))) Item number 12584, dated 95/05/25 02:42:29 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 02:42:29 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: Ón naíonra go dtí an Ghaelscoil
Má tá ag baint taitbeamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
Ón naíonra go dtí an Gaelscoil
Le Héilean Rosenstock
D'eagraigh scata tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag
freasta ar an naoínra i mBaile Breac cruiniú in Óstán
Victor le déanaí. Is éard a bhí á phlé acu ná bunú
Gaelscoile sa cheantar céanna.
Ní dócha go mbeidh an scoil seo ar oscailt i mí Mheán
Fhómhair seo chugainn ach tá dóchas ann go n-osclófar
na doirse an bhliain dár gcionn 1996.
Faoi láthair tá 261 naíonra sa tír. Faraoir géar níl
an líon céanna bunscoileanna ná iar-bhunscoileanna
lánGhaelacha againn chun gur féidir leis na páistí
óga go léir a fhaigheann blas ar an nGaeilge sa naíonra
leanúint lena n-oideachas trí mheán na Gaeilge.
Is iad na tuismitheoirí féin a bhunaíonn na
Gaelscoileanna seo.
Is iad tuismitheoirí Scoil Lorcáin i mBaile na Manach a
chuir brú ar an rialtas Coláiste Eoin a bhunú 25 bliain
ó shin agus Coláiste Íosagáin blianta beaga níos
déanaí. Ní raibh ach seachtar déag sa chéad rang i
gColáiste Eoin. Inniu tá 350 dalta ann agus liosta
ainmneacha a líonfas an scoil go casadh an chéid.
Is éard is naíonra ann ná grúpa súgartha trí
Ghaeilge do pháistí idir trí agus cúig bliana d'aois.
Go minic ní bhíonn Gaeilge ag na páistí agus iad ag
teacht isteach, bíonn nuair a fhágann siad an naíonra.
Go minic cuireann tuismitheoirí a bpáistí chuig
naíonraí de bharr na háisiúlach ta, ar ball tagann
athrú meoin orthu agus éiríonn siad níos láidre faoi
thábhacht na Gaeilge féin.
Teastaíonn uathu go leanfadh a bpáistí lena n-oideachas
trí mhéan na Gaeilge, ach ní i gcónaí gur féidir leo
a leithéid a dhéanamh.
Níl ach 91 bunscoil lánGhaelach lasmuigh den Ghaeltacht
faoi láthair agus, níos measa fós, níl ach 25
iarbhunscoil ann. Tá liosta fada feithimh ag formhór na
scoil-eanna seo. Cuireann an paimfléad ``the sound of
Europe'' cás na naíonraí i gcomhthéacs Eorpach. Dar
leis úsáideann 65% de dhaonra an domhain ar a laghad
dhá theanga ina saol laethúil.
Tá buntáistí eacnamaíocha agus cultúrtha ann dóibh
siúd atá dátheangach . An páiste a thógtar le dhá
theanga ó dhúchas feiceann sé an t-idirdhealú idir
fuaim agus brí focail. Coincheap é seo atá riachtanach i
bhfás intleach t an pháiste. Beidh sé níos éasca don
pháiste sin an tríú teanga a fhoghlaim ar ball freisin.
Is léir go bhfoghlaimíonn páistí óga teangacha go
héasca, is cuma an sa bhaile nó ag freastal ar an
naíonra a dhéanann siad é. Is sna blianta luatha seo ba
cheart an Ghaeilge a mhúineadh do pháistí. I 1970 a
bunaíodh an chéad naíonra. Tá fás leanúnach ar na
naíonraí ó shin. I 1984 bhí 146 naíonra ann. I 1989
d'fhás sé go 225 agus inniu tá 261 naíonra ann. Is gá
a chinntiú gur féidir freastal ar riachtanais
bunscol-aíochta agus iarbhunscolaíochta na bpáistí sin.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge