006829
) Print 006829
))) Item number 6829, dated 93/04/26 13:53:00 -- ALL
Date:         Mon, 26 Apr 93 13:53:00 GMT
Reply-To:     Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
Sender:       Gaelic Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE)
From:         "Seán  Mac Suibhne" (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      Alt ón  Solialist Voice :Reganomics has changed the ground rules


Seo sliocht eile as an Socialist Voice
SMacSuibhne@dit.ie
'------------------------------------------------------------
D'athraigh "Riagánamaíocht"   an cluiche ó  thalamh aníos,  áfach. 

                             Bunús 

Tuigtear anois nach raibh bunús  réalaíoch   leis an saibhreas
ollmhór  ar éirigh  le mionlach a bhí  beo ar Riagánamaíocht   a
charnadh. Saibhreas páipéir   a bhí  ann, a chruthaigh na blianta
d'amhantraíocht  ar an stocmhargaí,  maille le bannaí  folamha,
cumasic agus táthcheangail  ar scála  leathan, scamhadh socmhan-ní 
agus iasachtaí  gan teorainn -ioncam an lae amárach  á  chaitheamh
go rábach  ar ídiú   an lae inniu.


                         Infheistíocht 

Ach ní  raibh ioncam an lae amárach  sách  mór  le díol  as na fiacha
uile, atá  ar leibhéil  níos  airde anois ná  mar a bhí  riamh i
stair SAM. Ná  níor  deanadh infheistíocht  sa bhuntógáil  
tháirgiúil,   sa táirgiúlacht   déantúsaíochta,    san oideachas ná  sa
chumas chun fíorshaibhreas  úr  a chruthú.  Chuireadar a gcuid
airgid i gCogaí  na Réalt,  i sealúchas  agus in iarrachtaí 
táthcheangail  ar Wall Street.

Fágann  seo dualgas ar mhuintir SAM a bheith ag obair níos  déine 
ar theacht isteach níos  lú.  Anuas air sin, tá  an bhearna idir
saibhir agus daibhir méadaithe  go millteach; ní  anuas as an
spéir  a thit na cúiseanna  le ciréibí   Los Angeles.

Ní  dhealraíonn  sé  go dtuigeann George Bush céard  a bhí  ag tarlú 
do gheilleagar Mheiriceá  - nó  cad chuige gur tharla. Theip ar an
hiarrachtaí  a rinne na Poblachtaigh chun Clinton a smearadh. Ba
mhó  ar fad an spéis  atá  ag meánaicme  SAM sna buncheisteanna
eacnamaíocha  ná  i ngnéas-scannall  etc.

                             Galar

Agus tá  clár  eacnamaíoch  ag Clinton, rud nach bhfuil ag Bush. Ní 
"New Deal" Rooseveltach atá  ann, ná  baol air. Clár  cúramach  atá 
ann, agus muran leigheas tobann é  ar ghalar eacnamaíoch  SAM, is
céim  é  sa treo ceart - cáin  ar an saibhir a mhéadú,   caiteachas
míleata  a ghearradh, infheistíocht  sa bhuntógáil   oideachais agus
táirgíocht   a mhéadú   a thabharfaidh tús  áite  don
fhíorinfheistíocht   sa tionsclaíocht  seachas i ngnótha 
amhantraíochta  nó  sealúchais. 


Cuma cé  chomh radacach agus atá  an clár  seo, áfach,  ní  éireoidh 
le SAM fáil  ar shiúl  go héasca  leis an an ualach mhillteanach
fiacha atá  orthu. Is bungheallúint  de chuid Clinton í  go
ndéanfar  gearradh ar chánacha  na meánaicme,  ach tá  an t-easnamh
cónaidhmeach  chomh mór  sin nach bhfágann  sé  slí  ar bith ann dá 
leithéid.  Sin an chéad  ghealluínt  de chuid na nDaonlathach a
thiocfaidh salach ar oidhreacht na Riagánamaíochta.  

                             Aicíd 

Ach tá  aicíd  fhíorbhunúsach   ar ghá  do Clinton aghaidh a
thabhairt air agus sin an leibhéal  íseal  táirgíochta   i
ngeilleagar SAM, leibhéal  atá  ag ísliú   i gcónaí.   Tá  na
Seapánaigh,  na Gearmánaigh,  agus iomaitheoirí  eile de chuid SAM,
ag fágáil   eacnamaíocht  SAM i bhfad ar gcúl.  Mura n-athrófar  "an
bealach Meiriceánach  chun gnó  a dhéanamh",  nil tada i ndán  do
mhuintir SAM go fadtéarmach  ach titim mhall, fhada ina gcuid
caighdeán  maireachtála. 

                           Fostaíocht 


Chomh fada agus a bhaineann an scéal  le hÉirinn,  bheadh claonadh
ag Éireannaigh  a bheith báúil   le hiarracht seo Bill Clinton, sa
mhéid  agus go ndúirt  sé  go bhfuil sé  ar son aontú  na hÉireann 
agus go dtacaíonn  sé  le Prionsabail Mhic Ghiolla Bhríde  maidir
le cothromaíocht  fostaíochta  sna 6 Chontae. Ach, ar bhealach, is
cuma sa riach faoin tacaíocht  seo.

Nuair a bhíonn  an crú  ar an tairne, ní  thacaíonn  (agus ní 
thacóidh)  Rannóg  Stáit  SAM le polasaí  i leith na hÉireann  nach
ag teacht le leagan amach Ambasáid  na Breataine Móire  i
Washington. Ní  ligfear do Bhill Clinton an traidisiún  sin a
athrú. 




Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge