))) Item number 12585, dated 95/05/25 02:43:39 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 02:43:39 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Athoscailt na canála ag mealladh na sluaite
Má tá ag baint taitbeamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
Athoscailt na canála ag mealladh na sluaite
Le IAN MAC AN PHRIORA
Roimh Dheireadh Fómhair
1994, ní dhearna ach ocht mbád iarracht taisteal ar
chanáil Bhéal an Atha Móir / Béal Atha Conaill. On uair
sin i leith, leis an ainm nua Uiscebhealach na Sionainne
agus na hEirne, tá an turas déanta ag níos mó ná 3000
bád, ag iompar timpeall 12,000 paisinéirí.
Tosaíonn an tUiscebhealach i sráidbhaile Liatroma ar an
tSionainn, ag dul trí Cheis Charraigín, Béal an Atha
Móir agus Béal Atha Conaill go dtí go sroicheann sé
Loch Eirne.
De thoradh a athoscailte, is féidir le báid taisteal ó
Chill Dalua i gContae an Chláir go dtí Béal Leice i
gContae Fhear Manach; achar de 300 míle.
Thosaigh obair ar an chanáil ar dtús sa bhliain 1846.
Ceithre bliana déag ina dhiaidh sin, tar éis dul i
bhfad thar a bhuiséad, críochnaíodh é. Ach bhí a lán
fadhbanna leis an gcanáil nua. Bhí cuid dá locanna ag
déanamh uisce agus bhí na bruacha ag titim isteach in
áiteanna. Dúnadh an chanáil in 1869, naoi mbliana tar
éis a hoscailte.
Nuair a thosaigh athchóiriú na canála i 1991, bhí ar
na hinnealtóirí12 0 bliain de mheath a chur i gceart. Ar
chostas 30 milliún, déanadh an tUiscebhealach inseolta
arís, ag úsáid na bun-láthair do locanna agus
droichid.
Tháinig an t-airgead don scéim ó rialtas na Breataine
agus na hEireann, chomh maith leis an Aontas Eorpach, an
Ciste Idirnáisiúnta d'Eirinn agus BSL. Tá an
tUiscebhealach faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí
agus Roinn Talmhaíochta an Tuaiscirt.
Tá comhlachtaí báid mar Emerald Star, Tara Cruisers
agus Carrick Craft ag súil le tuilleadh gnó de bharr
oscailt an Uiscebhealaigh. Tá láthair mhór nua tógtha
ag Emerald Star, an comhlacht is mó, i mBéal Tairbirt, i
gCo. an Chabháin, ar costas 2.4 milliún. Roimhe seo, ní
raibh an Eirne inseolta chomh fada le Béal Tairbirt.
Tá dóchas ag Paddy Ryan, bainisteoir margaíochta
Emerald Star, as an séasúr atá ag teacht. ``Chomh maith
leis an lárionad nua i mBéal Tairbirt, tá saghas nua
báid á láinseáil againn atá feiliúnach ach go
háirithe do thaisteal ar chanáil'', ar seisean. Dúirt
sé freisin go raibh ardú 25% ar na figiúirí d'
áirithintí don bhliain seo i gcomparáid leis an bhliain
seo caite. Agus an gcabhróidh deireadh an fhoréigin sa
Tuaisceart chun níos mó turasóirí a mhealladh?``Le
deireadh an fhoréigin, táimid ag súil le níos mó
cuairteoirí ón Tuaisceart agus ón Bhreatain,'' a dúirt
Paddy.
Tá súil go ndéanfaidh an tUiscebhealach an-mhaitheas
d'eacnamaíocht an réigiúin. Is iomaí baile ar bhruach
na canála atá ag féachaint i dtreo na canála chun
beocht nua a chur iontu.
Is sampla maith é Béal an Atha Móir i ndeisceart
Chontae Liatroma, baile mór atá ag súil go
dtabharfaidh an tUiscebhealach rathúnas chuig ceantar
atá ag fulaingt le heisimirce agus laghdú daonra.
Deireann Gay Prior, tábhairneoir i mBéal an Atha Móir,
go bhfuil coinne aige le Samhradh an-mhaith. ``Tá ardú
mór gnó tugtha faoi deara againn ón am a d'oscail an
chanáil. Táimid ag súil le bliain mhór.'' Deireann sé
freisin go bhfuil an chuid is mó den trádáil go dtí
seo ag teacht ón líon mór daoine atá ag teacht aníos
ón Eirne.
Tar éis chomh maith is a d'éirigh leis an Uiscebhealach
go dtí seo, tá sé beartaithe é a dhéanamh inseolta
chomh fada le Cill na Seanrátha i gContae an Chábháin,
chomh maith le cuan nua a thógáil i mBéal an Atha
Móir.
CRIOCH 570 focail
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge