) Print 002020
))) Item number 2020, dated 91/07/15 17:03:00 -- ALL
Date: Mon, 15 Jul 91 17:03:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt ón S.V. :Iascairí Ghaoth Dobhair
Seo alt as an Socialist Voice, Vol1 Uimh 6. Tá focloir ag deireadh.
( Q This is a article from which publication?
( Q What's at the end of this article?
=====================================================================
Iascairí Ghaoth Dobhair
Chonacthas scannán álainn ar RTÉ ar an 5ú Meitheamh seo caite
ach taobh thiar den áilleacht chósta agus fharriage
nochtaigh fírinne shearbh. Bhain an scannán leis an bpobal
iascaireachta i nGaoth Dobhair pobal Gaeltachta atá á scrios
ag an reachtaíocht úd a bhaineann le hiasach bradán. Agus tá
gach cosúlacht ar an scéal gur cuma leis na húdaráis chuí
faoin _loitiméireacht_ chultúrtha agus dhaonna seo. Tuigtear
dúinn gur dhiúltaigh _urlabhraí_ thar ceann Roinn na Mara agus
an Coimisinéir Iascaight sa Bhruiséail a bheith páirteach sa
scannán. Cad atá le ceilt acu?
Tá tuairim agus dhá chead duine ag pléle ceird an iascaigh i
nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus is éard atá iontu an
crann taca is láidre dá bhfuil ag an nGaeilge sa cheantar.
Cuireann a shaothraíonn siad ar an mbradán go suntasach le
teacht isteach an pharóiste. Mar a chuir fear a bhfuil gnó
siopadóireachta aige ar an mBun Beag síos sa scannán ar
thábhacht na n-iascairí: "nuair nach ndéanann na hiascairí a
dhath anseo, ní dhéanann aon duine a dhath..."
Ach anois tá tionscal seo á loit go cuimsitheach ag dlí an CE
agus ag dlí na hÉieann agus níl cúiteamh ar bith á fháil acu
siúd atá thíos leis an scéal. Tá na hiascairí féin ag tabhairt
aghaidh ar an mBreatain agus tá an traidisiún agus an cultúr a
_chaomhnaigh_ agus a _chothaigh_ siad ag imeacht.
Gan dabht ar bith tá géarghá le caomhnú an bhradáin. . homh
fada le lár na seachtóidí féin hí suas le 20% den _ghabháil_
bhradán fiáin ón Atlantach á caepadh ag iascairí na hÉireann.
Faoi 1981 bhí an figiúir seo tite chomh híseal le 9.5 agus
fíorluach na gabhála náisiúnta laghdaithe dá réir. Tá baint
atá thar a bheith soiléir idir an meath seo agus an fhorbairt
a tháinig seo go mór le héifeacht an iascaire agus ba iad
róiascach agus laghdú ar stocanna na torthaí a bhí ar an obair
seo. B'éigean do na húdaráis gníomhú chun an bradán a chosaint
agus ritheadh reachtaíocht chun módhanna áirithe iascaigh leis
an _eangach monafhiliméadach_ a chosc.
Bhí ciall le reachtaíocht a chaomhnódh an bradán, ar ndóigh,
ach fágadh a tionchur sin ar phobal atá spleách ar an iasc seo
as an áireamh ar fad. . Níor cuireadh nuafhoinsí cuí ioncaimm ar
fáil dó a chúiteodh é as an gcailliúint agus a choinneodh an
pobal as a chéile. Baineann an drochscéal seo le pobail eile
iascaigh ar fud chósta iarthar an hÉireann...
Tá sé speísiúil a thabhairt faoi deara nach camhnú an bhradáin
amhain atá taobh thiar den reachtaíocht seo a rialaíonn an
tóir ar bhradáin. . agann saint na nóstóití i gceist anseo
freisin. Réitigh Cooper & Lybrabd tuarascail anuraidh do
rialtais na hÉireann agus na Breataine ina bhfuil sé ráite:
"...a salmon caught at sea is worth an average IR12. On the
other hand the Eocnomic and Social Research Unit estimates
that a foreign salmon angler spends an average IR786 over a ten
day visit. " An rud is gá a rá anseo ná nach ag na hiascairí
farraige a bhionn an buntáiste seo, ar ndóigh, ach go minic
ag óstóirí thar phobal isteach.
Tharla na pobail iascairí a beith thíos go mór leis an gcosc
ar iascach bradán cois cladaigh tá dualgas ar an rialtas
acmhainní a chur ar fáil dóibh a bhéarfadh ar a gcumas na
nbáid mhóra atá ag teastáil chun leanúint lena slí bheatha
amuigh ar an domhain a cheannacht. Tá an fasach ann, uair a
bhí crannchuir éagsúla thíos leis an reachtaíocht a chuir an
Crannchur Náisiúnta ar an saol socraiodh cúiteamh ón
gCrannchur Náisiúnta dóibh. Agus ansin bheadh sé le rá, gan
amhras, go raibh polasaí _díchoimisiúnaithe_ an CE ina bhac ar
an réiteach seo na mbád móra ach táimid ag plé le
héigeandáil anseo.
Má tá slí bheatha iascairí Ghaoth Dobhair agus a macasamhail
ar fud an chósta thiar sciosta ag reachtaíocht náisiúnta agus
dlí an CE tá siad i dteideal an cúiteamh cuí fháil on
státchiste agus ó na Cistí Réigiúnacha araon agus ná seasadh
rialacha a shéanfadh a gceart ar aon sciar dár bpobal sa tslí
Ba chóir dóibh agus dá nionadaithe poiblí an téileamh
sin a dhéanamh go glórach.
Foclóir
----------------------------------------------------------------------
reachtaíocht, legistlation
loitiméaracht, destruction
urlabhraí spokesperson
go cuimisitheach comprehensively
caomhnaigh preserve
cothaigh cultivate
gabháil catch
eangach monafhiliméadach monofilimate net (what else would it be!)
díchoimisiúnú decomisioning
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge