) Print 001716
))) Item number 1716, dated 91/05/23 00:11:00 -- ALL
Date: Thu, 23 May 91 00:11:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt faoi Cainteanna Brooke. S. V. Vol 1 No. 3
( Article about the Brooke talks.
Seo alt eile ón Socialist Voice. An léann aon duine na h-alt seo? Abair
liom. Nó an bhfuil siad ródheacair?
Foclóir age deireadh
Nuair a bheas an tréimhse scáthdhornálaíochta thart cén
straitéis de chuid Rialtas na Breataine a nochtóidh ag an
cainteanna tríthaobhacha i leith Thuaisceart Éireann atá ar
siúl agus na línte seo á scríobh? Nó, tharla go ndúirt Peter
Brooke i mí na Samhna 1990 nach raibh spéis leithliseach
straitéiseach nó eacnamaíoch ag Rialtas na Breataine i
dTuaisceart Éireann a thuilleadh an mbeadh an rialtas céanna
sásta an Aontacht a threascairt agus cairde na hAontachta
sna 6 Chontae a thréigint?
Cibé cén freagra atá ar an ceisteanna seo, tugann an
chomharile atá á cur ag caomhnaigh agus ag aontachtaithe ar
Rialtas na Breataine faoi láthair le fios go bhfuil seans
níos fearr ná riamh ag an rialtas céanna a leas in Éirinn a
chaomhnú agus a fhorbairt agus go bhfuil bagairt do
dhaonlathas na hÉireann folaithe sa tuiscint seo.
Ag croí na tuiscinte seo tá tuiscint eile - go bhfuil
comhthéacs fhadhb na 6 Co. ag athrú go scioptha, agus ar
dhóigh an-bhunúsach, faoi anáil Chomhphobal na hEorpa. Agus
nuair a nascfaidh an chunnel an Bhreatain le Mór roinn na
hEorpa ní bheidh ach oileán amháin fágtha sa CE - muide
(mura mbeidh an Chipir, a bhfuil iarratas ballraíochta
curtha isteach cheana féin aici, áirithe mar bhallstát amach
anseo). Beidh lucht gnó agus lucht talmhaíochta an dá stáit
in Éirinn ag coraíocht leis na míbhuntáistí céanna agus ba
den chríonnacht é go ndruidfifís níos congaraí dá chéile
d'fhonn a gcomhleas araon a chosaint faoi na coinníollacha
nua.
Tá a shliocht air. Tugadh an fháilte a chuir lucht gnó na 6
Chontae roimh an Taoiseach, Cathal ó hEochaidh TD, nuair a
chuir sé cuairt orthu i mBéal Feirste anuraidh faoi deara -
maille le cé chomh lag agus a bhí an agóid a d'eagraigh an
DUP ina choinne. Tá comhoibriú ar bun cheana féin idir
eagráiochtaí feirmeoireachta agus turasóireachta an dá
stáit. Mar sin ní iontas ar bith é go bhfuil comhairlí uile-
Éireannacha le freastal ar na réimsí seo ar a laghad á luadh
mar chuid de chlár oibre Rialtas na Breataine acu siúd atá
ag réiteach an bhealaigh do na bunchainteanna. Bíodh is
nach bhfuil téarmaí tagartha na gcomhairlí seo soiléir go
hiomlán ag an bpointe seo, tuigtear go gníomhódh ionadaithe
tofa ó dá chuid den tír orthu ar son leas na tíre uile agus
le tacaíocht Rialtas na hÉireann agus na Breataine araon.
Is cinnte go mbreathnódh an pobal i gcoitinne ar a leithéid
d'fhorbairt mar chéim réadúil i dtreo fhíoraontú na tíre
agus na síochána dá réir sin agus chaithfí failtiú roimpi.
An quid pro quo a bheadh ann de réir loighic na straitéise
seo, áfach, ná go reachtódh Rialtas na hÉireann reifreann
chun ár n-éileamh bunreachtúil ar chríocha na Éireann uile
atá inchollaithe in Ailt 2 agus 3 de Bhunreacht na hÉireann
a chealú, más féidir. Ba shaonta an mhaise do lucht cosanta
Ailt 2 agus 3 a bheith rómhuníneach as tacaíocht reatha an
phobail do na hailt sin agus aontachta na hÉireann - de
chineál éigin - agus geallúint na síochána dá réir sin a
bheith ar na bocáin.
Dá n-éireodh leis an straitéis seo shásófaí páirtithe na
hAontachta ó thuaidh. ach, dá gcealófaí Ailt 2 agus 3
bheadh seasamh dochoíte idirnáisiúnta ag éileamh na
Breataine ar fhlaitheas de jure agus de facto a bheith aici
ar na 6 Chontae. Bheadh svae na nAontachtaithe slán - agus
thuigfidís féin go seoigh an chaoi a bhfeadfaí comhairlí
uile-Éireannacha a ionramháil go polaitúil.
Anuas air sin, dá nglacfadh muintir na Poblachta le ceart na
Breataine chun an pobal náisiúnaíoch sna 6 Chontae a rialú,
bheadh ceart daonlathach agus náisiúnta an phobail chéanna a
bheith mar chuid de mhóramh polaitúil an oileáin seo á
shéanadh go buan acu. Dá mbeadh tús cadhnaíochta ag na
páirtithe bunreachtúla i bhfeidhmiú straitéis seo na
Breataine (mar sin a bheadh ann go bunúsach) bheadh séala na
buaine á bhualadh acu ar fhoréigin, rud a bhronnfaí ar an
glúnta atá le teacht.
Caithfidh daonlathaithe Ailt 2 agus 3 de Bhunreacht na
Éireann a chosaint, mar sin - ach léireoidh sofaistiúlacht
cur chuige na Breataine sna cainteanna seo nár leor
seanroscanna chuige sin. Má tá an rath le bheith i ndán don
chosaint seo ar dhaonlathas na hÉireann bheadh sé thar a
bheith tábhachtach nach fórsaí atá diúltach agus coimeádach
i mbraithstint an phobail a bheadh ina bhun ach
comhghuaillíocht leathanbhunaithe de na fórsái atá
ceangailte go feiceálach in intinn an phobail le doimhnú
agus le leathnú an daonlathais ar an oileán seo.
(Scríobhadh an t-alt seo go luath sa tseachtain.)
------------------------------------------------------
Foclóir
Leithliseach, particular;
straitéiseach, strategic;
treascairt, overthrow;
caomhaigh, conservatives;
agóid, protest;
réadúil, realistic;
loighic, logic;
reachtaigh, legislate;
flaitheas. sovereignty;
smachtréim, hegemony;
comhghuaillíocht leathanbhunaithe, broad alliance.
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge