) Print 002023
))) Item number 2023, dated 91/07/15 17:08:00 -- ALL
Date: Mon, 15 Jul 91 17:08:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt ón S. V. :Boris Eiltsin
Seo Alt eile ón S.V. Vol 1 Uimhir 7. Do bhí orm an foclóir a dhéineamh
suas mé fhein de dheascaibh an easpa foclóra ar an diosc nuair a thainig
sé. Mar thoradh ar seo tá mínú níos mó focla ann an uair seo.
( Yes, folks. As ye can see the Novosti press agency has an office
( in Dublin and is getting into the swing of the revival movement by
( providing copy in the Irish language!
Drasdúite-e.
( Please forgive my rendition in Irish Orthography as my KOI-7 and LOC
( are non existant!
========================================================================
Le : Eoin Ó Murchú
Eoláisínteacht Novosti
Fé mar a bhíothas ag súil leis, ghnóthaigh Boiris Eiltsin an
bhua i _dtoghchán_ na míosa seo caite chun _uachtarán_ a thoghadh
go díreach ar an _Rúis_ an chéad uair ariamh a raibh a
leithéid de thoghadh díreach ann.
Ach cé gur _ghnóthaigh_ Eiltsin an bhua, ní dócha gur bua
_róshuntasach_ a bhí ann dó. . Theastaigh ó Eiltsin a
mháistreacht láidir iomlán ar shaol polaitiúil na Rúise a
thaispeáint, agus dá bharr sin brú, a chur ar an rialtas
_lárnach_ géilleadh dá chuid polasaithe is dá _lucht comhairle_.
_Fé mar a tharla_, thit _tacaíocht_ Eiltsin ó 70% dhá mhí
ó shoin go dtí 57% sa toghchán féin. . Agus cé go
dtaispeáineann na figiúirí go bhfuil pobal na Rúise _fré_ chéile
_bréan_ de Ghorbaiteof is an _praiseach_ atá déanta den
_eacnamaíocht_ mar chuid de pherestroika, ní cosúil go bhfuil
Eiltsin _rófhábharaithe_ ach an oiread.
Measann na _saineólaithe_ go mbéadh an scéal seo sásúil go
leór do Ghorbaiteof. . Níl Eiltsin róláidir, agus beidh níos
mó suime aige anois i _gcomhoibriú_ leis an rialtas lárnach. Ag
an am céanna thaispeáin an toghchán a _laghad_ tacaíochta is atá
ann fé láthair don _seanréimeas_.
Idir an dá fhorsa sin, sea, a shuíonns Gorbaiteof.
Rud eile ar ábhar sásaimh do Ghorbaiteof é ná go bhfuil
_freagarthacht_ ar Eiltsin anois. Ní bheidh sé i ndon é féin a
cheilt taobh thiar de ghearáin faoi naimhdeas an mhaorlathais;
beidh air _polasaithe_ a _mholadh_ is a chur i _bhfeidhm_.
Ach is léir freisin nach bhfuil an oiread sin _doimhnis_ ag
polasaithe Eiltsin. . Tá a lán _reitric_ aige faoi margadh saor,
_infheistíocht ón gcoigrích_ is mar sin de; ach níl samplaí an
Tríú Domhain maidir leis an gcineal polasaí eacnamaíochta seo
_rótharraingtheach_.
Ar ndóigh, ní smaoiníonn lucht comhairle Eiltsin orthu
féin nó ar an Rúis mar chuid den Tríú Domhan ach is mar sin
a smaoiníonn infheisteóirí le caipiteal ar aon tír atá ag
iarradh an caipiteal sin a mhealladh isteach. . Tiocfaidh siad
isteach le haghaidh an _bhrabúis_ is mó agus is gasta, ach níl
mórán samplaí ann gur fhágadar ariamh bunús tréan cinnte
tionscalaíochta ina ndiaidh.
Mar sin is ag Gorbaiteof a bhéas stiúradh na polaitíochta
ar feadh tamaill. . Ach n'fheadar go bhfuil greim mórán níos
fearr aige siúd ar chursaí eacnamaíochta, agus é ag stealladh
amach na reitric céanna beagnach faoin margadh saor is eile.
Teastaíonn ón lucht oibre go néireódh sé as oifig rud
nach dtuigeann cuid mhor dena hintleachtóirí a mheasann nach
bhfuil sé _cothrom_ _fáil réidh_ leis an duine a thug saoirse
cainte dhóibh.
Ach is cuid thábhachtach den chaipitealachas é an _cogadh
aicmeach_, agus fé mar a théanns an tAontas Sóivéideach i dtreo
na _géarcoimhlinte_ tiocfaidh brú níos láidre fós orthu siúd atá
i lár an speictrim pholaitiúla: Gorbaiteof is a lucht leanúna.
Buille mór don sóisialachas ab ea toghadh Eiltsin, ach
níl an cogadh thart go fóill.
toghchán election
uachtarán President
Rúis
ghnóthaigh won
róshuntasach very stisfactory
lárnach central, soviet
lucht comhairle advisers
Fé mar a tharla As it happened
tacaíocht support
fré another way way of saying trí
bréan (braon?) bored, fed up
praiseach mess. Praiseach is weed that propagates extramly well
eacnamaíocht economy
rófhábharaithe well supported
saineólaithe experts
comhoibriú coopperation
ar a laghad at least
seanréimeas old regime
freagarthacht answerable
polasaithe policies
mholadh propose. can also mean praise
cur i bhfeidhm put into opperation, make work
doimhnis depth
reitric rhoetoric
infheistíocht ón gcoigrích foreign investment
rótharraingtheach too inviting
bhrabúis profit
cothrom equal
fáil réidh be finished with
cogadh aicmeach class war
coimhlinte race, compitition
géarcoimhlinte
COTHROM FAIR THIS IS A CORRECTION!
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge