) Print 003529
))) Item number 3529, dated 92/03/20 22:50:00 -- ALL
Date: Fri, 20 Mar 92 22:50:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: "Seán Mac Suibhne" (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt: Votaí do Eisimircigh.
Seo alt eile ón Socialist Voice.
Foclóir ag bun na h-ailte.
=========================================================================
Cúpla mí ó shin bhí fógra sna nuachtáin ó
Ambasáid na Bulgáire ag meabhrú do shaoránaigh na
tíre sin go mbeadh vóta acu i dtoghchán na
huactarántachta thall agus á gcur ar an eolas maidir
leis na socruithe.
Meabhrú é dúinn féin ar cé chomh mór taobh thiar
agus atá Éire maidir le cearta polaitiúla eisimireach.
Léirigh suirbhé a rinne Glór an Deoraí Irish
Emigrant's Voice anuraidh go raibh réiteach éigin
déanta faoi choinne deis a bheith ag eisimircigh vóta a
chaitheamh i ngach ballstát den CE, seachas Éire.
Deir Glór an Deoraí go bhfuil buanchónaí ar 111,000
saoránach Éireannach thar lear muna gcuirtear san
áireamh ach daoine a d'fhág na 26 Chontae le fiche
bliain anuas.
Is i Sasana, in Albain agus sna Stáit Aontaithe atá an
chuid is mo de na hÉireannaigh seo ach tá cónaí ar
mhéid sontasach dár muintir san Astráil, sa Nua-
Shéalainn, i gCeanada, sa Bhreatain Bheag agus
ar an mór-roinn freisin. Tá éileamh á dhéanamh ag
cuid de na daoine seo le fada le go mbeadh vóta acu i
dtoghcháin Éireannacha. Tá borradh faoin bhfeachtas
seo sna Stáit Aontaithe go háirithe. Bíonn anfhreastal
ar chruinnithe, ar cheolchoirmeacha agus ar dhinnéir a
bhíonn á reachtáil ag an Irish Emigrant Vote Campaign.
Feachtas neamhpháirtioch atá sa ghluaiseacht ar an dá
thaobh den Atlantach agus tá sé sin an-tábhachtach.
Tá leisce ar pholaiteoirí vótaí a ghéilleadh do na
heisimircigh mar go bhuil faitíos orthu go rachadh
rabharta feirge lucht an bháid bháin i bhfeidhm go mór
ar thoradh olltoghcháin. Ar an taobh eile den scéal
níl aon chruthú ann go vótálfadh an pobal thar lear
ach mar a vótálann a ndeartháireacha agus
deirfiúracha sa bhaile ná go ndéanfaidis difríocht
don phátrún vótála.
Níl vótaí d'eisimircigh á lorg ar bhonn polaitiúil
ach ar an mbonn gur ceart bunúsach é do gach
Éireannach guth a bheith aige i dtoghchán a bparlaimte.
Faoi láthair tá cúis dlí á ullmhú ag lucht an
fheachtais ar an mbonn nach bhfuil an séanadh vótaí ar
ár bpobal thar sáile ag teacht le Bunreacht na
hÉireann. Tá sé i gceist a leithéid a chur faoi
bhráid na hArdchúirte agus, bealach amháin nó bealach
eile is cinnte go mbeidh athbhreithniú ar an scéal sa
Chúirt Uachtarach. Má theipeann ar an bhfeachtas ansin
tabharfar an cheist faoi bhráid Chuírt na hEorpa agus
meastar go n-éireoidh leis an gcúis ansin. Cosnóidh an
caingean dlí seo neart airgid ach táthar ag bailiú
chuige i measc na n-eisimirceach.
Anuraidh chuir Páirtí an Lucht Oibre bille
príobháideach faoi bhráid na Dála bille a thabharfadh
an vóta i bprionsabal d'eisimircigh. Ba ghránna mar a
chuir an Rialtas ina choinne. Pádraig Ó Floinn TD, Aire
Comhshaoil ag an am (Aire Dlí agus Cirt anois) an
príomhurlabhraí a bhí ag an Rialtas sa
díospóireacht. Dúirt Mac Uí Fhloinn go raibh an
eisimirce ag titim agus go raibh an taoide ag casadh agus
dá bhrí sin nach raibh gá leis an mBille.
Is fíor, ar ndóigh, nach bhfuil an oiread céanna
daoine ag dul thar lear mar nach bhfuil an fhostaíocht
ar fáil sna láithreacha a mbíodh Éireannaigh ag dul
chucu go traidisiúnta ó tá an meathlú faoi réim sna
Stáit Aontaithe. Ach beidh an eisimirce mar ghné de
shaol na hÉireann go ceann i bhfad ó tá breis agus 20%
d'oibrithe na 26 Chontae dífhostaithe.
Scannall náisiúnta í an eisimirce. Scannall í atá i
bhfad níos bunúsaí ná na scannaill a bhfuilimid
bodhraithe fúthu (agus a mbaineann a nochtadh le
mionpholaitíocht na bunaíochta).
Ní féidir an milleán iomlán as an eisimirce a leagadh
ar aon cheannaire ar leith, ar aon rialtas nó ar aon
pháirtí polaitiúil ar leith. Tá gach rialtas ó
bhunú an stáit i leith le cúiseamh.
Feachtas fadtéarmach stáit a theastaíonn le deireadh
a chur le heisimirce, feachtas a bheas bunaithe ar
pholasaithe eacnamaíocha agus cultúrtha a thabharfaidh
tús áite do leas oibrithe na hÉireann.
San idirlinn is é an t-ómós is lú ar féidir linn a
thabhairt dár muintir thar lear ná iomlán cearta
saoránach a rathú dóibh agus go háirithe an vóta a
thabhairt dóibh i dtoghcháin na tíre seo.
eisimirceach, emigrant;
deoraí, exile;
ballstát, member-state;
feachtas, campaign;
neamhpháirtíoch, non-party;
caingean dlí, legal action;
meathlú, recession;
dífhostaithe, unemployed;
bunaíocht, establishment;
le cúiseamh, to chargéarraign.
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge