) Print 013835
))) Item number 13835, dated 95/10/06 17:22:46 -- ALL
Date: Fri, 6 Oct 1995 17:22:46 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: SV :FÁILTE ROIMH THUAIRISC FAOI THAISTEALAITHE
Fáilte Roimh Thuairisc Faoi Thaistealaithe
Dúirt Séamus Conghaile tráth go raibh saoirse náisiún le
meas ó shaoirse na haicme is dearóile sa násiún sin. Ar an
mbonn sin tá muintir na hÉireann faoi dhudhaoirse ó is
maslaitheach mar a chaitear leis na hÉireannaigh is mó atá
brúite síos, an pobal taistil.
Bí láncheart ag an Uachtarán Mary Robinson nuair a thagair
sí ag comhdháil idirnáisiúnta ógra i mBaile )tha Cliath le
déanaí don leatrom a imrítear ar an bpobal taistil.
Is maith linne a cheapadh gur pobal flaithiúil muid muintir
na hÉireann. Tríd is tríd tugaimid tacaíocht fhial dóibhsean
atá shíos le gorta nó cogaíocht thar lear agus
deagraíochtaí fóirthinte. Cuireann ciníochas thar lear
uafás orainn. Ach an t-am ar fad tá leatrom ar an dul
ciníoch á imirt ag Éireannaigh ar Éireannaigh den phobal
taistil. Ní hamhain sin ach tá an nimh seo forleathan I
measc na haicme saothair sna cathracha agus faoin dtuaith.
Is féidir míniú a thabhairt air sin ach níl sé inghlactha.
Le sé mhí anuas chonaiceamar feachtais eagraithe in aghaidh
taistilaithe I gContaetha na hIarmhí, Loch Garman, Chill
Manntáin, baile )tha Cliath, na Gaillaimhe agus na Mí. Tá
comhairleoirí contae áirithe ag gríosadh daoine in aghaidh
taistilaithe, páistí agus seandaoine san áireamh, á
ndíshealbhú le lámh láidir. Scaoiltear urchair le campaí
taistilaithe. Is eol do na Gárdaí cé a bhíonn taobh hiar di
den obair sin ach ní ghabhtar aon duine. Go deimhin ní
cheileann na Gárdaí a mba leis na frith-thaistilaithe. Is
tradisiún de chuid an Gárda Síochána é brúidiulacht a imirt
ar an lucht taistil. I nGleann na Madadh anuraidh sheas na
Gardaí I leataobh nuair a rinne daoscarshlua scrios agus
slad ar thábhairne ar nós leis freastal a dhéanamh ar lucht
taistil.
Ní haon chomhartha dóchais don phobail taistil gur éirigh le
Mildred Fox I bhfothoghchán Chill Manntáin. Is beag polasaí
atá ag Mildred ach tá sé ráite aici go mba cheart an phobal
taistil a bhogadh isteach ar láithreacha ar leith le lámh
láidir agus go gcoinneofaí ansin iad bídís sásta nó ná
bíodh. Tá macallaí ansin ar chomharchlanna na Meiriceánach
dúchasacha nó, go deimhin, ar champaí géibhinn. Dá mbéadh
polaiteoir thar lear ag caint amhlaidh faoi Ioslamaigh na
Boisnia, ponal Maori na Nua-Shéalainne, nó páistí sráide na
Brasaíle, bhéadh clampar ó chrannóga na n-easpag, lucht
mustair an Irish Times agus ó Mary Harney.
Foilsíodh tuarascáil an Tascfhórsa um an bPobal Taistil ar
20 Iúil agus ní mór fáiltiú roimh na príomh mholtaí:
reachtaíocht le cothromaíocht a thabhairt do thaistilaithe,
bunú darás Cothromaíochta, stratéis sláinte don phobal
taistilaithe agus soláthar oideachais.
Ní chuirfeadh reachtaíocht inti féin deireadh le leatrom ar
thaistilaithe, ach chuirfeadh sí cosc dlí air. Lá i ndiaidh
lae diúltítear freastal ar thaistilaithe i siopaí, bialanna
agus tábhairní díreach ar an mbonn gur taistilaithe iad.
Níos minice fós ní féidir leo teacht i dtír ar sheirbhísí
atá ar fáil do gach duine eile toisc nach bhfuil seoladh
buan acu. Is ar an mbonn sin a choscthar cearta vótála ar an
gcuid is mó acu de thaistilaithe.
)bhar uafáis í staid sláinte na dtaistilaithe. Fiú agus
seirbhísí a bheith ann a dfhéadfadh a bheith ina dtaca
dóibh is fíorbheag úsáid a bhaineann siad as na seirbhísí
céanna taobh amuigh de ranna éigeandála na n-ospidéal. I
suirbhé a rinne thar cheann an Tascfhórsa thuairiscigh 17%
de na taistilaithe gur dhiúltaigh dochtúirí teaghlaigh
glacadh leo ar a liostaí de dhaoine le cártaí leighis.
Bíonn bantaistilaithe thíos leis na héagomromachtaí a
bhaineann le mná eile sa tsochaí ach is measa go mór a staid
toisc gur taistilaithe iad. Ar an taobh dearfach den scéal
tá sé le tabhairt faoi deara le fios go bhfuil mná ag teacht
chun tosaigh mar cheannairí ina bpobal féin.
Faoi dheireadh tá taistilaithe ag cur eagar orthu féin agus
sin céim riachtanach i dtreo a bhfuascailte. Ach ní i measc
na dtaistilaithe atá an bhun chonstaic ar an bhfuascailt sin
ach i measc an phobail lonnaithe.
The publication of the Report of the Taskforce on the
Travelling Community comes at a time when anti-traveller
bigotry is rampant. The report highlights the plight of
travellers and contains many valuable recommendations.
Taistealaithe - Travellers
An pobal taistil - the travelling community
gra - young people
Ciníochas - racism
Fóirithint - relief
Gríosadh - inciting
Frith-thaistilaithe - anti-traveller
Daoscarshlua - mob
Comharclann - Reservation
Ioslamach - Moslem
Crannóg - pulpit
Reachtaíocht - legislation
Leatrom - oppression
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge