012604

))) Item number 12604, dated 95/05/25 19:06:59 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 19:06:59 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Lováin  fós  ag cabhrú  le hÉirinn  tar éis  400
              Bliain

Má  tá  tú  ag baint taitneamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

  Lováin  fós  ag cabhrú  le hEirinn tar éis  400 bliain

                 Le Sinéad  Ní  Chathasaigh.


 Is féidir  Éire  a fheiceáil  mar chúinne  iargúlta
dearmadta    na hEorpa,  fágtha   ar an bhfor-imeall,   tír
scoite, fada ón  lár.

Tá   dhá  rud mar  chonstaiceanna idir muid agus Mór-Roinn
na hEorpa, ár   dteangac ha  agus  ár  suíomh,   scríobhann
Sinéad  Ní  Chathasaigh.


Ach ó  1607  bhí  áit,  suite  i lár  na   hEorpa sa Bheilg,
ina raibh   seans ag na   hÉireannaigh    oil-iúint     agus
oideachas  Eorpach  a fháil  agus  cultúr   na nGael a chur
chun cinn. Seo Lováin,   cathair   ollscoile ó  1425,  suite
fiche  míle   ón  mBruiséil.   Bhunaigh      na    bráithre
Proin-siasacha   Éireannacha  an col-áiste  chun an cultúr,
an stair  agus  creideamh na   hÉirean   n a chosaint  ar na
Sasanaigh i rith na bPéindlithe.   I 1607  ba chuig Lováin
a tháinig  muintir Uí   Néill  agus muintir   Uí  Dhónaill
tar éis  Teitheadh  na nIarlaí.  D'fhan siad ansin ar feadh
tamaillín   agus fuair  cuid acu  bás    sa choláiste.     I
Lováin   a cumadh Annála   na gCeithre Máistrí,    stair  na
hÉireann.     Scríobhadh   an chéad     fhoclóir   Gaeilge i
Lováin   freisin,   agus  tugadh   córas   clódóireachta
Éireannach  chun  cinn, a bhí    á  úsáid   go  dtí  lár  na
fichiú  haoise.  Áit  stairiúil  í  Lováin.  Ach  inniu  tá
gnó    eile  ag an gcoláiste.    I rith na seachtóidí    ní
raibh go  leor    úsáide     á  baint  as an gcoláiste   mar
gheall ar easpa fear ag staidéar  don tsagartóireacht.

I  1984 thosaigh an coláiste    ag teagasc tuataigh amháin,
agus  bunaíodh      an Cumann Éireann-ach     do Ghnóthaí
Eorpacha. Tugann  an cumann  áiseanna   do 100 mac léinn  ó
Éirinn  thuaidh agus theas  chun staidéar    a  dhéanamh  ar
chúrsaí    gnó  agus  forbartha.  Is é  cuspóir  an Chumainn
ná   an  gnó  Éireannach   a fhorbairt  san Eoraip.  Chun an
aidhm sin a bhaint       amach, tógann   an    coláiste    a
léachtóirí    ó  na forais is fearr san Eoraip.

 Múineann  siad na hábhair  a bhfuil saineolas acu orthu.
Níl  léachtóirí     seasta sa choláiste    ar chor ar  bith.
Baintear  úsáid   astu nuair a bhíonn     cúrsa  áirithe  á
mhúin-eadh.    Inniu,  deich  mbliana  tar  éis   tús    an
chumainn is ionad é  le haghaidh an phobail Éireannaigh   sa
Bhruiséil.

 Is áis  an-tábhachtach  é  an coláiste  i Lováin,  chun
forbairt  na hÉireann    san Eoraip a mhisniú.  Tar éis  388
mbliana  den léann   Éireannach     sa Lováin       tá  gnó
speisialta    nua-aimseartha le déanamh   ag an gcoláiste
fós.


===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge