) Print 013834
))) Item number 13834, dated 95/10/06 17:21:37 -- ALL
Date: Fri, 6 Oct 1995 17:21:37 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: SV :tEACHTAIREACHT ÓS NA ZAPTISTIGH
"IS MUIDE NA SAIGHDIIR NACH SAIGHDIIR MUID"
(Teachtaireacht ó Subcomandante Marcos, Ceannaire
Zapatistach, Chiapas, Meicsiceo, foilsithe i Mundo Obrero
agus aistrithe ón Spáinnis ag Guth an Lucht Oibre.)
Bhí go leor againn ann an chéad lá úd de mhí Eanáir a chuir
de dhualgas orainn féin an balaclava a chaitheamh feasta.
Bhí go leor againn ann a ghlac an chéim úd nach raibh aon
dul siar air agus a fhios againn go maith gurbh é an bás a
bhí i ndán dúinn, chuile sheans, nó an bua nár móide go
dtarlódh sí. Le seilbh fháil ar chumhacht, más ea? Níorbh
ea, mais, ach rud níos deacra fós: domhan nua a chruthú!
Teastaíonn uainn a thabhairt le fios daoibh nach de ghrá an
áir agus an bháis atá na hairm seo á n-iompar againn agus
nach bhfuil cogadh á lorg againn toisc nach bhfuil gean
againn ar an síocháin. Mhaireamar gan síocháin. Is gasúir
agus girseacha iad ár gcuid páistí díreach fearacht bhur
gcuid páistí féin, seachas iad a bheith i bhfad Éireann níos
boichte. Níl scoileanna ná cóir leighis ar fáil dár gcuid
páistí, éadaí ná bia, ná díonta faoin ar féidir leo ár
mbochtanas araon a cheilt faoi dhínit. Níl a dhath ar bith
i ndán dár gcuid páistí ach obair, aineolas agus an bás. Níl
aon mhaith leis an talamh atá againn. Chun rud éigin a
dhéanamh ar son na bpáistí, bíonn orainn imeacht sa tóir ar
airgead ar thalamh na ndaoine eile, lucht na cumhachta, nach
dtugann ach pighneacha suaracha uathu ar allas ár gcuid
gcnámh.
Ina leanaí dóibh, tosaíonn ár gcuid páistí ag saothrú le
híoc as bia, éadaí agus cóir leighis. Is iad na cluichí a
imríonn ár gcuid páistí ná an machete, an tua agus an
mhatóg. Nuair nach mbíonn bua an tsiúil acu ach ar éigean,
amach leo chun brosna a lorg don tine, chun coillte a leagan
agus chun síol a chur. Is ionann a gcuid bia agus ár gcuid
bia: arbhar, pónairí agus chilli. Ní féidir leo dul ar
scoil le tús a chur le foghlaim na léitheoireachta toisc iad
a bheith tuirseach traochta leis an obair i gcaitheamh an
lae agus iad a bheith tinn san oíche.
Sin an chaoi ar mhair agus ar bhásaigh na mic agus na
hiníonacha dár gcuid le 501 bliain anuas. Agus muide, na
hathracha, na máithreacha, na driotháracha agus na
driofúracha, níor fhéadamar an chiontaíl a bhain leis an
gcaoi nach ndearnamar tada ar son ár gcuid páistí a
fhulaingt níos mó. Lorgaíomar bealaí síochánta le cothrom
na Féinne a bhaint amach ach ní bhfuaireamar a dhath ar a
shon ach maslaí, príosún, buillí agus an bás; brón agus
fulaingt, b'in a raibh de thoradh ar ár gcuid iarrachtaí.
Níor fhéadamar níos mó a dhéanamh agus thugamar aghaidh ar
bhóthar na cogaíochta nuair a d'airíomar go raibh ár gcuid
focal ag dul le gaoth. Agus ní ag déircínteacht atáimid ná
sa tóir ar charthanacht, ach ar chothrom na Féinne amháin:
tuarastal cothrom, stráice de thalamh maith, áitreabh
dínitiúil, scoil, cóir leighis a leigheasann, arán ar an
mbord, meas ar a mbaineann linn, an tsaoirse a bheith in ann
an focal atá faoinár gcroíthe a rá go hoscailte agus ár
mbeála a oscailt leis na focail a d'aontódh muid le cách sa
tsíocháin, agus ní sa mbás, a fhógairt.
B'eo a bhí á lorg againn ariamh ach níor éist siad lena
raibh á fhógairt againn. Agus is ansin a ghlacamar airm
chugainn féin, go ndearnamar uirlisí cogaidh as uirlisí
oibre leis an cogadh a d'fhear siad orainn a throid, an
cogadh ina maraítear muid agus ina ndíolann muid an comhar
leo, lucht na pribhléide agus na cumhachta, leo siúd a
bhfuil seilbh acu ar chuile rud agus nach dtuilleann faic.
Rinneamar saighdiúirí dínn féin sa chaoi agus nach mbeidh gá
le saighdiúirí lá éigin amach anseo. Roghnaíomar féin an
bealach féinmharaitheach seo, an ghairm arbh é a cuspóir í
féin a chur ar ceal. Saighdiúirí ar shaighdiúirí iad le
cinntiú nach mbeidh ar éinne a bheith ina shaighdiúir
feasta. Is faoin mbrat seo a rinneamar saighdiúirí dínn
féin.
cóir leighis - medicare; matóg - mattock; féinmharaitheach -
suicidal; déircínteacht - begging; áitreabh - dwelling;
pónairí - beans
(In this communique, translated from the Spanish by the
Socialist Voice, a Zapatista commander, Subcommandante
Marcos, explains the social and economic roots of the
uprising of the indigenous peoples of Chiapas Province, Sth.
Mexico. Grinding poverty, the hopelessness of their
condition, and the exploitation of the labour of their
children were the main factors that caused them to take up
arms only after every peaceful attempt to redress their
wrongs was rebuffed. "We are soldiers who exist to ensure
that nobody need become a soldier in the future, he
explains.)
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge