Fungais á shaothrú ag seangáin le 25 milliún bliain !

Clúdaíonn na seangáin an domhan agus tá said ann le 100 milliún bliain ar a laghad. Má tá gné amháin den duine ann, tá 15000 gné seangán ann, meastar, an seangán is mó timpeall 40 oiread an tseangáin is lú. Is ainmhithe sóisialta iad mar is eol do chách, ach bíonn treibheanna díobh tiomanta do shlite beatha ar leith.

Tá treabh sreangán a mhaireann i siombeois le fungais le 25 milliún bliain. Is amhlaidh a chaitheann na seangáin a gcuid ama ag gearradh duilleoga glasa agus á gcogaint agus faoi dheireadh ag cothú na bhfungas a chlúdaíonn fallaí a logán le duilleoga coganta. Ramhraíonn na fungais as cuimse. Bíonn dreamanna de na seangáin ag tabhairt aire do na barraí fungas, á ngortghlanadh agus á mbaint ag am cuí chun an treabh i gcoitinne a chothú.
[New York Times, 13 Nollaig 1994]

seangán ant
gné species
gortghlanadh weeding
---------------------------------------------------------

Téir ar ais go dtí Eolai016

Téir ar ais go dtí mo Leathanach Failte

Téir ar ais go dtí SMO

Leathanach Baile Sheain Mhic Suibhne / Seán Mac Suibhne / SMacSuibhne@Connect.ie