))) Item number 12586, dated 95/05/25 02:46:24 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 02:46:24 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Gaeilge sna scoileanna faoi bhagairt - Conradh
na G.
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
Gaeilge sna scoileanna faoi bhagairt - Conradh na Gaeilge
Le Órla Ní Dhónaill
Ar chóir go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar riachtanach
inár scoileanna? Is ceist í seo atá tagtha chun tosaigh
arís le déanaí de bharr an chonspóid idir Conradh na
Gaeilge agus Cumann Múinteoirí Éireann faoi mholtaí an
Chumainn chuig an bhFóram um Shíocháin agus
Athmhuintearas.
Le blianta fada, bhí an díospóireacht
faoi mhúineadh na Gaeilge dírithe ar na
meánscoileanna. Is é atá tar éis fearg Chonradh na
Gaeilge a spreagadh le déanaí ná moladh ó Chumann
Múinteoirí Éireann go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar
roghnach i mbunscoil-eanna áirithe agus nach mbeadh cumas
sa Ghaeilge ag teastáil a thuilleadh chun cáiliú mar
mhúinteoir bunscoile.
Is é atá á mholadh ag Cumann Múinteoirí Éireann go
díreach ná go mbeadh trí roinn difriúil de
bhunscoileanna ann.
Sa chéad roinn bheadh scoileanna lán-Ghaelacha; sa dara
ceann, scoilean na ina mbeadh an Ghaeilge mar ábhar
riachtanach agus sa tríú, scoileanna ina mbeadh an
Ghaeilge mar ábhar roghnach. Teastaíonn ón gCumann
freisin nach mbeadh cáilíocht sa Ghaeilge riachtanach do
mhúinteoirí bunscoile mar atá faoi láthair.
Deireann Cumann Múinteoirí Éireann go bhfuil athruithe
i gcóras mhúineadh na Gaeilge riachtanach i gcomhthéacs
na deilbhcháipéise agus i gcomhthéacs ``an teacht le
chéile de na córais oideachais sa dá chuid den oileán
seo.'' Má thagann Éire Aontaithe mar thoradh ar an
deilbh-cháipéis caithfear daltaí agus múinteoirí nach
bhfuil taithí ar bith acu ar bheith ag foghlaim nó ag
múineadh Gaeilge a chur san áireamh. Ach dar le Seán Mac
Mathúna, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, ní hiad
moltaí Chumann Múinteoirí Éireann an tslí is fearr
chun é sin a dhéanamh. ``Is dul ar gcúl an-mhór iad na
moltaí seo,'' arsa Mac Mathúna. ``Is curaclam comhtháite
atá i mbunscoi leanna na tíre seo faoi láthair agus is
cuid lárnach de sin an Ghaeilge.
Déanann na múinteoirí tagairt d'ábhair éagsúla i rith
an lae. Conas a d'fhéadfadh múinteoir gan cumas sa
Ghaeilge é sin a dhéanamh?'' Deireann Joe O'Toole,
Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, gur múinteoir í
ón Tuaisceart is mó atá ag lorg athrú sa riail maidir
leis an gcáilíocht sa Ghaeilge. ``Is múinteoirí
náis-iúnta iad Ken Maginnis agus Séamus Mallon mar
shampla,'' arsa O'Toole. ``Dá dteastódh uathu post a
thógáil mar mhúinteo irí in aon chóras oideachais
aontaithe sa todhchaí, ní bheadh cead acu mar nach
bhfuil cáilíocht Ghaeilge acu. Ní dóigh linn go bhfuil
sé sin ceart.'' Ní chreideann Conradh na Gaeilge go
bhfuil gá le haon athrú.
Molann siad cúrsa a chur ar fáil chun cabhrú le
múinteoirí ón Tuaisceart an cháilíocht a bhaint
amach. ``I mo thuairim, is bealach i bhfad níos
éifeachtaí é sin chun `teacht le chéile' a thabhairt i
gcrích,'' arsa Mac Mathúna.
Tá sé éasca a thuiscint cén fáth go bhfuil Conradh na
Gaeilge chomh buartha sin faoi na moltaí. Má ghlactar
leo, beidh siad ar na hathruithe is raidic-iúla riamh i
bpolasaí oideach-ais an Stáit. Bheadh torthaí fadtéarm
acha acu ar mheánscoileanna agus ar staid na Gaeilge go
ginearálta. Ciallaíonn aon athrú ar stádas na Gaeilge
sna bunscoileanna, go mbeadh athruithe sna meánscoileanna
chomh maith agus níl aon dabht ag an gConradh go
dtiocfadh laghdú suntasach ar líon na ndaoine a bheadh á
foghlaim agus á labhairt dá bharr. Faoi láthair,
áfach, ní léir go bhfuil morán éilimh ar na
hathruithe a chur i bhfeidhm taobh amuigh de Chumann
Múinteoirí Éireann. Ina gcuid moltaí féin chuig an
bhFóram, déanann an Conradh trácht ar shuirbhé
Institiúid Teangeol-aíochta Éireann 1993.
Taispeánann an suirbhé sin go bhfuil 76% den phobal
sásta go bhfuil ar gach dalta scoile Gaeilge a fhoghlaim.
Is amhlaidh go bhfuil múinteoirí meánscoile sásta leis
sin freisin.
Rinne Seán Ó hUigín, Uachtarán Chumann na Meán
Mhúinteoirí, soiléir é le déanaí nach bhfuil sé i
bhfábhar moltaí na múinteoirí náisiúnta.
``Is cuid an-tábhachtach d'ár n-oidhreacht í an
Ghaeilge,'' a dúirt sé, ``agus ba chóir go
bhfoghlaimeodh gach dalta ar scoil í.'' Dúirt sé
freisin go mba chóir níos mó tacaíochta a thabhairt do
mhúinteoirí Gaeilge.
Tugann ráiteas Uí Uigín an-fhaoiseamh do Chonradh na
Gaeilge. Don Chonradh, ní ceist í seo díreach faoi
riachtanas ábhar scoile.
Téann sé i bhfad níos doimhne ná sin. ``Is cuid
lárnach d'ár n-ionanna s í an Ghaeilge,'' arsa Mac
Mathúna. "Má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm,
caillfidh glúinte daoine a gceart chun a dteanga dhúchais
a fhoghlaim.
===========================================================
Má tá ag baint taitbeamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge