))) Item number 12600, dated 95/05/25 18:58:22 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 18:58:22 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Niall Ó Donaill, an foclóirí mor, ar lár
Má tá tú ag baint taitneamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
NIALL ó DOMHNAILL, an foclóirí mór, ar lár
Le GEAROID Ó DOCHARTAIGH
Fuair an foclóirí cáiliúil Niall ó Dónaill bás i
gCluain Tarbh, i mBaile Atha Cliath, Dé hAoine, 10
Feabhra. Baineann pobal na Gaeilge, lucht léinn na
Gaeilge agus foghlaimeoirí Gaeilge leas as a
mhórshaothar, an Foclóir Gaeilge-Béarla, go rialta.
Foilsíodh an foclóir i 1977 agus níl ach adhmholadh ag
gach duine don fhoclóir. Bíonn sinne a bhíonn i mbun na
scríbhneoireachta ag brath ar. Duine ar bith a bhaineann
feidhm as an teanga seo againne is riachtanas an leabhar
seo dó/di.
Rugadh Niall i mBarr an Ailt, i Loch an Iúir, Dún na
nGall, 87 mbliana ó shin. Ba mar Niall "Tharlaigh" a
d'aithin muintir na háite é. Bhí sé ag freastal ar
Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ó 1921 go 1925
agus ar Choláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath ó 1925
go 1928.
Chaith sé bliain ag teagasc i meánscoil, dhá bhliain ag
aistriú leabhar don Ghúm agus trí bliana ina chúntóir
ag an Athair Mac Cionnaith ar an fhoclóir
Béarla-Gaeilge. Chuaigh sé ag obair leis an
státseirbhís i 1934 agus ba státseirbhíseach é go
dtí go ndeachaigh sé amach ar phinsean.
Scríobh sé stair na Rosann, i nDún na nGall, faoin
teideal Na Glúnta Rosannacha. I measc na leabhar eile a
tháinig uaidh bhí: Bruighean Feille, Beatha Sheáin
Mistéil, Seanchas na Féinne agus Forbairt na Gaeilge.
Cuireadh Forbairt na Gaeilge i gcló i 1951 agus cuireadh
athchló air i 1952.
Nocht sé an tuairim sa leabhar sin gurb é an bac
intleachta is mó atá ar na cainteoirí Gaeilge a thig
go Baile Atha Cliath go mbíonn a n-aigne i gcónaí faoin
tuath, agus nach mbeadh tionchar ar bith acu ar bheatha an
náisiúin go dtí go leagfadh siad a n-intinn ar an tsaol
atá timpeall orthu ina gcathair féin, cathair ar fhan sé
féin inti go lá a bháis. Bhronn Coláiste na
Tríonóide, céim onórach dochtúireachta air as a
shaothar.
Shíothlaigh a chéile, Sarah, anuraidh. Fágann sé mic
agus iníon.
Bhí an-mheas ag an Athair Tomás ó Dochartaigh, a chaith
blianta fada mar shagart paróiste i nGaeltacht Thír
Chonaill ar Niall ó Dónaill.
"Aireoidh mé Niall uaim" a dúirt sé "gidh nach raibh mé
i lúb cruinnithe ina chuideachta riamh. Bhí an caidreamh
céanna agam leis agus atá ag iliomad Eireannach agus
daoine nach iad".
"Níonn sinn comhbhrón lena mhuintir, lena ghaolta agus
lena chairde.
"Gabhann muid buíochas le Dia as é a bheith inár measc
agus ar thug sé dúinn idir shaothar a phinn agus caoimhe
a mhéin", arsa an Dochartach.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge