012615

))) Item number 12615, dated 95/05/26 19:53:42 -- ALL
Date:         Fri, 26 May 1995 19:53:42 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  The "Big Issues" ag dul chun cinn.

Below this "Thank You" header is a new message

*********************************************************************
*                                                                   *
*                   -------------------                             *
*                   | Cumarsáid  1995 |                             *
*                   -------------------                             *
*                                                                   *
* Má  tá  tú  ag baint taitneamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim *
* duit carta poist a sheoladh mar chomhartha buíochais  chuig:      *
*                                                                   *
*    Íte  Ní  Chionnaith            Thug Íta  agus Niall Ó  Muirí   *
*    Léachtóir   Iriseoireachta,    cabhair dom na h-ailt seo a     *
*    DIT, Sráid  Ainséir,           fháil  ar diosca!               *
*    Baile Atha Cliatha 8,                                          *
*    Eire.                                                          *
*                                                                   *
*              Seán  Mac Suibhne SMacSuibhne@dit.ie                 *
*********************************************************************


               The "Big Issue" ag dul chun cinn

                  Le Héilean  Rosenstock

Léimeann  "The Big Issue" amach chugainn ar gach cúinne
sráide.   Ní  shin le rá  go mbíonn  na díoltoirí   á
bhrú  orm (cé  go mbéiceann  siad amach ós  ard i gconaí).
Léimeann  sé  amach romhainn mar go mbíonn  clúdach
dathach, ealaíonta,  spleodrach i gconaí  air agus nach é
an clúdach  a dhíolann  iris go minic?

Tá  The Big Issues ag fás  agus ag fás.

Tá  oifigí   ag lucht   na  hirise  i  mBaile Átha  Cliath,
Béal   Feirste,    Corcaigh, Doire,    Gaillimh  agus Laois.
Bunaíodh   an iris  i 1991   i Londain   agus in   Albain le
cabhair     John  Bird.  Díoladh  20,000   cóip   den chéad
eagrán,  díoltar  100,000 cóip  gach coicís  anois.


Héilean    Rosenstock   Tá  meas ar an   iris go forleathan.
Bhí  agallamh  ann  le déanaí   leis na Stone Roses, dúirt
Ian Brown é  féin  "last time   NME had us on their cover it
was one of  the biggest selling  issues  of  the  year. We'd
rather the money   went helping  the homeless than into the
coffers of NME".

Mhol  Pat Kenny  an iris go haer  le déanaí.   Bhí  Roddy
Doyle sásta  scéal  a sheoladh  chucu seachas é  a dhíol  ar
choimisiún  ard.

Bhí   Christy  Moore sásta  agallamh  a thabhairt.  Deir  an
iris féin   gur "hand up not a hand  out" atá  ann. Ní  iris
caite le chéile  ná  leath  iarracht atá  inti ach  iris  ar
ardchaighdeán,   í  an-saor   agus ag an  am cé  anna  í  ag
cabhrú   leo siúd  atá  gan dídean.(?tf="Times-b"  ) Iris na
linne seo atá  inti, cinnte iris do mhic léinn.   Pléitear
cúrsaí       ár  linne go macánta     gan  cinsireacht,   go
radacach fiú   go minic,  mar shampla  Chechnya,  trádáil
airm, caiteachas  an  rialtais. (Níl  na hiriseoirí   seo ag
lorg cairde sa  Dáil!)   Bíonn  alt i ngach  eagrán    faoin
saol  acu  siúd  a bhfuil SEIF  orthu  agus bhí  alt  ann le
déanaí   dar teideal "generation E".


 Bíonn  leathanach tugtha dóibh  siúd  atá  ar iarraidh,
éiríonn    leo daoine a athaontú  lena muintir le cabhair an
leathanaigh    seo.    Bíonn   leathanach   i nGaeilge    le
hurraíocht    ó    Bhord  na Gaeilge   dar  teideal ``Soilse
Sráide''.      Paddy Finnegan   is mó  a scríobhann      don
leathanach    seo.  Díolann       sé   an  iris lasmuigh  de
Choláiste  na Tríonóide   agus tá  Gaeilge  líofa  aige.


 Deir na díoltóirí    uilig (luaitear duine gach seachtain
) go bhfuil The Big Issues  tar éis  a saol  a fheabhsú  mar
sin is ceart dúinn  uilig tacaíocht  a thabhairt dóibh.

Níl  ann ach punt  gach coicís.   Tá  daoine ann fós    nár
chuala  trácht  ar an  iris cé   go bhfuil sí    á  díol  go
forleathan ar shráideanna  na cathrach.

Dúisígí    a chairde agus ceannaígí   an iris seo.


===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge