))) Item number 12588, dated 95/05/25 02:49:11 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 02:49:11 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Bac á chur le forbairt Raidió na Life
Má tá ag baint taitbeamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
Bac á chur le forbairt Raidió na Life
Clár Ní Bhroin
De réir mar atá stáisiún nua teilifíse Gaeilge á
chruthú, tá an Coimisiún um Raidió agus Teilifís
Neamhspleách ag cur bac le haon fhorbair t atá ar intinn
ag Raidió na Life.
I lár mhí Eanair, dúirt an Coimisiún go raibh siad chun
ceadúnas a thabhairt d' Ollscoil Chathair Átha Cliath.
Tá an méid sin maith go leor, ach beidh an Ollscoil ag
craol-adh ar an mhinicíocht 102.2 i mBaile Átha Cliath.
Is í sin an mhinicío cht ar a mbíonn Raidió na Life ag
craoladh.
Níl Raidio na Life ag baint úsáide faoi láthair as na
huairean na atá luaite ag an gCoimisiún.
Tar éis an chinnidh a thug an Coimisiún beidh an Ollscoil
in ann craoladh ar an Satharn agus ar an Domhnach ón a
haon a chlog sa tráthnóna go dtí a cúig a chlog. Is í
an fhadhb atá ag an stáisiún Gaeilge ná go bhfuil siad
ag smaoineamh go dáiríre faoi leathnú agus faoi bheith
ag craoladh i rith na deireadh seachtaine.
Dúirt urlabhraí ó Raidió na Life, go ndearna an
stáisiún iarracht mhór chun ionannas daingean a chur in
iúl don phobal, go háirithe i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Seosamh =E7 Murchú i bpreasráiteas ón stáisiún,
go raibh a fhios ag an gCoimisiún um Raidió agus
Teilifís Neamhspleách faoi na pleananna a bhí acu chun
na huaireanta craolta a leathnú go luath.
Dúirt an preasráiteas freisin gur thug an CRTN tacaíocht
don stáisiún roimh an gcinneadh a thóg an Coimisiún le
déanaí.
Nuair a labhair Cumarsáid le Seosamh =E7 Murchú le
déanaí, dúirt sé nár chuala sé aon rud ón CRTN ón
23 Eanair. Scríobh Raidió na Life litir chuig an CRTN
ach níor chuala siad aon rud ó shin. Dúirt =E7 Murchú
freisin gur scríobh siad chuig an Aire Ealaíon, Cultúir
agus Gaeltachta Micheál D. =E7 hUiginn. Fuair siad freagra
ag rá go raibh an cheist á scrúdú acu sa Roinn.
Sa phreasráiteas a chuir an Coimisiún amach ar an 23
Eanair, dúirt siad nach raibh ach dhá mhinicíocht ar
fáil dóibh faoi láthair.
Tá siad tar éis díospóireacht a thosnú leis an Roinn
Cumarsáide chun minicíocht eile a fháil. Is cúis imní
é do Mhicheál D. =E7 hUiginn, mar Aire Ealaíon, Cultúir
agus Gaeltachta. Is cúis imní freisin é do dhaoine atá
ag plé leis na Meáin Chumarsáide Gaeilge.
Tá sé riachtanach go mbeadh seans ag stáisiún raidió
atá cuíosach nua, leathnú a dhéanamh de réir mar atá
siad in ann an leathnú sin a dhéanamh .
=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=
=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=
=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D=3D
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge