013836
) Print 013836
))) Item number 13836, dated 95/10/06 17:24:14 -- ALL
Date:         Fri, 6 Oct 1995 17:24:14 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: SV :BOSNIA-HERZOGOVINA:CUID DEN LUCHT ORAINN FHÉIN! 

BOSNIA-HERZOGOVINA: CUID DEN LOCHT ORAINN FHÉIN! 

Nuair a bhí  Cogadh na Murascaille ar siúl  míníodh   i nGuth an
Lucht Oibre go raibh seasamh na tíre  seo ag an am ag teacht
salach ar ar bpolasaí  traidisiúnta  neodrachta, dainneoin na
Náisiúin   Aontaithe (NA) féin  a bheith taobh thiar den
iarracht chun fórsaí   Saddam Hussein a chlipeadh.  Is léiriú  
eile ar chreimeadh sheasamh morálta  na NA ag na cumhachtaí 
móra   - Stáit  Aontaithe Mheiriceá  agus an Ghearmáin  sa chás 
seo -  an léirscrios  agus an fhulaingt atá  ar siúl  i
mBosnia-Herzogovina faoi láthair. 

Arae, ní  cheadaíonn  Cairt na Náisiún   Aontaithe don
eagraíocht  chéanna  a ladar a chur isteach i ngnótha 
inmheánacha  ballstát  ar bith - gan trácht  ar páirt  a
ghlacadh i gcogadh cathartha ann, rud atá  ar siúl  go
paiteanta ag na NA i mBosnia anois i gcomhghuaillíocht  leis
na fórsaí   frith-Sheirbeacha.  Bhéadh  a leithéid 
didirbhearnú  ceadaithe dá  mbéadh  an stát  i gceist faoi
ionsaí  ag fórsaí   ón  taobh amuigh.  Mar a tharlaíonn,  tá  an
scéal  amhlaidh i mBosnia-Herzogovina anois  -ach is é  Arm na
Cróite  an  fórsa  eachtrannach atá  ag déanamh  foghail ar
thaltaí  Bhosnia faoi  láthair.  Tuigeann siad an  botún 
marfach atá  déanta  acu agus  tá   sé  fógraithe  acu  go bhfuil
siad le tarraingt as an gcogadh.
Ach, ar ndóigh,  tá  fórsaí   NATO fágtha  le cinntiú  go
gcuirfear an drochobair i gcrích. 

Tá  meáin  chumarsáide  cheannaithe an iarthair rannpháirteach 
in iarracht neamhnáireach  chun íomhá   aontaobhach claonta den
chogadh brúidiúil   seo a chur ar fáil.   Is léir  um an dtaca
seo gníomhartha  uafáis  a bheith ar bun ag an dá,  nó  an trí, 
thaobh atá   páirteach  sa ghrascar.  Ach áit  a mbéadh 
cinedhíothú   ar bun ag Seirbigh, abair, bhéadh  gluaiseachtaí 
daonra á  spreagadh ag na Crótaigh  agus ag na Muslamaigh.  Le
sampla feiceálach  amháin  a luadh, ba chéim  i dtreo na
síochána,   dar leis na meáin  cheannaithe, ó  creachadh
fuilteach Krajina ag na Crótaigh,  ceantar atá  Seirbeach le
700 bliain.  Ach is cinedhíothú   gan trua gan taise atá  á 
imirt ag na Seirbigh ar  na Crótaigh  agus ar na Muslamaigh,
pé  áit  ina dtarlaíonn  sé,  dar leo, agus iad ag cur síos 
iompar dochosanta den chineál   céanna. 

Déantar  miontaifeadú  ar ghníomhartha  uafáis  na Seirbeach ach
is annamh a thagraítear  do bharbarthacht a gcéilí   comhraic a
bhíonn   chomh dona céanna,  ar a laghad.
I bhfocal, tá  meoin an phobail a mhúnlú   sa gcaoi agus go
nglacfaidh sé  gan stró  le riachtanas idirbhearnú  seo na
NÁNATO  i ngnótha  Bhosnia agus leis an seasamh
mídhlisteanach  in aghaidh na Seirbeach atá  á  ghlacadh ag na
heagraíochtaí   seo sa chogadh.

 Go deimhin féin,  tá  fianaise láidir  ann go bhfuil
gníomhaíocht   fhórsaí    NATO, atá  ag feidhmiú  faoi smacht na
NA, comhordaithe le gníomhaíocht    mhíleata  na gCrótach  agus
na Muslamach agus go bhfuil criogadh arm Sheirbigh Bhosnia
mar aidhm acu uilig.  Tá  ag éirí   leis an mbolscaireacht, ar
ndóigh.   Caithfidh duine nó  dream éigin  deireadh a chur le
barbarthacht na Seirbeach  - bin barúil  na coitiantachta
atá   múnlaithe  ag an bhfeachtas dífháisnéise    seo.

Ceileann lucht dífhasnéise   tuismí  agus spriocanna an
chogaidh, áfach,  agus is í  saint agus uaillmhian na
Seirbeach bun agus barr an mhiotais shimplí  atá  cumtha acu
leis an ar san athIúgslaiv  a mhíniú.    Ceileann siad lámh  na
Gearmáine,  go speisialta, san drochobair.

Mar, go bunúsach,  ba é  uaillmhian na Gearmáine  i leith na
dtíortha  Balcánacha  ba chúis  le titim ó  chéile  na
hathIúgslaive  sa chéad  áit.   Ba í  an Ghearmain a chéadthug 
aitheantas don tSlóivéin,   don Chróit  agus do Bhosnia-
Herzogovina.

Is léiriú   eile é  pianphais na hIúgslaive  go bhfuil polasaí 
eachtrach mhóramh  na mballstát  san AE bunaithe ar a gcuid
cúlraí   impiriúlacha  agus ar an bhfonn atá   orthu na
seanghaolmharachtaí  smachtúla  agus nuachóilíníocha    a bhí 
agus atá  acu le tíortha  agus le réigiúin   laga áirithe  a
leathnú  agus a neartú. 

Tá  a mhalairt ar fad de stair againn anseo in Éirinn  agus
bhíodh  ár  bpolasaí  eachtrach dá  réir  tráth.  Meabhraíodh 
uafáis  agus mídhaonnacht  Bhosnia-Herzogovina, go bhfuil cuid
den mhilleán  orainn féin  as a bhfuil ag tarlú  agus gurbh é 
an sodar suarach seo i ndiaidh na nua-impiriúlach  is cúis 
leis an gciontacht seo.

GLUAIS
Cogadh na Murascaille - Gulf War;  creimniú  - erosion;
léirscrios  - destruction;  Muslamach - Muslim;  cogadh
cathartha
- civil war;  aontaobhach - one-sided;  cinedhíothú   - ethnic
cleansing;  creachadh - pillaging;  miontaifeadú  - detailed
recording; annamh - seldom;  brúidiúlacht   - brutality; ceile
comhraic - adversary;  idirbhearnú  - intervention;
múnlaithe  - formed, moulded;  dífhaisnéis   - disinformation;
uaillmhian - ambition;  comhordaithe - co-ordinated;
comhaontaithe - agreed; praiseach ar fud na meise - total
mess;  pianphais - agony;
gaolmharacht - relationship; nuachóilíníoch    - neocolonial;
nua-impiriulach - neo-imperialist.

[Irelands support for the German-led EU policy in regard to
the former Yugoslavia, and for the current United Nations-
NATO war against the Bosnian Serbs, is another step in a
gradual drift away from our traditional policy of military
neutrality and independent foreign policy.  The developing
EU common foreign policy is marked decisively by the
imperial pasts of a majority of member states and a
consequent desire to extend and strengthen unequal relations
with weaker states and regions. Germanys championing of her
traditional Balkan client state, Croatia,  informs current
EU, and our, foreign policy and has led directly to
humanitarian disaster in the former Yugoslavia.
Effectively, we have taken sides in the civil war of another
country and must now share some responsibility for the death
and misery that that has caused.


Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge