) Print 001703
))) Item number 1703, dated 91/05/19 21:08:00 -- ALL
Date: Sun, 19 May 91 21:08:00 GMT
Reply-To: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
Sender: GAELIC Language Bulletin Board (GAELIC-L@IRLEARN)
From: Sean Mac Suibhne (SMACSUIBHNE@DIT.IE)
Subject: Alt: Coinnítear an Scoil seo ar oscailt! S.V. Vol1 No3
Seo alt as Gaeilge ón Socialist Voice le foclóir ag a deireadh.
Tá botúin litriú ann afach, sa teacs, so mar obair baile duit, is feidir
leat iad a cheartú. (:-))
( This is an article about the boycot of a schoolteacher
( Bríd Nic Dhomhnaill, whose crime is asking for Sunday worship to be
( given in the language of the people in the area.
Connítear an Scoil Seo Ar Oscailt.
===================================
Ar an gcéad amharc duit shílfeá go raibh fadhb
bhunscolaíochta ar an tSraith Salach ag tuar.
B'eo an fhadhb a bhain le hiarracht Bhríd Nic Dhomhnaill,
Príomhoide na bunscoile, chun an tAifreann Gaeilge
fháil ar ais do mhuintir Bhun na gCnocceantar Garltachta
an pharóiste.
(Mar a tharlaíonn, tá an Sraith Salach trí chéile
áirithe mar Gharltacht, gné eile den cheo fimínteachta
a chumhdaíonn cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta
sa tír seo).
I ndiaidh do Bhríd Nic Dhomhnaill a bheith cúig
bliana gan rang de bharr baghcat a thionscain cléir
na háite ina haghaidh tá beirt ghasúr ag freastal
anois ar a rang. Tá cuid mhór den ghoimh imithe
as an mbaghcat agus, thar ní ar bith eile, tá an
Dr. Seosamh ó Casaide, Ardeaspag Thuama, agus an
Sagart Paróiste nua, an tAth Mac Cosgair, ar a ndícheall
chun réiteach cóir ar an bhfadhb a lorg.
Ach maireann iarsmaí den bhaghcat i gcónaí agus
ní leor an leibhéal reatha freastail ar ranganna
na bunscoile chun í a choinneáil oscailte, de réir
rialacha na Roinne Oideachais.
Dá gcomhlíonfaí na rialacha úd go docht bheadh
ar an Roinn an bhunscoil seo a dhúnadh san Fhómhar
cinneadh a bheadh tubaisteach ní hamhaín do Bhríd
Nic Dhomhnaill ach do phobal na háite. mar a thuigeann
cuid acu féin anois.
Ní fhéadfaí a rá nach raibh an Roinn Oideachais
féin freagrach nó páirtfhreagrach as ar tharla
ar an tSraith Salach. Ba í an Roinn a dh163n bunscoil
Bhun na gCnoc sa chéad áit, cinneadh a thug ar ghasúir
na háite freastal ar an mbunscoil ar an tSraith Salach
scoil ina raibh an Béarla in uachtar gur ceapadh
Bríd Nic Dhomhnaill mar Príomhoide don scoil úd.
Tharla an Sraith Salach a bheith áirithe mar Ghaeltacht,
d'fheidmigh Bríd Nic Dhomhnaill treoracha na Roinne
dá réir, bíodh agus nach raibh an scoil a bhí
faoina cúram ina scoil lánGhaeilge. Tharraing an
aít a thug sí don Ghaeilge i saol na scoile fraoch
cuid de na tuistí, ach bhíothas tagtha ar réiteach
faoi gceist seo faoin am go bhfuarthas cúis eile
len í a hathmhúscailt faoi riocht eile an iarracht
a rinne sí an tAifreann Gaeilge a fháil ar ais do
mhuintir Bhun na gCnoc.
Dúirt an Sagartr Paróiste ag an am, an tAth. Gabriel
Charles, le Bríd Nic Dhomhnaill i litir go raibh
sí ag cur isteach ar chúrsaí liotúirgeacha an
pharoiste gnó nár bhain a bheag nó a mhór le
gn ó tha na scoile agus go bhféachfaí len ranganna
Bhríd Nic Dhomhnaill a lean an bhagairt seo.
Ach bhris an Roinn a rialacha féin sa chás seo
ar chaoi a rinne aimhleas Bhríd Nic Dhomhnaill.
Cén bhrí ach gurbh é teastas na Roinne féin i
1986 ar a cumas sise mar mhúinteoir ná go raibh
sí sásúil! Ach ligeadh seomra sa scoil amach ar
chíos do mhúintroir príobháideach agus ceapadh
múinteoir eile, i scoil dhá mhúinteoir, chun áit
Bríd Nic Dhomhniall a ghlacadh. Ní bó bheannaithe
rialacha na Roinne is lúir; lúbtar iad nuair a
fheileann sin don chás.
Bheadh sé íorónta mura a lúbfadh an Roinn Oideachais
a cuid rialacha faoi na toscaí seo chun an bhunscoil
ar an tSraith Salach a choinneáil oscailte tharla
deireadh an aighnis a scoilt an paróiste a bheith
ag tuar. Bheadh sé éagórach thar an bearta faoi
na toscaí seo dá bhfágfadh cinneadh na Roinne Bríd
Nic Dhomhnaill thíos leis an gcaoi ar fheidhmigh
sí treoracha na Roinne féin sa bhunscoil ar an tSraith
Salach; má tá na treoracha lochtach, athráiodh
an Roinn iad ach ná fagadh sí múinteoir coinsiasach
thíos le fimínteacht an státchórais i leith na
Gaeilge! Caithfidh an Roinn Oideachais an bhunscoil
ar an tSraith Salach a choinneáil oscailte! Caithfidh
lucht na Gaeilge agus lucht Cearta Sibhialta ar fud
na tíre a bheith taobh thiar den éileamh seo.
-------------------------------------------------------
Foclóir
réiteach, solution;
baghcat, boycott;
a thionscain, instituted by;
cinneadh, decision;
fraoch, fury;
lúb, bend;
aighneas, dispute;
scoilt, split;
toscaí, circumstances;
státchóras, state system;
éileamh, demand.
Main Index of articles
Some Dictionaries
My Home Page
Full list of articles
List of texts suitable for learners
Misc articles
Altanna o Cumardáid
Altanna Gaeilge on Socialist Voice
An tEolaí Seo iris Eolaíchta lán as Gaeilge