) Print 012532
))) Item number 12532, dated 95/05/19 15:45:24 -- ALL
Date: Fri, 19 May 1995 15:45:24 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt: Socialist Voice :BOGANN SÉ -- IN AINNEOIN AN PHAPA!
Seo alt ón "Socialist Voice".
Tá súil agam nach dtógfaidh einne orm, an méid atá le rá ag údar!
---------------------------------------------------------------------
Tá foclór agus gear cur síos i mBéarla ag deireadh an alt.
Seán Mac Suibhne
----------------------------------------------------------------
"BOGANN SÉ" -- IN AINNEOIN AN PHAPA!
Goilleann sé go mór ar an-chuid Caitliceach dílse an chaoi a
bhfuil an Vatacáin ag glacadh gothaí seicte bunúsaíche chuici
féin le linn na Pápachta reatha. Cuireann Imlitir an Phápa Eoin
Pól 11 a foilsíodh an mhí seo caite, Evangelicum Vitae,
lagmhisneach ar an-chuid sagart ach go háirithe. Léiríonn sé
dearcadh duairc dorcha apacailipteach a réiteodh níos fearr le
seict piúratánach réamhchinníoch ná leis an eaglais a ghlac
treoir ó Chomhairle 11 na Vatacáine.
Daingníonn an Imlitir an teagasc tubaisteach faoin ghinchosc,
teagasc a chuireann náire ar thromlach na bhfíréan agus líon nach
beag easpag. Teagasc é a bhfuil a fhréamahacha ar fáil i
ndiagacht Thomáis Acuín (1225-59). Is íorónta an rud é go
gcloítear le teagasc Acuín chomh dlúth sin i gcúrsaí gnéis ach
go bhfuil an cáineadh a rinne sé ar úsaireacht ligthe i ndearmad.
Ba pheaca marfach é i súile Acuín ús a ghearradh: ní raibh ach
úsáid dhlisteanach amháin le hairgead, dar leis, agus b'in é
bheith ina mheán malartaithe. Ar feadh na gcéadta bliain tar éis
bhás Acuín chuirtí úsairí faoi choinnealbhá. Bhé siad siúd taobh
amuigh de phobal morálta na Críostaíochta. B'in an chúis ar
tháinig Giúdaigh chun tosaí i dtrádáil an airgid.
Ar feadh na gcianta throid an Eaglais in éadan chaipitealachais
- ar chúiseanna frithbheartacha ní mór a rá. Ansin tar éis
Réabhlóid na Fraince tháinig an Róimh ar fhoirmle a shásaigh na
caipitealaithe: bhí sé mímhorálta i gcónaí ús a ghearradh mar
chúiteamh ar na deiseanna caiteachais a bhí caillte aige fad agus
a bhí an t-airgead ag an iasachtaí. Níorbh aon díobháil é má
b'ionann an cúiteamh sin agus an ráta úis ar an margadh airgid.
Go deimhin, cén dochar má thug na baincéirí 'ús'ar an gcúiteamh.
Ar feadh an chuid is mó de stair na heaglaise níor rith sé le
diagairí go raibh aon rud cearr leis an daoirse airnéise. Go
deimhin, ba mhinic daoir a bheith ag easpaig nó ag an Eaglais
féin. Lean an Róimh de bheith ag cosaint na daoirse i bhfad tar
éis a port a bheith seinnte mar mhodh saothair inmharthana sa
gheilleagar. Chomh déanach le 1866 bhí Pius IX ag damnú mar
dhearcadh peacúil an smaoineamh go raibh an daoirse mímhorálta.
B'in tar éis Chogadh Cathartha Mheiriceá.
I gcás an teagaisc áirithe sin dealraíonn sé nár lig an náire don
Vatacáin foirmle a cheapadh leis an dogma a réiteach leis an
saol. Níl ann ach gur ligeadh i ndearmad é.
Ní móide ar bith é go ndéanfar dearmad chomh héasca céanna ar
dhamnú an ghinchoisc. Is éard is dócha go bhfógróidh Pápa i
gcionn 20 bliain nó mar sin nach raibh riamh sa teagasc ach
moladh chun foirfeachta.
Tá an chuid is mó den diagacht mhorálta in Evangelicum Vitae as
alt leis an réadúlacht agus an eolaíocht. Déanfaidh sé an-dochar
trí chur le haineolas na mbuíonta bunúsaíocha frith-
ghinchealaithe. Tá teagasc na Vatacáine ar ghinchealú bunaithe
ar an míthuiscint gur tarlú aonair í giniúint féatais ó is
próiseas í a chuimsíonn coimpeart, toirchiú, ionphlandú agus
ionchódú ginéiteach.
Ní dhéanfaidh an Imlitir Phápúil seo puinn difríochta do
thromlach na sagart, na mban rialta agus na mbráithre atá ag
iarraidh tart na córa a shásamh i bhfíonghort an Tiarna. Ní
bheidh aon éirí amach follasach in éadan na Róimhe ach déanfaidh
na milliúin Caitliceach faoi mar a rinne Gallileo tráth a
mb'éigean dó géilleadh don Ionchoisne Naofa agus a thacaíocht
d"earráidí" Copernicus a tharraingt siar. Agus é ag imeacht leis
tar éis dó umhlú do na prealáidí chualthas é ag rá i gcogar 'E
pur si muove' - 'Ach bogann sé, mar sin féin...' Buíochas le Dia
go mbogann.
(Sooner or later some of the more unrealistic teachings in the
recent papal encyclical will be withdrawn. For centuries the
Roman Catholic Church condemned usury and upheld slavery but was
forced to abandon those positions. Much church dogma concerning
the reproductive function throws a wilfully blind eye on the
relevant scientific facts.)
Réamhchinníoch - Predestinarian;
Ginchosc - Birth Control;
Úsaireacht - Usury;
Daoirse Airnéise - Chattel Slavery;
Ginchealú - Abortion;
Coimpeart - Conception;
Toirchiú - Impregnation;
Ionphlandú - Implantation;
Ionchódú Ginéiteach - Genetic Encoding;
Ionchoisne - Inquisition.
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge