))) Item number 12582, dated 95/05/25 02:21:08 -- ALL
Date: Thu, 25 May 1995 02:21:08 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: CUMARSÁID: An tóir ar an George aerach.
Má tá ag baint taitbeamh as na h-ailt ó Cumarsáid, molaim
duit carta poist a sheoladh chuig
Íte Ní Chionnaith
Leachtóir Iriseoireachta
Institiúid Teicneolaíochta BAC
DIT
Sráid Ainséir
Baile Atha Cliatha 8
Eire
Thug sí cabhair dom na h-ailt seo a fháil ar diosca agus táim
anna bhuíoch di.
Seán Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
An Tóir ar an George Aerach
Le Jill Ní Shuilleabháin
Suite beagnach i lár na cathrach, tá an teach tabhairne
"The George", ceann de na láthair homaighnéasacha is mo
a bhfuil tóir air i mBaile Átha Cliatha.
D'aistrigh suíomh an ``George'' i 1930 ó chúinne
Shráid Sheoirse Theas go dtí Sráid Áinséir. Bhí an
``George'' ina theach tábhairne ón lá sin. Teach
cónaithe ba ea é roimhe sin.
Cheannaigh fear an tí reatha,
Cecil O' Brien, an ``George'' deich mbliana ó shin. Ní
bhíodh na homaighnéasaigh ag teacht le chéile ach ar an
dara hurlár ach bhí tóir chomh mór sin ag an bpobal
homaighnéasach ar an ``George'' gur fhág daoine
heitrighnéasacha é.
Is féidir le 500 duine teacht le chéile ann anois, agus
is daoine ``aeracha '' a bhformhór.
Labhair Cecil O' Brien linn faoin ``pink pound'', nó an
fiúntas eacnamaíochta atá le fáil as an bpobal
homaighnéasach.
Is fear gnó é Cecil O'Brien, duine a chonaic faill ghnó
i rith na n-ochtóidí agus a chuaigh sa tóir ar an
bhfaill sin.
Bliain go leith ó shin, deineadh athchóiriú ar an
taobh istigh agus anois tá urlár ``heavy metal'' ann,
chomh maith le dhá sheomra eile. Is é an leasainm ar an
dara ceann ná ``Jurassic Park'' mar bíonn na daoine
``aeracha'' a bhíonn ag ól ansin níos sine.
Tá a fhios againn go bhfuil sé níos ``cool'' anois
bheith homaighnéasach ná mar a bhíodh. Chuir mé ceist
ar fhear an tí faoi impleachtaí an dearcaidh nua don
ghnó.
Ní fhaca Cecil O' Brien toradh mór gnó tar éis
dlisteanú oifigiúil homaighnéasacht. Bíonn páistí ag
cur a gcinn timpeall an dorais fós, ag screadaíl
``steamers!!'' agus a leithéid.
Tá an t-am imithe, áfach, nuair a chuireadh rudaí mar
seo isteach ar fhormhór na ndaoine aeracha.
Tá tacaíocht mhaith le fáil anois ag an homaighnéasach
atá ag ``teacht amach''. Scéim amháin atá ann ná
``Tell-a-Friend ''. Is féidir le duine caint faoin méid
atá á fhulaingt aige agus sórt cara a bheith aige nó
aici chun dul an chéad uair go dtí teach tábhairne
homaighnéasach.
Is áit mhaith chompordach an ``George'' le hatmaisféar
cairdiúil ann chun an chéad deoch sin a ól.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge