012583

))) Item number 12583, dated 95/05/25 02:40:46 -- ALL
Date:         Thu, 25 May 1995 02:40:46 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Fógraíocht   ag dul thar fóir?

Má  tá  ag baint taitbeamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

               Fógraíocht   ag dul thar fóir

                    Le Clár  Ní  Bhroin

 Thug Cumann na nGluaisteán  (an A.A) sa  Bhreatain rabhadh
do  thiománaithe    faoi  fhógra  le Demi Moore ag déanamh
ionsaí    gnéis   ar Micheal    Douglas    sa scannán    nua
Disclosure.

Níl   na  tiománaithe  in ann  a   súile  a choimeád   ar an
mbóthar  dar leis  an A.A. Deireann siad go raibh  an  méid
sin mar chúis  le timpistí  le déanaí.



Ní  hí  Demi  Moore an  t-aon chiontóir    amháin,   áfach.
Cúpla    mí  ó  shin  bhí   rí  rá   agus ruaille buaille ar
bhóithre  na  hÉireann   nuair     a bhí   Eva  Herzigova ag
fógairt  an Wonderbra.


 Rinne mná  gearán  faoin bpictiúr  d'Eva ag caitheamh an
Wonderbra       agus ag rá  `Hello   Boys',   le hUdarás  na
gCaighdeán  Fógraíochta    agus d'aontai  gh an tÚdarás   go
raibh  fadhb    leis an bpictiúr  ach níor  chuir siad cosc
air.


 Chuir an Bord Cinsireachta i Meiriceá  cosc ar phictiúr
ag fógairt       an   scannáin,   Pret a Porter,  le  Helena
Christensen  ag caitheamh   meangadh   gáire    agus beagán
eile.


Tá   an díospóireacht   faoi fhógraíocht   éirithe  níos
teasaí  le déanaí.

Bíonn     na fógróirí      ag sárú    an líne   morálta  go
han-choitianta i súile  an  phobail.

 Tá  fógra  ag Budget Travel faoi láthair  in a lán
stadanna   bus  i  mBaile  Atha  Cliath. Tá  Budget ag baint
úsáide   as frásaí   ón   mBíobla  chun  a laethanta  saoire
a dhíol.  Tá  na fógraí    sin ag cur  as do a  lán  daoine
sa chathair.

 In ainneoin na ngearán  chuig Údarás   na gCaighdeán
Fógraí-ochta,    tá   na fógraí    fós  ann. Dúirt  Údarás
na  gCaighdeán   Fógraí-ochta   nach raibh  ar Budget Travel
na fógraí   a bhaint anuas.


 An bhliain seo caite, bhí  rí  rá  ar fud an domhain nuair
a bhí  fógra   ag   Benetton    ag taispeáint  fear ag fáil
bháis  le SEIF agus a mhuintir timpeall  air.

 Is í  an fhadhb ná  nach feidir líne  morálta  a leagan
síos  ar bhealach   a bheadh sásúil   do chách.  I mbeagnach
gach cás  achrannach,  deireann na   daoine atá  ag gearán
go gcuireann   an  fógra    atá    i gceist  mná   i suíomh
baolach.


  Bhí  ceann ag Levi's ar an teilifís  le déanaí   agus
bhí    fadhb  mhór     ag banaltraí   sa  tír   seo  leis an
bhfógra.


 Sa bhfógra  sin bhí  fear san ospidéal  agus banaltra ag
baint a bhríste    de  ar bhealach   gnéasach.     Dúirt  na
banaltraí    gur chuir an fógra  sin i suíomhan  na baolacha
iad   agus   iad  ag  obair.   Sa chás   seo    dúirt   Bord
Cinsireachta  na hÉireann  nach raibh cead ag RTE  an fógra
a chur ar an aer  roimh a   naoi  a   chlog.  Is  suarach an
sólás   é  sin i ndáiríre.


 Leanann an díospóireacht   achrannach ar aghaidh. Coimeád
do shúile    ar an mbóthar,   áfach,  agus ná  bac   le Demi
Moore!







===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge