))) Item number 12616, dated 95/05/26 19:56:48 -- ALL
Date: Fri, 26 May 1995 19:56:48 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Ag athchumadh an choirp ar mhaith le faisean
Below this "Thank You" header is a new message
*********************************************************************
* *
* ------------------- *
* | Cumarsáid 1995 | *
* ------------------- *
* *
* Má tá tú ag baint taitneamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim *
* duit carta poist a sheoladh mar chomhartha buíochais chuig: *
* *
* Íte Ní Chionnaith Thug Íta agus Niall Ó Muirí *
* Léachtóir Iriseoireachta, cabhair dom na h-ailt seo a *
* DIT, Sráid Ainséir, fháil ar diosca! *
* Baile Atha Cliatha 8, *
* Eire. *
* *
* Seán Mac Suibhne SMacSuibhne@dit.ie *
*********************************************************************
Ag athchumadh an choirp ar mhaithe le faisean
Le Carol Ní Chinnéide
Le tríocha bliain anuas, tá tatúnna éirithe
an-choitianta ar fad. Tá an domhan is a mháthair ag fáil
íomhánna cosúil le croiseanna Ceilteacha, dragúin agus
deilfeanna clóite ar a gcraiceann.
Chomh maith leis sin, tá daoine ag polladh a
n-imleacáin, a sróin agus a ndidí. Tá sé éirithe
chomh faiseanta sin go bhfuil mainicíní le feiceáil sna
seónna móra faisin lena sróin pollta agus a gcinn
tatúálta.
Is féidir tatúnna a bhaint anois le laser agus nuair a
thógtar cnaipe cluaise amach, ní bhíonn ann ach colm
an-bheag. Dá bharr seo tá daoine ag lorg slite níos
buaine chun iad féin a mharcáil.
Tá áiteanna sna Stáit Aontaithe
agus san Ollainn inar féidir brandáil a fháil, is é
sin íomhá nó focail dóite isteach i do chraiceann,
cosúil leis an rud a dhéantar le beithígh. Tá daoine in
ann teascadh beag a fháil freisin, is é sin go mbainfí
píosa beag den chorp, mar shampla log na cluaise nó
píosa beag ón lúidín. Tá teascadh in ainm faisin le
feiceáil leis na blianta. Le linn na bhfichidí, chuaigh
mná faoi scian d'fhonn easna nó dhó a ghearradh amach
chun cosúlacht níos tanaí a chur orthu féin. Chuaigh
cailíní faoi scian freisin sna caogaidí d'fhonn laidhric
ín a bhaint chun go mbeadh siad ábalta bróga caola
faiseanta a chaitheamh.
Ní rud nua é an teascadh mar sin. Ach cén fáth go
ndéanann daoine a leithéid sa lá atá inniu ann ? Tá
daoine áirithe ann a dhéanann é mar dhúshlán mar go
gceapann siad gur rud macho é. Tá daoine eile a cheapann
gur rud álainn é. Ceapann daoine eile fós gur bealach
é chun a léiriú go bhfuil smacht agat ar do chorp féin,
gur comharth a indibhidiúlachta é.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge