) Print 012389
))) Item number 12389, dated 95/05/07 02:17:01 -- ALL
Date: Sun, 7 May 1995 02:17:01 +0000
Reply-To: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Sender: Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From: Seán Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: ALT: Ó CUMARSAID: An Rialtas ag braith ar airgead ón gCrannchur
Seo alt ón chéad leathanach. Tá beagnach gach alt a cuireadh
isteach san iris seo agam agus beidh sé á scaoileadh amach anseo!
-------------------
| Cumarsáid 1995 |
-------------------
An Rialtas ag brath ar airgead ón gCrannchur
Le Jan Ní Chonchatha
Rinne an Crannchur Náis-iúnta brabús de #96 milliún
don Rialtas le dáileadh ar thionscnaimh agus scéimeanna
fiúntacha anuraidh, de réir an tuairisc bhliantúil a
d'fhoilsigh an Crannchur Náisiúnta. Is méadú de 7.5%
é seo ar an méid a bailíodh i 1993 agus tugann sé an
brabús iomlán a gineadh ó lainseáladh an Crannchur
Náisiúnta i 1987 go dtí #521 milliún.
Ach an airgead breise é seo do na tionscnaimh a raibh sé
i gceist cabhrú leo tríd an gCrannchur Náisiúnta nuair
a bunaíodh é an chéad lá -- cúrsaí spóirt, na
hEalaíona, cúrsaí cultúrtha agus an Ghaeilge? Nó an
é go bhfuil an t-airgead seo á úsáid chun deontaisí a
íoc, a d'íocfaí as an státchiste ar aon nós? An bhfuil
aon bhuntáiste ann do na dreamanna a fhaigheann airgead
ón gCrannchur? An bhféadfadh a bhfoinsí a bheith i mbaol
dá dteipfeadh ar an gCrannchur amach anseo?
Tá tábhacht mhór leis an gCrannchur Náisiúnta mar
fhoinse airgid don Státchiste. Seasann an t-airgead ón
gCrannchur Náisiúnta d'eilimint beag ach riachtanach
sna meastacháin bhliantúla a chuireann an Rialtas le
chéile. Téann 33% de dhíolacháin an Chrannchuir chuig
an Rialtas i dteannta leis an ús a dhéanann ciste an
Chrannchuir Náisiúnta ( #21 milliún faoi
láthair) lena riaradh ar thograí tairbhiúla.
Titeann na tograí sin faoi cheithre earnáil: sláinte
agus leasa shóisialaigh; óige, spórt, siamsaíocht
agus áiseanna sóisialta; ealaíon, cultúr agus
oidhreacht náisiúnta; agus an Ghaeilge. I 1994 caitheadh
#35.6 milliún r chúrsaí sláintéleasa shóisialaigh,
#30.4 milliún ar an óigéspórt, #19 milliún ar na
healaíona, cultúr agus oidhreacht, agus #6.5 milliún ar
an nGaeilge.
Tá an Roinn Airgeadais freagrach as
dáileadh airgead an Chrannchuir agus as an gcinneadh cé
acu roinn rialtais a fhaighean n maoiniú ón gciste. Ansin
bíonn sé de dhualgas ar na ranna éagsúla an t-airgead a
riaradh ar eag-raíochtaí agus scéimeanna difriúla. De
ghnáth is tríd na ranna Oideachais, Sláinte, Leasa
Shóis-ialaigh, Timpeallachta, agus Eal-aíon, Cultúir
agus Gaeltachta a thagann formhór an airgid.
Tá an Bord Náisiúnta Seirbhísí Leasa Shóisialaigh,
eagraíocht reachtúil aoin Roinn Sláinte, á
n-airgeadú go hiomlán ag an gCrannchur ó 1987 faoin
earnáil sláinte. Roimhe sin tháinig a dheontas ón
státchiste tríd an Roinn Sláinte. Mar thoradh ar an
athrú sin, tá méadú éifeachtach tagtha ar leibhéal
na n-acmhainní a fhaigheann an bord - tá dúbailt faoi
láthair ar an méid a bhí ag teacht chuig an eagraíocht
roimh 1987, ardú atá i bhfad níos mó ná an ráta
boilscithe. & Fuair na heagraíochtaí deonacha
sláintéleasa shóisialaigh #4.73 milliún ón gCrannchur
anuraidh. Seasann an figiúr sin do leath an deontais
iomlán ón Stát. I 1986 sular thosaigh an Crannchur bhí
na seirbhísí sin ag fáil #0.75 milliún ón Stát. An
bhliain dar gcionn fuair siad #0.73 milliún ón
gCrannchur - a ndeontas iomlán. Suas go 1990 bhí an
t-airgead go léir ag teacht ón gCrannchur ach as sin
amach tháinig airgead as an lárchiste freisin.
D'ardaigh sé in aghaidh na bliana go dtí an leibhéal go
bhfuil timpeall an méid céanna airgid neamhChrannchuir
agus airgead Crannchuir ag teacht chuig na heagraíochtaí
sin anois. Ní féidir a shéanadh go gcuireann an
Crannchur Náisiúnta go mór leis na foinsí airgid atá
ar fáil ag an Rialtas ach tá sé le tabhairt faoi deara
go bhfuil cuid mhór d'fháltais an Chrannchuir á úsáid
in áit airgead a bhíodh á chur ar fáil go díreach
ón státchiste roimhe sin.
Tagann airgead stáit Chonradh na Gaeilge agus
eagraíochtaí agus forais Ghaeilge eile ón gCrannchur.
Sular bunaíodh an Crannchur fuair an Conradh agus na
heagraíochtaí eile a ndeontas go díreach ón lárchiste
trí Roinn na Gaeltachta. Ciste na Gaeilge a glaodh ar an
soláthar sin.
Ó 1989 i leith, deineadh airgeadú iomlán ar Chiste na
Gaeilge tríd an gCrannchur Náisiúnta, seachas tríd an
státchiste. Suas go 1989 bhí #2 mhilliún d'airgead
stáit ag dul isteach i gCiste na Gaeilge ó Roinn na
Gaeltachta. Ó 1989 ar aghaidh tá timpeall an méid céanna
( # 2.25 milliún anuraidh) ag teacht ón gCrannchur. Mar
sin, dar le Seán Mac Mathúna, Ard-Rúnaí Chonradh na
Gaeilge, ``thosaigh an Stát ag caitheamh airgead an
Chrannchuir ar ghnáth chaiteachas Gaeilge agus ansin ní
raibh mórán airgid bhreise le caitheamh ar scéimeanna
nua. ``Nuair a tháinig an Crannchur ar an bhfód
tuigeadh go mbeadh cuid mhór airgid bhreise á chur ar
fáil,'' ar seisean, ``agus bhí ag an tús. Cuireadh #4
mhilliún ar fáil i 1988. Ó 1989 is beag airgid bhreise a
cuireadh ar fáil, áfach.''
Tá a lán eagraíochtaí agus boird ag brath ar na
deontais a fhaigheann siad ón gCrannchur anois ach cad a
tharlódh dá dtitfeadh an brabús a dhéanann sé? Tá an
Crannchur Sasanach ag bagairt ar dhíolacháin anseo le
duaiseanna atá níos airde. Má éiríonn leis custaiméir
í a mhealladh ón gcluiche Éireannach ní bheidh an méid
céanna airgid le scaipeadh ag an Rialtas. De réir
an Roinn Airgeadais tá an Crannchur Náisiúnta tar éis a
lán airgid a chur ar fáil in áit agus i dteannta an
lárchiste. Dúirt urlabhraí ón Roinn gur ghin an
Crannchur foinsí breise do Státchiste atá faoi bhrú
rómhór cheana féin.
===========================================================
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge