012530
) Print 012530
))) Item number 12530, dated 95/05/19 11:37:22 -- ALL
Date:         Fri, 19 May 1995 11:37:22 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: Socialist Voice: RIALTAS AG TACÚ  LE SAINT

Seo alt ón  Socialist Voice.

Tá  foclór  ag deireadh an alt.

Seán  Mac Suibhne
'-------------------------------------------------------------------

RIALTAS AG TACÚ  LE SAINT

Nuair a craoladh an scéal  ar theilifíseán   sna Cealla Beaga, Co.
Dhún  na nGall, gur ghabh cabhlach Cheanada an long monarchan
Spáinneach,  Estai, lig a raibh i láthair  liú  áthais  astu.
Iascairí  ba mhó  a bhí  sa tábhairne  agus ba léir  go raibh a mbá 
go huile agus go hiomlán  le muintir Cheanada.  Ní  haon ionadh é 
sin ó  tá  bánú   déanta  ag na Spáinnigh  chéanna  ar na meánna  thar
timpeall ar Éirinn. 

Ina ainneoin sin, tá  Rialtas na hÉireann  ag seasamh "lenár 
gcomhpháirtí   Eorpach", an Spáinn.   In ionad tacú  le tionscal na
hiascaireachta in Éirinn  agus le cosaint na n-acmhainní  aiceanta
inár  bhfarraigí  tá  Éire  mar bhallstát  den Aontas Eorpach ag tacú 
le comhpholasaí  a deir "an tAontas Eorpach Abú!  - ceart nó 
mícheart!" 

Súnn  na longa monarchan móra  gach rud beo thar timpeall orthu in
eangacha micreamhogaill.  Ní  éalaíonn   an t-iasc is bídí,   rud a
chinntíonn  go gcealaítear  scoileannna iomlána  éisc  gan tada a
bheith fágtha  leis an stoc a athnuachan.  Fágann  siad farraige
mharbh ina ndiaidh agus scriosann siad slí  bheath iascairí  go
buan.

Tá  dochar as cuimse déanta  acu cheana féin  do na hiascaigh ar
scairbheacha ilchríocha  amach ó  chóstaí   na hEorpa agus Mheiriceá 
Thuaidh.  Tá  pobail iascaireachta i ndeireadh na péice  agus
fáiltíonn   siad roimh ghníomhaíocht   chabhlach Cheanada.  Ar an
taobh eile ar fad, tá  an Coimisiún  Eorpach.  Níor  histéire  go dtí 
é  an chaoi ar ghlac an Bhruiséil  le gabháil  an Estai.  Bhí  na
hEoralathaigh ag cur a gcosa uathu faoi "ainghníomh"  na
gCeanadach agus ní  raibh aon chaint acu ar an scrios atá  na longa
monarchan ag déanamh  ar mheánna  leis na blianta.  Bhí  caint ann
ar longa ó  chabhlaigh an AE a chur amach leis na longa monarchan
a chosaint. D'fhéadfadh  go mbeadh ar sheirbhís  chabhlaigh na
hÉireann  a bheith páirteach  san obair sin. Cheana feín,  le tamall
de bhlianta anuas, is é  príomhchúram   na seirbhíse  sin rialacha
agus srianta an AE a chur i bhfeidhm in aghiadh iascairí  na
hÉireann. 

Tá  sé  ar taifead againn ó  Jacques Delors cad í  tosaíocht 
"chosanta" an AE:  réiteach  le haghaidh na gcogaí  acmhainní  a
thuarann sé  don 21ú  aois.  Tugann eachtra an Estai leide dúinn 
ar ghné  den choimhlint sin.  Feicimid mar atá  an AE ag bagairt
lámh  láidir  a imirt ar aon tír  a sheasann sa mbealach ar shaint
impiriúlaithe  na hEorpa  -- é  sin nó  smachtbhannaí  a chur i
bhfeidhm ina coinne.  I gcás  na hiascaireachta de, tosóidh  siad
ar bhradaíl  a dhéanamh  ar an mórchóir   ar acmhainní  dheisceart an
domhain nuair a bheas farraigí  an tuaiscirt bánaithe  acu.

Tá  sé  suntasach mar atá  Rialtas na hÉireann  ag tacú  leis an
bpróiseas  seo.  Ní  hamháin  go bhfuil an seasamh sin glan
contráilte  leis na luachanna atá  ag muintir na tíre  ach ní 
réitíonn   sé  ar aon bhealach le leas eacnamaíoch  ná  sóisialta  na
hÉireann.   Chun  a cheart a thabhairt don rialtas deireanach mhol
siad go mbunófaí   córas  rialaithe le srian a chur le nósanna 
imeachta mídhleathacha  na Spáinne  ach chaith Comhairle na nAirí 
an moladh amach ar 13 Aibreán  1994 ar vóta  11-1.
Ábhar  imní  é  don Eagraíocht  Bhia agus Thalmhaíochta  (FAO)
dúshaothrú   thar fóir  na meánna.   Tá  iarracht ar bun acu Cód  um
Iascaireacht Fhreagrach a thabhairt isteach ach is comhaontú 
deonach é  sin nach féidir  a chur i bhfeidhm go dlíthiúil.    Tá 
cuid d'imeachtaí  na long monarchan cosctha ag an gCúnant  um Dhlí 
na Mara ar glacadh leis i 1982 ach níl  aon bhealach ceaptha leis
na forálacha  a chur i bhfeidhm.

Teastaíonn  gníomhaíocht   ag leibhéal  na Náisiún   Aontaithe le
hacmhainní  na mara a chaomhnú  agus a dhúshaothrú   go stuama.   Ní 
le haon tír  ná  stát  amháin  na haigéin    -- mar is ceart --  agus
is cóir  iad a chosaint ar mhaithe leis an gcine daonna trí 
chéile. 

cabhlach - navy;
meánna  - fishing grounds;
eangacha micreamhogaill - micromesh nets;
scoileanna éisc  - fish shoals;
scairbheanna ilchríocha  - continental shelves;
Eoralathaigh - Eurocrats;
ainghníomh  - atrocity;
cogaí  acmhainne - resource wars;
smachtbhannaí  - sanctions)


Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge