012576

))) Item number 12576, dated 95/05/24 11:25:29 -- ALL
Date:         Wed, 24 May 1995 11:25:29 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID:  Ag briseadh síos  bacanna polaitiúla  ag an
              bhFóram

Má  tá  ag baint taitbeamh as na h-ailt ó  Cumarsáid,  molaim
duit carta poist a sheoladh chuig

        Íte  Ní  Chionnaith
        Leachtóir  Iriseoireachta
        Institiúid  Teicneolaíochta  BAC
        DIT
        Sráid  Ainséir
        Baile Atha Cliatha 8
        Eire

Thug sí  cabhair dom na h-ailt seo a fháil  ar diosca agus táim
anna bhuíoch  di.

Seán  Mac Suibhne
SMacSuibhne@dit.ie


                    -------------------
                    | Cumarsáid  1995 |
                    -------------------

    Ag briseadh síos  bacanna polaitiúla  ag an bhFóram.


              Le Micheál  Mac Maoláin.




 Thosaigh an Fóram  um Shíocháin   agus  Athmhuintearas   i
gCaisleán     Atha Cliath  i mí  na Samhna  1994.  Tháinig
ionadaithe   as gach páirtí    tábhachtach    sa  deisceart,
agus trí  pháirtí   neamhaontachtach  ón    tuaisceart Sinn
Féin,    an SDLP  agus   Páirtí   na nOibrithe, mar  aon  le
Páirtí   an Alliance.

Bíonn  cruinniú  ag teachtaí  an fhóraim  gach Aoine anois.


 Dúirt  Lucilita Bhreathnach, Ard-Rúnaí   Shinn Féin,  go
raibh an fóram   an-tábhachtach   do leanúint  an phróisis
síochána.    "Is próiseas    oideachais,   díospóireachta
agus comhrá  é  seo, agus seans  chun ár  dtuairimí  a chur
chun cinn, d`fhonn buanshíocháin   a bhunú"  a dúirt  sí.


 Dúirt  Dodie Mc Guinness ó  Ard Chomhairle Shinn Féin  gur
seans a  bhí  sa bhfóram  chun   na bacanna  polaitiúla   in
Eirinn a bhriseadh síos.

 "Taispeánann  an fóram  don phobal go bhfuil daoine ó
Shinn Féin,   agus   poblachtánaigh  go ginearálta,  cosúil
leo féin,  gur gnáthdhaoine  iad"  a dúirt  sí.


 Ach tá  fadhb mhór  ag an bhfóram.          Ní  bhíonn  aon
toscairí   ó  na páirtithe      aontachtacha i láthair   ach
amháin   Páirtí   an Alliance.  D` fhiafraigh   mé  de David
Adams  as Páirtí       Daonlathach  Uladh cén  fáth.  "Chuir
rialtas   Atha Cliath  an Fóram      um   Shíocháin     agus
Athmhuintearas  ar bun chun Sinn   Féin  a thabhairt isteach
sa phróiseas   polaitiúil"   a dúirt   sé.  "Is seans  é  do
na  páirtithe       poblachtacha    iad féin  caint   faoina
dtuairimí.   Níl   aon    áit  dúinne  sa chomhdhéanamh  seo
anois, ach b`fhéidir   go mbeidh córas    ag na   páirtithe
aontachtacha   go luath."  Sa chéad  chúig  sheachtain, bhí
seans  ag  na páirtithe   a   bplé  pháipéir       a chur  i
láthair  an fhóraim.  Thug na páirtithe    a dtuairimí  faoi
na ceisteann a tábhachtacha     polaitiúla   in  Eirinn faoi
láthair.  Tá  na páirtithe    ag   caint anois faoi  ábhair
ghaolmhara - gnó,  príosúnaigh,   slandáil  7rl.


 Beidh an fóram  ag leanúint  go ceann cúpla  mí  eile agus
ina dhiaidh  sin, beidh léirmheas  á  dhéanamh  ar obair  an
fhóraim.  De réir   cosúlachta,    leanfaidh an fóram,   mar
tá  sé  an-tábhachtach  don phróiseas  síochána.


===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge