002962
) Print 002962
))) Item number 2962, dated 92/01/04 19:01:00 -- ALL
Date:         Sat, 4 Jan 92 19:01:00 GMT
Reply-To:     GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender:       GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From:         Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      Alt :Díphostaíocht  

Seo Alt ó  Socialist Voice Foclóir  ag deireadh.
=============================================================

            ÉILIMH  AG DAOINE DíFHOSTITHE 

Tá  breis agus 260,000 dífhostaithe  sna 26 Chontae faoi
láthair,  dar le staid rimh oifigiúla,  agus táthar  ag tuar go
mbeidh an líon  sin cóngarach  go maith don 300,000 roimh
dheireadh na bliana.

Ní  raibh an scéal  nios measa riamh  agus ní  raibh aon deacháil 
ón  gcéad  lá  ar gheilleagar na hÉireann  as a chumas chun
poist a chruthú.  Cuireann na figiúirí   is déanaí   chun tosaí  go
maith muid i mbáire  na dífhostaíochta   san Eoraip  agus ní  a
dhath ar bith á  thairiscint ag an Rialtas sa ghéarchéim   seo
ach "tascfhórsa  dífhostaíochta".  

Ach céard  atá  ar siúl  ag an tascfhórsa  céanna?  Ní  cruthú 
postan gad dá  scórnach,  ar aon chuma, agus bíomadh  sin gáire 
dóite  a bhain siad as óige  na tíre  le déanaí   nuair a bhain sé 
feidh as asarlaíocht  áirimh  chun líon  na ndaoine dífhostaithe 
a laghdú.  Gan oiread agus post amháin  a chruthú! 

Ní  údar  iontais faoi na coinníollacha  seo ar chor ar bith é  an
pobal a bheith báite  in eanach ciniciúlachta... 
Is maith an rud é,  áfach,  go bhfuil an aos dífhostaithe  féin 
ag gníomhú   in aghaidh na gcoinníollacha  a chruthaíonn  a gcuid
dífhostaíochta.   Sa chomhthéacs  seo filtimid roimh an leagan
Gaeilge de Cairt na gCeart don Lucht Dífhostaithe,  a
d'fhoilsigh Gréasán   Eorpach na nDaoine Dífhostaithe  i mBaile
átha  Cliath le déanaí.   Tá  an Gréasán   le moladh as an gcáipéis  
thábhachtach  seo a chur ar fáil.  Toscairí  ó  ocht dtír 
Eorpacha a dhréachtáigh   an Chairt seo ag comhdháil  bhliantúil 
na heagraíochta  sa Spáinn  i 1990.

Mar a deirtear sa Réamhrá   don Chairt: "Don 51 milliún  duine a
mhaireann go beo bocht ar fud an Chomphobail Eorpaigh ba é  an
ghné  ba shuntasái  de Chairt Shóisialta  Choimisiún  na hEorpa ná 
nár  éirigh  léi  an dífhostaíocht   sin do na milliúin  Eorpaigh
eile a mhaireann go beo bocht lasmuigh den C.E.

"Anuas ar sin, beidh mar mhóréifeacht   ag an Margadh Aonair i
1992, gan amhras, ná  méadú   ar an dífhostaíocht,   sna tionscail
thraidisiúnta  agus sna geilleagair fho rimeallacha araon.
Nuair nár  éirigh  leis an gCairt Shóisialta  na le Coimisiún  na
hEorpa dul i ngleic leis na ceisteanna seo is beag údar 
dóchais  atá  ann go rachfaí  i ngleic le cúiseanna  agus le
torthaí  na dífhostaíochta   seo go sainiúil  agus go
dúthracthach. 

"Mar gheall ar an easpa imní  seo tá  Cairt na gCeart do Lucht
Dífhostaithe  curtha ar fáil  ag Gréasán   na hEorpa don Lucht
Dífhostaíochta.   Ráiteas  é  ina leagann an lucht dífhostaithe 
san Eoraip tosaíochtaí   eacnamaíocha,  polaítiúla   asgus
sóisialta  don chéad  mbliana eile.

Tá  liosta de na héilimh  atá  á  ndéanamh  ag an nGréasán   taobh
leis an alt seo  éilimh  atá  atá  teacht le bunchearta an duine
chun na fostaíochta,  ar dhoiligh a bheith beo faoi dhínit  dá 
huireasa  ach is ceart é  nach bhfuil aitheanta ag an
rachmasíochta.  Cibé  faoi dtaobh den phraiseach in Oirthear na
hEorpa, beidh cuimhne go ceann i bhfad ar an dtosaíocht  a thug
na geilleagair úd  don lánfhostaíochta.  

Luamar an tascfhórsa  dífhostaíochta   ó  chianaibh. Fíorthasc 
fhóra  a chuirfidh straitéis  chuimsitheach le cheíle  a
fhorbróidh  an geilleagar atá  ag teastáil  chun poist a chruthú 
ar scála  a bheadh ag teacht le méid  na faidhbe abhus. Bhí  a
raibh le rá  le déanaí   ag Peter Cassells, Rúnaí   Chomhdáil  na
gCeardchumann, faoi fhadhb na dífhostaíochta   ar an téad  seo
freisin agus caithfidh daoine forásacha  gach brú  gur féidir  a

imirt ar an Rialtas le go feidhmeoidh sé  dá  réir. 

Tharla go bhfuil loicthe chomh tubaisteach sin, go sóisialta, 
ar chóras  an tsaint phríobháidigh   caithfidh gach duine
forásach  tacú  leis an nGréasán   nuair a mhaíonn  sé  nach mór  "do
chuile Rialtas céimeanna  a ghlacadh ar bhonn eacnamaíoch 
d'fhonn lánfhostaíocht   a chruthú  mar phríomhtosaíocht."  


geilleagar, economy;
géarchéim,   crisis;
an aos dífhostaíochte,   the unemployed;
margadh aonair, single market;
forimeallach, peripheral;
gréasán,   network;
rachmasíocht,  capitalism;
straitéis  chuimsitheach, comprehensive strategy.





Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge