An samhradh seo chaite, aonraíodh tocsain nádúrtha,
anatocsain-a, i dtaiscumar Inis Charraigh an
sholáthraíonn fíoruisce do chathair Chorcaí.
Is mar chuid de chianabaictéar a fhásann ina bhlás
glasuaithne in uisce nuair atá an aimsir te agus tirim,
a tharla an tocsain sa taiscumar. De réir dealraimh,
faigheann an blás seo bás nuair a fhuaraíonn an
aimsir. Ach is fíor-mharfach an tocsain seo, í níos
measa ná ciainíd fiú. Fuair madraí a rinne snámh sa
taiscumar bás le cúpla bliain anuas agus bhuail galar a
bhí cosúil le meiningíteas páistí a bhí ag snámh
ann freisin. Ní bhfuarthas na cúiseanna a bhí leis na
himeachtaí seo in aon chor. Ach tá seans go raibh baint
éigin ag an mblás seo leo.
Chun an fhadhb phráinneach seo a réiteach, is amhlaidh
a rinne an chomhairle chontae an t-uisce ón dtaiscumar a
scagadh trí leaba carbóin, rud a bhí in ann an
cianabaictéar a bhaint amach as an uisce agus uisce úr,
slán a sholáthar.
[Irish Times, 16 Eanáir 1995]
tocsain toxin
taiscumar reservoir
cianabaictéar beinteach bentic cyanobacterium
blás bloom
meiningíteas meningitis
---------------------------------------------------------