) Print 001862
))) Item number 1862, dated 91/06/17 10:11:00 -- ALL
Date: Mon, 17 Jun 91 10:11:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt: Deis caillte ag Ó Floinn. S.V. Vol 1/5
Ba mhaith liom mo bhuíochas a gabhail dos na daoine go léir a chur scéal
chugam faoi na altann ón S.V. Tá áthas orm go bhfuil an méid sin daoine
ag baint tairbhe astu! Má tá éinne eile gur mhaith leo go gcuirfinn
an cuid eile leo go príomháideach abair liom. Mar a duairt duine liom
'Ní féidir leat "Magil" a fhail mar seo!' Bheuil, ní doigh liom gur
féidir "Magil" ar chor ar bith mar tá sé as cló!
( I'd like to thank all those who wrote back to me about the previous
( acticles. It's great that so many people are reading some of them at least.
(
( This is an article complaining about the proposed changes in
( local government. There is a short dictionary at the end.
( If there are any other people who would like to get the entire issue of
( Socialist Voice by E-mail, then give me shout.
( It should at least give an other flavour of whats happening in the 'Ould Sod'.
Seán
--------------Beginers: Skip to end for dictionary----------------------
DEIS CAILLTE AG Ó FLOINN
Tá sé iorónta go bhfuil córas rialtais
sárlárnaithe againn sa tír seo, tír
ina bhfuil dílseacht don bhaile fearainn agus
don pharóiste anláidir inti i gcónaí. Is cuid
d'oidhreacht an choilíneachais an sárlárú sin.
oidhreacht ar chóir a bheith réidh léi i bhfad
ó shin.
Leis na blianta tá an uile dhuine nach mór a bhfuil
baint aige leis an gcóras rialtais áitiúil ag tathant
ar an Rialtas an córas a athrú go bonn. Is ábhar
díoma dóibhsean, baill pháirtithe an Rialtais san
áireamh, gur theip ar an Aire Comhshaoil, Padraig
ó Floinn, aghaidh a thabhairt ar an gceist san Acht
Rialtais áitiúil a ropadh trí thithe an Oireachtais
an mhí seo caite gan díospóireacht ná scagadh
ceart.
Ní bheidh na Comhairlí áitiúla puinn níos freagraí
feasta don phobal ná ní bheidh smacht tathagach
acu ar a gcúrsaí féin fós.
Cloífear leis na Comhairlí Contae. ó tá dílseacht
anláidir sa tír do na contachta (a bhuíochas do
Chumann Lúthchleas Gael) déanann sé sin ciall
ach níl aon leasú déanta ar fheidhmeanna, ar chumhachtaí
ná ar chóras airgid na núdarás. Leanfaidh siad
ar aghaidh mar ghníomhairí na Roinne Comhshaoil
gan uathriail nó deis ar ghníomhaíocht neamhspleách.
Ós cionn leibhéal na gcontaetha beidh údaráis
réigiúnacha ach ní léir céard iad na feidhmeanna
nó cumhachtaí a bheas acu.
Níl socrú san Acht do chomhlachtaí rialtais faoi
bhun leibhéal na gcontae. Sin an áit is mó a bhfuil
gá le comhairlí tofa.
D'fhéadfaí a leithéid a bhunú ar phobail a bhfuil
ceangal nádúrtha ag na daoine iontu lena chéile,
pobail ina mbeadh idir 5,000 agus 10,000 duine. Is
í an laige is bunúsaí sa chóras mar atá sé faoi
láthair ná socruithe cisíochta.
B'ionann smacht ar chisíocht áitiúil a aistriú
ón rialtas go dtí comhairli áitiúla agus sumhachta (cumhachta?)
a aistriú chucu. Ní dhearna an tAcht aon iarrecht
leis an gcóras lárnaithe cisíochta a athrú.
D'fhéadfaí acmhainní áirithe ar nós cánach
ar mhótarfheithiclí nó dleacht áirithe ceadúnais
a athrú go dtí na Comhairlú Contae. Pé ar bith
is gá nach mbeadh ceangal ar na comhairlí maidir
le caitheamh cuid éigin den airgead a bhfaigheann
siad ón lárchiste. Is coir treoir chinnte a bheith
sa dlí faoi dháileadh airgid ón lárchiste ar chomhairlí
áitiúla, ag leagadh síos foirmle ina gcuirfí san
áireamh an daonra, riachtanais fhorbatha agus an
bunús cánach áitiúil.
Is mór an tseafóid é go bhfuil sé i gceist trí
Chomhairle Contae a bhunú i gContae Bhaile Cliath
(de bhreis ar an gComhairle Cathrach), trí chomhairle
nach mbeidh bunaithe ar aon aonad nádúrtha. B'fhearr
go mór údarás mór amháin a bheith ann do limistéar
Bhaile áta Cliath (cathair agus contae) a bheadh
ag plé le plean forbartha don réigiún, bainistiú
tráchta, bóithre agus seirbhísí séareachais.
I dteannta leis an mórchomhairle sin d'fheadfaí
comhairlí ceantair a bhunú a phléifeadh le tithíocht,
páirceanna agus saoráidí agus tionscnaimh eacnamaíocha
áitiúla.
Foclóir
------------------------------------------------------------
lárnaithe, centralised;
baile fearainn, townland;
coilíneachas, colonisation;
ag tathant, urging;
tathagach, substandial;
leasú, reform;
uathriail, autonomy;
comhlachtaí rialtais, government bodies;
cisíocht, funding;
acmhainní, resources.
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge