012401
) Print 012401
))) Item number 12401, dated 95/05/09 01:28:53 -- ALL
Date:         Tue, 9 May 1995 01:28:53 +0000
Reply-To:     Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         Seán  Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      ALT: CUMARSÁID  : Radon freagrach as 10% den ailse scamhóg 

Seo alt ón  chéad  leathanach.  Tá  beagnach gach alt a cuireadh
isteach san iris seo agam agus beidh sé  á  scaoileadh amach anseo!

Seán  Mac Suibhne
'------------------------------------------------------------

                -------------------
                | Cumarsáid  1995 |
                -------------------

        RADON freagrach as 10% den ailse scamhóg 


             Le Máighréad   Ní  Bhraonáin 

Is é  radon ceann  de na  cúiseanna   is   mó    le   hailse
scamhóg  in Éirinn,  dar  leis an Institiúid  Éireannach  um
Chosaint  Raideolaíoch  (RPII).  Cé   go bhfuil  Sellafield
agus áiseanna  núicléacha     eile  thar sáile  freagrach as
1% den radaíocht   a fhaigheann  muintir na hÉireann,   tá 
radon freagrach    as  suas le 10% de  na báis   go léir  ó 
ailse scamhóg  in Éirinn,  dar le Marie Kelly ón  RPII.


Chomh maith leis sin, creideann an Institiúid   go bhfuil an
baol i bhfad  níos  mó  i measc  lucht  caite tobac, mar  go
méadaíonn   an chontúirt   sin an baol  ó  radon.     Dar le
Bord Náisiúnta    Cosanta Raideolaíochta  na  Breataine, tá 
an baol   báis    suas le deich n-uaire níos  airde  i gcás 
duine a chaitheann tobac.


Is  ó  bhunús  nádúrtha      a thagann   an phríomhfhoinse 
radaíochta.         Nuair a chuireann  tú   an radaíocht 
nádúrtha   go  léir  le chéile,  is  ionann  í  agus 87% den
mhéid    iomlán  radaíochta   --  i bhfad níos  mó  ná   aon
fhoinse saorga.   Dá   thairbhe sin, ní  haon ábhar  iontais
é  go bhfuil méadú    sa spéis    atá  á   cur i  radaíocht 
nádúrtha,   go háirithe  radon.


Is gás  nádúrtha   radaighníomhach  é  radon   agus níl  aon
bhlas, dath  ná  boladh air.   Tá  áiseanna    speisialta de
dhíth  chun teacht  air.   Bíonn   sé  i láthair  go pointe
áirithe    i ngach talamh agus  carraig,  ach athraíonn   an
méid    a  bhíonn   in áiteanna  difriúla  sa  tír   agus ag
amanna  difriúla   den bhliain.  Cruthaíodh   sa  talamh  é 
trí  lobhadh radaighníomhach  méid  beag raidiam.


Tagann  an  gás   go dtí  uachtar  na talún  agus  faoin aer
caolaítear        é   go  dtí       tiúchan     íseal   agus
neamhurchóideach.    Tarlaíonn  an fhadhb nuair a théann  an
gás  isteach in áit  chúng,  mar shampla, foirgneamh.    Tá 
seans     ansin go mbaileoidh sé  agus  go  scroichfidh  sé 
leibhéal  contúirteach. 


Dhealródh   sé  gur  tháinig    méadú   sa mhéid  radon atá 
san aer  laistigh,    le  blianta     beaga anuas.  De réir 
cosúlachta,      baineann   sé  seo leis  an ngá     atá  le
foirgnimh a bheith  ``fáiscthe''  ó  thaobh teasdíonadh  de,
as siocair go gcaithfear  úsáid   fuinnimh a laghdú.   Mar a
bheadh  súil    leis, bíonn  leibhéal   níos  airde radon le
fáil  de ghnáth   faoi urláir,  go háirithe    in  íochtar 
tithe.


Scartar radon i mionghráinníní      agus nuair a  scaiptear
san aer iad, tá   seans ann  go n-anáilfear    isteach   sna
scamhóga   iad.   Is gá  a bheith tamall  maith de bhlianta
faoi    thionchar    an gháis,  áfach,   chun dochar  trom a
dhéanamh.    Mar sin,  is fadhb fadtréimhseach  í,   ach tá 
baol bunúsach     ann  do  bheatha  dhaoine  áirithe,   agus
bheadh sé  amaideach súil  a dhúnadh  ar an dáinséar.  


Tá  neart fianaise  ó  thaighde a deineadh ar mhianadóirí  
úráiniam     agus trialacha  ar  ainmhithe,  chun  a  bheith
siúráilte    go  bhfuil  ceangal  idir radon  agus   ailse
scamhóg. 


Tugann   tuairisc a rinne  Coláiste   na hOllscoile,   Baile
Átha   Cliath,   le   fios  go bhfuil  leibhéal      thar an
gcoitiantacht i dtithe  áirithe,   i gceantracha áirithe  sa
tír,   go háirithe   i  gCorcaigh, i gContae an  Chláir,   i
nGaillimh agus i  Maigh Eo.  I  1992, chuir an RPII tús   le
taighde náisiúinta   ar an gceist a bheidh   críochnaithe  i
1998.


Faoi láthair,    níl  aon bhealach údarásach   chun a fháil 
amach cad iad na limistéir  tíre  ina bhfuil  leibhéal   ard
radon.  Ina theannta sin, níl  ach slí  amháin  ann  chun  a
fháil  amach  an bhfuil fadhb radon i  do theach, agus is é 
sin  trealamh tástála   a fháil  ón  Institiúid  i gCearnóg 
Chluain Sceach i mBaile Átha  Cliath.


I gcomparáid   le seantithe,   tá   sé  réasúnta    éasca 
céimeanna  a ghlacadh  chun  an radon a sheachaint   nuair a
bhíonn  teach nua á  thógáil.  
Dar leis  an  Teachta  Dála  Jim Higgins  ó  Fhine Gael, tá 
sé  de dhualgas ar an Rialtas an t-airgead   a sholáthar  do
dhaoine a bhfuil fonn orthu cosaint in aghaidh radon  a chur
isteach ina  dtithe.    Chomh maith leis sin, measann sé  go
bhfuil sé  riachtanach a leithéid    de chosaint a bheith  i
ngach teach nua.


Má  tá  leibhéal   ard radon i do theach faoi láthair    tá 
céimeanna   gur   féidir   a  ghlacadh   chun   an priacal a
laghdú.   Tá  aerú   ceart  thar a bheith tábhachtach   agus
chomh maith leis  sin áiseanna   speisialta chun  an t-aer a
ghlanadh.
===========================================================



Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge