012602

))) Item number 12602, dated 95/05/25 19:01:45 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 19:01:45 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Mic leinn ag obair ar son an "dole"

Má  tá  tú  ag baint taitneamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit cárta  poist a sheoladh chuig:

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------


            Mic léinn  ag obair ar son an "dole"

               Le Maighréad  Ní  Bhraonáin


 Is cnámh  spairne é  aon ábhar  a bhaineann le leasa
 shoisialaigh.  Nuair a cuireadh tús  leis an Scéim  Oibre
 Samhraidh le h-aighaidh mic léinn,  chuir an saol mór  ina
 choiunne.

 De thoradh na scéime  sin, níl  sé  de cheart ag mic
léinn  atá   ag   staidéar   go lánaimseartha,       cúnamh
dífhostaíochta     a éileamh   i rith an   tSamhraidh      a
thuilleadh. Ní   haon ábhar   iontais é  go raibh conspóid
ann.


 Má  theastaíonn  ó  mhic léinn  cúnamh  dífhostaíochta   a
fháil  sa Samhradh   anois,  caithfidh siad iarratas a chur
isteach chun áit  a  fháil  ar an   scéim.  Ansin, déanann
an Roinn   Leasa Shóisialaigh  fiosrú   maoine,  atá   níos
boige     ná  an fiosrú    le haghaidh      gnáth   chúnamh
dífhostaíochta.      Má  bhíonn  an mac  léinn   i dteideal
post a fháil  ar an  scéim,  faigheann   siad teastas oibre
agus liosta urraithe ina  gceantar. Ón  am sin, tá   siad ar
a gconlán  féin    -- tá   orthu  teagmháil  a dhéanamh   le
hurra   agus    post a fháil.   Tá  cead ag  an  mac  léinn
oibriú     suas go  192 uair  an chloig   taobh   istigh  de
thréimhse  socraithe -- ó  sé  go dtí  naoi seachtain.


 Is í  #550 an uas íocaíocht,   a íocfaidh  an t-urra go
díreach   leis   an  duine. Tá  an mac  léinn  ábalta  obair
pháirtaimseartha   a dhéanamh,    agus   ní   chuireann  sé
isteach ar  a chearta.  Is léir  ón  méid  thuasluaite    go
bhfuil buntáistí     agus míbhuntáistí      ag baint leis an
scéim  seo.  Ar  an gcéad  dul  síos,  níl   fonn ar  a lán
daoine a bheith  páirteach   sa scéim   mar  ceapann siad go
bhfuil    sé   dlite   dóibh  a bheith ag tarraingt cúnamh
dífhostaíochta,    nuair  nach  mbíonn  siad ábalta  post  a
fháil  i rith an  tSamhraidh.    Ar an taobh eile,  áfach,
deireann   an  Rialtas    nach bhfuil     na  mic léinn   sa
bhfíormhargadh  do phostanna agus nach bhfuil sé  de cheart
acu  cúnamh  dífhostaíochta     a éileamh.    Gearán  eile a
bhíonn  ag  daoine  ná  go bhfuil an ráta   pá  an-íseal  --
beagáinín   níos  mó  nó  an ráta  dleathach.

Pé  scéal    é,   de   réir  Tommy  Friel,  ón  Roinn  Leasa
Shóisialaigh     b'fhéidir   go mbeidh méadú   #60 sa mhéid
iomlán   a íocfar    leis na mic léinn   i     mbliana.  Ina
theannta  sin, tá     sé     ag tnúth   le méadú   sa  líon
uaireanta fresin.

 Ó  thaobh na mbuntáistí   de, más  inghlactha an taighde a
rinne  an Roinn  Leasa Shóisialaigh,   dealraíonn     sé  go
dtéann    an   scéim  chun tairbhe  na mac léinn,  toisc  go
bhfaigheann  siad neamhspleáchas,  agus dearcadh     eile ar
fhadhbanna  sóisialta-eacnamaíochta,     agus   ar chúrsaí
cultúir   agus     timpeallachta.         Ag an  am céanna,
d'fhéadfaí   a rá  go bhfuil na  mic  léinn  seo ag déanamh
obair   thábhachtach  agus riachtanach  don  Rialtas,    ar
phraghas     saor. Mar sin, is iomaí   duine  a cheapann  go
bhfuil  an Rialtas   ag baint míúsáid     as na mic léinn.
Léiríonn   an Rialtas cé   chomh  maith is a d'éirigh  leis
an scéim,   dar leo,   nuair a luann siad an líon   ard mac
léinn   a ghlac páirt   inti.  Ba shaonta an mhaise dúinn  a
cheapadh,   áfach,   go raibh fonn ar  an    deich míle  mac
léinn  sin a bheith páirteach    sa scéim  --  ní  leasc leo
obair a dhéanamh  ach ceapann  a lán  acu nach  bhfaigheann
siad cothrom na féinne.




===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge