002129
) Print 002129
))) Item number 2129, dated 91/08/01 16:32:00 -- ALL
Date:         Thu, 1 Aug 91 16:32:00 GMT
Reply-To:     GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender:       GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From:         Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject:      Alt Ón  S.V. 1/8

             Alt eile ón  S.V. Vol 1 Umh 8.

Tá  an alt seo faoi dóchas,  agus mar is gnath tá  foclóir  age deireadh.
Ní  bheidh an chéad  alt eile amach go dtí  mí  Méan  Fhomhar
=========================================================================

                ÉIREOIMID  ARIS!
                ================

Lá  i ndiaidh lae tá  teachtaireacht ag teacht chugainn ó  na
mórmheáin   - "tá  an sóisialachas  scriosta", "tá  Marxacas
marbh", "tá  an cumannachas cniogtha." - Ar nós  bhás  Mark Twain
tá  áibhéil   an-mhór  ag gabháil  leis an scéal  seo.

Is fíor  go bhfuil _athghabháil_  déanta  nó  á  déanamh  ag an
gcaipitealachas ar an gcuid is mó  stáit  shóisialacha  na
h-Eorpa.  Agus is fíor  go bhuil sé  sin tubaisteach.  Ar an
taobh eile den scéal  nílimid  ag fáil  an scéil  iomláin. 

Féach,  mar shampla, a laghad poiblíochta  a tugadh don
_olltoghchán_  i Naipeal, an chéad  olltoghchánm  _ilpháirtíoch_   le
32 bliana anuas.  Fuair an Páirtí   Aontaithe Marxach-Leiníneach 
traian de na vótaí   agus bhain sé  amach 67 suíochán   parlaiminte
(as 205).  _Comhghuaillithe_ leis na Cumannaigh is ea dáréag  
eile a bhain suíocháin   amach.  Bhuaigh Ardrúnaí   an Pháirtí   ar
an bPríomhAire.  Cumannaigh a bhuaigh i gceithre cinn de chúig 
thoghcheantair na príomhchathrach,  Katmandu.

Cúpla  mí  ó  bhí  trian de na vótaí   in olltoghchán  na Cipire ag
an AKEL a ghnóthaigh  18 suíochán   (as 56) agus ar'b iad an dara
páirtí   is mó  sa pharlaimint agus gan ach dhá  shuíochán   níos  lú 
acu ná  an párití   is mó.  Sna Toghchán  áitiúla   sa Spáinn  an mhí 
seo caite d'éirigh  le comhghuai Uneacht a bhfuil an Párití  
Cumannach Lárnach  inti 1.6 milliún  vóta,  8.5% den iomlán  a
bhaint amach.

Cuir leis-sin an fás  mór  atá  tagtha ar Phárití   Cumannach na
hAfraice Theas ó  cuireadh deireadh leis an gcosc dlíthiúil  
air.

Fiú  in oirthear na hEorpa níl  scéal  chomh gruama agus a bheifí 
ag súil  leis.  Párití   Sóisialach  na hUngáire  a bhuaigh an
chéad  _chorrthoghchán_  san Ungáir  ó  tháinig  rialtas na heite
deise i gcumhacht. Sa tSeicslóvaic  is é  an Párití   Cumannach an
párití   is mó  sa pharlaimint i gcónaí.  

Bíonn  na meáin  chumarsáide  ag maíomh  de shíor  nach bhfuil de
bhallraíocht  ag an PDS sa Ghearmáin  ach 230,000! Is fíor  nach
bhuil ansin ach an deichiú  cuid den bhallraíocht  pháipéir   a
bhí  ag an SED ach is  ballraíocht  ghníomhcch  í.  Is iontach an
tacaíocht  atá  ag an PDS agcur san áireamh  go bhfuil 80% de
bhaill an phárití   _dífhostaithe_  agus go nimrítear  leatrom
míthrócaireach   orthu ag gach leibhéal.  Faoí  _thosca_
mífhabharacha  d'éirigh  leo 17 suíochán   a bhaint amach sa chéad 
olltoghchán  Gearmánach  tar éis  an athaontaithe.

Bhí  breis agus 800 i láthair  ag Comhdháil  an PDS i mBerlín  an
mhí  seo caite agus ba é  an meon a bhí  in uachtar gur ghá  dóibh 
briseadh an DDR a chur díobh  agus díriú   ar an ngleic
fhadthéarmach  a bhí  rompu. Tá  ceacht ansin dúinn  uile.

Foclóir 
--------
athghabháil             reconquest
olltoghcháin            general election
ilphairtíoch            multi party
comhghuaillithe         allies
comhaontas              alliance
corrthoghchán           byelection
dífhostaithe            unemployed
tosca                   conditions
uile ghearmánach        all german


=====================================================================


Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge