012599

))) Item number 12599, dated 95/05/25 18:56:30 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 18:56:30 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Taitealaithe nua-ré  i gCorcaigh

Má  tá  ag baint taitbeamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

             Taistealaithe nua-ré  i gCorcaigh

                  Le Victoria Whittington


   I mí  Feabhra, tháinig  céad  taistealaí  nua-ré  go
Coill Bhaile  Átha  hUlla i gContae Chorcaí   agus anois dhá
mhí  ina dhiaidh sin, tá  siad  fós  ag teacht.   Inniu tá
campa á   dhéanamh  ag na  taistealaithe i  dtrí  choill   i
gCorcaigh  - Baile Atha hUlla,  Dún  an Tábhairne  agus Dún
Mánmhaí.


 Tá  imní  agus eagla ag teacht ar mhuintir na háite  go
mbeidh plódú    sa samhradh  tar éis  acht nua sa  Bhreatain
chun stad a chur le treaspás   na dtaistealaithe.

 Dúirt  Coillte, an Bord Stáit  atá  i gceannas ar chosaint
na gcoillte    in Eirinn, go raibh   an   staid  i gCorcaigh
"tromchúiseach"  agus nach raibh  ach rogha  amháin  acu, an
dlí  a chur  ar na taistealaithe    chun  iad  a chur   chun
cónaithe  in áit  éigin  eile.

 Dúirt  Gerry Egan, Oifigeach Caidrimh Phoiblí  Choillte go
raibh  "na campaí  ag cur isteach ar bhealaí  tábhachtacha
chun dul isteach agus   teacht   amach as coill Bhaile  Atha
hUlla agus   dá  mbrisfeadh   tine amach  go mbeadh tubaiste
uafásach  ann". Chomh maith leis sin "téann   a lán  daoine
ag  siúl    gach   lá  sna coillte agus   ceapaim féin    go
gcuirfeadh  sé     as go    mór   do na  coisithe   sin   na
taistealaithe   a bheith ann, is fadhb     mhór  í    sin do
Choillte freisin", arsa Egan.

 Dúirt  sé  go raibh na campaí  buan, " tá  a lán  de na
páistí   as na  campaí  ag freastal  ar scoileanna áitiúla
anois".


 In ainneoin an méid  a dúirt  Coillte, dúirt  na Gardaí
áitiúla     go  raibh na taistealaithe   béasach   agus nach
raibh siad trioblóideach    ar  chor ar bith. Tuairiscítear
go bhfuil na taistealaithe sásta  i gCorcaigh   agus  dúirt
siad go raibh Eire ar fad síochánta,   gan cur isteach.


 Ach fós,  tá  imní  ar fhormhór  na ndaoine áitiúla.

 Cúpla  mí  ó  shin bhí  féile  mhór  sa choill agus rug na
gardaí   ar  a  lán   drugaí    ag an teacht le chéile  seo.
Bhí  fearg ar mhuintir  na háite    agus  rinne siad casaoid
faoi   na taistealaithe.  "Cháin   a lán  daoine na  campaí
nua ach, ar   an taobh  eile,  i dtuairisc sa Cork Examiner,
dúirt   neart   daoine nach raibh    na taistealaithe ag cur
isteach orthu  ar   chor  ar  bith,   mar sin  go raibh  sé
deacair a rá   go  raibh   gach  duine  i gContae  Chorcaí
míshásta",    arsa Egan. Dúirt   Egan go raibh a lán  daoine
ag cur   brú  ag   an gComhairle  Contae na taistealaithe  a
bhogadh chuig áit  éigin     eile ach nach raibh siad in ann
na  taistealaithe    a bhogadh     mar nach  raibh  aon áit
chónaithe  eile ag an gComhairle   Contae dóibh.   Níl  aon
dualgas  ar Choillte áit  chónaithe  eile a  aimsiú  dóibh,
arsa Egan,  "tá  Coillte  cosúil  le gach  úinéir    talaimh
príobháideach       eile sa  tír,  ní  thiteann   an dualgas
orainne".

 Dúirt  gardaí  i gCorcaigh go raibh níos  mó
taistealaithe   ann anois   mar   a  bhí  riamh cheana.  Tá
muintir  na háite  agus na gardaí  ag tnúth   le   níos  mó
taistealaithe fós  an mhí   seo  chugainn    mar  go bhfuil
séasúr    na   mbád    farantóireachta   ag teacht.  Tá   na
gardaí    ag tnúth  le timpeall sé   chéad  taistealaí  eile
i rith an tsamhraidh.


 Dúirt  Gerry Egan, "má  bhíonn  na taistealaithe in
áiteanna    príobháideac    ha caithfidh na húinéirí    cás
cúirte  a thógáil,   chun iad a chur amach".

D' fhoghlaim  a lán  úinéirí,    áfach   - feirmeoirí  agus
fir  ghnó   go háirithe    -  go raibh  sé   an-chostasach a
leithéid    a dhéanamh.  Tá  sé  soiléir  go  bhfuil muintir
na háite  idir dhá  thine Bealtaine.  Chun na taistealaithe
a chur  amach bheadh orthu a lán  airgid a íoc,  agus ag an
am céanna     níl      cead  ag  an gComhairle   Contae   na
taistealaithe    a chur   amach mar nach   bhfuil   aon áit
oifigiúil  cónaithe  eile acu.    Tá  an staid ag cur  as do
dhaoine  go mór  agus tá  sé   follasach nach bhfuil muintir
na háite  sásta  leis an  "ionradh".




===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge