))) Item number 12617, dated 95/05/26 19:58:13 -- ALL
Date: Fri, 26 May 1995 19:58:13 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Líon na nGaelscoileanna ag méadú in aighaidh
..
Below this "Thank You" header is a new message
*********************************************************************
* *
* ------------------- *
* | Cumarsáid 1995 | *
* ------------------- *
* *
* Má tá tú ag baint taitneamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim *
* duit carta poist a sheoladh mar chomhartha buíochais chuig: *
* *
* Íte Ní Chionnaith Thug Íta agus Niall Ó Muirí *
* Léachtóir Iriseoireachta, cabhair dom na h-ailt seo a *
* DIT, Sráid Ainséir, fháil ar diosca! *
* Baile Atha Cliatha 8, *
* Eire. *
* *
* Seán Mac Suibhne SMacSuibhne@dit.ie *
*********************************************************************
Líon na nGaelscoileanna ag méadú in aghaidh na bliana
Le Seán Ó Meachair
``Tá breis is fiche míle dalta ag
freastal ar na Gaelscoileanna sa lá atá inniu ann,''
arsa Jacqueline Ní Fhearghusa, stiúrthóir na
heagraíochta ``Gaelscoileanna''. Tá méadú mór i líon
na nGaelscoileanna.
Tá nócha haon bunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den
Ghaeltacht anois agus fiche cúig iarbhunscoil.
Tá bunscoil is fiche agus seacht n-iarbhunscoil i
gCathair agus i gContae Atha Cliath. Ar an iomlán téann
3% de na daltaí go scoileanna lán-Ghaeilge ach táthar
ag súil le méadú mór ar an líon sin. I dTuarascáil
ITE (1993) chuir 30% de thuismitheoirí in iúl go
gcuirfidís a bpáistí chuig Gaelscoil dá mbeadh a
leithéid sa cheantar.
Caitheann baill na heagraíochta a ndíograis ag iarraidh
an Ghaeilge a fhorbairt i gcúrsaí oideachais. Is é
cuspóir na nGaelscoileanna ná forbairt iomlán cumais an
dalta trí mheán na Gaeilge. Déanann Gaelscoileanna
teagmháil idir an Roinn Oideachais agus na scoileanna
lán-Ghaeilge, chomh maith.
``Tagann na daltaí as gach cúlra sóisialta - bíonn na
cúlraí measctha ina chéile,'' arsa Jacqueline, agus
scriosann sí an miotas go dtagannn formhór na ndaltaí
ó chúlra meánaicmeach. ``Tá Gaelscoileanna i mBaile
Munna, mar shampla, agus níl aon Ghaelscoileanna
príomháideacha sa tír.'' Tá dhá scoil chónaithe
ann, áfach, - Scoil na nOg i gCorcaigh agus Scoil na
Leanaí sa Rinn, i gContae Phort Láirge.
Dar le Jacqueline tá caighdeán múinteoireachta
sármhaith sna scoileann a. Ach, an bhfuil an leibhéal
Béarla sásúil? ``Ar an iomlán tá an caighdeán
Béarla níos fearr ná mar a bhíonn ag na daltaí eile.
Faigheann siad torthaí níos fearr ná na daltaí sna
scoileanna eile.'' Is gá go mbeadh an pictiúr ina
iomláine againn. Ar thaobh amháin tá líon na
nGaelscoileanna ag méadú bliain i ndiaidh bliana, ach ar
an taobh eile is iomaí fadhb atá ann. ``Tá an-easpa
múinteoirí sna meánscoilean na,'' arsa Jacqueline agus
is í seo an phríomhfhadhb.
Ach is fíor a rá go bhfuil a lán fadhbanna eile,
seachas an ganntanas múinteoirí. ``Ceann de na
deacrachtaí is mó ná nach bhfaigheann na Gaelscoi leanna
deontas mór go leor ón rialtas.'' Ceist phráinneach is
ea an ganntanas téacsleabhar Gaeilge. Tá sé an-deacair
téacsleabhair Ghaeilge a fháil in ábhair cosúil le
bitheolaíocht nó tíreolaíocht.
Ní mór na pointí seo a leanas a chur san áireamh sula
mbunaítear Gaelscoil dar leis an mbileog eolais
oifigiúil ``Gaelscoileanna'': - líon na bpáistí sa
cheantar - an tsuim sa ghaelscolaíocht - foirgneamh
oiriúnach a bheith ar fáil.
Is iomaí cúis a bhíonn ag tuismitheoirí páistí a
chur go scoil lán- Ghaeilge. Is mian le tuismitheoirí go
mbeadh a bpáistí dátheangach.
Teastaíonn ó na tuismitheoirí go mbeadh an Ghaeilge mar
theanga cumarsáide ag a bpáistí agus is mian leo
cabhrú le hathbheochan na Gaeilge. Bíonn siad ag lorg
caighdeán ard oideachais dá bpáistí chomh maith, ar
ndóigh.
Tá croílár aon chultúir sa teanga náisiúnta. Tá na
Gaelscoileanna ag cinntiú go mbeidh bá agus tuiscint ag
a gcuid daltaí dá dteanga agus dá gcultúr féin.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge