bhaineann leis na conduchtóirí ard-theannais de chuid údaras soláthar an leictreachais. Nuair a bhíonn sruth ag rith sna sreanga seo, tarchuireann siad tonnta leictreamaighnéadacha de mhinicíocht an t-srutha ailtéarnaigh, san aer mórthimpeall orthu. I gcomparáid le micreathonnta, is minicíocht fhíorbheag (50 Hz sa tír seo agus 60 Hz i Meiriceá) a bhíonn i gceist agus uaidh sin tugtar ELF (extremely low frequency) ar an bhfeiniméan. Iompraíonn na tonnta seo fuinneamh leictreamhaighnéadach agus tugtar déine na toinne ar an oiread fuinnimh de réir an tsoicind a fhorleathann trí mhéadar cearnach san aer. Laghdaíonn déine na dtonnta seo ar a laghad i gcomhréir leis an bhfad amach ó na sreanga sruthiompartha. Taistealaíonn na tonnta leictreamaighnéadacha íseal- mhinicíochta go héasca trí fhíocháin an choirp agus is féidir leo sruthanna leictreacha a ionduchtú sna fíocháin. Ag minicíocht chomh híseal le 50 Hz agus ag na déiní a bhfaightear gar do chonduchtóirí ard-theannais, ní fiú le háireamh an téamh a tharlaíonn sna fíocháin agus is imoibriú ar a dtugtar leictreaspreagadh is mó a tharlaíonn. Ach is lú déine na réimse maighnéadaí agus déine na réimse leictrí sna fíocháin de bharr an nochtaidh seo ná na déiní logánta sa chorp de bharr bhithleictreachais na hinchinne nó an chroí féin. Níl aon eolas mar sin ar aon imoibriú tairseachúil a d'fhéadfadh tús a chur le drochthoradh sna fíocháin. Mar sin féin tá imní leathan ann, fiú i measc eolaithe agus teicneolaithe, go dtarlaíonn a leithéid de dhrochthorthaí, ailse agus eile, de bharr nochtaidh do na réimsí leictreamaighnéadacha 60 Hz i Meiriceá. Tá an Ghníomhaireacht um Chosaint na Timpeallachta de chuid rialtas Mheiriceá tar éis an imní seo a ghlacadh le déanaí agus staidéir a spreagadh ar aon bhaint ar bith is féidir a bheith idir ailse i ndaoine sa timpeallacht agus na réimsí seo. Tá seans nach réiteófar an cheist seo go sásúil don phobal go luath. [New York Health Physics Society, Brookhaven, 15 Márta 1991] =================================================================== Bhí an Jeep 50 bliain d'aois níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fheithicil scafánta shaor seo ar dtús i rith an dara chogaidh dhomhanda don arm Meiriceánach. Ba chuma cé chomh gránna is a bhí an fheithicil, glacadh leis an Jeep de bhrí go raibh a áisiúlacht agus a solúbacht ar gach shaghas talún chomh mór sin riamh. [Scientific American, Márta 1991] =================================================================== Cad mar gheall ar radón i dtithe na hÉireann ? Abhar radaighníomhach is ea radón agus tá leathré ghairid (beagnach 4 lá) aige. Díscaoilleann sé alfa-cháithníní agus den chuid is mó is furasta cosaint ar na cáithníní seo de bhrí nach bhfuil siad ró-threáiteach. Ach is gás é radón agus má tá sé saor san aer is féidir é a ionanálú isteach sna scámhóga, áit a thagann na halfa-cháithníní an-ghar d'fhíocháin shoghortaithe. Ní flúirseach an gás seo. Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil idirleathann sé go mall amach ó charraigeacha i bhfoscreamh na talún agus tagann sé isteach i dtithe tríd an mbunshraith. Muna maith an t-aerú sa teach fanann an radón ann agus fiú tiubhaíonn sé ann. Meastar gur féidir go mbeadh na mílte cásanna d'ailse curtha ar bun ag an radón teaghlaigh seo i Meiriceá, sa Bhreatain agus sa tír seo freisin, in aghaidh na bliana. [ =================================================================== Usáid ríomhairí mar aistritheoirí teanga I dtús ré na ríomhairí shíltí nach mbeadh mórán stró ar ríomhairí téacs i dteanga amháin a aistriú i dteanga eile. Ní bheadh i gceist ach focail a chur le chéile le foclóirí agus cúpla rialacha gramadaí a chur san áireamh. Ach ní mar a shíltí a tharla. Ba deacair an gnó i ndáiríre mar gheall ar éagsúlachtaí brí focal, ar mhiondifríochtaí in úsáid focal agus ar struchtúir éagsúla abairtí. Le blianta fada níor dhearnadh mórán dul chun cinn seachas aistriúcháin gharbha fheidhmeacha ach arbh ghá a cheartú agus a eagrú ag duine eolaitheach roimh iad a fhoilsiú. Ach le déanaí táthar ag iarraidh bealach eile aistrithe a fheidhmiú. Táthar ag tarraingt brí na bhfocal agus na habairte as an téacs i mBéarla mar shampla, le ríomhaire, ag taisciú na brí seo i dteanga éigin inmheánach an ríomhaire agus ansin an bhrí sin a sholáthar sa dara theanga, i bhFraincís mar shampla. Is éagsúil an modh oibre seo ar an seanmhodh nirt bhrúidiúil agus tá an buntáiste ag baint leis gur éasca an t-aistriú in aon cheann de an-chuid teangacha ó theanga inmheánach an ríomhaire. Is eiseamláir an úsáid seo ríomhaire d'intleacht shaorga, bealach úsáidte ríomhaire ina ndéantar iarracht an gléas a thiomáint ar mhodh cosúil le modh oibre na hinchinne daonna. Mar shampla in aistriú na habairte, "Thógas an císte ón mbord agus d'itheas é," bheadh sé indéanta dóthain eolais a thaisciú sa ríomhaire chun gur féidir leis a dhéanamh amach le dochúlacht ard gurbh é an císte a d'itheas agus nárbh é an bord a d'itheas. I Meiriceá anois tá ar a laghad dhá chomhlacht le córais aistriúchain ar an mhargadh, ach bíonn gá fós le duine, áit éigin san aistriú chun slacht a chur ar obair an ríomhaire. Tá aistriú neamhdhaonnúil chugainn, am éigin amach anseo. Ach fós, foghlaimigh do chuid theangacha. [New York Times, 5 Márta 1991] =================================================================== Teilifís le clárú ardghéire Sa ghnáthghléas teilifíse péinteáltar an íomhá i 625 línte cothrománacha comhthreomhara agus athdhéantar an phéinteáil seo le minicíocht de 25 Hz. Cinneann an oiread línte seo an íogaireacht nó taifeach spásúil is féidir a fháil san íomhá theilifíse. Tá an-iarracht ar siúl ar fud an domhain ar phictiúir níos íogaire a sholáthar ar an teilifís agus íomhánna ardghéire a thugtar ar aidhm na hoibre seo. Suas go dtí 1056 línte atá i gceist anseo. Tá coimheas féachana na híomhá le hathrú freisin go dtí cruth 16:9 ar an scannán ach é fós freagrach do ghnáthghléas an lae inniu. San Eoraip tá pleananna ann córas mar seo a bheith tarchurtha agus ar fáil ar bhonn trachtála faoi 1995. Ach tá deacrachtaí móra os comhair na hoibre seo. Ar an gcéad dul síos bheadh raon i bhfad níos mó minicíochtaí nó raonleithead i bhfad níos mó, sa chomhartha video i dteilifís ardghéire. Ní mór do gach chiorcad sa chóras an comhartha seo a láimhseáil i gceart. Lena chois sin tá an-aighneas ann ar na caighdeáin idirnáisiúnta chun go mbeadh na híomhánna láninmhalartaithe ar fud an domhain. [Electronic World News, 10 Nollaig 1990] =================================================================== An teach nua-aoiseach ríomhaithe Tá comhluchtaí leictreonacha go gnóthach i mbun oibre ar gléasanna uile leictreacha agus fiú fuinnimh an teaghlaigh a eagrú agus a chaighdeánú chun an córas go léir a uathoibriú. Is é atá i gceist acu ní hamháin téamh, soilsiú agus cócaireacht a tharraingt isteach faoi stiúir ríomhaire, ach na gléasanna teleacumarsáide - teilifís, taifeadán video, raidió, teileafón , córas ceoil (gramafón, teipthaifeadán, gléas dlúthdhiosca), ríomhaire baile, videotheileafón, buirgléir-rabhadh, miontheilifís agus eile, a chur faoi smacht ríomhaire lárnaigh. Beidh teilisiopadóireacht, teileamhargaíocht, teile- íocaíocht, teilea-obair, teilea-oideachas ar gach leibhéal, agus a lán eile nach iad faoi stiúir an ríomhaire seo. Saol nua misniúil i ndáiríre agus tá an-chuid den teicneolaíocht is gá ar fáil faoi seo. Ach arbh mhaith leat conaí ina leithéid de theaghlach ? [Electronic World News, 10 Nollaig 1990] =================================================================== Antashubtaintí Glacann antashubstaintí príomhpháirt sa chóras imdhíonach i gcosaint an choirp i gcoinne an-chuid galar. Taistealaíonn siad den chuid is mó le himshruthú na fola, agus mar a bheadh diúracáin dhírithe iontu seachnaíonn siad cealla sláintiúla ach déanann siad ar fhrídíní nó ar víorais chun iomaíocht leo agus iad a chur ar ceal. Tá an-chuid taighde déanta ar antashubstaintí monachlónacha, a déantar ar shlí éigin taobh amuigh den chorp, mar shampla in ullmhuithe de chealla ar leith nó in ainmhithe beaga, agus a instealltar san imshruthú ansin. Ba deacair dóthain de na hantashubstaintí a dhéanamh ar bhonn tráchtála. Ach tá na móilíní gabhlógacha á dhearadh anois le ríomhairí agus á thógáil ar bhealach, ar a thugtar innealtóireacht mhóilíneach, chun go bhfuil seans maith ann gur féidir an cruth agus an méid is gá a sholáthar d'othar ar bith le galar ar bith. Piléar draíochta i ndáiríre a bheadh in a leithéid. [New Tork Times, 5 Márta 1991] =================================================================== Cad ba chóir a dhéanamh le brúscar teaghlaigh agus tionscail ? Le himeacht aimsire is i méid atá líon agus fadhb an bhrúscair ag dul ar fud an domhain. Is cinnte nach leor a thuilleadh é a dhumpáil díreach sa bhfarraige amach ón gcósta ná i bpoll ollmhór faoi thalamh ná i gcarn ollmhór ar an talamh. Cuireann iompar an bhrúscair agus an láithreán dumpála féin isteach go mór ar an timpeallacht sa chomharsanacht agus go minic thruaillíonn ceimiceáin a laisteann amach on mbrúscar agus isteach sa talamh, an t-uisce faoin talamh a sholáthraíonn faoi dheireadh uisce inólta do na daoine. Cuireann an iomarca dumpála sa bhfarraige isteach ar na h-éisc, á nimhiú nó á ndéanamh do- ite. De réir a chéile tá athrothú ag teacht chun tosaigh mar chuid de réiteach ar an bhfadhb seo. Chun an fhírinne a rá bíonn an-chuid ábhar agus rud inúsáidte fágtha i ngnáthbhrúscar an teaghlaigh nó an tionscail. Ní fiú dúinn go hiondúil iad a tharrtháil agus a athúsáid. Mar sin caithimíd buidéil, cannaí stáin agus alúmanain, páipéar, boscaí cairtchláir, éadaí, troscáin agus a lán eile amach díreach is dá mba gan leas iad. Chun athrothú a chur i bhfeidhm ní mór na hábhair agus na rudaí inúsáidte a scagadh agus a choimeád scartha roimh iad a chur sa chóras athrothaithe. Chuir cúpla chathair sna Stáit Aontaithe agus san Ioruaidh monarchana athrothaithe ar bun chun an scagadh a dhéanamh ar bhonn tionscail, agus fiú cuid den bhfuilleach a dhó i stáisiún ginte leictreachais. De réir dealraimh níor éirigh go hiontach leis na hiarrachtaí sin ó thaobh airgeadais de. Ach tá níos mó béime á leagan sa tír seo, agus caithfear a admháil nach mór an bhéim seo fós, ar bhealaí íseal- teicneolaíochta, ina ndéanann an duine sa bhaile cuid mhaith den scagadh agus gnó-eagraithe nó eagraíochtaí deonacha aon ábhar nó rud inúsáidte a dhíol ar aghaidh. Má éiríonn leis na fiontair seo bheadh tionchar acu ar na bunthionscail sholáthartha, ar a modhanna pacála agus eile. Níl dabht ach go n-athródh a leithéid an-chuid den saol in ár dtimpeall. Bheadh gá le i bhfad níos lú dumpála ar thalamh ná sa bhfarraige ná mar atá inniu. Ach níl sé soiléir fós an gcosnódh sé níos lú ná mar a tharlaíonn córas an lae inniu, nó cé a ghnóthódh an chuid is mó as. Sa chas seo tiománann na costais ghearrtéarmacha agus dlithe an mhargaid mar atá sé, an cheist seo agus fós ní thagann an eolaíocht nó an tsabháilteacht fhadtéarmach chomh mór sin san áireamh agus ba chóir. Cad a shíleann tú féin faoi na ceisteanna seo ? Cad is féidir leat nó le do scoil, a dhéanamh chun athrothú a chur chun cinn ? [New York Times, 26 Feabhra 1991] =================================================================== Iomhaíocht agus ríomhairí in úsáid i máinliacht na blaoisce agus na haghaidhe I máinliacht an chinn, máinliacht phlaisteach nó mainliacht atógála, tá sé fíorthábhachtach don othar go mbeadh an toradh soghlactha agus fiú áluinn. Bíonn pleanáil bunúsach ina leithéid d'obráidí. Tá máinlianna i Meiriceá ag baint úsáide as íomhaíocht x-ghathach agus as ríomhairí sa phleanáil seo chun torthaí fíormhaithe a fháil. Soláthraíonn córais íomhaithe X-ghathacha íomhánna trasghearrthacha den chloigeann agus léiríonn siad na cnamha agus mionstruchtúir na hinchinne. Leis na ríomhairí ansin is féidir na híomhánna a láimhseáil agus a athrú chun dearcadh tréthoiseach a fháil agus chun torthaí ar phróisis éagsúla a réamhinsint. Is féidir aon obráid a phleanáil go mion ó thús go deireadh, na deacrachtaí a sheachaint, na huirlisí is fearr a roghnú, an modh oibre a leagan amach agus cruth inghlactha a chur i gcrích ar cheann an othair. Fiú le linn na hobráide baintear feidhm as an íomhaíocht ríomhaireachta chun dul chun cinn a shonrú agus aon athdhíriú is gá a dhéanamh. [New York Times, 19 Feabhra 1991] =================================================================== Dúpholl ollmhór nua aimsithe Tá triúr réalteolaithe as Mheiriceá díreach tar éis réad ollmhór nua a aimsiú sna spéartha gurbh fhéidir gur dúpholl é atá idir 10 agus 100 oiread níos mó ná a cheaptaí gur féidir aon dúpholl a bheith. Is réad spáis é dúpholl atá chomh méadúil sin go bhfuil a fhórsa imtharraingthe chomh láidir sin nach féidir le solas fiú éalú uaidh. Braitheadh an réad seo le teileascóp de thrastomhas 88 n- órlach atá suite timpeall 4 mhíle méadar suas san aer glan ar an mbolcán ídithe Mauna Kea in Hávaí. De réir dealraimh tá an réad nua seo idir dhá réaltra atá ag imbhualadh i gcoinne a chéile. Tá na gáis agus na réaltaí i gceann amháin díobh seo i ndiosca ag déanamh guairneáin timpeall ar a lár sa mhodh bíseach céanna agus atá ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne. Ach tá an t-ábhar sa dara cheann ag rothlú ag timpeall milliún méadar sa tsoicind gar dá lár. On luas fíorard seo ríomhtar go bhfuil mais i lár an réaltra seo atá cothrom le mais iomlán ár réaltra, ach í comhbhrúite i dtoirt timpeall 10 mhíle oiread níos lú. Is ar an ábhar seo a mheabhraítear gur dúpholl nua atá i gceist. Ach níl na réalteolaithe cinnte faoi sin fós. [Irish Times, 11 Aibreán 1991] =================================================================== Nuacht ar leabhar Fisic Shinsearach 2 - Teas le Dr. Matt Hussey (An Gúm). Seo an dara chuid den leabhar fisice le haghaidh na hArdteistiméireachta atá á fhoilsiú ina chúig aonad. Bunleabhar Gaeilge atá anseo. Ar na hábhair a chlúdaítear san aonad seo, tá teocht, teas, forbairt theirmeach, aistriú teasa trí sheoladh, chomhiompar agus radaíocht, agus teoiric na ngás. Tá leagan amach an leabhair seo ar aon dul leis an gcéad aonad, Meicnic agus Tonnghluaisne Mheicniúil, le neart samplaí, turgnamh agus léaráidí dhá dhath scaipthe tríd an téacs soiléir inléite. Beidh an tríú haonad den leabhar, Leictreachas, ar fáil go luath amach anseo. =================================================================== Na dóiteáin sa Chuáit, lig mar atá nó múc iad ? Tá mórán daoine buartha, ar chúiseanna éagsúla, faoi na dóiteáin ola atá as smacht sa Chuáit faoi láthair. Tá ola á chur amú, i dtús báire. Tá salachar uafásach ag teacht ó na tinte. B'fhéidir go mbeidh droch-thionchar ar aeráid an Mheán-Oirthir, agus b'fhéidir ar aeráid an domhain, ag an súiche dubh atá ag spalpadh amach uathu lá i ndiaidh lae. Ach ní hionann sin is a rá gur chóir na dóiteáin a mhúcadh láithreach, scun scan. Go teoiriciúil, ar aon nós, d'fhéadfaí sin a dhéanamh trí phléascán a scaoileadh ag bun na tine, chun ocsaigin a bhaint di. Ach cad a bheadh fágtha ansin ? Ola agus gás nimhiúil ag teacht amach i dtuile a bheadh níos contúirtí fós ná an toit do na daoine sa réigiúin. Mar sin níl sé i gceist ag an lucht dóiteán tine a mhúcadh go dti go bhfuil trealamh éigin réidh chun an sruth ola a stopadh go gairid ina dhiaidh sin. San idirlinn, ar chóir na tinte a fhágáil mar atá ? Ní chóir, a deir Russell Seitz. Tá beart molta aige nach smaoineódh mórán doine air ar dtús báire: murar féidir tine a mhúcadh díreach anois, cuideoimís leis dó níos fearr ! Cuireann sé ar ár súile dúinn go bhfuil súiche dubh ag teacht ó na tinte mar nach bhfuil ach b'fhéidir 75% den aer acu a bheadh ag teastáil chun lasar glan a dhéanamh. Mar sin, molann sé aer breise a sholáthar, díreach mar a dhéantar le dóire Bunsen nó Meeker chun lasar gorm a fháil in ionad lasair ghil. Maíonn sé freisin gur lú a bhéas an astaíocht teasa ón lasar glan gorm ná ón lasar súicheach, agus mar sin go mbeadh seans ag an talamh thart ar an tine fuarú beagán, rud a bheadh áisiuil i gcomhair mhúcadh na tine sa deireadh. [Nature, 21 Marta 1991] =================================================================== Lampaí nua gluaisteán chugainn ? Gealbhruthail is bun le astaíocht sholais sa ghnáthlampa leictreach: seoltar sruth leictreach trí shreang, éiríonn an t- sreang te dá barr, agus má tá an t-sreang te go leor - abair thar 800oC - astaítear solas sofheicthe chomh maith le méid mór solais infridheirg. De réir mar a ardaíonn teocht na sreinge is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón sreang te (dlí Stefan), agus aistríonn buaic an speictrim chuig tonnfhad níos giorra (dlí Wien) agus athraíonn dath an tsolais ó dhearg go buí. Chun lampa gealbhruthail éifeachtach a dhéanamh, bá bhreá dá mbeimid in ann a theocht a ardú chuig 6000oC, teocht dhromchla na gréine, sa dóigh is go mbeadh buaic speictream an lampa i lár an réimse sofheicthe, díreach mar atá buaic speictream na gréine. Ach fiú le tungstan, an miotal is airde leáphointe, is deacair dul mórán thar 3000oC, mar galaíonn an tungstan ón sreang, rud a lagaíonn í. Chomh maith leis sin tuirlingíonn an ghal ar an ngloine, rud a dhorchaíonn é. De bharr na teochta ísle seo, 3000oC, astaítear cuid mhór solais infridheirg ó lampa gealbhruthalach ar bith dá bhfuil ann agus ní astaítear mar sholas sofheicthe ach b'fhéidir 5% den fhuinneamh leictreach. Is ar éigin a astaítear solas ultraivialait ar chor ar bith ó lampa tungstain. Ach tá lampaí ann nach bhfuil bunaithe ar ghealbhruthail, ach ar sheoladh leictreachais trí ghás: sa chás sin, in áit speictream leanúnach a astú, astaíonn an lampa speictream líne (neamhleanúnach), speictream a shocraítear don chuid is mó ag struchtúr adamhach an gháis féin seachas ag an teocht. Mar sin, is féidir le lampa den tsórt seo méid áirithe solais ultraivialait a astú, ag brath ar an ghás a úsáidtear ann. De réir tuairisce i "New Scientist" tá tástáil a dhéanamh sa tSualann ar lampaí gluaisteáin a astaíonn cuid mhaith solais ultraivialait, rud a bheadh de ghnáth ina mhí-bhuntaiste, mar ní fheictear an solas ultraivialait. Ach ins na tástálacha seo baintear úsáid as an solas ultraivialait chun sruthshoilseacht a spreagadh i bpéint speisialta ar chomharthaí bóithre agus ar éadaigh choisithe. Braitheann an sruthshoilseacht ar cheimicí atá in ann an chumhacht a fhaigheann siad ó sholas ultraivialait a athastú mar sholas sofheicthe: díreach mar a oibríonn púdair níocháin "níos gile na geal", a astaíonn an méid suntasach ultraivialait i solas an lae chuig solas sofheicthe. Níl sé i gceist na lampaí a úsáid ach amháin i rith droch-aimsire: ceaptar go bhfuil a dhóthain solais ultraivialait uathu chun deileáil le ceo, báisteach agus sneachta. [New Scientist, 19 Eanáir 1991] =================================================================== Comórtas i gcomhair daltaí scoile 1. Scríobh aiste ghairid, 150 - 200 focal nó mar sin, ar thionscal nó fhadhb éigin eolaíochta a bhaineann le do cheantar tíre. Seol chugainn í, beidh éarlais leabhar de luach œ10 ar an gceann is fearr agus foilseófar í sa chéad eagrán eile den nuachtlitir eolaíochta. Comórtas i gcomhair daltaí scoile 2. Ficheall focal Seol do réiteach chugainn, cuirfear na réitigh chearta i mála agus beidh éarlais leabhar de luach œ10 ar an gcead ceann a tharraingeófar as an mála. Trasna 1. An-chuid chiorcad leictreacha, ceangailte le chéile. 4. Caidéalaíonn sé an fhuil. 6. Cuireann laofacht i ndé-óid an cosc seo le sruth trithi. 7. Abhar inite. 8. Bogearra ríomhaire. 9. Rud a dhéanann gunna. 11. Abhar nach leacht ná solad é. 14. Gan úsáid na súl. 16. Focal eile ar "béal". 17. Duaiseanna cáiliúla san eolaíocht. 18. Falla a choimeádann uisce taobh thiar de. 19. Éadaí a chaitear sa saotharlann. 22. Imoibriú idir ocsaigin agus bia sa chorp. Anuas 1. Mír bheag den adamh. 2. Orgán sa chorp a iompraíonn comharthaí leictreacha. 3. An t-orgán is mó sa chorp. 4. Cuairteoir a thagann go rialta ón spás, ach go mbíonn blianta idir chuairteanna. 5. Taos leighis. 6. Inbhear cois fharraige. 10. Gléas ginte fuaime poiblí. 12. Gearrtar adhmad agus ábhair eile leis seo. 13. Siombail cheimiceach ar antamóin. 15. Milleadh ag an aimsir. 16. Taobh amháin. 18. Uirlis rothlaithe cheardlainne. 20. Bia soladach díorthaithe ó bhainne. 21. Borradh de bharr ghortaithe. Bí lámh ag Breandán O hAnnaidh, Matt Hussey, Seosamh O Murchú, Tomás Mac Síomóin, Éanna O Flatharta i gcur le chéile an eagráin seo. An bhfuil aon smaointe agat ar conas an céad eagrán eile a fheabhsú ? Seol chugainn iad agus beidh duais don mholadh is fearr. Aer glan - as sciodar Is fadhb chomhshaoil nach beag í an sciodar a eascraíonn ó riar ainmhithe - rud a thuigtear go dóite i dtuaisceart lár na tíre seo, áit a bhfuil an-dochar déanta aige do locha. An fhfuil réiteach ar an bhfadhb seo aimsithe sa Ghearmáin ? Sa tír úd tairgítear 340 M tonna den eisilteach scriosach seo in aghaidh na bliana - i bhfad níos mó ná mar is féidir le talamh na tíre sin a ghlacadh mar leasachán. Ach anois síleann taighdeoirí in Ollscoil Essen go bhfuil dóigh éifeachtach aimsithe acu chun fáil ar siúl leis an "loch sciodair" seo a dhéanfadh an-dochar d'ainmhithe agus do phlandaí dá scaoilfí isteach i locha nó in aibhneacha é. I gcomhar le VEBA Kraftwerke Ruhr A.G., comhlacht soláthar leictreachais, tá fearas dínítriúcháin coigeartaithe acu chun feidhm a bhaint as sciodar leachtach seachas as amóiniá uiscí, abhar a tharlaíonn dó a bheith an-chostasach. Sa phróiseas dínítriúcháin seo cealaíter na hocsaídí nítrigineacha (NOx), a ghintear le linn don bhreosla sa ghineadoir cumhachta a bheith á loisceadh, le hamóiniá (NH3), a imoibríonn le NOx chun gal uisce agus nítrigin mhóilíneach (N2) a chumadh. An tábhacht a ghabhann leis an bpróiseas seo ó thaobh na timpeallachta de ná go mbíonn baint ag NOx le giniúint na báistí aigéadaí atá ina fhadhb idirnáisiúnta chomhshaoil. Ta idir 2% agus 9% de sciodar leachtach déanta suas de chomhdhúilí nítrigineacha. Ag baint feidhm as 4 thonna den ábhar seo in aghaidh na huaire bhíothas in ann 60% den eisilteach gásach ón ngineadóir cumhachta a ghlanadh - leibhéal éifeachta a d'fheilfeadh do stáisiúin bheaga leictreachais na hÉireann, bíodh is nár leor é chun an caighdeán de 150 mg de NOx in aghaidh gach méadair chiúbaigh d'eisilteach gásach, atá leagtha síos ag an gC.E., do stáisiúin 300 MW nó níos mó a shroichint. Ar réiteach é seo ar fhadhb an sciodair i lár na tíre seo againne - áit i bhfuil áiseanna turasadóireachta faoi bhagairt cheal láithreacha oiriúnacha dumpála do sciodar atá ag teacht ó na feirmeacha móra muc agus éanlaithe clóis sa réigiún ? B'fhéidir nár mhiste d'eagraíochtaí na bhfeirmeoirí i gcomhar leis an mBSL an taighde Gearmánach seo a fhiosrú. [Deutscher Forschungsdienst (Seirbhís Ghearmánach Thaighde),Iml. VII, Uimh. 4.]