012603

))) Item number 12603, dated 95/05/25 19:03:46 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 19:03:46 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Cabhraíonn  "Crosscare" le daoine atá  faoi
              mhíbhuntaiste

Má  tá  tú  ag baint taitneamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig:

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

 Cabhraíonn  "Crosscare" le daoine atá  faoi mhíbhuntáiste

                  Le Marta Ní  Chiaráin




 I mí  Eanair 1941, scríobh  an Dochtúir  Mac Uaid,
Ardeaspag Bhaile Atha Cliath, chuig  a chara: "Ar an lá  tar
éis  mo choisreacan     mar Easpag, shocraigh  mé  an cumann
seo a bhunú".

Bhí  sé  ag caint  faoin Catholic Social Service Conference
(CROSSCARE),    an cumann  a bhunaigh   sé  chun   iarracht
cabhair a thabhairt do dhaoine   faoi  mhíbhuntáiste    atá
ina gcónaí   i mBaile Atha Cliath.  Tá  a lán    scéimeanna
sóisialta  éagsúla    ag CROSSCARE  ag cabhrú  le daoine  le
fadhbanna   mar SEIF,  bochtaineacht,  ocras,   drugaí  agus
daoine gan dídean.


 Ritheann CROSSCARE an taon bia banc in Eirinn. Tugann an
bia   banc  ionann agus  400  tonna  bia  do chaoga  cumann
éagsúil    a bhíonn  ag  cabhrú    le daoine    i ngátar  in
Ard-Deoise  Bhaile Atha Cliath. Is ionann an méid   sin agus
780,000 béile.  I 1994,  thug siad  ionann  agus 900  béile
gach  lá  do dhaoine   bochta sa   chathair.     Tá   scéim
chónaithe    acu  freisin chun lóistín      a  thabhairt  do
bhuachaillí      gan dídean.   Thug siad   lóistín    do 700
buachaill     ó  1986   i leith.  Baineann   an scéim     le
buachaillí   le fadhbanna mar leatrom gnéasach,   fisiciúil
agus síceolaíoch.


 Tá  Pat Brady ag obair le CROSSCARE ó  1987, go háirithe
leis an   lucht   siúil.    Nuair atá  tú  ag féachaint   ar
fhadhbanna   an lucht  siúil,     caithfidh tú  staidéar   a
dhéanamh  ar dhá  phríomhghné,   dar leis  an    mBrádach,
lóistín      agus  oideachas.   Ní   leor  áit  chónaithe  a
thabhairt dóibh,  is gá   eolas a thabhairt  dóibh   freisin
faoin uisce  reatha, an córas   oideachais,   sláinte   agus
leasa shóisialaigh.  "In ainneoin go bhfuil  siad  cosúil
linn féin,"  ar seisean "ní    ghlacann formhór  na  ndaoine
sa tír  seo  leo." Dar leis, an phríomhchúis    leis sin ná
faitíos,    mar go gceapann    a lán    daoine go mbíonn  an
lucht siúil  i gcónaí   ar meisce agus salach.

"Tá  orainn    fréamhacha    na  bhfadhbanna a aimsiú,"   ar
seisean. "Caithfimid    oibriú  le chéile,     agus leis an
lucht  siúil,   chun réiteach    a fháil."    Ina  thuairim,
caithfimid áit  bhuan chónaithe  a fháil  dóibh.   Tithe nó
láthair   chónaithe?    Is cuma  ach caithfimid   dídean  de
shaghas éigin  agus  áit  sa phobal a thabhairt dóibh.  Tá
CROSSCARE  ag cabhrú  le daoine  le caoga bliain anuas  agus
tá  súil  ag an gcumann, agus go háirithe  ag  na   daoine a
bhfuil   siad ag cabhrú   leo, go mbeidh  siad ann go  ceann
caoga  bliain eile.


===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge