012601

))) Item number 12601, dated 95/05/25 19:00:06 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 19:00:06 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Comhoibriú  turasóireachta

Má  tá  tú  ag baint taitneamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

                 Comhoibriú  turasóireachta

                       Le Lynn Bryan

 D'oscail doras do shíocháin   in Éirinn  i 1994. Chonaic
an tionscal    turasóireachta  an seans chun dul chun   cinn
agus  margaíocht   a dhéanamh  gan scáil  an fhoréigin  agus
na coimhlinte, den chéad   uair  le cúig  bliana is fiche,
scríobhann  Lynn Bryan.

Bhí    an  foréigean  ar  cheann de na bacanna ba mhó  ar an
tionscal.  

Go dtí  anois, bhí   tuairim an-choitianta ar fud mórán   de
na príomh-mhargaí    go raibh sé  an-dáinséarach    cuairt a
thabhairt  ar an tuaisceart. Bhí  an  tuairim seo  bunaithe
ar thuiscint   neamhiomlán  ar an  staid. =E7 1969   i leith, 
chaill an tionscal turasóireachta     mórán   gnó,  áfach. 
An chuid is  mó  den am bíonn   an dá  Bhord Turasóireachta
(sa tuaisceart  agus sa   deisceart) ,    in iomaíocht  lena
chéile,  mar shampla  i gcúrsaí   iascaireachta agus   uisce
bhealaí      intíre.   Ina ainneoin seo, bíonn  Bord Fáilte
agus Bord Turasóir    eachta an Tuaiscirt ag obair as lámha
a chéile.     Bhí    comhoibriú        idir an    dá  Bhord
Turasóireachta    ó  na  seascaidí.   I 1985  síníodh     an
Comhaontú   Angla-Éireannach,   agus dá  bharr sin bunaíodh
an Ciste  Idirnáisiúnta    d'Éirinn   (CIÉ).  Thug  an ciste
sin  spreagadh tábhachtach  nua don  chomhoibri ú  de  bharr
na bhfoinsí  nua airgid.   Le cuidiú  an airgid ón    CIÉ, 
bhí    lámh    chuidithe     á  thabhairt  do  chuid   de na
príomh-scéimeanna   uile-Éirean   n. Mar shampla, an  scéim
ghinealaigh   náisúinta,   cur   chun  cinn  na canála    ó
Bhéal  an Átha  Móir  go Béal  Átha  Conaill, Gulliver agus
go leor comh-thio nscnaimh thar lear,  cosúil  leis an deasc
uile-Éireann  in ionad taistil  BTA i Londain.


 Ar an 17 Iúil  1990, chas an bheirt Aire Turasóireachta
le chéile    chun  athbhreithniú         a  dhéanamh   ar an
gcomhoibriú  sin. De thoradh an chruinnit he  sin, bhí  fonn
ar an dá  bhord,    dhá    rud a dhéanamh,   ``teacht ar  na
réimsí    ina bhféadfaí    comhoibriú  a chur chun cinn agus
teacht ar na  táirgí   a  d'fhéadfaí     a chur  ar fáil  le
chéile''.    Ba  chóir  go mbainfeadh   na réimsí     seo le
gnéithe   go bhféadfadh    an dá  thaobh buntáiste  a bhaint
astu seachas    le réimsí   ina mbeidís    in iomaíocht   le
chéile.



 I 1992 bhí  soláthar  airgid do mhargaíocht  trasteorann,
de  bharr   tionscnamh INTERREG. Ag an am céanna  ceadaíodh
35 scéim   chun cabhair    deontais  a fháil   (#370,000 san
iomlán).  Faoi láthair,  tar éis  an  dá  shos cogaidh,  tá
Matt McNulty, Stiúrthóir    Ginearálta   Bhord  Fáilte,   ag
spreagadh ``gach  duine sa tionscal chun iarracht  níos  mó
a dhéanamh   agus an     infheistíocht  sa mhargaíocht     a
mhéadú      sa   chaoi go  gcuirfear    dlús    le fás    na
turasóireachta''.



 De réir  Baroness Denton, Aire Eacnamaíochta  an Tuaiscirt
- ``mhéadaigh   láimhdeachas      Bhord Turasóireachta    an
Tuaiscirt 92% i mí  Deireadh  Fómhair    thar an   tréimhse
chéanna  an bhliain seo caite''.


 Le cois na síochána   sa tuaisceart a bheith ag cabhrú
leis an turasóire  acht,  beidh buntáiste   le  baint  as an
bhfeachtas            fógraíochta,     go  háirithe      sna
príomh-mhargaí   idirnáisúnta.     De  réir  na spriocanna a
shocraigh na  comhlachtaí   margaíochta  turasóireachta,  ba
chóir  go mbeadh  fás  9% sna  cuairteoirí   ó  thíortha
thar lear i 1995.


 Nuair a chuirtear gach rud san áireamh,  mar sin, táthar
ag súil    gur bliain  mhaith   turasóireachta   a bheidh  i
1995,  go dtiocfaidh    an  t-éileamh    is mó  ón  margadh
Sasanach, le slua   maith arís  as  tuaisceart  Mheiriceá, 
agus níos  mó  turasóirí    ná    riamh   ó  mhór-roinn   na
hEorpa.  

=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=
=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=
=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D
=1A


Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge